|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 10 An Ciste Craolacháin ) | Ar Aghaidh (CUID 12 Forálacha Idirthréimhseacha ) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 11 Tuairisciú Teilifíse Mórócáidí | |
| [EN] |
Mínithe (Cuid 11). |
160 .— (1) Sa Chuid seo— |
| [EN] | tá le “craoltóir” an bhrí a shanntar dó sa Treoir ón gComhairle; | |
| [EN] | ciallaíonn “ainmnithe” ainmnithe le hordú ainmniúcháin; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú ainmniúcháin” ordú faoi alt 162 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “ócáid” ócáid is díol suime don phobal i gcoitinne san Aontas Eorpach, i mBallstát nó sa Stát nó i gcuid shuntasach den Stát agus atá á heagrú ag eagraí ócáide atá i dteideal de réir dlí cearta craolacháin na hócáide a dhíol agus folaíonn sé an ócáid go léir nó, i gcás gur tharla cuid di cheana féin, a bhfuil fágtha di; | |
| [EN] | ciallaíonn “eagraí ócáide” an duine atá i dteideal de réir dlí cearta craolacháin na hócáide a dhíol; | |
| [EN] | ciallaíonn “seirbhís teilifíse in aisce” seirbhís craolacháin teilifíse nach ngearrann an duine atá ag soláthar na seirbhíse aon mhuirear aon tráth as an gcéanna a ghlacadh agus atá ar fáil ar bhonn saorchraolta; | |
| [EN] | ciallaíonn “tuairisciú gar-uilechoiteann”— | |
| [EN] | (a) seirbhís teilifíse in aisce, a bhfuil glacadh uirthi ar fáil do 95 faoin gcéad ar a laghad de dhaonra an Stáit, nó | |
| [EN] | (b) más rud é aon tráth go bhfuil níos lú ná trí chraoltóir in ann an tuairisciú a cheanglaítear faoi mhír (a) a sholáthar, seirbhís teilifíse in aisce, a bhfuil glacadh uirthi ar fáil do 90 faoin gcéad ar a laghad de dhaonra an Stáit; | |
| [EN] | ciallaíonn “craoltóir cáilitheach” craoltóir a meastar faoi fho-alt (2) gur craoltóir cáilitheach é nó í; | |
| [EN] | ciallaíonn “cearta” i ndáil le hócáid ainmnithe a chraoladh, na cearta eisiacha nó neamheisiacha chun an ócáid a chraoladh; | |
| [EN] | tá le “craolachán teilifíse” an bhrí a shanntar sa Treoir ón gComhairle. | |
| [EN] | (2) Aon chraoltóir a sholáthraíonn tuairisciú gar-uilechoiteann ar ócáid ainmnithe, meastar gur craoltóir cáilitheach é. | |
| [EN] | (3) Chun críche fho-alt (2), maidir le dhá chraoltóir nó níos mó a dhéanfaidh conradh nó socrú chun tuairisciú gar-uilechoiteann ar ócáid ainmnithe a sholáthar i gcomhpháirt, measfar gur craoltóir aonair iad i leith na hócáide sin. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh craoltóir a iarraidh ar an Aire aon díospóid a réiteach maidir le méid na seirbhíse teilifíse in aisce atá á soláthar ag craoltóir sa Stát chun críche fho-alt (2) agus maidir leis an míniú ar “tuairisciú gar-uilechoiteann” i bhfo-alt (1). | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire dul i gcomhairle le haon saineolaithe teicniúla nó daoine nó comhlachtaí eile is cuí leis nó léi sula réiteoidh sé nó sí díospóid faoi fho-alt (4). | |
| [EN] |
Feidhm. |
161 .— Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le hócáid ainmnithe a ainmnítear, roimh an 22 Aibreán 2003 nó dá éis, cibé acu atá nó nach bhfuil aon chomhaontú nó socrú déanta idir an t-eagraí ócáide agus craoltóir i leith an craoltóir d’fháil ceart chun na hócáide, agus i gcás ina ndearnadh comhaontú nó socrú den sórt sin roimh an 22 Aibreán 2003, i leith na gceart sin, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é tar éis an Treoir ón gComhairle maidir le hócáid a tharlaíonn tar éis an 13 Samhain 1999 (arb é an dáta é ar tugadh éifeacht d’Airteagal 3j den Treoir ón gComhairle leis an gCuid seo) a fhoilsiú. |
| [EN] |
Mórócáidí a ainmniú. |
162 .— (1) Féadfaidh an tAire le hordú— |
| [EN] | (a) ócáidí a ainmniú mar ócáidí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí agus ar chóir, ar mhaithe le leas an phobail, an ceart a thabhairt do chraoltóir cáilitheach tuairisciú orthu a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse in aisce, agus | |
| [EN] | (b) a chinneadh ar chóir tuairisciú ócáide arna hainmniú faoi mhír (a) a bheith ar fáil ar sheirbhísí teilifíse in aisce— | |
| [EN] | (i) ar bhonn beo, ar bhonn iarchurtha nó ar bhonn beo agus iarchurtha araon, agus | |
| [EN] | (ii) go hiomlán, go páirteach nó go hiomlán agus go páirteach araon. | |
| [EN] | (2) Le linn don Aire ainmniú a dhéanamh faoi fho-alt (1)(a) beidh aird aige nó aici ar na himthosca go léir agus go háirithe ar gach ceann de na critéir seo a leanas: | |
| [EN] | (a) a mhéid atá ciallachas ginearálta speisialta ag gabháil leis an ócáid do mhuintir na hÉireann, agus | |
| [EN] | (b) a mhéid atá tábhacht chultúrtha ar leith, a aithnítear go ginearálta, ag gabháil leis an ócáid do mhuintir na hÉireann. | |
| [EN] | (3) D’fhonn a chinneadh cé mhéid atá na critéir i bhfo-alt (2) comhlíonta, féadfaidh an tAire na tosca seo a leanas a chur i gcuntas: | |
| [EN] | (a) an bhfuil foireann náisiúnta nó neamhnáisiúnta, nó Éireannaigh, páirteach san ócáid; | |
| [EN] | (b) cleachtas nó taithí san am a caitheadh maidir le tuairisciú teilifíse na hócáide nó ócáidí dá samhail. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire na nithe seo a leanas a bhreithniú le linn dó nó di an cinneadh faoi fho-alt (1)(b) a dhéanamh: | |
| [EN] | (a) an cineál ócáide atá ann, | |
| [EN] | (b) an t-am laistigh den Stát atá an ócáid ar siúl, agus | |
| [EN] | (c) dálaí praiticiúla craolacháin. | |
| [EN] | (5) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta roimh ordú faoin alt seo a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú. | |
| [EN] | (6) I gcás ina mbeartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
| [EN] | (7) Ar an Acht seo a rith, aon ordú a rinneadh faoi alt 2 den Acht Craolacháin (Tuairisciú Teilifíse Mórócáidí) 1999 agus a bheidh i bhfeidhm ar an Acht seo a rith leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é. | |
| [EN] |
Comhchomhairle. |
163 .— (1) Roimh ordú ainmniúcháin a dhéanamh, déanfaidh an tAire— |
| [EN] | (a) iarrachtaí réasúnacha chun dul i gcomhairle le heagraithe na hócáide agus le craoltóirí atá faoi dhlínse an Stáit chun críche na Treorach ón gComhairle, | |
| [EN] | (b) fógra faoin ócáid a bheartaíonn an tAire a ainmniú faoin alt sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin arna chothabháil aige nó aici agus, más cuí, i nuachtán a scaiptear sa Stát, agus | |
| [EN] | (c) tráchtaí a iarraidh ar dhaoine den phobal maidir leis an ainmniú beartaithe. | |
| [EN] | (2) Ní choiscfear ordú ainmniúcháin a dhéanamh más rud é nach féidir a shuíomh cé hé nó cé hí eagraí na hócáide nó go mainníonn an t-eagraí nó craoltóir atá faoi dhlínse an Stáit iarrachtaí an Aire dul i gcomhairle leis nó léi a fhreagairt. | |
| [EN] |
Dualgais chraoltóirí maidir le mórócáidí ainmnithe. |
164 .— (1) I gcás ina bhfaighidh craoltóir atá faoi dhlínse an Stáit, nach craoltóir cáilitheach é nó í, cearta eisiacha chun ócáid ainmnithe a chraoladh, ní chraolfaidh an craoltóir sin an ócáid mura mbeidh an ócáid curtha ar fáil do chraoltóir cáilitheach, de réir an ordaithe ainmniúcháin lena mbaineann, ar í a iarraidh agus ar an gcraoltóir cáilitheach d’íoc rátaí margaidh réasúnacha. |
| [EN] | (2) I gcás ina bhfaighidh craoltóir cáilitheach an ceart chun ócáid ainmnithe a chraoladh (faoin alt seo nó go díreach) craolfaidh an craoltóir cáilitheach an ócáid ar sheirbhís teilifíse in aisce a sholáthraíonn tuairisciú gar-uilechoiteann de réir an ordaithe ainmniúcháin lena mbaineann. | |
| [EN] | (3) San alt seo, ciallaíonn “ócáid ainmnithe” ócáid a bheidh ainmnithe in ordú ainmniúcháin. | |
| [EN] |
Dualgais chraoltóirí maidir le hócáidí Ballstát. |
165 .— I gcás ócáid a bheith ainmnithe ag Ballstát eile mar ócáid a bhfuil tábhacht mhór léi don tsochaí sa Bhallstát sin agus ina mbeidh na bearta a bheidh déanta ag an mBallstát sin de réir Airteagal 3j.2 den Treoir ón gComhairle curtha in iúl ag an gCoimisiún Eorpach, ní dhéanfaidh aon chraoltóir atá faoi dhlínse an Stáit agus a fhaigheann cearta eisiacha chun na hócáide ainmnithe na cearta eisiacha a fheidhmiú ar shlí go gcuirfear ó chumas cuid shubstainteach den phobal sa Bhallstát sin na hócáidí a leanúint de réir na mbeart a bheidh déanta. |
| [EN] |
Leigheasanna sibhialta. |
166 .— (1) I gcás ina líomhnóidh craoltóir (an “craoltóir éagóraithe”) go bhfuil aon ghníomhaíocht nó iompraíocht a thoirmisctear le halt 164 nó 165 á seoladh, seolta nó ar tí a seolta ag craoltóir amháin eile nó níos mó (an “craoltóir eile”), beidh an craoltóir éagóraithe i dteideal iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar na leigheasanna seo a leanas in aghaidh an chraoltóra eile: |
| [EN] | (a) ordú a shrianfaidh an craoltóir eile ar an ngníomhaíocht nó ar an iompraíocht a thoirmisctear le halt 164 nó 165 a sheoladh, nó ar fhéachaint lena seoladh; | |
| [EN] | (b) dearbhú go bhfuil an conradh faoina bhfuair an craoltóir eile cearta eisiacha chun na hócáide ainmnithe ar neamhní; | |
| [EN] | (c) damáistí ón gcraoltóir eile; | |
| [EN] | (d) ordachán go dtairgfear an ceart chun tuairisciú teilifíse ar an ócáid a sholáthar don chraoltóir éagóraithe ar rátaí margaidh réasúnacha. | |
| [EN] | (2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh an ní á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí. | |
| [EN] |
Rátaí margaidh réasúnacha. |
167 .— (1) Chun críche alt 164 (1), más rud é nach bhfuil craoltóirí in ann a chomhaontú cad is rátaí margaidh réasúnacha ann maidir le tuairisciú teilifíse ócáide, féadfaidh ceachtar de na craoltóirí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair ar ordú ag cinneadh rátaí margaidh réasúnacha d’ócáid. |
| [EN] | (2) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha nó forlíontacha is dóigh leis an Ard-Chúirt is cuí a bheith in ordú faoi fho-alt (1). | |
| [EN] |
Féadfaidh craoltóir cáilitheach iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun cearta a fháil ó eagraí ócáide chun tuairisciú ar an ócáid ainmnithe a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse in aisce sa Stát, etc. |
168 .— (1) I gcás ina ndearnadh ócáid a ainmniú, agus más rud é laistigh de 56 lá, nó cibé tréimhse is lú nó is mó ná sin a ordóidh an tAire, sula mbeidh an ócáid nó cuid di ar siúl, nach mbeidh comhaontú ná socrú déanta ag an eagraí ócáide le craoltóir cáilitheach chun a chumasú dó tuairisciú ar an ócáid nó ar chuid di a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse in aisce sa Stát de réir mar a chinnfear faoi alt 162 (1)(b) san ordú ainmniúcháin a d’ainmnigh an ócáid— |
| [EN] | (a) faoi réir fho-alt (3), féadfaidh craoltóir cáilitheach iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair ar ordú a dhéanamh á ordú don eagraí ócáide cearta a thabhairt don chraoltóir cáilitheach chun cibé tuairisciú a sholáthar, agus ar cibé téarmaí, a shocróidh an Ard-Chúirt lena n-áirítear rátaí margaidh réasúnacha a shocrú, i leith na cearta sin a fháil, nó | |
| [EN] | (b) nach mbeidh, laistigh den tréimhse sin, iarratas déanta amhlaidh ag craoltóir cáilitheach, féadfaidh an t-eagraí ócáide iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun a iarraidh ar an Ard-Chúirt a iarraidh ar chraoltóirí cáilitheacha iarratas den sórt sin a dhéanamh. | |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas a fháil faoi fho-alt (1), ó chraoltóir cáilitheach, a ordú don eagraí ócáide, ar cibé téarmaí is cóir agus is cuí leis an gCúirt, cearta chun tuairisciú na hócáide ainmnithe nó cuid di a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse in aisce a thabhairt don chraoltóir cáilitheach de réir mar a chinnfear faoi alt 162 (1)(b) san ordú ainmniúcháin a d’ainmnigh an ócáid, d’ainneoin nár shocraigh sí go fóill na téarmaí go léir le haghaidh na cearta chun tuairisciú a sholáthar faoi fho-alt (1) a fháil, lena n-áirítear rátaí margaidh réasúnacha a shocrú. | |
| [EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ina gcinneann eagraí ócáide, sula ndéantar iarratas faoi fho-alt (1), gan tuairisciú a cheadú ar ócáid ná ar chuid di, arna chinneadh faoi alt 162 (1)(b) san ordú ainmniúcháin lena n-ainmnítear an ócáid, ar aon seirbhís teilifíse a sholáthraíonn craoltóir. I gcás cinneadh a bheith déanta amhlaidh ag eagraí ócáide, ní mór don eagraí ócáide é sin a chur in iúl, a luaithe is féidir, don Aire. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Ard-Chúirt nuair a bheidh téarmaí á socrú aici faoi fho-alt (1), le linn rátaí margaidh réasúnacha a ríomh, a bheidh le híoc ag an gcraoltóir cáilitheach ar na cearta a fháil faoin bhfo-alt sin, ríomh na rátaí a tharchur chuig eadránaí arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Ard-Chúirt. Tabharfaidh an t-eadránaí tuarascáil don Chúirt agus do na páirtithe, trí dhámhachtain a eisiúint, ina leagfar amach an méid a chinneann sé nó sí is rátaí réasúnacha margaidh. | |
| [EN] | (5) Déanfar eadráin faoi fho-alt (4) a sheoladh de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an Chúirt a tharchuirfidh ríomh na rátaí chuig an eadránaí. Féadfaidh an Chúirt, le linn na nósanna imeachta sin a chinneadh, cibé ordacháin a thabhairt is dóigh léi is cóir agus is cuí chun an eadráin a phróiseáil, lena n-áirítear an tréimhse a shocrú ar laistigh di a bheidh dámhachtain an eadránaí le heisiúint. | |
| [EN] | (6) Más rud é, in iarratas faoi fho-alt (1)— | |
| [EN] | (a) go mbeidh rátaí margaidh réasúnacha socraithe ag an Ard-Chúirt, nó go mbeidh dámhachtain eisithe ag eadránaí faoi fho-alt (4), agus sula mbeidh ordú críochnaitheach déanta ag an Ard-Chúirt i leith an iarratais, nó | |
| [EN] | (b) sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), go léireoidh an Ard-Chúirt go socróidh sí na rátaí margaidh réasúnacha maidir le tuairisciú na hócáide tar éis don ócáid a bheith ar siúl, agus sula mbeidh an ócáid ar siúl, | |
| [EN] | féadfaidh an craoltóir cáilitheach an t-iarratas a tharraingt siar. Féadfaidh an Ard-Chúirt sna himthosca sin, ag féachaint don mhéid a bhí ar intinn ag an gcraoltóir a rinne an t-iarratas, cibé costais a dhámhachtain do cibé páirtí nó páirtithe san iarratas is dóigh léi is cuí. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar fhoriarratas dá cuid féin nó ar iarratas chuici ó eadránaí arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (4), cibé ordacháin a thabhairt ó am go ham i dtaca leis an eadráin is dóigh léi is cóir agus is cuí. | |
| [EN] | (8) I gcás ina ndéanfaidh níos mó ná craoltóir cáilitheach amháin iarratas faoi fho-alt (1) ar chearta chun tuairisciú ócáide ainmnithe nó cuid di a sholáthar agus ina mbeidh na téarmaí ar a bhféadfaidh craoltóir cáilitheach na cearta a fháil socraithe ag an Ard-Chúirt faoin alt seo, féadfaidh an t-eagraí ócáide an craoltóir cáilitheach dá dtabharfaidh sé na cearta a roghnú. | |
| [EN] | (9) I gcás ina mbeidh conradh láithreach ann i leith ócáide nó cuid di idir an t-eagraí ócáide agus craoltóir eile, nach craoltóir cáilitheach, cinnfidh an Ard-Chúirt, in iarratas chuici faoi fho-alt (1), cé acu lenar cheart, agus cé na cionúireachtaí inar cheart, airgead a íoc i leith na rátaí margaidh réasúnacha a bheidh socraithe faoin alt seo i leith cearta chun na hócáide nó cuid di a fháil. | |
| [EN] | (10) D’fhonn a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann sí gur gá é, comhaontú nó socrú láithreach, i leith ceart chun ócáide ainmnithe nó cuid di, idir an t-eagraí ócáide agus craoltóir nach craoltóir cáilitheach a choigeartú. | |
| [EN] | (11) Gan dochar d’fho-alt (2), féadfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh aon ní faoin alt seo á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí. | |
| [EN] |
Eadráin i leith rátaí margaidh réasúnacha i gcás go mbeidh eagraí ócáide toilteanach cearta craolacháin chun ócáide ainmnithe a dhíol le craoltóir cáilitheach. |
169 .— (1) I gcás go mbeidh eagraí ócáide toilteanach cearta a dhíol a chumasóidh do chraoltóir cáilitheach tuairisciú ócáide ainmnithe nó cuid di a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse in aisce sa Stát, de réir mar a chinnfear faoi alt 162 (1)(b) san ordú ainmniúcháin lenar ainmníodh an ócáid, ach nach mbeidh an méid comhaontaithe idir an craoltóir cáilitheach agus an t-eagraí ócáide a bheidh le híoc i leith na cearta a fháil, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an craoltóir cáilitheach nó an t-eagraí ócáide a iarraidh ar an bpáirtí eile comhaontú le headránaí a cheapadh chun rátaí margaidh réasúnacha a shocrú chun na cearta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil. Mura mbeidh comhaontú déanta ar eadránaí a cheapadh idir na páirtithe, féadfaidh an tAire eadránaí is dóigh leis nó léi a bheith cáilithe go hoiriúnach chuige seo a cheapadh laistigh de 21 lá tar éis do cheachtar páirtí fógra a thabhairt dó nó di nach bhfuil comhaontú den sórt sin déanta. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh eadránaí a cheapfar faoi fho-alt (2) a dhámhachtain nó a dámhachtain a eisiúint i scríbhinn ar dámhachtain shealadach í faoi réir fho-alt (4). Tabharfaidh an t-eadránaí fógra i dtaobh na dámhachtana do na páirtithe lena mbaineann. | |
| [EN] | (4) Maidir le haon dámhachtain arna heisiúint faoi fho-alt (3), ní bheidh sí ina ceangal ar an gcraoltóir cáilitheach lena mbaineann mura rud é, laistigh den tréimhse 21 lá ón dáta a eiseofar dámhachtain an eadránaí faoi fho-alt (3), gur thug an craoltóir cáilitheach fógra don eagraí ócáide lena mbaineann gur ghlac an craoltóir cáilitheach leis an dámhachtain. | |
| [EN] |
Critéir chun rátaí margaidh réasúnacha a chinneadh. |
170 .— Le linn a chinneadh cad is rátaí margaidh réasúnacha nó téarmaí réasúnacha ann chun críocha an Achta seo, beidh aird, inter alia, ag an Ard-Chúirt nó ag eadránaí ar na nithe seo a leanas— |
| [EN] | (a) táillí roimhe sin (más ann) le haghaidh na hócáide nó ócáidí dá samhail, | |
| [EN] | (b) an t-am den lá le haghaidh tuairisciú beo na hócáide, | |
| [EN] | (c) an tréimhse dá dtairgtear cearta, | |
| [EN] | (d) an t-ioncam ionchasach a ghabhann le tuairisciú beo nó iarchurtha na hócáide, | |
| [EN] | (e) críocha Airteagal 3j den Treoir ón gComhairle agus na cearta a thugtar do Bhallstáit na gComhphobal Eorpach chun feidhmiú ceart craolacháin a rialáil, agus | |
| [EN] | (f) cibé nithe eile is dealraitheach a bheith iomchuí. | |
| [EN] |
Oibleagáid cóip de chomhaontú nó de shocrú maidir le cearta craolacháin a thabhairt don Aire. |
171 .— (1) Féadfaidh an tAire, i gcás go measann sé nó sí gurb é leas an phobail é, a ordú d’eagraí ócáide a rinne comhaontú nó socrú le craoltóir i leith ceart craolacháin ócáide ainmnithe cóip den chomhaontú nó den socrú a thabhairt don Aire, ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordachán. |
| [EN] | (2) I gcás nach mbeidh comhaontú nó socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i scríbhinn, ní mór don eagraí ócáide, ar ordachán a fháil ón Aire, fógra faoin gcomhaontú nó faoin socrú a thabhairt don Aire agus a théarmaí agus a choinníollacha go léir a leagan amach. | |
| [EN] |
Ordacháin agus fógra a sheirbheáil. |
172 .— (1) I gcás go gceanglaítear faoin gCuid seo ordachán nó fógra a thabhairt do dhuine, is i scríbhinn a bheidh sé agus déanfar é a dhíriú chuig an duine agus a thabhairt don duine ar cheann amháin de na slite seo a leanas— |
| [EN] | (a) trína sheachadadh ar an duine, | |
| [EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a seolann an duine gnó de ghnáth, | |
| [EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a seolann an duine gnó de ghnáth, | |
| [EN] | (d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil ordachán nó fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh sin, | |
| [EN] | (e) in aon chás inar dóigh leis an duine a mbeidh an t-ordachán nó an fógra á thabhairt aige nó aici gur gá é a thabhairt láithreach, trína chur, trí phost leictreonach nó trí inneall macasamhla, chuig feiste nó saoráid chun post leictreonach nó macasamhla a ghlacadh atá suite ag an seoladh ag a seolann an duine gnó de ghnáth nó, más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil ordachán nó fógraí tugtha ag an duine, chuig an seoladh sin, ach sin sa chás amháin— | |
| [EN] | (i) go ndéanann— | |
| [EN] | (I) saoráid an tseoltóra chun post leictreonach a ghlacadh teachtaireacht a ghiniúint á dhaingniú go bhfuarthas an post leictreonach, nó | |
| [EN] | (II) inneall macasamhla an tseoltóra teachtaireacht a ghiniúint á dhaingniú go ndearnadh líon iomlán leathanach an ordacháin nó an fhógra a tharchur go rathúil, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (ii) go dtugtar freisin an t-ordachán nó an fógra ar cheann amháin de na slite eile atá luaite in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
| [EN] | (a) meastar go seolann cuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí gnó ag a hoifig chláraithe agus meastar go seolann gach comhlacht corpraithe agus comhlacht neamhchorpraithe eile gnó ag a phríomhoifig nó a phríomháit ghnó, agus | |
| [EN] | (b) meastar go seolann an tAire gnó ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. | |
| [EN] |
Athbhreithniú ar ócáidí ainmnithe. |
173 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an tAire athbhreithniú, ó am go ham, ar ócáidí ainmnithe agus ar ainmniú ócáidí faoi alt 162 . |
| [EN] | (2) Déanfar athbhreithniú faoi fho-alt (1) tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an athbhreithnithe roimhe sin faoi alt 9 den Acht Craolacháin (Tuairisciú Teilifíse Mórócáidí) (Leasú) 2003 agus gach 3 bliana dá éis sin. |