An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Tacaíocht Stáit Choimhdeach )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 2

Scéim a Bhunú agus Iarratas ar Thacaíocht Stáit

Scéim a Bhunú.

5 .— (1) Ar theacht i ngníomh don alt seo bunaítear scéim ar a dtabharfar an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais a bheidh le feidhmiú faoin Acht seo agus dá réir.

(2) Bunaítear an scéim chun tacaíocht airgeadais a thabhairt faoin Acht seo i leith seirbhísí cúraim de réir an Achta seo as na hacmhainní a leithroinnfear ar an Scéim gach bliain de réir fho-alt (4) agus is é a bheidh inti tacaíocht airgeadais i leith seirbhísí cúraim a sholáthar chun críocha fhorálacha an Achta seo agus aon treoirlínte a eiseofar faoi alt 35 agus dá réir.

(3) Is feidhm de chuid na Feidhmeannachta an Scéim a oibriú agus a riaradh.

(4) Sa bhliain airgeadais 2009 agus i ngach bliain airgeadais dá héis déanfaidh an Fheidhmeannacht, as cibé airgead a bheidh ar fáil di don bhliain airgeadais sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé méid a leithroinnt a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun tacaíocht airgeadais a sholáthar faoin Scéim seo sa bhliain airgeadais sin.

(5) Déanfar an Scéim a bhunaítear leis an Acht seo a oibriú faoi réir na bprionsabal—

(a) go ndéanfar ainmneacha agus seoltaí na saoráidí iomchuí agus na dtithe banaltrais ceadaithe go léir a chur in iúl d’iarratasóirí a gcinnfidh an Fheidhmeannacht go bhfuil gá acu le seirbhísí cúraim de réir alt 7(8), agus

(b) go bhféadfaidh an t-iarratasóir, faoi réir alt 12(2) agus faoi réir leaba chúraim cónaithe fhadtéarmaigh a bheith ar fáil, an tsaoráid iomchuí nó an teach banaltrais ceadaithe ina bhfaighidh sé nó sí seirbhísí cúraim a roghnú.

Daoine a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Stáit faoin Scéim..

6 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát—

(a) a bhfuil iarratas ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim déanta ina leith,

(b) a bhfuil cinneadh déanta ag an bhFeidhmeannacht faoi alt 7(8)(a) ina leith go bhfuil gá ag an duine le seirbhísí cúraim,

(c) a bhfuil an Fheidhmeannacht ag soláthar seirbhísí cúraim dó nó di nó a bhfuil seirbhísí cúraim á soláthar dó nó di thar ceann na Feidhmeannachta, ar theacht i ngníomh don mhír seo, nó

(d) a bhfuil teach banaltrais ceadaithe ag soláthar seirbhísí cúraim dó nó di ar theacht i ngníomh don mhír seo.

(2) Ní ceadmhach do dhuine iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Stáit, ná tacaíocht Stáit a fháil, mura duine lena mbaineann an t-alt seo an duine.

Measúnacht ar riachtanais chúraim.

7 .— (1) (a) Duine, a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, seachas duine dá dtagraítear i mír (c)(d) d’fho-alt (1) d’alt 6, agus ar mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Stáit, déanfaidh sé nó sí iarratas ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim.

(b) Duine, a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, is duine dá dtagraítear i mír (c)(d) d’fho-alt (1) d’alt 6, agus ar mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Stáit, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim.

(2) I gás gur dealraitheach do dhuine sonraithe—

(a) go mb’fhéidir go bhfuil gá ag duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát le seirbhísí cúraim, agus

(b) nach féidir leis an duine sin, de dheasca drochshláinte, míchumas coirp nó drochbhail mheabhrach a bheith air nó uirthi, iarratas a dhéanamh ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim,

féadfaidh an duine sonraithe iarratas a dhéanamh chun na Feidhmeannachta ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim thar ceann an duine sin.

(3) Is san fhoirm shonraithe a dhéanfar iarratas ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim chun na Feidhmeannachta.

(4) Tar éis iarratas ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim a fháil, déanfaidh an Fheidhmeannacht socruithe, a luaithe is féidir le réasún, chun measúnacht ar riachtanais chúraim a dhéanamh agus tuarascáil maidir leis an measúnacht sin a sholáthar don Fheidhmeannacht.

(5) Maidir leis an measúnacht dá dtagraítear i bhfo-alt (4) is daoine (agus féadfaidh sé gur fostaithe de chuid na Feidhmeannachta na daoine sin) atá, i dtuairim na Feidhmeannachta, cáilithe go cuí chun an mheasúnacht sin a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú i ndáil leis an measúnacht a dhéanfaidh an mheasúnacht sin.

(6) Is éard a bheidh i measúnacht ar riachtanais chúraim duine meastóireacht—

(a) ar chumas an duine gníomhaíochtaí beatha laethúla a sheoladh, lena n-áirítear—

(i) cumas cognaíoch an duine,

(ii) an méid ar féidir leis an duine a threo nó a treo a aimsiú agus a leanúint,

(iii) leibhéal luaineachta an duine,

(iv) cumas an duine é féin nó í féin a ghléasadh gan chabhair,

(v) cumas an duine é féin nó í féin a bheathú gan chabhair,

(vi) cumas an duine cumarsáid a dhéanamh,

(vii) cumas an duine é féin nó í féin a fholcadh gan chabhair, agus

(viii) grád coinneálachta an duine,

(b) ar an tacaíocht atá ar fáil don duine ón teaghlach agus ón bpobal,

(c) ar na seirbhísí sóisialta liachta, sláinte agus pearsanta atá á soláthar don duine nó atá ar fáil don duine an tráth a dhéantar an mheasúnacht agus i gcoitinne,

(d) ar aon ní eile a dhéanann difear do chumas an duine aire a thabhairt dó féin nó di féin, agus

(e) ar an dóchúlacht go mbeidh athrú ábhartha ann ar na dálaí dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) le linn a bheith beo don duine.

(7) Féadfaidh a bheith ar áireamh i measúnacht ar riachtanais chúraim scrúdú ar an duine lena mbaineann ag lia-chleachtóir cláraithe, altra chláraithe, teiripí ceirde nó fisiteiripí cairte nó aon teaglaim den chéanna, de réir mar is cuí.

(8) I gcás go bhfaighidh an Fheidhmeannacht tuarascáil maidir le measúnacht ar riachtanais chúraim i leith duine, tar éis di an tuarascáil a bhreithniú a luaithe is indéanta tar éis í a fháil, déanfaidh sí cinneadh—

(a) go bhfuil gá ag an duine le seirbhísí cúraim, nó

(b) nach bhfuil gá ag an duine le seirbhísí cúraim,

de réir mar is cuí léi in imthosca an cháis, agus i gcás go gcinnfidh an Fheidhmeannacht go bhfuil gá ag an duine le seirbhísí cúraim, féadfaidh an Fheidhmeannacht cinneadh a dhéanamh freisin nach dócha go mbeidh deireadh riamh leis an ngá atá ag an duine le seirbhísí cúraim le linn a bheith beo don duine.

(9) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (8), fógra i scríbhinn maidir leis an mbreith a thabhairt—

(a) don duine, agus

(b) i gcás iarratais arna dhéanamh faoi fho-alt (2), don duine sonraithe.

(10) Beidh ag gabháil leis an bhfógra—

(a) cóip den tuarascáil maidir leis an measúnacht ar riachtanais chúraim i leith an chinnidh, agus

(b) na cúiseanna atá leis an gcinneadh.

(11) I gcás go ndéanfar measúnacht ar riachtanais chúraim, ní fhorléireofar an méid sin mar ní a chiallaíonn go soláthróidh an Fheidhmeannacht, ná go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht socrú go soláthrófar, aon seirbhís a aithneofar sa mheasúnacht mar sheirbhís chuí chun freastal do riachtanais an duine ná go mbeidh an Fheidhmeannacht faoi oibleagáid aon seirbhís den sórt sin a sholáthar ná socrú a dhéanamh chun aon seirbhís den sórt sin a sholáthar.

(12) Faoi réir fho-alt (11), féadfaidh an Fheidhmeannacht a bhfuil i dtuarascáil mheasúnachta ar riachtanais chúraim a úsáid chun breithniú a dhéanamh i dtaobh cé na seirbhísí sóisialta eile sláinte nó pearsanta a fhéadfaidh a bheith cuí maidir leis an duine.

(13) Féadfar a mbeidh i dtuarascáil mheasúnachta ar riachtanais chúraim a sholáthar do shaoráid iomchuí nó do theach banaltrais ceadaithe le toiliú roimh ré an duine is ábhar don tuarascáil.

(14) San alt seo tá le “ duine sonraithe ” an bhrí chéanna atá leis in alt 47.

(15) Maidir le haon iarratas ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim ó dhuine sonraithe, féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú plé leis an duine sonraithe más rud é nach deimhin leis an bhFeidhmeannacht go bhfuil an duine sonraithe sin ag gníomhú chun leasa an duine.

Athbhreithniú ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim.

8 .— I gcás gurb é cinneadh na Feidhmeannachta faoi alt 7(8) nach bhfuil gá ag duine le seirbhísí cúraim, féadfaidh an duine sin nó duine sonraithe—

(a) faoi réir mhír (b), tráth nach luaithe ná 6 mhí tar éis an dáta a rinneadh an cinneadh sin, iarratas eile a dhéanamh faoin alt sin ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim,

(b) sula mbeidh 6 mhí caite tar éis an dáta a rinneadh an cinneadh, iarratas eile a dhéanamh faoin alt sin ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim, más rud é—

(i) go ndeimhneoidh an duine don Fheidhmeannacht gur tháinig athrú ábhartha ar shláinte nó ar dhálaí an duine, ó rinneadh an mheasúnacht dheireanach ar riachtanais chúraim an duine, a fhágann gur ceart an t-iarratas a dhéanamh, nó

(ii) go bhfuil ag gabháil leis an iarratas deimhniú san fhoirm shonraithe—

(I) arna eisiúint ag lia-chleachtóir cláraithe—

(A) a chonaic an tuarascáil is déanaí maidir le measúnacht ar riachtanais chúraim an duine, agus

(B) a scrúdaigh an duine ó rinneadh an mheasúnacht is déanaí ar riachtanais chúraim an duine,

(II) ina luafar—

(A) dáta an scrúdaithe, agus

(B) gur tháinig athrú ábhartha, i dtuairim an chleachtóra, ar shláinte nó ar dhálaí an duine a fhágann gur ceart an t-iarratas a dhéanamh, agus

(III) arna shíniú ag an gcleachtóir.

Iarratas ar thacaíocht Stáit.

9 .— (1) Féadfaidh duine lena mbaineann alt 6 iarratas a dhéanamh chun na Feidhmeannachta san fhoirm shonraithe ar thacaíocht Stáit faoin Scéim.

(2) Beidh coinníoll ag gabháil le gach iarratas ar thacaíocht Stáit go dtabharfaidh an t-iarratasóir, agus sa chás gur duine de lánúin an t-iarratasóir, an t-iarratasóir agus a pháirtnéir nó a páirtnéir, an fhaisnéis go léir a iarrfaidh an Fheidhmeannacht i dtaca le breithniú an iarratais.

(3) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú iarratas ar thacaíocht Stáit a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh más rud é—

(a) nach gcomhlíonann an t-iarratas fo-alt (1), nó

(b) go mainníonn an t-iarratasóir nó a pháirtnéir nó a páirtnéir cibé faisnéis a sholáthar don Fheidhmeannacht a iarrfar leis an bhfoirm iarratais nó cibé faisnéis bhreise a sholáthar don Fheidhmeannacht a theastóidh le réasún uaithi chun a chumasú di an t-iarratas a chinneadh.

(4) I gcás go ndiúltóidh an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (3) iarratas ar thacaíocht Stáit a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn faoin mbreith agus faoi na cúiseanna atá leis an mbreith a thabhairt don iarratasóir.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don Fheidhmeannacht in iarratas ar thacaíocht Stáit nó i dteannta iarratais nó i dtaca le hiarratas den sórt sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Measúnacht airgeadais ar acmhainn.

10 .— (1) I gcás go bhfaighidh an Fheidhmeannacht iarratas ar thacaíocht Stáit, déanfaidh an Fheidhmeannacht socruithe chun go ndéanfaidh duine oiriúnach measúnacht airgeadais ar an duine agus déanfaidh an duine oiriúnach sin tuarascáil maidir leis an measúnacht sin a ullmhú agus a thabhairt don Fheidhmeannacht.

(2) Déanfar an mheasúnacht airgeadais—

(a) i gcás duine nach duine de lánúin, de réir fhorálacha Chodanna 1 agus 3 de Sceideal 1, agus

(b) i gcás duine is duine de lánúin, de réir fhorálacha Chodanna 2 agus 3 de Sceideal 1.

(3) (a) Féadfaidh a bheith ar áireamh ar na socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iarrataí ar fhaisnéis ar an duine lena mbaineann, ar pháirtnéir an duine sin nó ar aon ionadaí (cibé acu a bheidh sé nó sí ceaptha faoi alt 21 nó ar shlí eile) de chuid an duine, agus ar agallaimh leis an duine lena mbaineann, le páirtnéir an duine nó le haon ionadaí dá chuid nó dá cuid.

(b) Féadfaidh an Fheidhmeannacht agus an duine oiriúnach lena mbaineann taifid agus faisnéis a bhaineann leis an duine lena mbaineann an t-iarratas agus a bhaineann lena pháirtnéir nó lena páirtnéir, cibé acu a gheofar iad faoi alt 45 nó ar shlí eile, a iarraidh, a fháil agus a bhreithniú.

(4) I gcás gur mian leis an bhFeidhmeannacht margadhluach measta aon mhíre a shuíomh, féadfaidh sí an luach sin a fhionnadh ar cibé modh agus ar cibé slí is cuí léi agus féadfaidh sí a údarú do dhuine oiriúnach, más cuí, an mhír a iniúchadh agus luach na míre a thuairisciú di chun críocha an Achta seo.

(5) I gcás go n-údaróidh an Fheidhmeannacht luacháil faoi fho-alt (4), is í an Fheidhmeannacht a íocfaidh costais na luachála.

(6) Ní bheidh an Fheidhmeannacht faoi cheangal le haon luacháil atá ag gabháil le hiarratas ar thacaíocht Stáit.

(7) I gcás nach mbeidh faisnéis a iarrfar faoi fho-alt (3) tugtha ag an duine nó ag an duine lena mbaineann nó thar a cheann nó thar a ceann laistigh de 40 lá oibre ó dháta na hiarrata, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Fheidhmeannacht in aon chás áirithe, féadfaidh an duine oiriúnach lena mbaineann an méid sin a thuairisciú don Fheidhmeannacht agus féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú an t-iarratas a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh.

(8) I gcás go ndiúltóidh an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (7) iarratas a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine faoin mbreith agus faoi na cúiseanna atá leis an mbreith.

Iarratas ar thacaíocht Stáit a chinneadh.

11 .— (1) Faoi réir ailt 7, 31 agus 38 den Acht Sláinte 2004 agus alt 5, déanfaidh an Fheidhmeannacht, tar éis an tuarascáil mheasúnachta airgeadais a bhreithniú, iarratas ar thacaíocht Stáit a chinneadh de réir an mhodha a leagtar amach in alt 14 chun tacaíocht Stáit a ríomh.

(2) I gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht cinneadh go n-íocfar tacaíocht Stáit i leith duine, féadfaidh a bheith ar áireamh sa chinneadh ordachán go mbeidh, faoi réir ailt 12 go 14, an tacaíocht sin iníoctha—

(a) ar agus ó dháta a shonróidh an Fheidhmeannacht, nó

(b) ar an agus ón dáta a tharlaíonn teagmhas a shonróidh an Fheidhmeannacht.

(3) I gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht cinneadh faoi fho-alt (1), déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an chinnidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine faoin mbreith agus faoi na cúiseanna atá leis an mbreith.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) ní dhéanfaidh an Fheidhmeannacht cinneadh go n-íocfar tacaíocht Stáit i leith duine dá dtagraítear in alt 6(1)(a), mura rud é go bhfuil an Fheidhmeannacht tar éis a chinneadh faoi alt 7(8)(a) go bhfuil gá ag an duine le seirbhísí cúraim.

(b) Níl feidhm ag mír (a) maidir le duine dá dtagraítear in alt 6(1)(c) (d).

(5) I gcás go mbeidh an Fheidhmeannacht—

(a) tar éis cinneadh a dhéanamh faoi alt 7(8)(a) go bhfuil gá ag duine le seirbhísí cúraim (seachas cinneadh den sórt sin a rinneadh i leith duine lena mbaineann mír (c) (d) d’fho-alt (1) d’alt 6), agus

(b) tar éis cinneadh a dhéanamh go n-íocfar tacaíocht Stáit i leith an duine sin,

ní bheidh éifeacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír (b) roimh an gcinneadh dá dtagraítear i mír (a).

Tacaíocht Stáit agus tacaíocht Stáit choimhdeach a sholáthar.

12 .— (1) Soláthrófar tacaíocht Stáit do dhuine—

(a) i gcás seirbhísí cúraim a thagann faoi réim mhír (a)(i) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ”, tríd an bhFeidhmeannacht d’aistriú an mhéid chuí tacaíochta Stáit chuig an tsaoráid iomchuí,

(b) i gcás seirbhísí cúraim a thagann faoi réim mhír (a)(ii) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ”, tríd an bhFeidhmeannacht d’íoc an mhéid chuí tacaíochta Stáit le dílseánach an tí banaltrais cheadaithe ina bhfuil an duine ina chónaí nó ina cónaí agus á chothabháil nó á cothabháil.

(2) Ní bheidh duine a dhéanann iarratas ar thacaíocht Stáit nó a dhéanann iarraidh go n-íocfar tacaíocht Stáit choimhdeach leis nó léi i dteideal an tacaíocht sin a fháil ná ní bheidh d’oibleagáid ar an bhFeidhmeannacht an tacaíocht sin a íoc ná leanúint den tacaíocht sin a íoc mura rud é go bhfuil na seirbhísí cúraim a mbeidh íocaíocht á hiarraidh ag an duine i ndáil leo aitheanta leis an measúnacht ar riachtanais chúraim mar sheirbhísí cuí maidir leis an duine a fhaigheann seirbhísí cúraim.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) maidir le duine dá dtagraítear in alt 6(1)(c)(d).

Tacaíocht Stáit (seirbhísí cúraim idirthréimhsigh) a sholáthar.

13 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás go raibh seirbhísí cúraim idirthréimhsigh nó seirbhísí cúraim á soláthar do dhuine ag teach banaltrais ceadaithe díreach roimh theacht i ngníomh d’alt 6(1) (d), agus go mbeidh an duine lena mbaineann tar éis iarratas ar thacaíocht Stáit a dhéanamh, is iarratas a bheifear tar éis a chinneadh.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) go (5), ní oibreoidh aon ní san alt seo as féin chun a cheangal ar an bhFeidhmeannacht tacaíocht Stáit a sholáthar do dhuine i leith aon tréimhse ar lena linn a soláthraíodh seirbhísí cúraim idirthréimhsigh nó seirbhísí cúraim don duine sula mbeidh cinneadh déanta ar an iarratas ar thacaíocht Stáit maidir leis an duine sin.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), déanfaidh an Fheidhmeannacht tacaíocht Stáit a sholáthar don duine i gcás dá dtagraíonn fo-alt (1) le héifeacht ó dháta thosach feidhme alt 6(1)(d).

(4) Laghdófar méid na tacaíochta Stáit is iníoctha de bharr fho-alt (3) de mhéid aon fhóirdheontais iomchuí a bheidh íoctha.

(5) Ní oibreoidh fo-alt (3) chun dochar a dhéanamh d’aon oibleagáid a bheidh ar dhuine íocaíocht a thabhairt do dhílseánach tí banaltrais cheadaithe ar cibé cuid den chostas iomlán seachtainiúil i leith seirbhísí cúraim idirthréimhsigh nó seirbhísí cúraim a bheidh dlite thairis sin den duine sin agus nach mbeidh urscaoilte trí íocaíocht tacaíochta Stáit de bhun an ailt seo.

(6) San alt seo, ciallaíonn “ seirbhísí cúraim idirthréimhsigh ” seirbhísí cúraim dá dtagraítear i mír (a)(ii) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ” arna soláthar ag teach banaltrais, roimh an tosach feidhme dá dtagraítear i mír (d) d’alt 6(1), amhail is dá ndéanfaí míreanna (a)(ii) agus (b)(ii) den mhíniú ar “teach banaltrais ceadaithe” a scriosadh.

An méid tacaíochta Stáit a ríomh.

14 .— (1) Déanfar méid na tacaíochta Stáit is iníoctha i leith duine faoin Scéim a shloinneadh mar mhéid seachtainiúil agus cinnfear é ar bhonn na hacmhainne seachtainiúla measúnaithe arna cinneadh de réir ailt 10 agus 11 agus trí fheidhmiú na cothromóide:

S = T — M

i gcás—

gurb é S méid seachtainiúil na tacaíochta Stáit,

gurb é T an costas iomlán seachtainiúil i leith na seirbhísí cúraim a sholáthraítear don duine lena mbaineann, agus

gurb é M acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe an duine.

(2) Más rud é, i bhfeidhmiú na cothromóide a shonraítear i bhfo-alt (1), gur méid atá comhionann le T nó is mó ná T é M, measfar ansin gur méid nialais é S.