|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Conarthaí Craolacháin agus Conarthaí Soláthair Lánais — Craoltóirí Tráchtála agus Pobail. ) | Ar Aghaidh (Caibidil 2 Forálacha a bhaineann go sonrach le RTÉ ) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 7 Craolachán Seirbhíse Poiblí | |
| [EN] |
Caibidil 1 Corparáidí Craolacháin Seirbhíse Poiblí — Forálacha Comhchoiteanna | |
| [EN] |
Comhlachtaí corpraithe. |
79 .— Leanfaidh gach corparáid de bheith ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus cumhacht agartha agus a bhféadfar é agairt agus ag a mbeidh cumhacht chun talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. |
| [EN] |
Séalaí corparáidí. |
80 .— (1) Déanfaidh corparáid, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, séala nua a sholáthar di féin. |
| [EN] | (2) Fíordheimhneofar séala corparáide le síniú chathaoirleach na corparáide, nó síniú comhalta éigin eile den chorparáid a bheidh údaraithe ag an gcorparáid chun gníomhú chuige sin, agus síniú oifigigh den chorparáid a bheidh údaraithe ag an gcorparáid chun gníomhú chuige sin. | |
| [EN] | (3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala corparáide, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an chorparáid agus a bheith séalaithe le séala na corparáide (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas breise mura suífear a mhalairt. | |
| [EN] |
An bord a cheapadh. |
81 .— (1) 12 is líon do chomhaltaí boird corparáide— |
| [EN] | (a) a ndéanfaidh an Rialtas 6 díobh a cheapadh ar ainmniú ón Aire, | |
| [EN] | (b) faoi réir fho-alt (2), a ndéanfaidh an Rialtas 4 díobh a cheapadh ar ainmniú ón Aire, | |
| [EN] | (c) a ndéanfaidh an Rialtas duine amháin díobh a cheapadh tar éis toghcháin de réir alt 83 , agus | |
| [EN] | (d) ar duine díobh ardstiúrthóir na corparáide. | |
| [EN] | (2) I gcás ina bhfuil ceapachán le déanamh ag an Rialtas faoi fho-alt (1)(b) nó faoin mír sin ag eascairt as folúntas dá dtagraítear in alt 84 (12)— | |
| [EN] | (a) cuirfidh an tAire an ceapachán beartaithe in iúl don Chomhchoiste Oireachtais, | |
| [EN] | (b) déanfaidh an tAire, maidir le ceapachán faoi fho-alt (1)(a), ráiteas a chur ar fáil don Chomhchoiste Oireachtais ina léireofar taithí agus saineolas iomchuí na ndaoine nó an duine a bheidh ainmnithe ag an Aire lena gceapadh nó lena cheapadh nó lena ceapadh, nó a bheidh ceaptha ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire, agus cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire is iomchuí, | |
| [EN] | (c) déanfaidh an Comhchoiste Oireachtais, laistigh den tréimhse 90 lá ón tráth a chuirfear an méid sin in iúl dó, ainmneacha na ndaoine nó ainm an duine a bheartaíonn sé ba chóir don Aire a ainmniú faoi fho-alt (1)(b) a chur in iúl don Aire agus tabharfaidh sé cúiseanna, amhail taithí agus saineolas iomchuí, i ndáil leis na daoine nó leis an duine beartaithe a bheidh ainmnithe, | |
| [EN] | (d) beidh aird ag an Aire ar an gcomhairle agus féadfaidh sé nó sí glacadh leis na daoine beartaithe a bheidh ainmnithe nó le cuid díobh nó leis an duine bheidh ainmnithe nó cinneadh a dhéanamh daoine eile nó duine eile de réir mar is cuí leis nó léi a ainmniú, agus | |
| [EN] | (e) a chinneadh nó a cinneadh a chur in iúl don Chomhchoiste Oireachtais. | |
| [EN] | (3) Fir a bheidh i 5 chomhalta ar a laghad de na comhaltaí ar bhord corparáide agus mná a bheidh i 5 chomhalta ar a laghad díobh. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Comhchoiste Oireachtais, d’fhonn comhairle a chur ar fáil don Aire faoi fho-alt (2), painéal a bhunú, go ceann cibé tréimhse, agus ar a mbeidh cibé líon daoine, is cuí leis an gComhchoiste Oireachtais. | |
| [EN] | (5) Maidir le daoine a chuirfear ar phainéal arna bhunú faoi fho-alt (4)— | |
| [EN] | (a) beidh taithí acu ar cheann amháin nó níos mó, nó beidh cumas léirithe acu i gceann amháin nó níos mó, de na nithe a luaitear in alt 82 (1), | |
| [EN] | (b) i ndáil le TG4, comhlíonfaidh siad ceanglais alt 82 (2), agus | |
| [EN] | (c) roghnófar iad d’fhonn a bheith ionadaitheach do leas an phobail i leith nithe a bhaineann le craolachán seirbhíse poiblí. | |
| [EN] | (6) Féachfaidh an Comhchoiste Oireachtais lena chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i measc na ndaoine a chuirfear ar an bpainéal faoi fho-alt (4). | |
| [EN] | (7) Is ar an gComhchoiste Oireachtais amháin a bheidh freagracht as iarrthóirí a roghnú agus a chur ar phainéal arna bhunú faoi fho-alt (4). | |
| [EN] |
Critéir le haghaidh comhaltais boird. |
82 .— (1) Ní cheapfar duine chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord corparáide mura mbeidh taithí aige nó aici ar réimse amháin nó níos mó, nó mura mbeidh cumas léirithe aige nó aici i réimse amháin nó níos mó, de na réimsí seo a leanas— |
| [EN] | (a) gnóthaí na meán, | |
| [EN] | (b) craolachán seirbhíse poiblí, | |
| [EN] | (c) táirgeadh lánais craolacháin, | |
| [EN] | (d) teicneolaíochtaí na meán digiteach, | |
| [EN] | (e) gnóthaí ceardchumainn, | |
| [EN] | (f) gnóthaí gnó nó tráchtála, | |
| [EN] | (g) nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge, | |
| [EN] | (h) nithe a bhaineann le míchumas, | |
| [EN] | (i) ealaíona, ceol, spórt nó cultúr, | |
| [EN] | (j) eolaíocht, teicneolaíocht nó nithe comhshaoil, | |
| [EN] | (k) gnóthaí dlí nó rialála, agus | |
| [EN] | (l) gnóthaí sóisialta, oideachais nó pobail nó gnóthaí Gaeltachta, | |
| [EN] | is iomchuí maidir le maoirseacht ar chraoltóir seirbhíse poiblí. | |
| [EN] | (2) Ní cheapfar duine chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord TG4 mura bhfuil sé nó sí in ann cumarsáid a dhéanamh go hinniúil as Gaeilge. | |
| [EN] | (3) Ceapfar gach comhalta de bhord corparáide go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana. | |
| [EN] | (4) Le linn téarma ceapacháin a shocrú faoi fho-alt (3), breithneoidh an Rialtas an gá atá le leanúnachas i gcomhaltas boird corparáide. | |
| [EN] | (5) Aon chomhalta de bhord corparáide a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha. | |
| [EN] | (6) Ní fhónfaidh comhalta de bhord corparáide níos mó ná 2 théarma oifige as a chéile. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh comhalta de bhord corparáide éirí as a oifig nó as a hoifig aon tráth trí litir a bheidh dírithe chun an Rialtais agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a bheidh sonraithe sa litir nó an tráth a gheobhaidh an Rialtas an litir, cibé acu is déanaí. | |
| [EN] | (8) Níl feidhm ag fo-ailt (3) go (7) maidir le comhaltas an ardstiúrthóra de bhord corparáide. | |
| [EN] |
Comhalta foirne a cheapadh. |
83 .— (1) Déanfaidh an Rialtas comhalta amháin d’fhoireann gach corparáide a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide, ar duine é nó í a bheidh tofa chun bheith ina chomhalta foirne nó ina comhalta foirne den bhord de réir an ailt seo. |
| [EN] | (2) Aon chomhalta de bhord corparáide a cheapfar faoin alt seo, beidh sé nó sí, faoi réir an ailt seo, inainmnithe mar iarrthóir agus intofa i dtoghchán. | |
| [EN] | (3) Déanfar toghchán a luaithe is indéanta tar éis an tAcht seo a rith nó tar éis cibé tréimhse is faide ná sin a chomhaontófar idir an chorparáid agus ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta. | |
| [EN] | (4) Tá feidhm ag fo-ailt (5) go (16) chun críocha toghcháin. | |
| [EN] | (5) (a) Is é nó is í rúnaí corparáide (nó duine a roghnóidh sé nó sí tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta) a bheidh ina cheann nó ina ceann comhairimh le haghaidh gach toghcháin comhalta foirne de chuid bhord na corparáide. | |
| [EN] | (b) Ní bheidh an ceann comhairimh i dteideal a bheith ainmnithe mar iarrthóir sa toghchán nó iarrthóir sa toghchán a ainmniú nó gníomhú mar ghníomhaire d’iarrthóir sa toghchán nó leasanna iarrthóra sa toghchán a chur chun cinn. | |
| [EN] | (c) Féadfaidh an ceann comhairimh a údarú d’aon duine feidhmeanna ainmnithe a fheidhmiú thar a cheann nó thar a ceann agus tá feidhm ag mír (b) maidir le haon duine den sórt sin. | |
| [EN] | (6) (a) Déanfar vótaíocht a sheoladh i gcás go mbeidh níos mó ná iarrthóir amháin ann. | |
| [EN] | (b) Is le rúnbhallóid agus ar bhonn phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire ar mhodh aonghutha inaistrithe a dhéanfar vótáil. | |
| [EN] | (c) Is é nó is í an ceann comhairimh a dhéanfaidh oifigigh cheannais ag an vótaíocht agus cléirigh vótaíochta a cheapadh. | |
| [EN] | (d) Is de réir socruithe a dhéanfaidh an ceann comhairimh a dhéanfar toghchán. | |
| [EN] | (e) Ceanglófar ar an gceann comhairimh fógra cuí a thabhairt don toghlacht maidir leis na socruithe seo agus áitreabh a ainmniú mar oifig toghcháin. | |
| [EN] | (7) (a) Socróidh an ceann comhairimh an lá ainmniúcháin agus tabharfaidh sé nó sí fógra maidir leis an toghchán tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh an lá sin. | |
| [EN] | (b) Is ar lá nach luaithe ná 4 sheachtain tar éis an lae a chinnfear cáilitheacht vótálaithe agus iarrthóirí de réir fho-ailt (13) agus (14), faoi seach, a bheidh an lá ainmniúcháin. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh an ceann comhairimh a dhearbhú go bhfuil iarrthóir tofa mura mó an líon iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú go cuí ná aon iarrthóir amháin. | |
| [EN] | (9) Má chuirtear isteach ar ainmniúchán iarrthóirí nó ar aon vótaíocht nó mura féidir dul ar aghaidh leis nó léi, féadfaidh an ceann comhairimh an t-ainmniúchán nó an vótaíocht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis nó léi is cuí chun a chumasú dó nó di, ar an tréimhse sin a bheith caite, dul ar aghaidh leis an ainmniúchán nó leis an vótaíocht nó é nó í a chríochnú. | |
| [EN] | (10) Ar fhógra a fháil ón gceann comhairimh i dtaobh ainm an iarrthóra a toghadh nó a dearbhaíodh a bheith tofa faoi fho-alt (8), déanfaidh an Rialtas, de réir an ailt seo, an t-iarrthóir a cheapadh mar chomhalta de bhord na corparáide. | |
| [EN] | (11) Cuirfidh an ceann comhairimh na hiarrthóirí a bheidh fágtha in ord de réir na vótaí a creidiúnaíodh do gach duine díobh sa chomhaireamh deiridh ina raibh sé nó sí san iomaíocht. | |
| [EN] | (12) Íocfaidh corparáid costas déanta toghcháin ach amháin i gcás costais a thabhóidh iarrthóirí thar a gceann féin. | |
| [EN] | (13) Gach fostaí de chuid corparáide arb amhlaidh maidir leis nó léi, ar an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh agus ar an lá a thógfar an vótaíocht— | |
| [EN] | (a) go bhfuil sé nó sí 18 mbliana d’aois ar a laghad, agus | |
| [EN] | (b) go raibh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na corparáide ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad, | |
| [EN] | beidh sé nó sí i dteideal vótáil i dtoghchán. | |
| [EN] | (14) (a) Gach fostaí de chuid corparáide atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus is fostaí de chuid na corparáide ar feadh tréimhse leanúnaí 18 mí ar a laghad an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh faoi fho-alt (13), beidh sé nó sí inainmnithe mar iarrthóir sa toghchán. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh siad seo a leanas iarrthóir a ainmniú— | |
| [EN] | (i) ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta nó 2 chomhlacht den sórt sin nó níos mó i gcomhpháirt, nó | |
| [EN] | (ii) líon íosta 20 vótálaithe cáilithe. | |
| [EN] | (c) Is ar an modh a shonróidh an ceann comhairimh a dhéanfar ainmniúcháin. | |
| [EN] | (d) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht ainmniúchán agus is breith chríochnaitheach breith an cheann comhairimh. | |
| [EN] | (15) Déanfaidh an ceann comhairimh liosta de vótálaithe agus d’iarrthóirí cáilithe. | |
| [EN] | (16) Déanfaidh an ceann comhairimh liosta de cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta a ullmhú agus a chothabháil chun críocha an ailt seo. | |
| [EN] | (17) San alt seo ciallaíonn “toghchán” toghchán arna dhéanamh faoin alt seo chun comhalta foirne a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta foirne de bhord corparáide. | |
| [EN] |
Téarmaí agus cur as oifig. |
84 .— (1) Íocfar le comhaltaí de bhord corparáide, as airgead a bheidh faoina réir ag an gcorparáid, cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Íocfar le comhaltaí de bhord corparáide, as airgead a bheidh faoina réir ag an gcorparáid, cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Faoi réir an Achta seo, beidh comhalta de bhord corparáide i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a íoc) a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (4) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar ráiteas i scríbhinn ina sonrófar saineolas nó taithí, téarmaí oifige agus luach saothair chomhaltaí na corparáide a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus a fhoilsiú san Iris Oifigiúil. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an Rialtas comhalta de bhord corparáide a chur as comhaltas boird na corparáide aon tráth más rud é, i dtuairim an Rialtais, go mbeidh an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Rialtas gur gá é nó í a chur as comhaltas le go gcomhlíonfaidh an chorparáid a feidhmeanna go héifeachtach má ritheann, agus amháin má ritheann, gach Teach den Oireachtas rúin á iarraidh é nó í a chur as comhaltas. | |
| [EN] | (6) Scoirfidh comhalta de bhord corparáide de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den chorparáid sin más rud é, maidir leis an gcomhalta sin— | |
| [EN] | (a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í, | |
| [EN] | (b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, | |
| [EN] | (c) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, | |
| [EN] | (d) go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, nó | |
| [EN] | (e) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith, ina stiúrthóir ar aon chuideachta. | |
| [EN] | (7) Maidir le comhalta foirne de chorparáid a cheapfar chun fónamh ar bhord na corparáide nó maidir le hardstiúrthóir na corparáide, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide ar scor dá chonradh seirbhíse nó dá conradh seirbhíse leis an gcorparáid. | |
| [EN] | (8) I gcás ina mainneoidh comhalta de bhord corparáide— | |
| [EN] | (a) ar feadh tréimhse comhleanúnaí 6 mhí, freastal ar chruinniú den chorparáid, mura dtaispeánfaidh an comhalta chun sástacht an Aire gur de dheasca breoiteachta a mhainnigh sé nó sí freastal, nó | |
| [EN] | (b) ceanglais alt 93 a chomhlíonadh, nó | |
| [EN] | (c) dearbhú a dhéanamh de réir cheanglais alt 17 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, | |
| [EN] | féadfaidh an tAire le toiliú an Rialtais an comhalta a chur as oifig le hordú. | |
| [EN] | (9) (a) Aon ordú a dhéanfar faoi fho-alt (8), leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh ordú faoina bhráid de réir mhír (a), rún a rith ag neamhniú an ordaithe. | |
| [EN] | (c) Tiocfaidh neamhniú ordaithe faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin ordú roimh an rún a rith. | |
| [EN] | (10) Más rud é, maidir le comhalta de bhord corparáide arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire faoi alt 81 (10)(a) nó tar éis toghcháin faoi alt 83 , go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é nó í nó go scoirfidh sé nó sí ar aon chúis eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide, féadfaidh an Rialtas ar ainmniú ón Aire, duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh go ceann a mbeidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta de bhord na corparáide, agus ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta de bhord na corparáide, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire nó i ndiaidh toghcháin faoi alt 83 , ar tharla an corrfholúntas dá dheasca nó dá deasca. | |
| [EN] | (11) Le linn dó duine a roghnú chun an corrfholúntas a tharlóidh de thoradh comhalta arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas tar éis toghcháin faoi alt 83 do scor de bheith ina chomhalta nó ina comhalta a líonadh, roghnóidh an Rialtas an chéad iarrthóir cáilithe eile, más ann, faoi alt 83 (11). I gcás ina mbeidh an líon céanna vótaí creidiúnaithe do 2 iarrthóir nó níos mó de na hiarrthóirí, roghnóidh an Rialtas duine díobh trí chrannchur. | |
| [EN] | (12) Más rud é, maidir le comhalta de bhord corparáide arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire faoi mhír (b) d’alt 81(1), go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é nó í nó go scoirfidh sé nó sí ar aon chúis eile, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide, féadfaidh an Rialtas ar ainmniú ón Aire, agus aird á tabhairt ag an Aire ar chomhairle an Chomhchoiste Oireachtais, duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord na corparáide chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh go ceann a mbeidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta de bhord na corparáide, agus ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta de bhord na corparáide arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire faoi mhír (b) d’alt 81(1), ar tharla an corrfholúntas dá dheasca nó dá deasca. | |
| [EN] |
Cathaoirleach. |
85 .— (1) Déanfaidh an Rialtas, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, comhalta de bhord corparáide a cheapadh, ar ainmniú ón Aire, chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach uirthi. |
| [EN] | (2) Beidh cathaoirleach corparáide i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse nó a tréimhse oifige mar chomhalta de bhord na corparáide, mura túisce a éagfaidh sé nó sí, nó a éireoidh sé nó sí as oifig an chathaoirligh nó a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach faoi fho-alt (4). | |
| [EN] | (3) Féadfaidh cathaoirleach corparáide aon tráth éirí as a oifig nó a hoifig mar chathaoirleach trí litir a sheolfar chuig an Rialtas agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, nuair a thosóidh an chéad chruinniú eile den chorparáid a thionólfar tar éis don Rialtas an t-éirí as a chur in iúl don chorparáid. | |
| [EN] | (4) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach corparáide le linn a théarma nó a téarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chorparáid, scoirfidh sé nó sí freisin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcorparáid. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfar comhalta d’fhoireann corparáide a bheidh ceaptha ag an Rialtas mar chomhalta de bhord na corparáide nó ardstiúrthóir ar chorparáid a cheapadh mar chathaoirleach ar an gcorparáid. | |
| [EN] |
Eisiamh ó chomhaltas boird. |
86 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta de bhord corparáide— |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chorparáid. | |
| [EN] | (2) Más rud é, maidir leis an duine arb é nó í an t-ardstiúrthóir ar chorparáid nó maidir le comhalta d’fhoireann corparáide— | |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcorparáid agus ní íocfaidh an chorparáid leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcorparáid, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin. | |
| [EN] | (3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord corparáide nó ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar chorparáid nó ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann corparáide. | |
| [EN] | (4) Aon duine a cheapfar ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, den Choiste um Dheonú Conarthaí nó den Choiste um Chomhlíonadh beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord corparáide nó ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar chorparáid nó ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann corparáide. | |
| [EN] | (5) Aon duine a shealbhaíonn fostaíocht, ach amháin le haghaidh saothair oideachais nó chun saothar cruthaitheach a thaibhiú, nó aon duine a bhfuil leas aige nó aici i ngnóthas a shealbhaíonn conradh faoin Acht seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord corparáide. | |
| [EN] | (6) Aon duine a shealbhaíonn fostaíocht in RTÉ beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord TG4. | |
| [EN] | (7) Aon duine a shealbhaíonn fostaíocht i TG4 beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord RTÉ. | |
| [EN] | (8) Aon duine a shealbhaíonn comhaltas de bhord RTÉ beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord TG4. | |
| [EN] | (9) Aon duine a shealbhaíonn comhaltas de bhord TG4 beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta de bhord RTÉ. | |
| [EN] | (10) Gan dochar do ginearáltacht fho-alt (2), léifear an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an gcorparáid chun críocha aon sochar aoisliúntais. | |
| [EN] |
Dualgais comhaltaí boird. |
87 .— Faoi réir cheanglais an Achta seo, déanfaidh gach comhalta de bhord corparáide a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ar dhóigh— |
| [EN] | (a) a bheidh ionadaitheach do leasanna an lucht féachana agus an lucht éisteachta, | |
| [EN] | (b) a chinnteoidh go ndéanfar gníomhaíochtaí na corparáide de bhun a cuspóirí mar atá leagtha amach in alt 114 (1) nó 118(1) a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach, | |
| [EN] | (c) a chinnteoidh go mbeidh bailiú agus cur i láthair nuachta agus cúrsaí reatha ag an gcorparáid cruinn agus neamhchlaon, agus | |
| [EN] | (d) a chosnóidh neamhspleáchas na corparáide ar thionchair Stáit, pholaitiúla agus tráchtála i dtaca le ceapadh, lánas agus táirgeadh clár, le heagarthóireacht a dhéanamh ar chláir nuachta agus cúrsaí reatha agus lena gcur i láthair, agus i dtaca le clársceidil a shainiú. | |
| [EN] |
Cruinnithe. |
88 .— (1) Tionólfaidh bord corparáide cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. |
| [EN] | (2) Ag cruinniú de bhord corparáide— | |
| [EN] | (a) Is é nó is í an cathaoirleach ar bhord corparáide a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé nó sí i láthair, agus | |
| [EN] | (b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an cathaoirleach ar bhord corparáide i láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí de bhord corparáide a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |
| [EN] | (3) Déanfar gach ceist ag cruinniú de bhord corparáide a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh bord corparáide gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí. | |
| [EN] | (5) Faoi réir na Coda seo, déanfaidh bord corparáide a nós imeachta agus a chleachtas a rialáil le rialacha arna ndéanamh faoin alt seo. | |
| [EN] | (6) 7 is córam do chruinniú de bhord corparáide. | |
| [EN] | (7) Faoi réir aon rialach a dhéanfar faoi fho-alt (5), féadfar cruinnithe de bhord corparáide a thionól ar an teileafón nó trí mheán leictreonach oiriúnach eile trínar féidir le gach comhalta den bhord cloisteáil agus trínar féidir gach comhalta den bhord a chloisteáil. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh bord corparáide aon cheann dá fheidhmeanna a tharmligean chun fochoiste de bhord na corparáide faoi réir cibé coinníollacha is cuí le bord na corparáide. | |
| [EN] |
Ardstiúrthóir. |
89 .— (1) Déanfaidh corparáid ó am go ham duine a cheapadh chun bheith ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin nó ina príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcorparáid, is duine ar a dtabharfar, agus dá ngairtear sa Chuid seo, sa Ghaeilge, ardstiúrthóir nó, sa Bhéarla, director general. |
| [EN] | (2) Maidir le hardstiúrthóir— | |
| [EN] | (a) déanfaidh sé nó sí riarachán na corparáide a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, | |
| [EN] | (b) gníomhóidh sé nó sí mar phríomheagarthóir i leith lánais arna fhoilsiú ag an gcorparáid de bhun a cuspóirí faoin Acht seo, agus | |
| [EN] | (c) comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh bord na corparáide. | |
| [EN] | (3) Ní mór toiliú an Rialtais a fháil sula ndéanfaidh corparáid ardstiúrthóir na corparáide a cheapadh nó a chur as oifig, nó sula n-athróidh corparáid luach saothair nó téarmaí agus coinníollacha sealbhaithe oifige an ardstiúrthóra. | |
| [EN] | (4) Maidir leis an duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar Radio Telefís Éireann, leanfaidh sé nó sí de bheith ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar RTÉ. | |
| [EN] | (5) Maidir leis an duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin nó ina príomhoifigeach feidhmiúcháin ar TG4, leanfaidh sé nó sí de bheith ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar TG4. | |
| [EN] | (6) Ní shealbhóidh ardstiúrthóir aon oifig nó fostaíocht eile nó ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó gan toiliú bhord na corparáide. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh ardstiúrthóir cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis airgeadais) a theastóidh ón gcorparáid ó am go ham a thabhairt do bhord na corparáide i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh cibé comhalta d’fhoireann na corparáide a bheidh ainmnithe ó am go ham ag bord na corparáide chun na críche sin feidhmeanna an ardstiúrthóra a chomhlíonadh má bhíonn an t-ardstiúrthóir as láthair nó nuair a bheidh post an ardstiúrthóra folamh. | |
| [EN] | (9) Déanfaidh ardstiúrthóir, ar feadh ré a cheapacháin nó a ceapacháin, fónamh mar chomhalta ex officio de bhord a chorparáide nó a corparáide. | |
| [EN] |
Foireann. |
90 .— (1) Déanfaidh corparáid, chomh maith le hardstiúrthóir a cheapadh, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí ó am go ham a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann na corparáide ach, faoi réir fho-alt (2), ní cheapfar duine faoin alt seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na corparáide mura mbeifear tar éis é nó í a roghnú trí chomórtas poiblí. |
| [EN] | (2) Níl feidhm ag an gceanglas faoi fho-alt (1) i dtaobh duine a roghnú trí chomórtas poiblí, i ndáil leo seo a leanas: | |
| [EN] | (a) ceapachán arb éard é ardú céime do dhuine is comhalta d’fhoireann na corparáide cheana féin, | |
| [EN] | (b) oifig ar gá, i dtuairim na corparáide, saincháilíochtaí chuici nach gnách ag daoine, nó | |
| [EN] | (c) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta amháin, is tréimhsí 2 bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici. | |
| [EN] | (3) Beidh comhalta d’fhoireann corparáide i seilbh a fhostaíochta nó a fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chorparáid ó am go ham. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh corparáid aon cheann dá feidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá comhaltaí foirne a bheidh údaraithe go cuí ag an gcorparáid chuige sin. | |
| [EN] |
Aoisliúntas. |
91 .— (1) Déanfaidh corparáid, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d’fhoireann na corparáide, nó i leith comhaltaí d’fhoireann na corparáide, lena n-áirítear an t-ardstiúrthóir. |
| [EN] | (2) Socróidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim aoisliúntais, lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an chorparáid aon scéim aoisliúntais a chuirfidh an chorparáid faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chomhall de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (5) Beidh i ngach scéim aoisliúntais foráil le haghaidh achomharc i gcoinne breithe a bhaineann le sochar aoisliúntais faoin scéim. | |
| [EN] | (6) Ní dheonóidh an chorparáid sochair aoisliúntais do dhuine nó i leith duine ar scor dó nó di de bheith ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir nó de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na corparáide seachas— | |
| [EN] | (a) de réir scéime aoisliúntais, nó | |
| [EN] | (b) le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (7) Ní dhéanfar sochair aoisliúntais is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach sular bunaíodh Radio Éireann, ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Aire, a eisíoc ar choinníollacha is lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá leanfaí de na sochair dá dtagraítear a íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas. | |
| [EN] | (8) Déanfaidh an tAire Airgeadais cibé ranníoc a shonrófar, lena thoiliú nó lena toiliú, i scéim nó i scéimeanna faoin alt seo faoi chomhair na sochar aoisliúntais a bhaineann le seirbhís ináirithe a tugadh roimh lá bunaithe Radio Éireann agus is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh de chuid an Aire, agus socróidh an scéim nó na scéimeanna sin, leis an toiliú céanna, modh íoca agus tráthanna íoca an ranníoca sin. | |
| [EN] | (9) Déanfar aon airgead a cheanglaítear ar an Aire Airgeadais a íoc faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
| [EN] | (10) (a) Leagfaidh an tAire scéim aoisliúntais (lena n-áirítear leasú uirthi) faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh scéim faoina bhráid de réir mhír (a), an scéim a neamhniú. | |
| [EN] | (c) Tagann neamhniú scéime faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann an neamhniú difear d’aon ní a rinneadh faoin scéim roimh an rún a rith. | |
| [EN] | (11) San alt seo, ciallaíonn “scéim aoisliúntais” scéim faoin alt seo. | |
| [EN] |
Cuntasacht an ardstiúrthóra agus an chathaoirligh do Choistí Oireachtais. |
92 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “Coiste” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid Coiste den sórt sin. |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (4), freastalóidh ardstiúrthóir os comhair Coiste, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta a chorparáide nó a corparáide. | |
| [EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), freastalóidh cathaoirleach corparáide os comhair Coiste, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun tuairimí bhord a chorparáide nó a corparáide a chur i láthair. | |
| [EN] | (4) Ní cheanglófar ar ardstiúrthóir nó ar chathaoirleach cuntas a thabhairt ar aon ní, nó tuairimí bhord a chorparáide nó a corparáide a chur i láthair i leith aon ní, atá, a bhí nó a fhéadfaidh a bheith sa todhchaí ina ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse sa Stát. | |
| [EN] | (5) I gcás gurb é tuairim ardstiúrthóra nó cathaoirligh gur ní lena mbaineann fo-alt (4) aon ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt ina leith, nó tuairimí bhord na corparáide ina leith a chur i láthair, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin in iúl don Choiste mar aon leis na cúiseanna atá leis an tuairim agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a bheidh an t-ardstiúrthóir nó an cathaoirleach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn. | |
| [EN] | (6) I gcás ina mbeidh an t-ardstiúrthóir nó an cathaoirleach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (5) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3) a mhéid a bhaineann sé le ní is ábhar don tuairim sin— | |
| [EN] | (a) féadfaidh an t-ardstiúrthóir nó an cathaoirleach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun an cheist i dtaobh an ní lena mbaineann fo-alt (4) é an ní a chinneadh, nó | |
| [EN] | (b) féadfaidh cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste, | |
| [EN] | agus féadfaidh an Ard-Chúirt an ní a chinneadh. | |
| [EN] | (7) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (6), ní fhreastalóidh an t-ardstiúrthóir nó an cathaoirleach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas nó chun tuairimí bhord na corparáide a chur i láthair i leith an ní sin. | |
| [EN] | (8) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní lena mbaineann fo-alt (4) é an ní, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach ní lena mbaineann fo-alt (4) é an ní, freastalóidh an t-ardstiúrthóir nó an cathaoirleach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní nó chun tuairimí bhord na corparáide a chur i láthair i leith an ní. | |
| [EN] |
Comhaltaí corparáide do nochtadh leasanna áirithe. |
93 .— (1) Aon chomhalta de bhord corparáide— |
| [EN] | (a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chomhlacht nó gnólacht lena mbeidh conradh déanta ag an gcorparáid nó lena mbeartaíonn sí conradh a dhéanamh, nó | |
| [EN] | (b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh atá déanta ag an gcorparáid nó a bheartaíonn an chorparáid a dhéanamh, | |
| [EN] | nochtfaidh sé nó sí do bhord na corparáide go bhfuil an leas sin aige nó aici agus nochtfaidh sé nó sí cineál an leasa agus ní bheidh sé nó sí i láthair nuair a dhéanfaidh bord na corparáide aon bhreithniú nó breith a bhaineann leis an gconradh. | |
| [EN] | (2) I gcás go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú boird, eadhon— | |
| [EN] | (a) socrú ar páirtí ann an chorparáid nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó | |
| [EN] | (b) conradh nó comhaontú eile leis an gcorparáid nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe, | |
| [EN] | ansin, maidir le haon chomhalta de bhord na corparáide a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a bhfuil leas aige nó aici sa ní ar shlí seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin— | |
| [EN] | (i) nochtfaidh sé nó sí do bhord na corparáide ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus nochtfaidh sé nó sí cineál an leasa, | |
| [EN] | (ii) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le haon tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le tabhairt i ndáil leis an ní, | |
| [EN] | (iii) ní bheidh sé nó sí i láthair ag an gcruinniú nó ag an gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléifear an ní, | |
| [EN] | (iv) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh bord na corparáide maidir leis an ní, agus | |
| [EN] | (v) ní vótálfaidh sé nó sí ar bhreith maidir leis an ní. | |
| [EN] | (3) I gcás ina ndéanfar leas a nochtadh faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag breithniú nó ag plé an ní lena mbaineann an nochtadh, ní dhéanfar an comhalta den bhord a dhéanfaidh an nochtadh a áireamh sa chóram i gcomhair an chruinnithe. | |
| [EN] | (4) Más rud é, ag cruinniú de bhord corparáide, go n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh comhalta de bhord na corparáide é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (2) a chomhlíonadh, féadfaidh bord na corparáide an cheist a chinneadh, agus is breith chríochnaitheach a bheidh i mbreith an bhoird, agus i gcás ina gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. | |
| [EN] | (5) Chun críocha an ailt seo agus alt 94 ní mheasfar leas a bheith ag duine in aon ní de bhíthin amháin leas a bheith ag an duine sin, nó ag aon chuideachta ina bhfuil leas aige nó aici, ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dócha go n-imreoidh sé tionchar ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist a bhaineann leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm i ndáil leis an ní a chomhlíonadh. | |
| [EN] |
Foireann agus conraitheoirí le haghaidh seirbhísí do nochtadh leasanna áirithe. |
94 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta d’fhoireann corparáide nó comhalta d’fhoireann fochuideachta nó stiúrthóir ar fhochuideachta nó conraitheoir le haghaidh seirbhísí, in earnáil arna sonrú roimh an bhfostú ag an gcorparáid, go bhfuil leas aige nó aici, ar shlí eile seachas ina cháil nó ina cáil mar dhuine den sórt sin, in aon chonradh, comhaontú nó socrú, nó in aon chonradh, comhaontú nó socrú beartaithe, ar páirtí nó páirtí beartaithe ann an chorparáid— |
| [EN] | (a) nochtfaidh an duine sin a leas, agus cineál an leasa, do bhord na corparáide, | |
| [EN] | (b) ní ghlacfaidh an duine sin aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó an tsocraithe nó in aon bhreithniú ag comhaltaí de bhord na corparáide nó ag comhaltaí d’fhoireann na corparáide nó ag conraitheoirí le haghaidh seirbhísí in earnáil arna sonrú roimh an bhfostú ag an gcorparáid i ndáil leis, | |
| [EN] | (c) ní imreoidh an duine sin tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le tabhairt ar an ní, agus | |
| [EN] | (d) ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an socrú. | |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine i dtaca le conradh fostaíochta nó conradh beartaithe fostaíochta de chuid an duine sin mar chomhalta d’fhoireann na corparáide nó i dtaca le conradh nó conradh beartaithe le haghaidh seirbhísí de chuid an duine sin mar chonraitheoir le haghaidh seirbhísí don chorparáid. | |
| [EN] | (3) I gcás go mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) ceanglas den alt seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an chorparáid lena mbaineann breith maidir leis an mbeart cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh. | |
| [EN] | (4) San alt seo folaíonn “comhalta d’fhoireann” an t-ardstiúrthóir. | |
| [EN] | (5) San alt seo agus in ailt 95, 104 agus 116, ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta de chuid corparáide. | |
| [EN] |
Cód iompair. |
95 .— (1) Déanfaidh corparáid, a luaithe is féidir, cód iompair a tharraingt suas agus a ghlacadh maidir le srianta ar leasanna agus le hiompraíocht eiticiúil a mbeidh feidhm aige maidir le gach comhalta den bhord, gach comhalta den fhoireann, gach comhairleoir, gach comhalta de choiste comhairleach agus gach comhalta de chomhairle lucht féachana agus éisteachta de chuid na corparáide nó d’fhochuideachta de chuid na corparáide. |
| [EN] | (2) Déanfaidh corparáid, a luaithe is féidir, cód iompair a tharraingt suas maidir le srianta ar leasanna agus le hiompraíocht eiticiúil a mbeidh feidhm aige maidir le cibé earnálacha conraitheoirí le haghaidh seirbhísí a shonróidh an chorparáid roimh an bhfostú. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh corparáid aon chód iompair a tharraingeofar suas faoi fho-alt (1) agus (2) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin arna chothabháil ag an gcorparáid. | |
| [EN] |
Comhairle lucht féachana agus éisteachta. |
96 .— (1) Déanfaidh corparáid coiste a bhunú chun críocha an ailt seo, ar coiste é ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san alt seo, comhairle lucht féachana agus éisteachta. |
| [EN] | (2) Is iad a bheidh ar an gcomhairle lucht féachana agus éisteachta 15 chomhalta arna gceapadh ag a corparáid. | |
| [EN] | (3) Ceapfaidh comhaltaí de bhord corparáide duine dá líon chun fónamh mar chomhalta dá comhairle lucht féachana agus éisteachta. | |
| [EN] | (4) Le linn di na comhaltaí dá comhairle lucht féachana agus éisteachta a cheapadh, féachfaidh corparáid lena chinntiú go mbeidh an chomhairle lucht féachana agus éisteachta ionadaitheach don phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, do phobail Ghaeltachta agus do dhaoine faoi mhíchumas radhairc nó éisteachta. | |
| [EN] | (5) Le linn dó na comhaltaí dá comhairle lucht féachana agus éisteachta a cheapadh féachfaidh TG4 lena chinntiú go mbeidh na comhaltaí den chomhairle lucht féachana agus éisteachta in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh corparáid ó am go ham de réir riachtanas na hócáide comhalta dá comhairle lucht féachana agus éisteachta a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach uirthi. | |
| [EN] | (7) Ceapfar comhaltas comhairle lucht féachana agus éisteachta go ceann cibé tréimhsí, nach faide ná 5 bliana, is cuí leis an gcorparáid agus aon chomhalta den chomhairle lucht féachana agus éisteachta a cheapfar go ceann tréimhse is giorra ná 5 bliana beidh sé nó sí in-athcheaptha go ceann a mbeidh fágtha den tréimhse 5 bliana ó thosach a cheapacháin nó a ceapacháin nó ar feadh aon tréimhse is giorra ná sin. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh comhalta de chomhairle lucht féachana agus éisteachta, aon tráth trí fhógra i scríbhinn chuig an gcorparáid, éirí as a chomhaltas nó a comhaltas. Féadfar comhaltas aon chomhalta den chomhairle lucht féachana agus éisteachta a fhoirceannadh aon tráth trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt dó nó di ag an gcorparáid. | |
| [EN] | (9) Tabharfaidh corparáid úsáid cibé acmhainní agus faisnéise dá comhairle lucht féachana agus éisteachta a theastóidh ón gcomhairle chun go gcomhlíonfaidh sí a feidhmeanna go cuí. | |
| [EN] | (10) Is í príomhfheidhm comhairle lucht féachana agus éisteachta tuairimí agus leasanna an phobail i gcoitinne maidir le craolachán seirbhíse poiblí ag an gcorparáid a chur in iúl do bhord a corparáide. | |
| [EN] | (11) Féadfaidh comhairle lucht féachana agus éisteachta a cheangal ar a corparáid go ndéanfaidh sí, nó go socróidh sí go ndéanfar, a mhéid is féidir le réasún, suirbhé ar leanaí agus daoine óga chun tuairimí agus ábhair spéise leanaí agus daoine óga maidir le craolachán seirbhíse poiblí ag an gcorparáid a fháil amach. | |
| [EN] | (12) Féadfaidh comhairle lucht féachana agus éisteachta a cheangal ar a corparáid go ndéanfaidh sí, nó go socróidh sí go ndéanfar, a mhéid is féidir le réasún, suirbhé ar dhaoine scothaosta chun tuairimí agus ábhair spéise daoine scothaosta maidir le craolachán seirbhíse poiblí ag an gcorparáid a fháil amach. | |
| [EN] | (13) Féadfaidh comhairle lucht féachana agus éisteachta, chun a feidhm faoi fho-alt (10) a fheidhmiú— | |
| [EN] | (a) cruinnithe poiblí a thionól, agus | |
| [EN] | (b) a cheangal go ndéanfaidh a corparáid méid is comhionann agus uair an chloig amháin de bhunábhar clár teilifíse agus, maidir le RTÉ, uair an chloig amháin de bhunábhar clár craolacháin fuaime, a chur ar fáil i ngach bliain, agus go ndéanfaidh an chorparáid an céanna a chraoladh cibé tráthanna ar a gcomhaontófar idir an chorparáid agus an chomhairle lucht féachana agus éisteachta. | |
| [EN] | (14) 8 is córam do chruinniú de chomhairle lucht féachana agus éisteachta. | |
| [EN] | (15) Faoi réir an ailt seo, beidh an chumhacht ag comhairle lucht féachana agus éisteachta a nós imeachta agus a cleachtas féin a rialáil le rialacha a dhéanfar faoin alt seo. | |
| [EN] | (16) Tabharfaidh comhairle lucht féachana agus éisteachta, tráth nach déanaí ná 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil bhliantúil don Aire, do bhord a corparáide agus don Údarás, ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin. Féadfaidh comhairle lucht féachana agus éisteachta agus má iarrann an tAire uirthi déanamh amhlaidh, déanfaidh sí, tuarascálacha speisialta a thabhairt don Aire i gcaitheamh aon bhliana. | |
| [EN] | (17) Buailfidh ardstiúrthóir na corparáide lena mbaineann le comhairle lucht féachana agus éisteachta na corparáide uair amháin ar a laghad gach bliain. | |
| [EN] | (18) Buailfidh comhairle lucht féachana agus éisteachta le bord a corparáide uair amháin ar a laghad gach bliain. | |
| [EN] | (19) Féadfaidh corparáid cibé caiteachais as-póca a íoc le gach comhalta dá comhairle lucht féachana agus éisteachta a thabhóidh an comhalta sin go réasúnach i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. | |
| [EN] |
Coistí comhairleacha. |
97 .— (1) Féadfaidh corparáid coistí comhairleacha a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt di i gcomhlíonadh a feidhmeanna. |
| [EN] | (2) I gcás ina mbeidh comhaltaí nach comhaltaí de bhord na corparáide nó d’fhoireann na corparáide ar choistí comhairleacha féadfar cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a mheasann an chorparáid a bheith réasúnach, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis na comhaltaí sin. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid nós imeachta a coistí comhairleacha a rialáil, ach faoi réir rialála den sórt sin, féadfaidh coiste comhairleach a nós imeachta féin a rialáil. | |
| [EN] | (4) Tabharfaidh corparáid agus a hardstiúrthóir aird ar an gcomhairle, ach ní bheidh siad faoi cheangal ag an gcomhairle, a thabharfaidh aon choiste comhairleach faoin alt seo. | |
| [EN] |
Neamhspleáchas. |
98 .— Faoi réir cheanglais an Achta seo, beidh corparáid neamhspleách de bhun a cuspóirí. |
| [EN] |
Ráiteas straitéise. |
99 .— (1) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an tAcht seo a rith, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh corparáid ráiteas straitéise a ullmhú agus a thíolacadh don Aire i cibé formáid a cheadóidh an tAire. |
| [EN] | (2) Leagfar amach i ráiteas straitéise arna ullmhú faoi fho-alt (1) straitéis bhord na corparáide chun a cuspóirí a bhaint amach faoin Acht seo le linn na tréimhse lena mbaineann an ráiteas, ag féachaint d’acmhainní atá ar fáil don chorparáid. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, tar éis ráiteas straitéise nó aon athmheas air faoin alt seo a thíolacadh dó nó di, a chur faoi deara cóip nó achoimre air a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Measúnachtaí tionchair rannaigh ag an Údarás. |
100 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 3 mhí tar éis iarraidh ar chomhairle a fháil i scríbhinn ón Aire maidir leis an tionchar rannach a bheadh ag togra faoin gCuid seo, an chomhairle sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás, le linn dó comhairle a thabhairt don Aire ar an tionchar rannach a bheadh ag togra faoin gCuid seo, na nithe seo a leanas a bhreithniú— | |
| [EN] | (a) a mhéid atá tionchar ag an togra— | |
| [EN] | (i) ar infhaighteacht, rogha, cáilíocht agus inrochtaineacht seirbhísí i gcomhair lucht féachana agus éisteachta, agus | |
| [EN] | (ii) ar sheirbhísí rannacha láithreacha, | |
| [EN] | (b) an tionchar a bheadh ag an togra ar fhorbairt rannach, ar nuálaíocht agus ar infheistíocht, | |
| [EN] | (c) an tionchar a bheadh ag an togra ar mhargaí gaolmhara, agus | |
| [EN] | (d) cibé nithe a chinnfidh an tÚdarás. | |
| [EN] | (3) Le linn don Údarás athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar rannach a bheadh ag togra faoin gCuid seo, breithneoidh sé cibé tionchair a éireoidh laistigh de thréimhse 5 bliana tar éis iarraidh ar chomhairle a fháil i scríbhinn ón Aire faoi fho-alt (1). | |
| [EN] |
Ráiteas seirbhíse poiblí. |
101 .— (1) Déanfaidh corparáid, tar éis comhchomhairle poiblí, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an tAcht seo a rith, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, nó de réir mar a cheanglóidh an tAire, ráiteas seirbhíse poiblí a ullmhú ina leagfar amach na prionsabail a bheidh le comhlíonadh agus na gníomhaíochtaí a bheidh le gabháil de láimh ag an gcorparáid chun a cuid cuspóirí seirbhíse poiblí a chomhall. |
| [EN] | (2) Déanfaidh corparáid ráiteas seirbhíse poiblí arna ullmhú faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, agus tar éis ráiteas seirbhíse poiblí a bheidh faighte ón gcorparáid faoi fho-alt (2) a athbhreithniú in aghaidh a cuspóirí seirbhíse poiblí, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt leis an ráiteas seirbhíse poiblí. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire, ar thoiliú a thabhairt dó nó di le ráiteas seirbhíse poiblí, nó le haon athmheas air, a chur faoi deara cóip den ráiteas seirbhíse poiblí a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Ráiteas bliantúil i dtaobh gealltanas feidhmíochta. |
102 .— (1) Ullmhóidh corparáid, faoin 31 Eanáir gach bliain, ráiteas bliantúil i dtaobh gealltanas feidhmíochta— |
| [EN] | (a) de réir a cuspóirí, | |
| [EN] | (b) de réir aon ráitis straitéise arna ullmhú faoi alt 99 agus atá fós ann, agus | |
| [EN] | (c) de réir aon ráitis seirbhíse poiblí arna ullmhú faoi alt 101 agus atá fós ann, | |
| [EN] | agus lena n-áireofar na gníomhaíochtaí a mbeidh sé beartaithe ag an gcorparáid gealltanas a thabhairt ina leith sa bhliain airgeadais sin agus táscairí feidhmíochta gaolmhara. | |
| [EN] | (2) Díreoidh ráiteas bliantúil i dtaobh gealltanas feidhmíochta arna ullmhú ag corparáid faoi fho-alt (1), inter alia— | |
| [EN] | (a) ar chláir bhunúla do leanaí, arna gcoimisiúnú nó arna dtáirgeadh ag an gcorparáid, atá iomchuí maidir le riachtanais agus ábhair spéise shóisialacha agus chultúrtha leanaí in Éirinn agus lena n-áirítear cláir bheochana agus cláir Ghaeilge do leanaí, a bheidh le craoladh ag an gcorparáid, | |
| [EN] | (b) ar chláir Ghaeilge a bheidh le craoladh ag an gcorparáid, | |
| [EN] | (c) ar chláir eolaíochta agus teicneolaíochta a bheidh le craoladh ag an gcorparáid, | |
| [EN] | (d) ar irisí agus leabhair a bheidh le hullmhú, le foilsiú agus le dáileadh de bhun cuspóirí seirbhíse poiblí na corparáide, agus | |
| [EN] | (e) ar an gclos-bhunábhar taifeadta a bheidh le tiomsú, le foilsiú agus le dáileadh de bhun cuspóirí seirbhíse poiblí na corparáide. | |
| [EN] | (3) A luaithe is féidir tar éis an 31 Eanáir i ngach bliain, cuirfidh corparáid faoi bhráid an Aire agus an Údaráis ráiteas bliantúil i dtaobh gealltanas feidhmíochta, arna ullmhú faoi fho-alt (1) agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an Údarás, déanfaidh an chorparáid an ráiteas, nó achoimre air, a fhoilsiú a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh corparáid, faoin 31 Márta i ngach bliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire agus an Údaráis faoi chomhall nó neamhchomhall aon ghealltanas a tugadh i ráiteas arna ullmhú faoi fho-alt (1) don bhliain airgeadais roimhe sin agus míniú ar aon difríocht a eascróidh. | |
| [EN] | (5) Áireoidh corparáid laistigh de thuarascáil a cheanglaítear faoi alt 110 tuarascáil faoi chomhall nó neamhchomhall aon ghealltanas a bheidh foilsithe faoi fho-alt (3) don tréimhse lena mbaineann agus míniú ar aon difríocht a eascróidh. | |
| [EN] |
Toiliú an Aire le seirbhísí nua agus le hathruithe ar bhealaí. |
103 .— (1) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire, na cuspóirí i míreanna (g) agus (h) d’alt 114(1) nó míreanna (g) agus (h) d’alt 118(1), de réir mar a bheidh a shaothrú. |
| [EN] | (2) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire, an líon bealaí craolacháin teilifíse nó fuaime a oibríonn sí a athrú. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire, seirbhísí coimhdeacha a ghabháil de láimh. | |
| [EN] | (4) I gcás ina mbeartóidh an tAire a thoiliú nó a toiliú a thabhairt faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gcorparáid lena mbaineann agus le cibé daoine eile is cuí leis nó léi, | |
| [EN] | (b) rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás i dtaobh an tionchair rannaigh a bheadh ag togra faoin alt seo, | |
| [EN] | (c) breithneoidh an tAire fiúntas poiblí an togra sin, agus | |
| [EN] | (d) foilseoidh an tAire, i cibé slí is cuí leis nó léi, ráiteas ina leagfar amach na comhchomhairliúcháin a rinneadh faoi mhíreanna (a) agus (b) agus léireoidh sé nó sí áit ina bhféadfar aon doiciméad a thug duine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) don Aire i gcúrsa comhairliúchán faoi na míreanna sin a iniúchadh. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh duine dá dtagraítear i míreanna (a) nó (b) d’fho-alt (4), ar dhoiciméad a thabhairt don Aire chun críocha fho-alt (4), a iarraidh ar an Aire doiciméad nó cuid de dhoiciméad a mheasann an duine a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de a fhágáil ar lár as doiciméid a chuirfear ar fáil don phobal lena n-iniúchadh faoi mhír (d) d’fho-alt (4). | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis nó léi go bhfuil an fhaisnéis atá i ndoiciméad nó i gcuid de dhoiciméad íogair ó thaobh na tráchtála de agus nach gá í a nochtadh chun go dtuigfidh an pobal breith a bheidh tugtha faoi fho-alt (4), an doiciméad nó an chuid de dhoiciméad a fhágáil ar lár as na doiciméid a chuirfear ar fáil don phobal lena n-iniúchadh faoi mhír (d) d’fho-alt (4). | |
| [EN] | (7) Chun críocha an ailt seo, is faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de aon fhaisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í— | |
| [EN] | (a) go ndéanfadh sí dochar ábhartha do leasanna tráchtála an duine a sholáthair an fhaisnéis sin don Aire, nó do leasanna grúpa nó aicme daoine lena mbaineann an duine sin, nó | |
| [EN] | (b) go ndéanfadh sí dochar do staid iomaíochta duine i seoladh ghnó an duine. | |
| [EN] | (8) Déanfaidh an tAire, le linn dó nó di breith a thabhairt maidir le fiúntas poiblí togra faoin alt seo, na nithe seo a leanas a bhreithniú— | |
| [EN] | (a) tábhacht an togra i leith cuspóirí seirbhíse poiblí na corparáide a shaothrú, | |
| [EN] | (b) comhoiriúnacht an togra leis an Treoir ón gComhairle agus le moltaí ó Chomhairle na hEorpa i leith craolacháin seirbhíse poiblí, | |
| [EN] | (c) na costais agus na hioncaim a bhaineann leis an togra agus aon tionchar ar sholáthar seirbhíse poiblí láithreach, | |
| [EN] | (d) a mhéid a chabhraíonn an togra chun freastal do riachtanais daonlathais, chultúir, teanga, oideachais agus shóisialta shochaí na hÉireann, grúpaí aonair laistigh de shochaí na hÉireann, agus pobal Éireannach lasmuigh d’oileán na hÉireann, | |
| [EN] | (e) a mhéid a bheidh rochtain ag an bpobal ar an tseirbhís bheartaithe, | |
| [EN] | (f) a mhéid a aimseoidh an tseirbhís bheartaithe luchtanna féachana agus éisteachta gannfhreastail, | |
| [EN] | (g) rannchuidiú na seirbhíse nó na gníomhaíochta beartaithe chun leibhéal taithí an phobail i gcoitinne, nó grúpaí aonair laistigh de shochaí na hÉireann, ar chineálacha nua seirbhísí agus teicneolaíochtaí a ardú, | |
| [EN] | (h) rannchuidiú an togra le hiolarthacht na meán, agus | |
| [EN] | (i) cibé nithe a chinnfidh an tAire. | |
| [EN] | (9) Féadfaidh an tAire cibé téarmaí nó coinníollacha áirithe is cuí leis nó léi sna himthosca a chur ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin alt seo. | |
| [EN] | (10) Ní bheidh feidhm ag ceanglais fho-alt (2) maidir le corparáid do bhunú bealach craolacháin teilifíse nó fuaime go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá (cibé acu is laethanta as a chéile nó nach ea) in aon tréimhse 12 mhí. | |
| [EN] | (11) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” corparáid do sholáthar seirbhísí— | |
| [EN] | (a) atá coimhdeach le cuspóirí seirbhíse poiblí na corparáide, | |
| [EN] | (b) nach raibh an chorparáid ag gabháil dóibh ar mhodh suntasach sna 5 bliana roimhe sin, | |
| [EN] | (c) ar gá caiteachas is mó ná €5 mhilliún gach bliain ag an gcorparáid ina leith, agus | |
| [EN] | (d) a mbeartaíonn an chorparáid maoiniú arna fháil ag an gcorparáid faoi alt 123 a úsáid lena n-aghaidh, | |
| [EN] | ach ní fholaíonn sé soláthar seirbhíse ag corparáid de bhun mhíreanna (d), (f) agus (i) d’alt 114(1) agus mhíreanna (d) agus (f) d’alt 118(1). | |
| [EN] |
Fochuideachtaí agus comhfhiontair a bhunú. |
104 .— (1) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, fochuideachta nó fochuideachtaí a fháil, a fhoirmiú, a bhunú agus a dhiúscairt de bhun a cuspóirí faoin Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh corparáid nó fochuideachta dá cuid, ina haonar nó i dteannta duine eile, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn nó páirt a ghlacadh ann, agus dul i mbun comhfhiontar nó comhpháirtíochtaí de bhun a cuspóirí faoin Acht seo. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina comhalta de chuideachta. | |
| [EN] | (4) Is i cibé foirm a chinnfidh an chorparáid le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire téarmaí nó coinníollacha áirithe a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí sna himthosca a chur ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin alt seo. | |
| [EN] |
Dualgas corparáide maidir lena hioncam. |
105 .— Tá sé de dhualgas ar chorparáid a gnóthaí a sheoladh ar shlí a áiritheoidh go mbeidh a hioncam, ar an dáta is luaithe is féidir, agus go leanfaidh sé de bheith dá éis sin, leordhóthanach ar a laghad— |
| [EN] | (a) chun na suimeanna go léir is inmhuirearaithe go cuí ar an gcuntas reatha a íoc, agus | |
| [EN] | (b) chun foráil chuí a dhéanamh maidir le caiteachas caipitiúil. | |
| [EN] |
Fógráin. |
106 .— (1) Féadfaidh corparáid fógráin a chraoladh, admhálacha ar urraíocht a chraoladh, muirir agus coinníollacha a shocrú i leith craolachán den sórt sin agus, le linn na muirir a shocrú, féadfaidh sí foráil a dhéanamh le haghaidh imthosca éagsúla agus le haghaidh muirear speisialta breise a dhéanamh i gcásanna speisialta. |
| [EN] | (2) Féadfaidh corparáid diúltú, go hiomlán nó go páirteach, d’aon fhógrán a thíolactar lena chraoladh. | |
| [EN] | (3) Faoi réir cheanglais alt 41 (2), déanfaidh corparáid le linn seirbhís craolacháin a sholáthar faoin gCuid seo, na nithe seo a leanas a shocrú, faoi réir ceadú a fháil ón Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás— | |
| [EN] | (a) an t-am iomlán in aghaidh an lae chun fógráin a chraoladh, agus | |
| [EN] | (b) an tréimhse uasta a thabharfar d’fhógráin in aon uair an chloig. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire, má iarrann an Coimisiún Reifrinn air nó uirthi amhlaidh tar éis don Choimisiún Reifrinn dul i gcomhairle le corparáid agus breithniú a dhéanamh ar aon tograí ón gcorparáid maidir le craolacháin i dtaca leis an reifreann, ar tograí iad a chuirfidh sí in iúl don Choimisiún Reifrinn, a ordú i scríbhinn don chorparáid am craolta a leithroinnt chun a éascú don Choimisiún Reifrinn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus déanfaidh an chorparáid de réir ordacháin faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] | (5) Féadfar muirir agus coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a shocrú faoi réir athruithe a rachaidh chun tairbhe d’fhógróirí a úsáideann an Ghaeilge ina bhfógráin. | |
| [EN] | (6) Léifear cumhacht faoin alt seo chun muirir agus coinníollacha a shocrú mar chumhacht a fholaíonn cumhacht chun aon mhuirir nó coinníollacha arna socrú faoin gcumhacht sin a chealú nó a athrú agus, i gcás go gcealófar muirir nó coinníollacha, muirir nó coinníollacha eile a shocrú in ionad na muirear nó na gcoinníollacha a cealaíodh. | |
| [EN] | (7) San alt seo léifear tagairtí d’fhógráin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhunábhar teilishiopadóireachta agus d’ábhar fógraíochta i gcláir urraithe, is é sin le rá, cláir arna soláthar ag fógróir nó thar ceann fógróra chun críocha fógraíochta. | |
| [EN] |
Iasachtaí. |
107 .— (1) Féadfaidh RTÉ, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó chaipitiúil, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham (cibé acu ar urrús shócmhainní na corparáide nó ar shlí eile) nach mó a chomhiomlán ná €100,000,000 gan toiliú an Aire ná an Aire Airgeadais a bheith ag teastáil. |
| [EN] | (2) Féadfaidh TG4, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó chaipitiúil, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham (cibé acu ar urrús shócmhainní na corparáide nó ar shlí eile) nach mó a chomhiomlán ná €10,000,000 gan toiliú an Aire ná an Aire Airgeadais a bheith ag teastáil. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, airgead a fháil ar iasacht ar mó a mhéid ná an méid a shonraítear i bhfo-ailt (1) nó (2) chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó chaipitiúil— | |
| [EN] | (a) trí iasachtaí a fháil go sealadach ó fhorais airgeadais, nó | |
| [EN] | (b) trí stoc nó cineálacha eile urrúis a chruthú a eiseofar, a aistreofar, a ndéileálfar leo agus a fhuasclófar ar cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chorparáid le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire cibé téarmaí nó coinníollacha áirithe is cuí leis nó léi sna himthosca a chur ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoi fho-alt (3). | |
| [EN] | (5) Maidir leis na téarmaí ar a bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo, féadfaidh forálacha chun an t-airgead agus ús ar an airgead sin a mhuirearú ar an maoin go léir de gach cineál a bheidh dílsithe de thuras na huaire don chorparáid nó ar aon mhaoin áirithe de chuid na corparáide, agus forálacha ag bunú thosaíocht na muirear sin eatarthu, a bheith iontu. | |
| [EN] |
Idirbhearta idir an tseirbhís phoiblí agus deiseanna tráchtála. |
108 .— (1) Maidir leis na gníomhaíochtaí tráchtála a ghabhfaidh corparáid de láimh de bhun a cuspóra maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú— |
| [EN] | (a) déanfar iad a oibriú ar mhodh éifeachtúil chun go ndéanfar ioncam a uasmhéadú, agus | |
| [EN] | (b) bainfear úsáid astu chun cúnamh airgid a thabhairt i leith a cuid cuspóirí seirbhíse poiblí. | |
| [EN] | (2) Maidir leis na hidirbhearta nó na socruithe go léir a dhéanfaidh corparáid amhail idir na gníomhaíochtaí a eascróidh astu seo a leanas— | |
| [EN] | (a) a cuid cuspóirí seirbhíse poiblí, agus | |
| [EN] | (b) a cuspóir maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú, | |
| [EN] | is ar neamhthuilleamaí agus ar bhonn tráchtála a dhéanfar iad. | |
| [EN] | (3) Ar ordachán ón Aire, déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh tuarascáil maidir le comhlíonadh cheanglais fho-alt (2) ag an gcorparáid a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. | |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
109 .— (1) Déanfaidh corparáid meastacháin ar ioncam agus caiteachas a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, i leith cibé tréimhsí agus ag cibé tráthanna a éileoidh an tAire agus déanfaidh sí aon fhaisnéis a éileoidh an tAire i ndáil leis na meastacháin sin, lena n-áirítear tograí agus pleananna todhchaí a bhaineann leis an gcorparáid do chomhlíonadh a feidhmeanna thar thréimhse blianta, a thabhairt don Aire de réir mar a éileofar. |
| [EN] | (2) Déanfaidh ardstiúrthóir, faoi stiúradh bhord a chorparáide nó a corparáide, a chur faoi deara go gcoimeádfar, ar bhonn leanúnach, na leabhair nó na taifid chuntais eile go léir is cuí agus is gnách i leith na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) ioncam agus caiteachas uile na corparáide, | |
| [EN] | (b) foinsí an ioncaim sin agus ábhar an chaiteachais sin, agus | |
| [EN] | (c) maoin, sócmhainní agus dliteanais na corparáide. | |
| [EN] | (3) Ullmhóidh an t-ardstiúrthóir cuntais corparáide do gach bliain airgeadais de réir caighdeán cuntasaíochta agus ceadóidh bord na corparáide iad a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad lena gcur faoi bhráid na ndaoine seo a leanas lena n-iniúchadh— | |
| [EN] | (a) maidir le RTÉ, cibé iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfaidh bord RTÉ, agus | |
| [EN] | (b) maidir le TG4, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. | |
| [EN] | (4) Déanfar cóip de na cuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus den tuarascáil orthu ó na hiniúchóirí arna gceapadh ag bord RTÉ faoi mhír (a) d’fho-alt (3) nó ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, de réir mar a bheidh, a thíolacadh do bhord na corparáide iomchuí agus don Aire a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad. | |
| [EN] | (5) Is í an tréimhse 12 mhí dar críoch 31 Nollaig in aon bhliain bliain airgeadais corparáide. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh corparáid, má cheanglaíonn an tAire uirthi é, cibé faisnéis a cheanglóidh sé nó sí a thabhairt dó nó di i leith aon chláir comhardaithe, cuntais nó tuarascála de chuid na corparáide nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na corparáide seachas oibríochtaí ó lá go lá. | |
| [EN] | (7) (a) Aon uair a iarrfaidh an tAire orthu amhlaidh, ceadóidh corparáid, ardstiúrthóir na corparáide agus aon chomhalta iomchuí foirne de chuid na corparáide d’aon duine a bheidh ceaptha ag an Aire leabhair chuntais nó taifid chuntais eile na corparáide a scrúdú i leith aon bhliana airgeadais nó tréimhse eile agus éascóidh siad aon scrúdú den sórt sin. | |
| [EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “comhalta iomchuí foirne” comhalta foirne de chuid na corparáide a ndearnadh dualgais a shannadh go cuí ina leith ar dualgais iad a bhaineann leis na leabhair chuntais nó na taifid chuntais eile dá dtagraítear i mír (a). | |
| [EN] | (8) Cuirfidh ardstiúrthóir, faoi stiúradh bhord a chorparáide nó a corparáide, faoi deara go gcoimeádfar na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham. | |
| [EN] | (9) Gan dochar d’fho-alt (3) agus d’ alt 110 , cuirfidh corparáid chun an Aire a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais— | |
| [EN] | (a) ráiteas faoin úsáid a bhain sí as an airgead a íocadh léi faoi alt 123 sa bhliain airgeadais sin de bhun a cuspóirí seirbhíse poiblí, agus | |
| [EN] | (b) ráiteas maidir leis an ioncam iomlán agus leis na costais iomlána a fuair an chorparáid sa bhliain airgeadais sin, ina ndéanfar idirdhealú idir an t-airgead a fuarthas nó a caitheadh i leith na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (i) gníomhaíochtaí de bhun a cuspóirí seirbhíse poiblí, agus | |
| [EN] | (ii) gníomhaíochtaí de bhun a cuspóra maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú. | |
| [EN] | (10) Déanfaidh corparáid ráiteas i dtaobh na bprionsabal agus na modhanna cuntasaíochta costais lenar sannadh costais agus ioncaim do na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh sa ráiteas a cheanglaítear faoi fho-alt (9). | |
| [EN] | (11) Déanfaidh an tÚdarás, ar ordú ón Aire, agus tar éis dul i gcomhairle le corparáid, treoir don chorparáid a ullmhú agus a fhoilsiú ar treoir í maidir leis na prionsabail agus na modhanna cuntasaíochta costais a bheidh le breithniú ag an gcorparáid le linn ráiteas a ullmhú faoi fho-alt (9). | |
| [EN] | (12) Is de chineál ginearálta aon treoir a eiseoidh an tÚdarás faoi fho-alt (11) agus ní shonrófar inti na míreanna áirithe a bheidh le cur san áireamh le linn ráiteas a ullmhú faoi fho-alt (9), is ráiteas lena mbaineann an treoir. | |
| [EN] | (13) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, ar ordú ón Aire, athbhreithniú ar a mhéid a chomhlíontar an treoir arna heisiúint ag an Údarás faoi fho-alt (11) le ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (9), agus tuarascáil a thabhairt don Aire ar an gcéanna. | |
| [EN] | (14) Féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt do chorparáid maidir le formáid ráitis a ullmhaítear faoi fho-alt (9). | |
| [EN] | (15) Cuirfidh an tAire faoi deara na doiciméid a thabharfar dó nó di faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] | (16) San alt seo tá le “caighdeáin chuntasaíochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 205A(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990. | |
| [EN] |
Tuarascálacha agus faisnéis. |
110 .— (1) Déanfaidh corparáid, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil a thabhairt don Aire (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i dtaobh chomhlíonadh a feidhmeanna agus a gníomhaíochtaí i rith na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
| [EN] | (2) Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh, beidh cibé faisnéis bhreise i dtaobh chomhlíonadh fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí na corparáide i rith na bliana roimhe sin a shonróidh an tAire ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil freisin. | |
| [EN] | (3) Comhoibreoidh corparáid leis an Aire agus leis an Údarás le linn dóibh a gcuid feidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh faoin Acht seo lena n-áirítear gach faisnéis is gá a sholáthar dóibh. | |
| [EN] | (4) Ar laethanta cothrom trí bliana agus cúig bliana an 18 Aibreán 2007 déanfaidh RTÉ athbhreithniú ar sholáthar na seirbhíse craolacháin teilifíse agus na seirbhíse craolacháin fuaime dá dtagraítear i mír (f) d’alt 114(1). | |
| [EN] | (5) Tabharfaidh RTÉ tuarascáil don Aire i dtaobh gach athbhreithnithe arna dhéanamh aige faoi fho-alt (4). | |
| [EN] | (6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach tuarascáil arna tabhairt dó nó di faoi fho-alt (5) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Rochtain ar chartlanna. |
111 .— (1) Déanfaidh corparáid socruithe réasúnacha, í féin nó in éineacht le cibé duine nó daoine a roghnóidh sí, maidir le rochtain a bheith ag an bpobal ar chartlann nó ar leabharlann arna bunú nó arna cothabháil de bhun alt 114(1)(e) nó alt 118 (1)(e) fara muirear nó gan mhuirear, ar muirear é nach mó ná an costas measta a ghabhann le míreanna atá sa chartlann nó sa leabharlann a chuardach agus a aisghabháil. |
| [EN] | (2) Ní chuimseoidh socruithe arna ndéanamh faoi fho-alt (1) cóipeáil nó athúsáid bunábhair atá i gcartlann nó i leabharlann. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh corparáid socrú a dhéanamh le craoltóir seirbhíse poiblí maidir leis an gcraoltóir seirbhíse poiblí d’athúsáid míreanna a bheidh in aon chartlann nó leabharlann arna cothabháil ag an gcorparáid, de bhun a chuspóirí seirbhíse poiblí agus a fheidhmeanna faoin gCuid seo, fara muirear nó gan mhuirear, ar muirear é nach mó ná an costas measta a ghabhann leis na míreanna sin a chuardach agus a aisghabháil. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh corparáid, tar éis dul i dteagmháil leis an Údarás, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena ceadú ag an Aire, is scéim chun tríú páirtithe d’úsáid agus do shaothrú taifid fuaime agus teilifíse, ar a bhfuil cóipcheart agus ceart gaolmhar ag an gcorparáid, a cheadúnú. | |
| [EN] | (5) Soláthrófar le scéim téarmaí agus coinníollacha ceadúnúcháin ar leithligh— | |
| [EN] | (a) chun críocha neamhthráchtála bona fide oideachais agus taighde, | |
| [EN] | (b) chun críocha tráchtála, agus | |
| [EN] | (c) chun críocha eile. | |
| [EN] | (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), féadfaidh corparáid— | |
| [EN] | (a) muirir, téarmaí agus coinníollacha níos fabhraí a shonrú i leith bunábhair clár a úsáidtear chun críche craoltaí Gaeilge, agus | |
| [EN] | (b) cibé téarmaí nó coinníollacha áirithe is cuí léi a chur ag gabháil le scéim. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh an chorparáid aon leasú nó cúlghairm ar scéim a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú nó lena ceadú ag an Aire. | |
| [EN] | (8) Má cheadaíonn an tAire scéim, déanfaidh an chorparáid— | |
| [EN] | (a) í a fhoilsiú (lena n-áirítear foilsiú ar shuíomh gréasáin atá á chothabháil ag an gcorparáid), agus | |
| [EN] | (b) í a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (9) Cuirfidh an tAire faoi deara scéim arna ceadú faoi fho-alt (4) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a déanta. | |
| [EN] | (10) Cinnteoidh an chorparáid go ndéanfar foráil maidir le díospóidí a eascraíonn i leith oibriú scéime a réiteach (trí eadráin neamhspleách nó ar shlí eile) ar mhodh is dóigh leis an Aire is cuí. | |
| [EN] | (11) Tabharfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, ar ordú ón Aire, tuarascáil don Aire ar chomhlíonadh an ailt seo ag an gcorparáid. | |
| [EN] | (12) San alt seo ciallaíonn “scéim” scéim a ullmhaítear agus a chuirtear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (4). | |
| [EN] |
Cód cleachtais cóirthrádála. |
112 .— (1) Beidh sé de dhualgas ar chorparáid cód cleachtais cóirthrádála (dá ngairtear “cód” san alt seo) a ullmhú agus a fhoilsiú laistigh de 15 mhí tar éis an tAcht seo a rith, agus gach ceathrú bliain ina dhiaidh sin, ina leagtar amach na prionsabail a chuirfidh sí i bhfeidhm le linn di téarmaí a chomhaontú chun bunábhar clár ó léiritheoirí neamhspleácha a choimisiúnú. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, le corparáid, agus le léiritheoirí neamhspleácha (nó le cibé daoine is dealraitheach don Údarás go bhfeidhmíonn siad dóibh), laistigh de 12 mhí tar éis an tAcht seo a rith agus gach ceathrú bliain ina dhiaidh sin, treoir a ullmhú agus a eisiúint don chorparáid maidir le formáid cóid a cheanglaítear faoi fho-alt (1). | |
| [EN] | (3) Is de chineál ginearálta a bheidh an treoir a eiseoidh an tÚdarás faoi fho-alt (2) agus ní shonrófar inti na míreanna áirithe a bheidh le cur san áireamh i gcód lena mbaineann an treoir. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh corparáid, tar éis an treoir a fuarthas faoi fho-alt (2) a bhreithniú, cód a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun a cheadaithe. | |
| [EN] | (5) Folóidh cód tagairt do mhodh feidhmithe na corparáide maidir leis na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) coimisiúnú ilbhliantúil, | |
| [EN] | (b) cearta a fháil, agus | |
| [EN] | (c) clár ama do chaibidlí conarthacha. | |
| [EN] | (6) Tabharfaidh an chorparáid aghaidh, le linn di ceanglais fho-alt (5)(b) a chomhlíonadh, ar na socruithe a mbeartaíonn sí a ghlacadh maidir le ré agus eisiatacht na n-earnálacha éagsúla ceart a bhfuil sé ar intinn aici iad a fháil. | |
| [EN] | (7) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás, le linn dó nó di cód a bhreithniú; | |
| [EN] | (8) Ar é a bheith ceadaithe ag an Aire measfar an cód a bheith tagtha i bhfeidhm agus déanfaidh an chorparáid de réir cóid den sórt sin. | |
| [EN] | (9) Cinnteoidh corparáid go ndéanfar foráil do réiteach aighneas a eascróidh i leith forálacha cóid (trí eadráin neamhspleách nó ar shlí eile) ar mhodh is dealraitheach don Aire a bheith cuí. | |
| [EN] | (10) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, ar ordachán ón Aire, tuarascáil a thabhairt don Aire maidir le corparáid do chomhlíonadh cóid arna ullmhú faoin alt seo. | |
| [EN] | (11) Féadfaidh corparáid le toiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, leasuithe ar chód a athmheas agus a fhoilsiú. | |
| [EN] | (12) Comhoibreoidh RTÉ le léiritheoirí neamhspleácha le linn margaíocht a dhéanamh lasmuigh den Stát ar chláir craolacháin fuaime agus ar chláir theilifíse arna gcoimisiúnú ag RTÉ ó léiritheoirí neamhspleácha. |