An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 5 Maoiniú Poiblí a Leithroinnt ar RTÉ agus ar TG4 ) Ar Aghaidh (CUID 8 Craolachán Digiteach agus an Craolachán Analóige a Mhúchadh )

18 2009

TODO

Caibidil 6

Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann

Bealach Thithe an Oireachtais (Houses of the Oireachtas Channel).

125 .— (1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “Comhchoiste Riaracháin” comhchoiste de Thithe an Oireachtais dár shann na Tithe sin an ról maidir le formhaoirsiú a dhéanamh ar chraoladh imeachtaí Thithe an Oireachtais.

(2) Féadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais seirbhís craolacháin teilifíse ar a dtabharfar, sa Ghaeilge, Bealach Thithe an Oireachtais nó, sa Bhéarla, the Houses of the Oireachtas Channel, ar de ghné seirbhíse poiblí í, ar seirbhís saorchraolta í agus is seirbhís a chuirtear ar fáil a mhéid is indéanta le réasún, don phobal uile ar oileán na hÉireann, a bhunú, a mhaoiniú agus a sholáthar.

(3) Déanfaidh Bealach Thithe an Oireachtais, mar phríomhfheidhm aige, tuairisciú a sholáthar ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais.

(4) Faoi réir thoiliú an Chomhchoiste Riaracháin, féadfaidh Bealach Thithe an Oireachtais tuairisciú a sholáthar ar nithe agus ócáidí atá coimhdeach le himeachtaí Thithe an Oireachtais.

(5) Féadfaidh Bealach Thithe an Oireachtais tuairisciú a sholáthar—

(a) ar imeachtaí údaráis áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001),

(b) ar imeachtaí na gcomhlachtaí forfheidhmithe (de réir bhrí an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999),

(c) ar imeachtaí reachtas dlínsí eile lasmuigh den Stát,

(d) ar imeachtaí fhorais na Náisiún Aontaithe, na gComhphobal Eorpach agus Chomhairle na hEorpa, agus

(e) ar imeachtaí cibé comhlachtaí agus forais eile is cuí le Coimisiún Thithe an Oireachtais.

(6) Féadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais cibé conarthaí a dhéanamh is gá chun Bealach Thithe an Oireachtais a bhunú agus a chothabháil.

(7) Ní chraolfaidh Bealach Thithe an Oireachtais fógráin ná bunábhar arbh éard é, dá ndéanfaí é a tharchur, tairiscint dhíreach don phobal chun earraí nó maoin eile (cibé acu réadach nó pearsanta) nó seirbhísí a dhíol leo nó a sholáthar dóibh.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003.

126 .— Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) costais chun na caiteachais a íoc a thabhóidh an Coimisiún i leith Bhealach Thithe an Oireachtais faoi alt 125 den Acht Craolacháin 2009;”.

Bealach Scannán na hÉireann (Irish Film Channel).

127 .— (1) Féadfaidh Bord Scannán na hÉireann seirbhís craolacháin teilifíse ar a dtabharfar, sa Ghaeilge, Bealach Scannán na hÉireann nó, sa Bhéarla, the Irish Film Channel, ar de ghné seirbhíse poiblí í, ar seirbhís saorchraolta í agus is seirbhís a chuirtear ar fáil, a mhéid is indéanta le réasún, don phobal uile ar oileán na hÉireann, a bhunú, a mhaoiniú agus a sholáthar.

(2) Déanfaidh Bealach Scannán na hÉireann, mar phríomhchuspóir aige, bunábhar clár a sholáthar arb éard a bheidh ann scannáin agus saothair scannánaíochta na hÉireann, na hEorpa agus na cruinne, lena n-áirítear, a mhéid is indéanta, scannáin agus saothair scannánaíochta Ghaeilge.

(3) Féadfaidh Bord Scannán na hÉireann cibé conarthaí a dhéanamh is gá chun Bealach Scannán na hÉireann a bhunú agus a chothabháil.

(4) Féadfaidh Bealach Scannán na hÉireann fógráin a chraoladh, admhálacha coimircíochta a chraoladh, muirir agus coinníollacha i leith craoltaí den sórt sin a shocrú agus, le linn dó na muirir a shocrú, féadfaidh sé socrú a dhéanamh le haghaidh cúinsí éagsúla agus maidir le muirir bhreise speisialta a ghearradh i gcásanna speisialta.

(5) Féadfaidh Bealach Scannán na hÉireann diúltú don mhéid iomlán nó do chuid d’fhógrán a thíolacfar le craoladh.

(6) Déanfaidh Bealach Scannán na hÉireann, le linn dó seirbhís craolacháin a sholáthar faoin alt seo, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, na nithe seo a leanas a shocrú—

(a) an t-am laethúil iomlán chun fógráin a chraoladh, agus

(b) an tréimhse uasta a thabharfar d’fhógráin in aon tréimhse 3 huaire an chloig.

(7) Déanfar scannáin agus saothair scannánaíochta arna gcraoladh ag Bealach Scannán na hÉireann a chraoladh gan briseadh mar gheall ar fhógráin nó admhálacha coimircíochta.

(8) Déanfaidh an tAire, má iarrann an Coimisiún Reifrinn air nó uirthi amhlaidh tar éis don Choimisiún Reifrinn dul i gcomhairle le Bealach Scannán na hÉireann agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon tograí ó Bhealach Scannán na hÉireann le haghaidh craoltaí i dtaca leis an reifreann a chuireann sé in iúl don Choimisiún Reifrinn, ordú a thabhairt i scríbhinn do Bhealach Scannán na hÉireann am craolacháin a leithroinnt chun a urasú don Choimisiún Reifrinn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus déanfaidh Bealach Scannán na hÉireann de réir ordacháin faoin bhfo-alt seo.

(9) Féadfar muirir agus coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a shocrú faoi réir athruithe a rachaidh chun sochair d’fhógróirí a úsáidfidh an Ghaeilge ina bhfógráin.

(10) Léifear cumhacht faoin alt seo chun muirir agus coinníollacha a shocrú mar chumhacht a fholaíonn cumhacht chun aon mhuirir nó coinníollacha a bheidh socraithe faoin gcumhacht sin a chealú nó a athrú agus, i gcás ina gcealófar muirir nó coinníollacha, muirir nó coinníollacha eile a shocrú in ionad na gceann a cealaíodh.

(11) San alt seo léifear tagairtí d’fhógráin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhunábhar teilishiopadóireachta agus d’ábhar fógraíochta i gcláir faoi choimirce, is é sin le rá, cláir arna soláthar ag fógróir nó thar ceann fógróra chun críocha fógraíochta.

(12) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar Bhealach Scannán na hÉireann seirbhísí Bhord Scannán na hÉireann a chur chun cinn nó craoladh na bpríomhscannán agus na bpríomhshaothar aige sa todhchaí a chur chun cinn.

Formhaoirsiú ar mhaoiniú poiblí Bhealach Thithe an Oireachtais agus Bhealach Scannán na hÉireann.

128 .— (1) Déanfaidh Bord Scannán na hÉireann, roimh sheirbhís craolacháin a sholáthar i leith Bhealach Scannán na hÉireann agus gach 5 bliana dá éis sin, nó de réir mar a ordóidh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, ráiteas seirbhíse poiblí, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, a ullmhú ina leagfar amach na prionsabail a bheidh le hurramú, agus na gníomhaíochtaí a bheidh le gabháil de láimh ag Bealach Scannán na hÉireann.

(2) Déanfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais, roimh sheirbhís craolacháin a sholáthar i leith Bhealach Thithe an Oireachtais agus gach 5 bliana dá éis sin, ráiteas seirbhíse poiblí, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, a ullmhú ina leagfar amach na prionsabail a bheidh le hurramú, agus na gníomhaíochtaí a bheidh le gabháil de láimh ag Bealach Thithe an Oireachtais.

(3) Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de thréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis an tAcht seo a rith, agus gach 5 bliana dá éis sin, athbhreithniú ar leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí chun a chumasú go gcomhallfar—

(a) feidhmeanna Bhealach Thithe an Oireachtais faoi alt 125 , agus

(b) feidhmeanna Bhealach Scannán na hÉireann faoi alt 127 .

(4) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil ar thoradh aon athbhreithnithe faoi fho-alt (3) i leith Bhealach Thithe an Oireachtais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Riaracháin a luaithe is indéanta.

(5) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil ar thoradh aon athbhreithnithe faoi fho-alt (3) i leith Bhealach Scannán na hÉireann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta a luaithe is indéanta.