|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Sásamh ) | Ar Aghaidh (Caibidil 2 Smachtbhannaí Airgeadais ) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 5 Forfheidhmiú | |
| [EN] |
Caibidil 1 Comhlíonadh téarmaí conartha | |
| [EN] |
Gnóthaí conraitheora a imscrúdú. |
50 .— (1) Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, ar aon cheann de na cúiseanna a shonraítear i bhfo-alt (2), imscrúdú a sheoladh ar ghnóthaí oibríochta, clár, airgeadais, teicniúla nó ar ghnóthaí eile sealbhóra conartha faoi Chuid 6 nó 8 (“conraitheoir”). |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh imscrúdú a sheoladh faoin alt seo trí chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó duine eile a mheasfaidh an Coiste a bheith cáilithe go hoiriúnach a cheapadh mar imscrúdaitheoir chun imscrúdú den sórt sin a sheoladh, má tá forais réasúnacha ag an gCoiste lena chreidiúint nach bhfuil seirbhís á soláthar ag conraitheoir de réir théarmaí chonradh an chonraitheora,. | |
| [EN] | (3) Tabharfaidh an Coiste um Chomhlíonadh fógra don chonraitheoir lena mbaineann maidir leis an ní atá faoi imscrúdú agus tabharfaidh sé deis don chonraitheoir freagra a thabhairt, laistigh de 7 lá ó dháta an fhógra, nó cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Coiste, ar an ní atá faoi imscrúdú. Beidh sé de dhualgas ar an gconraitheoir comhoibriú leis an imscrúdú. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh imscrúdaitheoir, chun críocha imscrúdaithe faoin alt seo, a cheangal ar an gconraitheoir lena mbaineann— | |
| [EN] | (a) cibé faisnéis nó taifid atá i seilbh an chonraitheora nó faoina rialú agus is iomchuí maidir leis an imscrúdú a thabhairt ar aird don imscrúdaitheoir, | |
| [EN] | (b) a cheadú don imscrúdaitheoir dul isteach in áitreabh an chonraitheora chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh agus scrúduithe den sórt sin a dhéanamh ar threalamh craolacháin a gheofar ann, agus | |
| [EN] | (c) más cuí, freastal os comhair an imscrúdaitheora chun críocha an imscrúdaithe. | |
| [EN] | (5) I gcás ina dtiocfaidh imscrúdaitheoir ar an tuairim, tar éis dó nó di imscrúdú a sheoladh faoi fho-alt (2), nach bhfuil conraitheoir ag soláthar na seirbhíse dá dtagraítear san fho-alt sin de réir théarmaí chonradh an chonraitheora, ansin déanfaidh sé nó sí an fhionnachtain a chur in iúl don chonraitheoir agus deis a thabhairt don chonraitheoir sin aighneachtaí a dhéanamh de réir aon rialacha arna ndéanamh faoi fho-alt (8) ag éisteacht os comhair an Choiste um Chomhlíonadh i leith an ní a bheidh faoi imscrúdú. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh an conraitheoir lena mbaineann cibé faisnéis agus taifid a mheasfaidh an Coiste um Chomhlíonadh is gá chun críocha éisteachta a sholáthar don Choiste um Chomhlíonadh. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, tar éis breithniú a dhéanamh ar aighneachtaí (más ann) arna ndéanamh ag an gconraitheoir lena mbaineann faoi fho-alt (5)— | |
| [EN] | (a) a fhionnadh nach bhfuil an conraitheoir ag soláthar na seirbhíse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) de réir théarmaí chonradh an chonraitheora, nó | |
| [EN] | (b) cibé fionnachtain eile a dhéanamh is cuí leis sna himthosca. | |
| [EN] | (8) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh rialacha lena ndéanfar foráil maidir le héisteacht a sheoladh faoi fho-alt (5). Déanfar foráil leis na rialacha maidir leis an tréimhse ina mbeidh aighneachtaí faoi fho-alt (5) le déanamh. Féadfaidh foráil a bheith sna rialacha maidir le héisteacht ó bhéal nó cineál eile éisteachta, de réir mar is cuí. | |
| [EN] | (9) San alt seo, ciallaíonn “imscrúdaitheoir” duine a cheapfar mar imscrúdaitheoir faoi fho-alt (2). | |
| [EN] |
Conradh faoi Chuid 6 nó 8 a fhoirceannadh nó a fhionraí. |
51 .— (1) Gan dochar d’aon fhoráil shonrach de chuid an Achta seo, nó de chonradh arna dhéanamh faoi, féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh a mholadh don Údarás go ndéanfaidh an tÚdarás conradh arna dhéanamh ag an Údarás faoi Chuid 6 nó 8 a fhoirceannadh nó a fhionraí, ar feadh cibé tréimhse fionraí a mheasfaidh an Coiste um Chomhlíonadh a bheith réasúnach agus a shonróidh sé sa mholadh— |
| [EN] | (a) más rud é go ndearna sealbhóir an chonartha, nó go ndearnadh thar ceann shealbhóir an chonartha, aon fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach de chineál ábhartha a thabhairt don Choiste um Dheonú Conarthaí sula ndearnadh an conradh, nó | |
| [EN] | (b) más rud é gur mhainnigh sealbhóir an chonartha, ar fhionnachtain ón gCoiste um Chomhlíonadh faoi alt 50 (7), ag féachaint don imscrúdú lena mbaineann faoin alt sin, uair amháin nó níos mó ná uair amháin, téarma nó coinníoll den chonradh a chomhlíonadh, agus go bhfuil an mhainneachtain sin de chineál chomh tromchúiseach sin, gur ceart, i dtuairim an Choiste um Chomhlíonadh, go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh nó a fhionraí, | |
| [EN] | agus déanfaidh an tÚdarás— | |
| [EN] | (i) i gcás go molfaidh an Coiste um Chomhlíonadh go ndéanfar an conradh a fhionraí, an conradh lena mbaineann a fhionraí ar feadh cibé tréimhse a mholfaidh an Coiste um Chomhlíonadh nó, ag féachaint do na himthosca go léir, ar feadh cibé tréimhse is lú is cuí leis an Údarás, nó | |
| [EN] | (ii) i gcás go molfaidh an Coiste um Chomhlíonadh go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, an conradh lena mbaineann a fhoirceannadh nó, ag féachaint do na himthosca go léir, an conradh a fhionraí ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an Údarás. | |
| [EN] | (2) I gcás go mbeartóidh an Coiste um Chomhlíonadh moladh a dhéanamh faoi fho-alt (1), déanfaidh an Coiste, le fógra, deis a thabhairt do shealbhóir an chonartha lena mbaineann aighneachtaí a dhéanamh, de réir aon rialacha arna ndéanamh faoi fho-alt (3), ag éisteacht os comhair an Choiste i leith an ní atá faoi bhreithniú. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh rialacha ina mbeidh foráil maidir le héisteacht a sheoladh faoi fho-alt (2). Déanfar foráil sna rialacha maidir leis an tréimhse ina mbeidh aighneachtaí faoi fho-alt (2) le déanamh. Féadfaidh foráil a bheith sna rialacha maidir le héisteacht ó bhéal nó aon chineál eile éisteachta, de réir mar is cuí. | |
| [EN] | (4) Maidir le cinneadh ag an Údarás conradh a fhoirceannadh nó a fhionraí faoin alt seo, faoi aon fhoráil eile den Acht seo nó faoi fhoráil den chonradh, féadfaidh sealbhóir an chonartha achomharc a dhéanamh ina aghaidh chuig an Ard-Chúirt. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh comhalta den Choiste um Chomhlíonadh a rinne an moladh don Údarás ar áireamh ar na comhaltaí den Údarás a dhéanann cinneadh faoi fho-alt (1)(i) nó (ii) i ndáil le conradh a fhionraí nó a fhoirceannadh. Féadfaidh an tÚdarás a cheadú do shealbhóir an chonartha lena mbaineann aighneachtaí breise a dhéanamh chuige, más cuí leis é, de réir aon rialacha a dhéanfaidh sé (a bhféadfaidh an fhéidearthacht go mbeidh éisteacht ann a bheith san áireamh iontu). | |
| [EN] | (6) Aon chonradh a fhoirceannfar nó a fhionrófar faoin alt seo, faoi aon fhoráil eile den Acht seo nó faoi fhoráil den chonradh— | |
| [EN] | (a) i gcás go bhfoirceannfar é, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis, agus | |
| [EN] | (b) i gcás go bhfionrófar é, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar feadh na tréimhse dá mbeidh sé ar fionraí. |