|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Smachtbhannaí Airgeadais ) | Ar Aghaidh (CUID 6 Conarthaí Craolacháin agus Conarthaí Soláthair Lánais — Craoltóirí Tráchtála agus Pobail. ) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil 3 Fógraí | |
| [EN] |
Fógraí. |
57 .— (1) I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt do chraoltóir nó do chonraitheoir faoin gCuid seo, díreofar chuig an gcraoltóir nó chuig an gconraitheoir é agus tabharfar don chraoltóir nó don chonraitheoir é ar cheann amháin de na slite seo a leanas— |
| [EN] | (a) trína sheachadadh ar an gcraoltóir nó ar an gconraitheoir, | |
| [EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a seolann an craoltóir nó an conraitheoir gnó, | |
| [EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an gcraoltóir nó chuig an gconraitheoir ag an seoladh ag a seolann an craoltóir nó an conraitheoir gnó, | |
| [EN] | (d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógra tugtha ag an gcraoltóir nó ag an gconraitheoir, trína fhágáil ag an seoladh sin, nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh sin agus é dírithe chuig an gcraoltóir nó chuig an gconraitheoir, nó | |
| [EN] | (e) trína chur leis an bpost leictreonach nó le hinneall macasamhla, chuig feiste nó saoráid chun post leictreonach nó macasamhla a ghlacadh atá suite ag an seoladh ag a seolann an craoltóir nó an conraitheoir gnó nó, más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógra tugtha ag an gcraoltóir nó ag an gconraitheoir, ag an seoladh sin, ach sin sa chás amháin— | |
| [EN] | (i) go ndéanann— | |
| [EN] | (I) saoráid an tseoltóra chun post leictreonach a ghlacadh teachtaireacht a ghiniúint ina ndaingnítear go bhfuarthas an post leictreonach, nó | |
| [EN] | (II) inneall macasamhla an tseoltóra teachtaireacht a ghiniúint ina ndaingnítear go ndearnadh líon iomlán leathanach an fhógra a tharchur go rathúil, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (ii) go dtugtar an fógra freisin i gceann amháin de na slite eile a luaitear in aon cheann de na míreanna roimhe seo. | |
| [EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), meastar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus meastar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó. | |
| [EN] | (3) Aon chóip d’fhógra, ar a mbeidh deimhniú formhuinithe a airbheartaíonn a bheith sínithe ag imscrúdaitheoir faoi Chaibidil 1 nó ag oifigeach imscrúdúcháin faoi Chaibidil 2, de réir mar a bheidh, á rá gur fíorchóip den fhógra an chóip féadfar, gan chruthú ar shíniú an duine sin, í a thabhairt ar aird i ngach cúirt nó os comhair an Údaráis agus i ngach imeacht dlí agus is fianaise í ar an bhfógra mura suífear a mhalairt. | |
| [EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “fógra” fógra faoin gCuid seo. |