An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 8 Craolachán Digiteach agus an Craolachán Analóige a Mhúchadh ) Ar Aghaidh (CUID 10 An Ciste Craolacháin )

18 2009

TODO

CUID 9

An Ceadúnas Teilifíse

Mínithe (Cuid 9) ordú “áit shonraithe”.

140 .— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “árasán” aonad cónaithe lánscartha i bhfoirgneamh a chuimsíonn líon aonad den sórt sin;

tá le “gníomhaire eisiúna” an bhrí a shanntar dó le h alt 145 (1);

ciallaíonn “oifigeach do ghníomhaire eisiúna” duine a cheapfar mar oifigeach do ghníomhaire eisiúna faoi alt 146 (1);

ciallaíonn “ áitreabh ” talamh, feithicil, déanmhas d’aon chineál, cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé ceangailte leis an talamh nó ag gabháil leis agus folaíonn sé cuid d’fhoirgneamh a áitítear mar theaghais ar leithligh, cibé acu atá nó nach bhfuil aon chuid de nó aon chóiríocht, aosáid nó saoráid i dtaca leis i bpáirt ag an áititheoir le haon duine eile;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

tá le “fógra meabhrúcháin” an bhrí a shanntar dó in alt 149 (1);

folaíonn “áit shonraithe” árasán, árasán saoire nó aon seomra aonair a shonrófar le hordú faoi fho-alt (2);

ciallaíonn “ceadúnas teilifíse” ceadúnas arna dheonú faoi alt 143 ;

ciallaíonn “gléas teilifíse” aon ghaireas leictreonach a fhéadfaidh seirbhísí craolacháin teilifíse a ghlacadh agus a thaispeáint a chraoltar lena nglacadh go coitianta (cibé acu atá nó nach bhfuil a úsáid chun na críche sin ag brath ar aon ní eile a úsáid ina theannta) agus aon bhogearraí nó aon chóimeáil arb é atá inti gaireas den sórt sin agus gaireas eile;

ciallaíonn “feithicil” feithicil seachas feithicil inneallghluaiste (de réir bhrí alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961) ar féidir cónaí inti agus ar carbhán nó teaghais shoghluaiste í.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a shonrú go bhfolaíonn áit shonraithe seomraí aonair nó líon áirithe seomraí aonair laistigh d’áitreabh a úsáidtear chun críocha tráchtála, teaghais-óstán, óstán, áit a úsáidtear de ghnáth i gcomhair siamsaíochta poiblí laistigh, áitreabh ceadúnaithe (de réir bhrí alt 2 den Acht Deochanna Meisciúla 2003), club cláraithe (de réir bhrí na bhfocal “registered club” in alt 13 den Registration of Clubs (Ireland) Act 1904) nó áit oibre.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais — Cuid 9.

141 .— (1) Leagfar gach rialachán agus ordú a dhéanfar faoin gCuid seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(2) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh rialachán nó ordú faoina bhráid de réir fho-alt (1), rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, de réir mar a bheidh.

(3) Tagann neamhniú rialacháin nó ordaithe faoi fho-alt (2) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin rialachán nó faoin ordú roimh an rún a rith.

Srianta ar ghléas teilifíse a shealbhú.

142 .— (1) Faoi réir na n-eisceachtaí a luaitear i bhfo-alt (3), ní choimeádfaidh duine gléas teilifíse ná ní bheidh gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici in aon áit i gcríoch an Stáit ach amháin a mhéid a údaraítear le ceadúnas teilifíse a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire é a choimeád nó a shealbhú.

(2) Ní dhéanfaidh duine a mbeidh gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici faoi cheadúnas teilifíse gléas teilifíse den sórt sin a choimeád seachas de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar faoina réir a bheidh an ceadúnas sin deonaithe go sainráite nó a mheasfar é a bheith deonaithe de bhua na Coda seo.

(3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le gléas teilifíse ar d’aicme nó de thuairisc é a ndearbhaítear de thuras na huaire le hordú ón Aire gur aicme nó tuairisc gléis teilifíse í nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi.

Ceadúnais teilifíse a dheonú.

143 .— (1) Féadfaidh an tAire, faoi réir na Coda seo agus ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha, ceadúnas (“ceadúnas teilifíse”) a dheonú d’aon duine chun gléas teilifíse a choimeád agus a bheith ina sheilbh aige nó ina seilbh aici in áitreabh nó in áit shonraithe i gcríoch an Stáit.

(2) Beidh gach ceadúnas teilifíse i cibé foirm, leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse, agus beidh sé faoi réir cibé coinníollacha agus srianta (lena n-áirítear coinníollacha maidir le fionraí agus cúlghairm) a fhorordófar i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 144 .

(3) Ar an Acht seo a rith níl feidhm ag alt 5 d’Acht 1926 maidir le gléasanna teilifíse.

(4) Gach ceadúnas chun gléas teilifíse (de réir bhrí alt 1 d’Acht 1972) a choinneáil agus a shealbhú a deonaíodh faoi alt 5 d’Acht 1926 agus atá i bhfeidhm ar an Acht seo a rith leanfaidh siad i bhfeidhm ar feadh a mbeidh fágtha dá dtréimhse bhailíochta agus measfar gur faoin alt seo a deonaíodh iad agus tá feidhm ag an gCuid seo dá réir sin maidir le gach ceadúnas den sórt sin.

Rialacháin maidir le ceadúnais teilifíse.

144 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéantar, i ndáil le gach ceadúnas teilifíse nó le haon aicme nó aicmí áirithe ceadúnas teilifíse i leith áitreabh nó áiteanna sonraithe i gcoitinne nó i leith aicmí éagsúla den chéanna, na nithe seo a leanas go léir nó aon cheann díobh a fhorordú, is é sin le rá:

(a) an fhoirm ina mbeidh ceadúnas,

(b) an tréimhse a leanfaidh ceadúnas i bhfeidhm lena linn,

(c) an tslí ina ndéanfar, na téarmaí ar a ndéanfar, agus an tréimhse nó na tréimhsí dá ndéanfar ceadúnas a athnuachan,

(d) na himthosca ina ndéanfar nó na téarmaí faoina ndéanfar an ceadúnas a dheonú,

(e) na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag sealbhóir ceadúnais agus ar faoina réir a mheasfar an ceadúnas a bheith deonaithe,

(f) na himthosca agus an tslí ina bhféadfaidh an tAire ceadúnas a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm,

(g) na táillí a bheidh le híoc ar cheadúnas a dheonú nó a athnuachan, lena n-áirítear aon lascaine ar tháillí, agus an tráth a bheidh, agus an tslí ina mbeidh, na táillí sin le híoc, agus

(h) nithe nach dtugtar teideal don sealbhóir ceadúnais, nó nach n-údaraítear dó nó di, le ceadúnas iad a dhéanamh.

(2) I gcás ina ndéantar rialacháin faoin alt seo lena bhforordaítear táillí a bheidh le híoc ar cheadúnas teilifíse a dheonú, féadfar táillí éagsúla a fhorordú i leith ceadúnas arna ndeonú i ndáil le haicmí éagsúla áitreabh nó áiteanna sonraithe agus i leith an lín gléasanna teilifíse a choimeádtar san áitreabh nó san áit shonraithe lena mbaineann an ceadúnas teilifíse.

(3) Ní dhéanfar rialachán ar bith faoin alt seo i ndáil le táillí gan toiliú roimh ré ón Aire Airgeadais.

(4) Ar an Acht seo a rith níl feidhm ag alt 6 d’Acht 1926 i ndáil le ceadúnais teilifíse agus aon rialacháin arna ndéanamh faoin alt sin roimh an Acht seo a rith a bheidh i bhfeidhm ar an Acht seo a rith i ndáil le ceadúnais teilifíse, leanann siad i bhfeidhm amhail is dá mba rud é go ndearnadh iad faoin alt seo.

Gníomhaire d’eisiúint ceadúnais teilifíse.

145 .— (1) San alt seo ciallaíonn “gníomhaire eisiúna” an Post nó duine eile a ainmneoidh an tAire faoi fho-alt (3).

(2) Faoi réir fho-alt (12), féadfaidh gníomhaire eisiúna, ar an táille chuí ceadúnais a bheith íoctha, ceadúnas teilifíse a eisiúint thar ceann an Aire de réir na Coda seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, duine seachas an Post a ainmniú chun bheith ina ghníomhaire eisiúna nó ina gníomhaire eisiúna chun críocha an ailt seo seachas fo-alt (2).

(4) Féadfaidh gníomhaire eisiúna—

(a) táillí a bhailiú i leith ceadúnas teilifíse, agus

(b) daoine a chéannú a bhfuil gléasanna teilifíse acu nach bhfuil údaraithe le ceadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire,

ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(5) Féadfaidh gníomhaire eisiúna imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoi alt 147 (3)148.

(6) Déanfaidh gníomhaire eisiúna cibé sonraí agus faisnéis a choimeád agus a thabhairt, agus sin i cibé formáid (lena n-áirítear formáidí leictreonacha), a theastóidh ón Aire i ndáil le feidhmiú cumhachtaí a thugtar don ghníomhaire eisiúna faoin gCuid seo.

(7) Déanfaidh gníomhaire eisiúna cibé méideanna a íoc leis an Aire a eascróidh i ndáil leis an ngníomhaire eisiúna do bhailiú táillí a bheidh dlite i leith ceadúnais teilifíse a eisiúint.

(8) Íocfaidh gníomhaire eisiúna go pras leis an Aire na méideanna arna mbailiú ag an ngníomhaire eisiúna i leith ceadúnais teilifíse a eisiúint.

(9) Íocfaidh an tAire suim chuí le gníomhaire eisiúna i leith obair a bheidh déanta ag an ngníomhaire eisiúna i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don ghníomhaire eisiúna faoin gCuid seo.

(10) Cinnfidh an tAire an tsuim chuí is iníoctha ag an Aire le gníomhaire eisiúna agus an tslí agus na heatraimh a mbeidh sí le híoc dá réir, tar éis dul i gcomhairle leis an ngníomhaire eisiúna.

(11) Féadfaidh gníomhaire eisiúna, le toiliú an Aire, foghníomhaire a cheapadh chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon chumhachtaí a fheidhmiú (seachas fo-alt (5)) a údaraítear don ghníomhaire eisiúna a dhéanamh nó a fheidhmiú leis an gCuid seo.

(12) Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ceadúnas teilifíse a eisiúint thar ceann an Aire chuig duine atá, de réir na scéime a riarann an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus ar a dtugtar Ceadúnas Teilifíse in Aisce nó de réir aon scéime lena leasaítear nó lena n-ionadaítear an scéim sin, i dteideal ceadúnas teilifíse a fháil faoin scéim sin.

(13) Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, le toiliú an Aire, gníomhaire a cheapadh chun ceadúnas teilifíse a eisiúint chun críocha fho-alt (12).

(14) Aon ní a bheith tosaithe ag an Aire, nó faoi údarás an Aire, roimh an Acht seo a rith, féadfaidh gníomhaire eisiúna, a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna faoin alt seo, é a sheoladh nó a chríochnú ar an tosach sin nó dá éis.

Iarraidh ceadúnas teilifíse a thaispeáint.

146 .— (1) Féadfaidh gníomhaire eisiúna daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh don ghníomhaire eisiúna chun críocha na Coda seo.

(2) Déanfaidh an gníomhaire eisiúna deimhniú a cheaptha nó a ceaptha a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1) agus le linn don duine sin cumhacht a thugtar le fo-alt (3) a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(3) Féadfaidh oifigeach do ghníomhaire eisiúna dul isteach in aon áitreabh nó in aon áit shonraithe aon tráth réasúnach chun a fhionnadh an bhfuil gléas teilifíse ann agus an bhfuil ceadúnas teilifíse i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh nó na háite sonraithe á údarú gléas teilifíse a choimeád san áitreabh nó san áit shonraithe.

(4) Féadfaidh oifigeach do ghníomhaire eisiúna iarraidh ar aon duine a bheidh san áitreabh nó san áit ina bhfaighidh sé nó sí gléas teilifíse nó fianaise ar ghléas teilifíse an ceadúnas teilifíse a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh nó na háite sonraithe a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an oifigeach.

Dearbhú reachtúil.

147 .— (1) Féadfaidh oifigeach do ghníomhaire eisiúna, más cuí leis nó léi agus aon uair is cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, a chur faoi deara fógra speisialta i scríbhinn (a mbeidh foirm dhearbhaithe ina theannta nó curtha i gceangal leis) a thabhairt go pearsanta d’aon duine, nó a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar aon duine, á cheangal ar an duine sin, laistigh de 28 lá tar éis an fógra a sheirbheáil air nó uirthi—

(a) cibé ní amháin nó níos mó de na nithe a luaitear thíos agus a shonrófar san fhógra, a lua ar an bhfoirm dhearbhaithe,

(b) an dearbhú a shíniú agus a chomhlánú thairis sin, agus

(c) é a thabhairt d’oifigeach sonraithe don ghníomhaire eisiúna, nó é a chur chuige nó chuici leis an bpost.

(2) Is iad na nithe a bhféadfar a cheangal ar dhuine faoin alt seo iad a lua i ndearbhú—

(a) cibé acu a choimeádann nó nach gcoimeádann sé nó sí gléas teilifíse nó atá nó nach bhfuil gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici,

(b) má choimeádann sé nó sí gléas teilifíse, nó má tá gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, an t-áitreabh nó an áit shonraithe ina gcoimeádann sé nó sí an céanna nó ina bhfuil sé aige nó aici,

(c) cibé acu atá nó nach bhfuil ceadúnas teilifíse aige nó aici atá i bhfeidhm an tráth sin,

(d) má tá ceadúnas den sórt sin aige nó aici, uimhir, dáta nó faisnéis aitheantais eile i leith an cheadúnais sin, agus

(e) aon ní eile a bhaineann le gléas teilifíse nó aon ghaireas a úsáidtear ina theannta a shealbhú.

(3) Gach duine ar a seirbheálfar fógra go cuí faoin alt seo déanfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse ama a luaitear, an fhoirm dhearbhaithe a bheidh ag gabháil leis an bhfógra nó i gceangal leis a chomhlánú go cuí agus mar is ceart de réir an fhógra agus de réir an ailt seo agus an dearbhú sin a thabhairt don oifigeach nó a chur chuig an oifigeach a bheidh ainmnithe chuige sin san fhógra. Má dhéanann an duine aon ráiteas sa dearbhú is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach déanann sé nó sí cion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(4) I gcás go mainneoidh nó go bhfailleoidh duine, laistigh de 28 lá tar éis an fhoirm a sheirbheáil, an fhoirm dhearbhaithe a bheidh ag gabháil le fógra a tugadh dó nó di nó a cuireadh chuige nó chuici, nó a bheidh i gceangal leis, a chomhlánú go cuí, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, go gcoimeádann sé nó sí gléas teilifíse nó go bhfuil gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici san áitreabh nó san áit shonraithe lena mbaineann an fógra agus nach bhfuil ceadúnas teilifíse i bhfeidhm i ndáil leis an áitreabh nó leis an áit shonraithe á údarú gléas teilifíse a choimeád nó a bheith ina sheilbh nó ina seilbh ag duine san áitreabh nó san áit shonraithe.

(5) Ar an Acht seo a rith, níl feidhm ag alt 7 d’Acht 1926 maidir le gléasanna teilifíse.

Cionta i dtaobh gan ceadúnas teilifíse a bheith ag duine.

148 .— Aon duine a choimeádann gléas teilifíse nó a bhfuil gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici nó a úsáideann gléas teilifíse de shárú ar alt 142 , déanann sé nó sí cion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair—

(a) i gcás an chéad chiona den sórt sin, fíneáil nach mó ná €1,000, a chur air nó uirthi, agus

(b) i gcás an dara cion nó cion dá éis den sórt sin, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

Fógra meabhrúcháin agus fógra i dtaobh íocaíochta seasta.

149 .— (1) Féadfaidh oifigeach don ghníomhaire eisiúna, más cuí leis nó léi agus aon uair is cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, fógra i scríbhinn (“fógra meabhrúcháin”), ina gcuirfear ceanglais alt 142 in iúl, a chur leis an bpost chuig aon duine, nó a sheachadadh go pearsanta ar aon duine, a gcreideann sé nó sí go bhfuil gléas teilifíse á choimeád aige nó aici nó ina sheilbh aige nó ina seilbh aici in áitreabh nó in áit shonraithe seachas de réir ceadúnais teilifíse.

(2) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag oifigeach do ghníomhaire eisiúna chun a chreidiúint go bhfuil cion faoi alt 148 á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (4), fógra (“fógra i dtaobh íocaíochta seasta”) a sheirbheáil ar an duine go pearsanta nó leis an bpost san fhoirm fhorordaithe, ina luafar—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion, agus

(b) go bhféadfaidh an duine, le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, íocaíocht den mhéid cuí a shonrófar san fhógra a dhéanamh leis an ngníomhaire eisiúna ag an seoladh a shonrófar san fhógra, agus an fógra agus fianaise go bhfuarthas ceadúnas teilifíse i leith áitribh nó áite sonraithe lena mbaineann an fógra a bheith ag gabháil leis an íocaíocht, agus

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra, agus—

(i) má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin, agus

(ii) má thugtar fianaise go bhfuarthas ceadúnas teilifíse bailí i leith áitribh shonraithe nó i leith áite sonraithe lena mbaineann an fógra,

nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(3) I gcás go dtabharfar fógra faoi fho-alt (2)

(a) féadfaidh an duine a bhfuil feidhm ag an bhfógra maidir leis nó léi, i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra, an íocaíocht a shonrófar san fhógra a dhéanamh leis an ngníomhaire eisiúna ag an seoladh a shonrófar san fhógra agus an fógra agus fianaise go bhfuarthas ceadúnas teilifíse i leith áitribh nó áite sonraithe lena mbaineann an fógra ag gabháil leis an íocaíocht,

(b) féadfaidh an gníomhaire eisiúna a shonrófar san fhógra an íocaíocht a ghlacadh, admháil a eisiúint uirthi agus an t-airgead a íocadh a choinneáil, agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar inghnóthaithe ag an duine a rinne í, agus

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra, agus—

(i) má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin, agus

(ii) má thugtar fianaise go bhfuarthas ceadúnas teilifíse bailí i leith áitribh shonraithe nó i leith áite sonraithe lena mbaineann an fógra,

ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(4) Ní sheirbheálfar fógra i dtaobh íocaíochta seasta ar an duine mura mbeidh 2 fhógra meabhrúcháin ar a laghad eisithe chuig an duine agus—

(a) go dtí go mbeidh tréimhse 28 lá caite ón tráth a eisíodh an chéad fhógra meabhrúcháin, agus

(b) tar éis na tréimhse sin, go dtí go mbeidh tréimhse 28 lá caite ón tráth a eisíodh an dara fógra meabhrúcháin.

(5) Aon íocaíocht a dhéanfar leis an ngníomhaire eisiúna faoi mhír (a) d’fho-alt (3), déanfar í a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais.

(6) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 148 is ar an gcosantóir atá an dualgas a chruthú go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(7) San alt seo, ciallaíonn “an méid cuí”—

(a) méid arb éard é an tríú cuid de mhéid na táille ceadúnais teilifíse arna chothromú síos go dtí an chéad slánmhéid euro, nó

(b) i gcás inar mó an méid sin ná an tríú cuid de mhéid uasta na fíneála a dhlífear a chur ar an duine ar é nó í a chiontú go hachomair faoi alt 148 , is éard é an méid sin méid nach mó ná an tríú cuid de mhéid na fíneála sin mar a bheidh forordaithe agus féadfar méideanna éagsúla a fhorordú i leith aicmí éagsúla ceadúnas teilifíse.

Fógra meabhrúcháin - dáta éifeachtach ceadúnais teilifíse agus táillí ceadúnais a ghnóthú.

150 .— (1) I gcás ina mbeidh an chéad fhógra meabhrúcháin faighte ag duine agus—

(a) gur shealbhaigh an duine ceadúnas teilifíse, laistigh den tréimhse 12 mhí roimh an bhfógra meabhrúcháin, i leith gléas teilifíse a choimeád nó a shealbhú san áitreabh nó san áit lena mbaineann an fógra, beidh éifeacht le haon athnuachan ar an gceadúnas ó thráth éagtha an cheadúnais roimhe sin, mura féidir leis an duine a dheimhniú don ghníomhaire eisiúna nár shealbhaigh sé nó sí gléas teilifíse san áitreabh nó san áit le linn an trátha ábhartha tar éis dul in éag don cheadúnas roimhe sin, nó

(b) nár shealbhaigh an duine ceadúnas den sórt sin, aon cheadúnas teilifíse a gheobhaidh an duine chun gléas teilifíse a choimeád nó a shealbhú san áitreabh nó san áit, beidh éifeacht leis ó dháta an fhógra nó ó cibé dáta is déanaí ná sin a chinnfidh an gníomhaire eisiúna.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine, tar éis an chéad fhógra meabhrúcháin a fháil, ceadúnas teilifíse a fháil tar éis an fhógra, nach bhfuil i gcomhréir le fomhír (1), chun gléas teilifíse a choimeád agus a shealbhú san áitreabh nó san áit a bheidh sonraithe san fhógra, measfar éifeacht a bheith leis an gceadúnas ó dháta éagtha an cheadúnais roimhe sin nó ó dháta an chéad fhógra nó ó cibé dáta is déanaí ná sin a chinnfidh an gníomhaire eisiúna, de réir mar a bheidh. Féadfaidh an gníomhaire eisiúna aon cheadúnas a gheofar amhlaidh a athrú dá réir.

(3) Féadfaidh gníomhaire eisiúna aon táille a bheidh le híoc ag duine i leith ceadúnais teilifíse nach mbeidh faighte ag an duine chun gléas teilifíse a choimeád nó a shealbhú in áitreabh sonraithe nó in áit shonraithe aon tráth ábhartha, a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cionta a ionchúiseamh.

151 .— (1) Féadfaidh an tAire nó an gníomhaire eisiúna lena mbaineann imeachtaí achoimre i leith ciona faoin gCuid seo a thionscnamh.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 148 ina suífear go raibh gléas teilifíse in áitreabh áirithe nó in áit shonraithe áirithe lá áirithe, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an gléas teilifíse, an lá sin, i seilbh an duine arbh é nó í áititheoir an áitribh nó na háite sonraithe an tráth sin.

(3) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 148 inar dealraitheach gur choimeád duine gléas teilifíse nó go raibh gléas teilifíse ina sheilbh aige nó ina seilbh aici an tráth lena mbaineann an t-ionchúiseamh, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an tráth sin, ceadúnas teilifíse ar seilbh aige nó aici a raibh éifeacht leis an tráth sin agus lenar ceadúnaíodh dó nó di an gléas teilifíse lena mbaineann an t-ionchúiseamh a choimeád nó a bheith ina sheilbh aige nó ina seilbh aici.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 148 ina suífear gur seoladh fógra faoi alt 147 leis an bpost cláraithe, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nár chomhlíon an duine ar seoladh an fógra chuige nó chuici amhlaidh ceanglais an ailt sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “áititheoir”, i ndáil le háitreabh, duine atá, mar úinéir, tionónta nó eile, ag áitiú an áitribh cibé acu ina aonar nó ina haonar, i gcomhpháirt nó go leithleach.

(6) Más rud é, maidir le cion faoin gCuid seo a bheidh déanta ag comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, déanann sé nó sí, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, an cion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne dá réir sin.

Leasuithe ilghnéitheacha.

152 .— (1) Leasaítear alt 9 d’Acht 1988 i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gléas teilifíse”:

“tá le ‘gléas teilifíse’ an bhrí a shanntar dó le halt 140 den Acht Craolacháin 2009.”.

(2) Leasaítear alt 2(1) den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gléas teilifíse”:

“tá le “gléas teilifíse” an bhrí a shanntar dó le halt 140 den Acht Craolacháin 2009;”.