An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 1 Achtacháin a Aisghairtear )

18 2009

TODO

SCEIDEAL 2

Ailt 5 go 9 den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926

Alt 182 .

Ceadúnais a dheonú.

5.— (1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, faoi réir an Achta seo agus ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha, ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a choimeád agus a bheith ina sheilbh aige nó ina seilbh aici in aon áit shonraithe sa Stát nó chun gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a choimeád agus a bheith ina sheilbh aige nó ina seilbh aici in aon long shonraithe nó in aon soitheach nó aerárthach sonraithe eile.

(2) Beidh gach ceadúnas a dheonófar faoin alt seo i cibé foirm, leanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse, agus beidh sé faoi réir cibé coinníollacha agus srianta (lena n-áirítear coinníollacha maidir le fionraí agus cúlghairm) a fhorordófar ina leith le rialacháin arna ndéanamh ag an údarás iomchuí faoi alt 6.

(3) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, i gcás go ndealraíonn sé dó gurb iomchuí é ar mhaithe le húsáid éifeachtúil rianúil na raidió-theileagrafaíochta, teorainn a chur leis an líon ceadúnas le haghaidh aon aicme nó aicmí ar leith gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a dheonaítear faoin alt seo.

(4) Níl feidhm ag an alt seo maidir le gléasanna teilifíse.

(5) Chun críocha an Achta seo agus aon rialachán faoi alt 6, meastar feithicil í féin a bheith ina háit ar deighilt agus ar leithligh ón áitreabh ina gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth, agus déanfar áit agus áit shonraithe a léamh dá réir sin san Acht seo agus in aon rialacháin den sórt sin.

Rialacháin maidir le ceadúnais.

6.— (1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí rialacháin a dhéanamh lena bhforordaítear gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas i ndáil leis na ceadúnais go léir a dheonóidh sé faoi alt 5 nó i ndáil le haon aicme nó aicmí áirithe de na ceadúnais sin, is é sin le rá—

(a) foirm na gceadúnas sin,

(b) an tréimhse ar lena linn a leanfaidh na ceadúnais sin i bhfeidhm,

(c) an modh inar féidir, na téarmaí ar ar féidir, agus an tréimhse nó na tréimhsí ar ina leith is féidir na ceadúnais sin a athnuachan,

(d) na himthosca ina ndeonaítear nó na téarmaí faoina ndeonaítear na ceadúnais sin,

(e) na himthosca agus an modh ina bhféadfaidh an t-údarás sin na ceadúnais sin a fhionraí nó a chúlghairm,

(f) na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag sealbhóirí na gceadúnas sin agus ar faoina réir a meastar na ceadúnais sin a bheith deonaithe,

(g) na táillí a bheidh le híoc ar iarratas a dhéanamh ar na ceadúnais sin nó ar aicmí de na ceadúnais sin nó ar iad a dheonú nó a athnuachan, faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh an t-údarás iomchuí, agus an tráth a íocfar agus an modh ina n-íocfar na táillí sin,

(h) nithe nach dtugtar teideal, nó nachn-údaraítear leis na ceadúnais sin, don sealbhóir iad a dhéanamh.

(2) Féadfar a údarú agus a fhoráil le rialacháin a dhéantar faoin alt seo go ndeonófar ceadúnas faoi alt 5 faoi réir téarmaí, coinníollacha agus srianta speisialta d’aon duine a dheimhníonn don údarás iomchuí gur chun trialacha i raidió-theileagrafaíocht a dhéanamh agus chuige sin amháin a theastaíonn an ceadúnas ón duine.

(3) Más dealraitheach don údarás iomchuí gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé le hionstraim i scríbhinn a aithint gur ceadúnas bailí ceadúnas arna eisiúint ag tír nó stát eile i leith aicme nó aicmí gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta faoi réir cibé coinníollacha nó srianta maidir le húsáid an ghairis sin is cuí leis an údarás sin.

(4) (a) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae ar leagadh rialachán faoina bhráid de réir mhír (a), rún a rith an neamhniú an rialacháin.

(c) Tiocfaidh neamhniú rialacháin faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin rialachán roimh an rún a rith.

Oibleagáid faisnéis áirithe a thabhairt.

7.— (1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, aon uair a mheasfaidh sé gur cuí déanamh amhlaidh, fógra speisialta a sheirbheáil ar dhuine, agus foirm dhearbhaithe ina theannta nó ar áireamh ann, á cheangal ar an duine—

(a) cibé ceann amháin nó níos mó de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) agus a bheidh sonraithe san fhógra a lua ar an bhfoirm dhearbhaithe,

(b) an dearbhú a chomhlánú agus a shíniú, agus

(c) an dearbhú comhlánaithe a thabhairt d’oifigeach sonraithe den údarás sin nó a chur chuige nó chuici leis an bpost.

Ceanglaítear an fógra speisialta a bheith i scríbhinn agus a chur leis an bpost cláraithe.

(2) Is iad na nithe a d’fhéadfaí a cheangal ar dhuine faoin alt seo a lua i ndearbhú—

(a) cibé acu a choimeádann nó nach gcoimeádann sé nó sí, nó atá nó nach bhfuil ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta (seachas gléasanna teilifíse),

(b) má choimeádann sé nó sí aon ghaireas den sórt sin nó má bhíonn aon ghaireas den sórt sin ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, cineál an ghairis sin, ainm agus seoladh an duine a dhíol an gaireas sin leis nó léi, a lig nó a fhruiligh chuige nó chuici é nó a sholáthair dó nó di ar shlí eile é agus an áit ina gcoimeádann sé nó sí an céanna nó ina a bhfuil an céanna ina sheilbh aige nó ina seilbh aici,

(c) cibé acu atá nó nach bhfuil ceadúnas arna dheonú faoi alt 5 agus atá i bhfeidhm an tráth sin aige nó aici,

(d) má tá ceadúnas den sórt sin aige nó aici, uimhir, dáta, agus oifig eisiúna an cheadúnais sin,

(e) aon ní a theastóidh ón gCoimisiún chun críche ordú faoi alt 5 den Acht Raidio-Theileagrafaíochta 1972, agus

(f) aon ní eile a bhaineann leis an raidió-theileagrafaíocht (seachas gléasanna teilifíse).

(3) Déanfaidh gach duine ar a ndéanfar fógra speisialta faoin alt seo a sheirbheáil go cuí, laistigh de 14 lá tar éis na seirbheála, an fhoirm dhearbhaithe don oifigeach a bheidh ainmnithe chuige sin san fhógra a chomhlánú go cuí ceart de réir an fhógra agus an ailt seo. Má mhainníonn nó má fhaillíonn an duine an fhoirm a chomhlánú amhlaidh agus an dearbhú a thabhairt nó a sheoladh nó má dhéanann sé nó sí sa dearbhú aon ráiteas is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach, déanann sé nó sí cion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (3) ina suífear gur cuireadh fógra sonrach leis an bpost cláraithe, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nach ndearna an duine ar cuireadh an fógra chuige nó chuici ceanglais an fho-ailt sin a chomhlíonadh.

Barántais chuardaigh a eisiúint.

8.— (1) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach don údarás iomchuí nó ó chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil foras réasúnach lena chreidiúint go bhfuil gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta á choimeád nó á oibriú nó á úsáid in aon áit shonraithe, in aon fheithicil shonraithe nó in aon long shonraithe nó in aon soitheach sonraithe eile de shárú ar na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 2009 nó ar aon rialachán arna dhéanamh nó ar aon choinníoll arna fhorchur faoi na hAchtanna sin nó faoi na hAchtanna Craolacháin (Cionta) 1968 go 2009, barántas cuardaigh a eisiúint don oifigeach sin nó (le toiliú an údaráis iomchuí) don chomhalta sin den Gharda Síochána (de réir mar a bheidh) a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun a údarú don oifigeach don údarás sin nó don chomhalta den Gharda Síochána dá ndeonófar an céanna—

(a) dul isteach, laistigh d’aon mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird, má iarrtar é, agus le forneart más gá, san áit, san fheithicil, sa long nó sa soitheach eile a bheidh ainmnithe san fhaisnéis,

(b) gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a chuardach ansin agus gach gaireas den sórt sin nó aon fheithicil den sórt sin a gheofar ann a scrúdú, agus

(c) an gaireas sin go léir nó aon chuid de ar dealraitheach don oifigeach sin nó don chomhalta sin go gcoimeádtar, go n-oibrítear nó go n-úsáidtear é nó í de shárú ar na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 2009 nó ar aon rialachán arna dhéanamh, nó ar aon choinníoll arna fhorchur, faoi na hAchtanna sin nó faoi na hAchtanna Craolacháin (Cionta) 1968 go 2009 a urghabháil agus a thabhairt chun siúil.

(2) Oibreoidh barántas cuardaigh a bheidh deonaithe faoin alt seo chun aon duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon, aon chomhalta den Gharda Síochána nó oifigeach don údarás iomchuí nó aon duine eile a bheidh údaraithe ag an duine dá ndeonófar an barántas, a údarú chun bheith ina theannta nó ina teannta agus cabhrú leis nó léi le linn dó nó di na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an mbarántas a fheidhmiú.

(3) Féadfaidh oifigeach don údarás iomchuí aon ní a choinneáil, ar ní é a bheidh urghafa faoin alt seo agus a gcreideann sé nó sí gur fianaise é ar aon chion nó aon chion amhrasta faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 2009, nó faoi na hAchtanna Craolacháin (Cionta) 1968 go 2009, lena úsáid mar fhianaise in imeachtaí i ndáil le haon chion den sórt sin, go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má thionscnaítear imeachtaí ina mbeidh an ní a urghabhadh amhlaidh ag teastáil lena úsáid i bhfianaise, go dtí go mbeidh deireadh leis na himeachtaí.

(4) Déanfaidh an t-údarás iomchuí, a luaithe is féidir tar éis aon imeachtaí a bheith críochnaithe, aon ní a urghabhadh agus a coinníodh faoin alt seo, a sheachadadh ar an duine arb é nó í a úinéir, mura rud é—

(a) go gcinnfidh an t-údarás iomchuí nach féidir leis a fháil amach cé leis nó cé léi an ní, agus sa chás sin beidh feidhm ag an Police (Property) Act 1897 maidir leis an ní a urghabhadh agus a coinníodh amhlaidh, nó

(b) go mbeadh de thoradh ar an seachadadh sin go ndéanfaí sárú ar na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta 1926 go 2009 nó ar na hAchtanna Craolacháin (Cionta) 1968 go 2009, agus sa chás sin beidh feidhm ag an Police (Property) Act 1897 maidir leis an ní a urghabhadh agus a coinníodh amhlaidh amhail is nárbh fhéidir leis an údarás iomchuí a fháil amach cé leis nó léi an ní.

(5) (a) Aon duine a dhéanann, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó cosc a chur ar oifigeach don údarás iomchuí nó ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile le linn dó nó di cumhacht a bheidh tugtha le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo a fheidhmiú, déanann sé nó sí cion.

(b) Aon duine a dhéanann, le hintinn bac nó cosc a chur ar oifigeach don údarás iomchuí nó ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile le linn dó nó di cumhacht a bheidh tugtha le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo a fheidhmiú, aon ní a shuíomh, a thógáil, a shuiteáil, a choimeád nó a choinneáil, déanann sé nó sí cion.

(c) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

Rialacháin maidir le raidió-theileagrafaíocht i longa agus in aerárthaí.

9.— (1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí rialacháin a dhéanamh maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe seo a leanas, is é sin le rá:

(a) ceangal a chur ar oibritheoirí agus ar dhaoine eile a bhíonn ag gabháil d’oibriú gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta—

(i) ar gach long nó ar aon long atá cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála 1955, nó

(ii) ar gach aicme nó ar aon aicme long nó soithí a bhíonn ag loingsiú nó ag oibriú sa Stát,

deimhnithe inniúlachta a shealbhú;

(b) ceangal a chur ar oibritheoirí agus ar dhaoine eile a bhíonn ag gabháil d’oibriú gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar gach aicme nó ar aon aicme aerárthaí atá ar úinéireacht nó ar léas ag daoine sa Stát deimhnithe inniúlachta a shealbhú;

(c) deonú agus athnuachan na ndeimhnithe inniúlachta sin, na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndeonófar na deimhnithe sin, agus na cáilíochtaí a bheidh ag daoine dá ndeonófar na deimhnithe sin agus na scrúduithe agus na tástálacha eile faoina rachaidh siad;

(d) ré, cúlghairm agus fionraí deimhnithe inniúlachta a bheidh arna ndeonú faoi na rialacháin;

(e) bailíocht, ré, athnuachan, cúlghairm, agus fionraí deimhnithe inniúlachta a bheidh arna ndeonú ar shlí seachas faoi na rialacháin cibé acu ag an údarás iomchuí nó ag aon duine eile;

(f) na táillí a mhuirearófar as aon deimhnithe inniúlachta den sórt sin a dúradh a dheonú agus a athnuachan nó i dtaca leis an gcéanna agus bailiú agus diúscairt na dtáillí sin;

(g) rialáil agus rialú ar thráthanna agus ar mhodh oibre gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta i longa atá cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála 1955 agus, le linn dóibh a bheith sa Stát, longa atá cláraithe lasmuigh den Stát agus longa agus soithí eile neamhchláraithe;

(h) rialáil agus rialú ar thráthanna agus ar mhodh oibre gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta in aerárthaí atá ar úinéireacht nó ar léas ag daoine sa Stát agus, le linn dóibh a bheith sa Stát nó os a chionn nó ina uiscí teorann nó os a gcionn, aerárthaí nach bhfuil ar úinéireacht amhlaidh;

(i) éifeacht a thabhairt d’fhorálacha aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta i ndáil le raidió-theileagrafaíocht a bheidh déanta ag an Rialtas agus comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú (ach amháin a mhéid a bhaineann an céanna le longa nach bhfuil feidhm ag an alt seo ná ag rialacháin a dhéantar faoi maidir leo).

(2) Féadfar, le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo—

(a) a fhoráil go mbeidh briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin ina chion, agus

(b) i ndáil le ciontuithe ar díotáil i leith ciona den sórt sin, a fhoráil go bhféadfaidh an chúirt a chiontóidh an cosantóir a ordú go bhforghéillfear leas an chosantóra, cibé acu mar úinéir nó ar shlí eile, i ngach gaireas nó in aon ghaireas ar deimhin leis an gcúirt go bhfuil briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin déanta ina leith nó dá bhíthin.

(3) (a) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae ar leagadh rialachán faoina bhráid de réir mhír (a), rún a rith ag neamhniú an rialacháin.

(c) Tiocfaidh neamhniú rialacháin faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin rialachán roimh an rún a rith.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar bhriseadh nó sárú rialacháin a bheidh sonraithe, de bhua mhír (a) d’fho-alt (2), i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 a chur air nó uirthi.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) meastar long a bheith ag loingsiú nó ag oibriú sa Stát má choimeádtar í in uiscí na hÉireann de ghnáth (de réir bhrí alt 2 den Acht um Shábháilteacht Mhuirí 2005), agus

(b) meastar aerárthach a bheith ar úinéireacht nó ar léas ag duine sa Stát más rud é, agus más rud é amháin, go bhfuil sé ar úinéireacht nó ar léas ag duine—

(i) i gcás pearsan aonair, a bhfuil a áit chónaithe aige nó a háit chónaithe aici sa Stát, nó

(ii) i gcás comhlachais, cuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí) nó comhlachta eile (cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe), a bhfuil a phríomhoifig aige nó a príomhoifig aici sa Stát.

(6) San alt seo, ciallaíonn ‘údarás iomchuí’—

(a) i ndáil le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar longa nó ar shoithí eile, an tAire Iompair, agus

(b) i ndáil le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar aerárthaí, an Coimisiún.