An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Fógra maidir le nithe sonraithe ) Ar Aghaidh ( CUID 7 Athbhreithnithe agus Achomhairc )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 6

Comhúinéireacht

Comhúinéireacht.

29 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), i gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht ordú faoi alt 17(2) a bhaineann le leas i dtalamh is ábhar do chomhthionóntacht, d’ainneoin aon rialach dlí nó forála reachtúla—

(a) ní chuirfidh an morgáiste arna chruthú leis sin faoi deara an chomhthionóntacht sa leas sa talamh is ábhar don mhorgáiste a théarbhadh de cheal toiliú roimh ré i scríbhinn ón gcomhthionónta eile nó, i gcás níos mó ná comhthionónta eile amháin a bheith ann, ó na comhthionóntaí eile go léir,

(b) ní bheidh an morgáiste a chruthófar leis sin ar neamhní de cheal toiliú roimh ré i scríbhinn ón gcomhthionónta eile nó, i gcás níos mó ná comhthionónta eile amháin a bheith ann, ó na comhthionóntaí eile go léir, ná

(c) ní chuirfidh téarbhadh na comhthionóntachta, nó foirceannadh nó múchadh leas an chomhthionónta a chruthaigh an morgáiste sin, faoi deara an muirear lena mbaineann a fhoirceannadh nó a mhúchadh nó do scor d’éifeacht a bheith leis maidir leis an talamh sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní mó an méid a urrófar le hordú a dhéanfar faoi alt 17(2) agus dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ná an méid arb ionannas dó luach na scaire nó an chion sin den leas sa talamh lena mbaineann a mbeadh an duine nó na daoine atá ag iarraidh go n-íocfar tacaíocht Stáit choimhdeach ina theideal dá ndéanfaí an chomhthionóntacht a théarbhadh—

(a) ar an dáta a mheasfar an morgáiste a bheith forghníomhaithe mar gheall ar alt 17(4), nó

(b) ionann is dá mba rud é go ndearnadh ordú chun an talamh a pháirtiú ar an dáta sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é go mbeidh iarrtha ag na nascthionóntaí go léir sa nascthionóntacht ar an bhFeidhmeannacht go n-íocfaí an tacaíocht Stáit choimhdeach i ndáil leis an leas sa talamh lena mbaineann.