An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Fógraí ) Ar Aghaidh (CUID 7 Craolachán Seirbhíse Poiblí )

18 2009

TODO

CUID 6

Conarthaí Craolacháin agus Conarthaí Soláthair Lánais — Craoltóirí Tráchtála agus Pobail.

Léiriú (Cuid 6).

58 .— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ceadúnas craolacháin” ceadúnas arna dheonú faoi alt 59 ;

ciallaíonn “conradh craolacháin fuaime” conradh arna dhéanamh faoi alt 63 ;

ciallaíonn “conradh seirbhíse clár teilifíse” conradh arna dhéanamh faoi alt 70.

(2) Aon chonradh i leith craolacháin arna dhéanamh faoi achtachán a aisghairtear le halt 3 ag CCÉ le duine eile atá i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Chuid seo a dhéanfaí é agus beidh éifeacht leis dá réir.

Ceadúnas craolacháin.

59 .— (1) Ní údaróidh an tÚdarás do chonraitheoir craolacháin tarchuradóir craolacháin a oibriú agus seirbhís craolacháin a sholáthar faoi chonradh craolacháin mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an Rialálaí Cumarsáide ceadúnas (“ceadúnas craolacháin”) faoi alt 5 d’Acht 1926 a dheonú faoin bhfo-alt seo don Údarás i leith an tarchuradóra fuaime nó teilifíse lena mbaineann an conradh.

(2) Ní bheidh ceadúnas craolacháin bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse ama a mbeidh conradh craolacháin i bhfeidhm idir an tÚdarás agus conraitheoir craolacháin.

(3) Beidh coinníoll i ngach conradh craolacháin á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin lena mbaineann an tarchuradóir craolacháin lena mbaineann a bhunú, a chothabháil agus a oibriú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chuirfidh an Rialálaí Cumarsáide ag gabháil leis an gceadúnas craolacháin lena mbaineann an conradh (lena n-áirítear aon athruithe arna ndéanamh air de réir alt 60 ), agus fad a dhéanfar na téarmaí agus na coinníollacha a chomhlíonadh, beidh d’éifeacht leis an gconradh tairbhí an cheadúnais a thabhairt don chonraitheoir craolacháin agus measfar aon tarchuradóir den sórt sin arna bhunú, arna chothabháil agus arna oibriú amhlaidh a bheith ceadúnaithe chun críocha Acht 1926.

(4) Beidh gach ceadúnas craolacháin ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal in oifig chláraithe an Údaráis ag cibé tráthanna a mheasfaidh an tÚdarás a bheith réasúnach le linn uaireanta oscailte oifige.

Ceadúnas craolacháin a athrú.

60 .— (1) Féadfaidh an Rialálaí Cumarsáide aon téarma nó coinníoll de chuid ceadúnais craolacháin a athrú—

(a) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le dea-bhainistíocht minicíochtaí raidió,

(b) d’fhonn éifeacht a thabhairt d’aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát agus a bheidh daingnithe ag an Stát agus a bhaineann le craolachán,

(c) más dealraitheach dó gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh,

(d) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil daoine nó maoine,

(e) ar iarraidh a fháil ón Údarás tar éis dul i gcomhairle le haon chonraitheoir craolacháin dá ndéantar difear, nó

(f) ar iarraidh a fháil ón Údarás thar ceann conraitheora craolacháin.

(2) (a) Má bheartaíonn an Rialálaí Cumarsáide, ar aon chúis a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (1), aon téarma nó coinníoll de chuid ceadúnais craolacháin a athrú faoin alt seo, déanfaidh an Rialálaí a bhfuil beartaithe ag an Rialálaí agus na cúiseanna atá leis a chur in iúl don Údarás, trí fhógra i scríbhinn. Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 7 lá ón tráth a gheobhaidh sé an fógra, fógra a thabhairt don chonraitheoir craolacháin lena mbaineann maidir lena bhfuil beartaithe.

(b) Beidh de cheart ag an gconraitheoir craolacháin uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an Údarás maidir lena bhfuil beartaithe ag an Rialálaí Cumarsáide, laistigh de 21 lá tar éis don Údarás an fógra a sheirbheáil.

(c) Cuirfidh an tÚdarás aon uiríll den sórt sin chuig an Rialálaí Cumarsáide laistigh de 7 lá eile agus féadfaidh an Rialálaí Cumarsáide, tar éis na huiríll a bhreithniú, cibé breith a thabhairt maidir leo is dóigh leis is cuí.

(3) (a) Más rud é, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar na huiríll (más ann) ag conraitheoir craolacháin nó thar ceann conraitheora craolacháin a mbeidh fógra ina dtaobh tugtha dó ag an Údarás, go dtabharfaidh an Rialálaí Cumarsáide breith aon téarma nó coinníoll i gceadúnas a athrú, cuirfidh sé a bhreith in iúl don Údarás trí fhógra i scríbhinn.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 7 lá ón tráth a gheobhaidh sé breith an Rialálaí Cumarsáide, trí fhógra i scríbhinn, an bhreith sin a chur in iúl don chonraitheoir craolacháin.

(c) Ar an agus ón lá tar éis an fógra i dtaobh bhreith an Rialálaí Cumarsáide a sheirbheáil ar an gconraitheoir, beidh éifeacht leis an gceadúnas faoi réir an athraithe a dhéantar air leis an mbreith sin.

(4) I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt faoin alt seo don Údarás nó do chonraitheoir craolacháin, díreofar chuig an Údarás nó chuig an gconraitheoir craolacháin é agus tabharfar don Údarás nó don chonraitheoir craolacháin é ar aon cheann amháin de na slite seo a leanas—

(a) trína sheachadadh ar an Údarás nó ar an gconraitheoir craolacháin,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a ndéanann an tÚdarás nó an conraitheoir craolacháin gnó a sheoladh,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an Údarás nó chuig an gconraitheoir craolacháin ag an seoladh ag a ndéanann an tÚdarás nó an conraitheoir craolacháin gnó a sheoladh,

(d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógra tugtha ag an Údarás nó ag an gconraitheoir craolacháin, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an Údarás nó chuig an gconraitheoir craolacháin chuig an seoladh sin, nó

(e) trína chur leis an bpost leictreonach nó le hinneall macasamhla, chuig feiste nó saoráid chun post leictreonach nó macasamhla a ghlacadh agus atá suite ag an seoladh ag a seolann an tÚdarás nó an conraitheoir craolacháin gnó nó, más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógra tugtha ag an Údarás nó ag an gconraitheoir craolacháin, an seoladh sin, ach sin sa chás amháin—

(i) go ndéanann—

(I) saoráid an tseoltóra chun post leictreonach a ghlacadh teachtaireacht a ghiniúint ina ndaingnítear go bhfuarthas an post leictreonach, nó

(II) inneall macasamhla an tseoltóra teachtaireacht a ghiniúint ina ndaingnítear go ndearnadh líon iomlán leathanach an fhógra a tharchur go rathúil,

agus

(ii) go dtugtar an fógra freisin i gceann amháin de na slite eile a luaitear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo.

(5) Chun críocha fho-alt (4), maidir le cuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, measfar gnáthchónaí a bheith uirthi ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Staideanna práinne.

61 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “soláthraí líonra” duine a sholáthraíonn nó a oibríonn líonra cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun seirbhísí craolacháin a leathadh, a tharchur nó a atarchur chuig an bpobal.

(2) Fad a mhairfidh aon staid práinne náisiúnta, féadfaidh an tAire aon cheadúnas craolacháin nó ceadúnas ilphléacs mar a mhínítear in alt 129 a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, féadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á soláthar faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé nó sí a cheangal go ndéanfar an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé nó sí.

(3) Beidh an chumhacht ag an Údarás a cheangal go gcomhoibreoidh conraitheoirí craolacháin agus soláthraithe líonraí leis na comhlachtaí poiblí iomchuí chun faisnéis iomchuí a scaipeadh ar an bpobal i gcás mór-staide práinne.

(4) Má fheidhmíonn agus aon uair a fheidhmíonn an tAire na cumhachtaí a thugtar dó nó di le fo-alt (2), beidh an conraitheoir craolacháin nó an conraitheoir ilphléacs i dteideal na nithe seo a leanas a fháil ón Aire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé suimeanna is gá chun aon chaiteachais a íoc a thabhaigh an conraitheoir craolacháin nó an conraitheoir ilphléacs go cuí agus de riachtanas, ag féachaint do chineál na staide práinne, agus nach bhfuil, de bhíthin fheidhmiú na gcumhachtaí sin, ioncam ar fáil don chonraitheoir craolacháin nó don chonraitheoir ilphléacs ar shlí eile faoina gcomhair, agus

(b) cúiteamh as aon damáiste a rinneadh d’aon mhaoin de chuid an chonraitheora craolacháin nó an chonraitheora ilphléacs, is damáiste is inchurtha go díreach i leith fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

(5) Ar iarraidh ón Aire, ordóidh an tÚdarás do chonraitheoir craolacháin am craolacháin a leithroinnt le haghaidh fógraí d’aon Aire den Rialtas agus thar ceann aon Aire den Rialtas, i gcás mór-staide práinne, i dtaca le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. Comhlíonfaidh an conraitheoir craolacháin an t-ordachán.

(6) Ar iarraidh ón Aire, ordóidh an tÚdarás do sholáthraí líonra, ar mhodh a shonróidh an tÚdarás, fógraí craolacháin a iompar le haghaidh agus thar ceann aon Aire den Rialtas, i gcás mór-staide práinne, i dtaca le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. Comhlíonfaidh an soláthraí líonra an t-ordachán.

(7) Le linn ordachán faoi fho-alt (5)(6) a chomhlíonadh, féadfaidh conraitheoir craolacháin nó soláthraí líonra fógra a chraoladh go bhfuair sé nó sí ordachán den sórt sin ón Údarás.

Srian ar chonradh craolacháin fuaime a dheonú.

62 .— Ní mholfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí don Údarás go ndeonófar conradh craolacháin fuaime do dhuine a ciontaíodh i gcion faoi alt 3(3) (arna chur isteach le halt 181(2)) d’Acht 1926 nó faoi alt 3, 4 nó 5 d’Acht 1988 má tharla an ciontú tráth níos déanaí ná 12 mhí roimh an gcéad lá ar a mbeartaíonn an duine gabháil do ghníomhaíochtaí craolacháin fuaime lena mbaineann an t-iarratas ar an gconradh craolacháin fuaime.

Conarthaí craolacháin fuaime.

63 .— Déanfaidh an tÚdarás, ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, conarthaí (“conarthaí craolacháin fuaime”) le daoine (“conraitheoirí craolacháin fuaime”) faoina mbeidh sé de cheart ag na conraitheoirí craolacháin fuaime agus de dhualgas orthu, faoi réir na Coda seo, tarchuradóirí craolacháin fuaime a fhreastalóidh ar na limistéir a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú chomh maith le seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar de réir mar a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime.

Conarthaí craolacháin fuaime pobail.

64 .— Féadfaidh an tÚdarás, ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, aicme de chonradh craolacháin fuaime (“conradh craolacháin fuaime pobail”) a dhéanamh le 2 dhuine nó níos mó de phobal áitiúil nó de phobal comhleasa más deimhin leis—

(a) go bhfuil na daoine sin ionadaitheach, agus cuntasach, don phobal lena mbaineann, agus

(b) gur leis an gcuspóir seo a leanas agus leis sin amháin a dhéanfar bunábhar clár a sholáthar de bhun an chonartha—

(i) díriú go sonrach ar leasanna an phobail lena mbaineann, agus féachaint le tairbhe shóisialach a sholáthar don phobal lena mbaineann, agus

(ii) luaíocht airgid a bhaint amach nach mó ná an méid is gá le réasún chun na caiteachais a íoc a thabhófar le linn an soláthar sin a dhéanamh.

Iarratais ar chonarthaí craolacháin fuaime.

65 .— (1) D’fhonn forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin a áirithiú agus chun go mbunófar éagsúlacht seirbhísí i limistéar lena ndéanfar freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh, déanfaidh an tÚdarás idirchaidreamh, agus rachaidh sé i gcomhairle, leis an Rialálaí Cumarsáide le linn don chomhlacht sin plean leithroinnte a ullmhú don raon minicíochtaí atá tiomnaithe do chraolachán fuaime.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do phlean leithroinnte faoi fho-alt (1) agus tar éis dul i gcomhairle leis an Rialálaí Cumarsáide, i leith na minicíochtaí raidió a bheidh ar fáil le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime—

(a) an limistéar (a bhféadfaidh an Stát uile nó aon chuid den Stát a bheith i gceist ann) a shonrú a ndéanfar iarratais ar chonradh craolacháin fuaime a lorg i ndáil leis, agus

(b) a ordú don Choiste um Dheonú Conarthaí iarratais ar chonarthaí craolacháin fuaime a lorg i leith an limistéir a shonrófar agus comhlíonfaidh an Coiste an t-ordachán sin.

(3) I gcás ina mbeartóidh an tÚdarás limistéar a shonrú faoi fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás ceachtar den dá rud seo a leanas nó iad araon a sheoladh, nó socrú a dhéanamh go seolfar ceachtar acu nó iad araon—

(a) staidéar sa limistéar sin nó i measc pobail comhleasa chun spéis agus mianta an limistéir sin nó an phobail sin a fháil amach i leith seirbhísí craolacháin fuaime, nó

(b) staidéar maidir leis an tionchar rannach a bheadh ag conradh craolacháin fuaime breise sa limistéar sin.

(4) Déanfaidh an tÚdarás torthaí aon staidéir a sheolfar faoi fho-alt (3) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bheidh á chothabháil ag an Údarás.

(5) Féadfaidh an tÚdarás a ordú don Choiste um Dheonú Conarthaí breithniú a dhéanamh ar thorthaí staidéir a sheolfar faoi fho-alt (3) i gcomhlíonadh ordacháin faoi fho-alt (2), agus comhlíonfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí ordachán breise den sórt sin.

(6) Féadfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí ar ordachán a fháil ón Údarás faoi fho-alt (2), de réir téarmaí aon ordacháin den sórt sin, trí fhógra poiblí cuireadh a thabhairt chun spéis a léiriú i ngnóthú conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime faoin Acht seo. Ní mór aon léiriú spéise a dhéanamh laistigh de 60 lá ó dháta an fhógra sin agus ní mór a leagan amach go ginearálta i léiriú spéise den sórt sin cén cineál seirbhíse a chuirfí ar fáil agus ní ghlacfar leis gur iarratas ar chonradh craolacháin fuaime é.

(7) Féadfar i bhfógra poiblí faoi fho-alt (6) a iarraidh ar na páirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a nochtadh i dtaobh an chineáil seirbhíse craolacháin fuaime a bheidh beartaithe.

(8) Déanfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí, faoi réir na Coda seo, iarratais a lorg ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar i ngach limistéar a bheidh sonraithe ag an Údarás faoi fho-alt (2) agus féadfaidh sé, faoi réir na Coda seo, a mholadh go ndéanfaidh an tÚdarás an conradh sin, agus leanfaidh an tÚdarás aon mholadh den sórt sin.

(9) I gcás go lorgóidh an Coiste um Dheonú Conarthaí iarratais ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar sonróidh sé, trí fhógra poiblí, an limistéar a bhfuil an tseirbhís craolacháin fuaime le soláthar i ndáil leis de bhun an chonartha sin, agus tabharfaidh sé, tríd an bhfógra sin, cuireadh do dhaoine ar spéis leo seirbhís den sórt sin a sholáthar iarratas a dhéanamh ar chonradh den sórt sin.

(10) Le linn dó breithniú a dhéanamh ar iarratais go ndeonófaí conradh craolacháin fuaime déanfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí iarratais a chinneadh de réir alt 66 agus sannfaidh sé scór i leith gach ceann de na critéir, nó i leith teaglaim de na critéir, a shonraítear in alt 66 (2) agus cuirfidh an Coiste um Dheonú Conarthaí an sannadh sin in iúl do gach duine a thug le fios go bhfuil ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh ar chonradh.

(11) Déanfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí, le linn dó teacht ar bhreith i dtaobh conradh craolacháin fuaime a dheonú, scór comhaontaithe a shannadh do gach ceann de na hiarratais a gheofar de réir fho-alt (10).

(12) Is le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choiste um Dheonú Conarthaí a chinnfear tuairim an Choiste um Dheonú Conarthaí ar scór a shannadh faoi fho-alt (11).

(13) Maidir le gach fógra faoi fho-alt (9)

(a) foilseofar é ar shuíomh gréasáin arna choimeád ag an Údarás, agus más cuí, i nuachtán a scaiptear sa limistéar a mbeidh freastal le déanamh air,

(b) sonrófar ann an nós imeachta a bheidh le leanúint d’fhonn iarratas a dhéanamh, agus

(c) sonrófar ann aon nithe eile is dealraitheach don Choiste um Dheonú Conarthaí is gá nó is iomchuí.

Iarratais go ndeonófaí conarthaí craolacháin fuaime agus conradh seirbhíse clár teilifíse a chinneadh.

66 .— (1) Déanfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí, de réir na Coda seo, breithniú ar gach iarratas a bheidh faighte aige—

(a) ar chonradh craolacháin fuaime arna dhéanamh faoi alt 65 (8), nó

(b) ar chonradh seirbhíse clár teilifíse,

chun a chinneadh cé hé nó cé hí an t-iarratasóir is oiriúnaí, más ann, chun conradh craolacháin a dheonú dó nó di.

(2) Le linn don Choiste um Dheonú Conarthaí breithniú a dhéanamh ar iarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus a bheidh faighte aige agus a chinneadh cé hé nó cé hí an t-iarratasóir is oiriúnaí chun conradh craolacháin a dheonú dó nó di, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) carachtar, saineolas agus taithí an iarratasóra nó, más comhlacht corpraithe an t-iarratasóir, carachtar, saineolas agus taithí an chomhlachta agus na stiúrthóirí, an bhainisteora, an rúnaí, nó oifigigh eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta sin agus carachtar, saineolas agus taithí na gcomhaltaí den chomhlacht sin agus na ndaoine a bhfuil teideal acu chuig úinéireacht thairbhiúil a scaireanna,

(b) leordhóthanacht na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil do gach iarratasóir agus a mhéid a bheidh an t-iarratas ag teacht le dea-phrionsabail ghnó agus eacnamaíochta,

(c) cáilíocht, réimse agus cineál na gclár a bheartaíonn gach iarratasóir, nó mura mbeidh ann ach iarratasóir amháin, a bheartaíonn an t-iarratasóir sin, a sholáthar,

(d) líon, cáilíocht, réimse agus cineál na gclár Gaeilge agus méid na gclár a bhaineann le cultúr na hÉireann a bheartaítear a sholáthar,

(e) a mhéid a dhéanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tseirbhís craolacháin bheartaithe, deiseanna nua a chruthú le haghaidh daoine a bhfuil buanna acu sa cheol, sa drámaíocht agus sa tsiamsaíocht agus go háirithe i leith chultúr na hÉireann,

(f) a inmhianaithe atá sé éagsúlacht seirbhísí a bheith ar fáil sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra chun freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh,

(g) a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó aici nó acu ar líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó aici nó acu iontu, ar seirbhísí iad a mbeidh conradh craolacháin fuaime arna dheonú faoin gCuid seo ina leith,

(h) a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó aici nó acu ar líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó aici nó acu iontu, sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra,

(i) a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó aici nó acu ar mhéid as cuimse de na meáin chumarsáide, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó aici nó acu iontu, sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra,

(j) a mhéid a dhéanann an tseirbhís bheartaithe—

(i) freastal ar phobail is inaitheanta mar phobail áitiúla agus a mhéid atá tacaíocht aici ó na leasanna éagsúla sa phobal, nó

(ii) freastal ar phobail chomhleasa,

(k) aon nithe eile is dóigh leis an gCoiste um Dheonú Conarthaí is gá chun forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin a áirithiú, agus

(l) i gcás go n-ordóidh an tÚdarás dó, aon cheann de na nithe seo a leanas—

(i) an méid atá an t-iarratasóir toilteanach a íoc leis an Údarás i leith an conradh craolacháin a dheonú mar íocaíocht amháin in airgead tirim, arna shonrú ag an iarratasóir i gcúrsa a iarratais nó a hiarratais,

(ii) an méid atá an t-iarratasóir toilteanach a íoc leis an Údarás i leith an conradh craolacháin a dheonú mar íocaíocht thréimhsiúil in airgead tirim, arna shonrú ag an iarratasóir i gcúrsa a iarratais nó a hiarratais,

(iii) an méid a bheidh an t-iarratasóir toilteanach a íoc leis an Údarás i leith an conradh craolacháin a dheonú mar íocaíocht thréimhsiúil in airgead tirim a chinnfear faoi threoir athróige, arna shonrú ag an iarratasóir i gcúrsa a iarratais nó a hiarratais.

(3) Le linn don Choiste um Dheonú Conarthaí breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht aon iarratasóra chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó nó di chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar i leith limistéir a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann, beidh aird ar leith aige ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha.

(4) Le linn don Choiste um Dheonú Conarthaí breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht iarratasóra chun conradh craolacháin a dheonú dó nó di beidh aird aige—

(a) ar cháilíocht fhoriomlán fheidhmíocht an iarratasóra maidir le soláthar seirbhíse craolacháin aige nó aici faoi aon chonradh craolacháin arna shealbhú aige nó aici an dáta a rinneadh an t-iarratas nó roimhe, agus

(b) ar thuarascálacha ón gCoiste um Chomhlíonadh.

(5) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí breith diúltú a mholadh conradh craolacháin a dheonú d’iarratasóir, cuirfidh an Coiste um Dheonú Conarthaí na nithe seo a leanas in iúl don iarratasóir—

(a) na cúiseanna atá leis an mbreith,

(b) scór an iarratasóra, agus

(c) scór aon iarratasóra ar éirigh leis nó léi.

(6) San alt seo, ciallaíonn “fógra” fógra faoi alt 65 (9).

Mear-phróiseas iarratais chun conarthaí craolacháin fuaime a dheonú.

67 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “ Coiste ” an Coiste um Dheonú Conarthaí;

ciallaíonn “ nós imeachta mear” nós imeachta dá bhforáiltear faoi fho-alt (2);

ciallaíonn “ sealbhóir ” duine a shealbhaíonn conradh craolacháin fuaime is ábhar d’fhógra faoi alt 65 (6).

(2) Más rud é, i dtuairim an Choiste, gur ón sealbhóir a fuarthas an t-aon fhreagra amháin a bheidh tugtha de mheon macánta de bhun fógra phoiblí faoi alt 65 (6), ansin féadfaidh an Coiste, dá rogha féin, beartú nós imeachta mear a agairt faoi fho-alt (6).

(3) I gcás ina mbeartaíonn an Coiste nós imeachta mear a agairt, sonróidh sé go bhfuil ar intinn aige nós imeachta den sórt sin a agairt, trí fhógra arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a chothabhálann an tÚdarás, agus más cuí i nuachtán a scaiptear sa limistéar ar a mbeifear chun freastal.

(4) Má dhéanann duine, seachas an sealbhóir, laistigh de 28 lá ón tráth a fhoilsítear fógra faoi fho-alt (3)

(a) aighneacht i scríbhinn á rá gur mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar dheonú conartha craolacháin fuaime don limistéar lena mbaineann, agus

(b) cibé suim a shonróidh an Coiste in aon fhógra faoi fho-alt (3) a thaisceadh ag an Údarás, ar suim í nach mó ná €25,000,

ansin rachaidh an Coiste ar aghaidh—

(i) le hiarratais ar dheonú conartha craolacháin fuaime don limistéar lena mbaineann a lorg faoi alt 65 (8), nó

(ii) leis an ní a tharchur chuig an Údarás le haghaidh treorach.

(5) Más rud é, i dtuairim an Choiste, go bhfuarthas iarratas faoi alt 65 de dhroim aighneachta faoi fho-alt (4), ansin déanfar aon suim a taisceadh faoi fho-alt (4) a aisíoc go hiomlán.

(6) I gcás nach bhfaighfear aon aighneacht i scríbhinn ná an taisce a bhainfidh léi faoi fho-alt (4), féadfaidh an Coiste—

(a) a iarraidh ar an gCoiste um Chomhlíonadh tuarascáil a ullmhú ar chomhlíonadh théarmaí a chonartha craolacháin fuaime agus Chuid 3 ag an sealbhóir,

(b) a iarraidh ar an sealbhóir togra a dhéanamh chun téarmaí a chonartha craolacháin fuaime nó a conartha craolacháin fuaime a leasú, agus

(c) leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar théarmaí a chonartha nó a conartha a mholadh don sealbhóir.

(7) Ní mór i dtogra a gheofar faoi fho-alt (6) aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas—

(a) na nithe atá leagtha amach in alt 66 , agus

(b) cibé nithe eile a mheasfaidh an Coiste a bheith iomchuí.

(8) Féadfaidh an Coiste, ar thogra a gheofar faoi fho-alt (6) a bhreithniú—

(a) na hathruithe conarthacha atá beartaithe ag an sealbhóir a dhiúltú agus dul ar aghaidh le hiarratais a lorg faoi alt 65 (8) ó dhaoine eile i gcomhair an limistéir lena mbaineann,

(b) an ní a tharchur chuig an Údarás le haghaidh treorach, nó

(c) a mholadh don Údarás, agus leanfaidh an tÚdarás aon mholadh den sórt sin, go ndéanfadh an tÚdarás comhaontú leis an sealbhóir ar na téarmaí conartha leasaithe arna moladh ag an gCoiste.

(9) Ní faide ná 10 mbliana téarma aon fhadaithe ar chonradh ar a gcomhaontófar faoi fho-alt (8).

(10) Déanfar na híocaíochtaí go léir a dhéanfar leis an Údarás faoi fho-alt (4)(b) agus a fhorghéillfidh an t-iarratasóir dá éis sin, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais.

Conarthaí craolacháin fuaime i gcomhair seirbhísí craolacháin fuaime sealadacha nó institiúideacha.

68 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, in aon tréimhse 12 mhí, conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar i cibé limistéar a shonrófar sa chonradh—

(a) ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá (cibé acu is laethanta comhleanúnacha iad nó nach ea) sa tréimhse 12 mhí sin, nó

(b) más iarratas ar chonradh craolacháin fuaime pobail ant-iarratas, ar feadh tréimhse nach faide ná 100 lá (cibé acu is laethanta comhleanúnacha iad nó nach ea) sa tréimhse 12 mhí sin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir chun seirbhís craolacháin fuaime ísealchumhachta a sholáthar nach mbeartaítear freastal a dhéanamh léi ach amháin ar cibé foras oideachais aonair, ospidéal aonair, nó bunachas eile dá shamhail, a bheidh sonraithe sa chonradh.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 39 (1)(c) maidir le conradh a dheonófar chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar faoin alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag ailt 65 agus 66 i gcás conradh chun seirbhís craolacháin fuaime a sholáthar a ndéanfar iarratas ina leith, nó a dheonófar, faoin alt seo.

Téarmaí agus coinníollacha conartha craolacháin.

69 .— (1) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Údarás agus a shonróidh sé sa chonradh a bheith i ngach conradh craolacháin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás gach ceann nó aon cheann de na téarmaí nó de na coinníollacha seo a leanas a shonrú i gconradh craolacháin:

(a) an tréimhse a leanfaidh an conradh i bhfeidhm lena linn;

(b) cibé acu an féidir an conradh a athnuachan agus, más féidir, an chaoi inar féidir, na téarmaí ar ar féidir, agus an tréimhse ar féidir an conradh a athnuachan amhlaidh ina leith;

(c) coinníoll á thoirmeasc an conradh, nó aon leas ann, a shannadh;

(d) más cuideachta an conraitheoir craolacháin, coinníoll á thoirmeasc aon athrú a dhéanamh ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais na cuideachta nó ar cibé méid den Mheabhrán sin nó de na hAirteagail sin a bheidh sonraithe, nó á thoirmeasc aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úinéireacht na cuideachta;

(e) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin cláir den cháilíocht agus an réimse agus an cineál clár a sholáthar a bheartaigh sé nó sí a thairiscint san iarratas a rinne sé nó sí ar an gconradh a dheonú dó nó di;

(f) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime an méid a shonraigh an conraitheoir ina iarratas nó ina hiarratas a íoc leis an Údarás.

(3) Mura mbeidh coinníoll den chineál a shonraítear i mír (c)(d) d’fho-alt (2) i gconradh craolacháin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) ní bheidh conradh craolacháin, nó aon leas i gconradh craolacháin, insannta, ná ní dhéanfar aon athrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais aon chuideachta ar conraitheoir craolacháin í, ná ní bheidh aon athrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, gan toiliú roimh ré i scríbhinn ón Údarás, agus féadfaidh an tÚdarás, más dóigh leis gur réasúnach déanamh amhlaidh, diúltú an toiliú sin a thabhairt;

(b) le linn dó breithniú a dhéanamh i dtaobh a thoiliú a thabhairt le sannadh ar chonradh craolacháin, le hathrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais cuideachta ar conraitheoir craolacháin í, nó le hathrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, beidh aird ag an Údarás ar na critéir a shonraítear in alt 66 (2) agus, i gcás inarb infheidhme é, in alt 66 (4).

(4) Déanfar foráil le gach conradh craolacháin go ndéanfaidh an conraitheoir craolacháin cibé faisnéis (lena n-áirítear cóipeanna dá chuntais nó dá cuntais) a chur ar fáil a mheasfaidh an tÚdarás nó an Coiste um Chomhlíonadh a bheidh ag teastáil uaidh d’fhonn a chumasú dó a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhall.

(5) Beidh gach conradh craolacháin ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal in oifig chláraithe an Údaráis agus déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a bheith déanta ag aon duine agus ar cibé suim (más ann) a éileoidh an tÚdarás le réasún a bheith íoctha, cóip den chonradh sin a thabhairt don duine sin.

(6) D’fhonn cailleadh bunábhair clár fuaime a sheachaint is cailleadh a bheadh mífhabhrach do chaomhnú taifid stairiúil ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann agus mar chéim thosaigh i dtaca le cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le bunábhar clár a tháirgtear sa Stát a chur i gcartlann, beidh téarma nó coinníoll i ngach conradh craolacháin fuaime á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime taifeadadh a dhéanamh ar bhunábhar clár agus stóráil a dhéanamh ar earnálacha bunábhair clár, a fhéadfaidh an tÚdarás a iniúchadh, ar feadh téarma an chonartha craolacháin fuaime agus ar feadh tréimhse 6 bliana dá éis sin.

(7) Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de bhliain amháin tar éis an tAcht seo a rith, formáid agus earnálacha a fhorordú a leanfaidh conraitheoirí craolacháin fuaime chun bunábhar clár a stóráil agus a thaifeadadh mar a cheanglaítear faoi fho-alt (6).

(8) Maidir leis na hearnálacha agus na méideanna bunábhair clár a cheanglaítear ar chonraitheoir craolacháin fuaime a thaifeadadh agus a stóráil, féadfaidh an tÚdarás iad a athrú ag féachaint don chineál agus don mhéid bunábhair clár a bheidh craolta ag an gconraitheoir craolacháin fuaime agus d’aon ualach airgeadais a ghabhann leis an taifeadadh sin agus an stóráil sin.

(9) Le linn don Údarás a dhualgais a chomhall faoi fho-ailt (7) agus (8), beidh aird chuí aige ar lánas cláir:

(a) atá i nGaeilge,

(b) a bhaineann le cultúr agus le saol na hÉireann,

(c) a bhaineann le ceol, drámaíocht agus siamsaíocht na hÉireann,

(d) is nuacht, cúrsaí reatha nó clár faisnéise,

(e) atá in aon earnáil eile arna haithint ag an Údarás agus a measann an tÚdarás gur fiú í a chothabháil agus a chaomhnú.

(10) Féadfaidh an tÚdarás aon bhunábhar clár a thaifeadtar faoi fho-alt (6) a stóráil thar ceann conraitheora craolacháin fuaime nó duine a shealbhaigh conradh craolacháin fuaime.

(11) Ní sárú ar an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 taifeadadh agus stóráil a dhéanamh ar bhunábhar clár i gcomhlíonadh fho-alt (6)(10).

(12) Tabharfaidh an tÚdarás tuairisc don Aire ar bhonn bliantúil i ndáil le comhlíonadh a dhualgas faoi fho-ailt (7), (8), (9) agus (10).

(13) Aon mhéid a íocfaidh conraitheoir leis an Údarás, is méid a shonraigh an conraitheoir ina iarratas nó ina hiarratas, déanfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Conradh seirbhíse clár teilifíse.

70 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, conradh (“conradh seirbhíse clár teilifíse”) le duine nó le daoine (“conraitheoir seirbhíse clár teilifíse”) a mbeidh sé de cheart aige, aici nó acu, agus de dhualgas air, uirthi nó orthu, seirbhís clár teilifíse a bhunú agus a chothabháil agus, faoi réir alt 139 , a mbeidh sé de cheart aige, aici nó acu, agus de dhualgas air, uirthi nó orthu, faoi réir théarmaí an chonartha, tarchuradóirí craolacháin teilifíse a bhunú, a chothabháil agus a oibriú chun an tseirbhís clár teilifíse a tharchur mar sheirbhís saorchraolta.

(2) Áiritheoidh an tÚdarás, maidir le seirbhís clár teilifíse a chuirfidh conraitheoir seirbhíse clár teilifíse ar fáil faoin alt seo, go mbeidh sí mar seo a leanas i leith a cuid clár—

(a) beidh aird aici ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sí i gcuimhne a riachtanaí atá comhthuiscint agus síocháin ar fud oileán na hÉireann uile, áiritheoidh sí go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aici do na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe don Ghaeilge,

(b) tacóidh sí leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh,

(c) beidh aird aici ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchas agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, go háirithe luachanna agus traidisiúin de chuid Ballstát eile, agus

(d) beidh cion réasúnach de chláir nuachta agus cúrsaí reatha inti.

(3) Déanfaidh conraitheoir seirbhíse clár teilifíse na ceanglais atá leagtha amach i míreanna (a) go (d) d’fho-alt (2) a chomhlíonadh ina chuid clár nó ina cuid clár.

(4) D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar fo-alt (2), áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar cion réasúnach den tseirbhís clár teilifíse—

(a) a tháirgeadh sa Stát nó i mBallstát eile, agus

(b) a chaitheamh ar bhunábhar clár bunúil a tháirgfear sa Stát nó i mBallstát eile ag daoine seachas an conraitheoir, a fhochuideachta nó a fochuideachta, a mháthairchuideachta nó a máthairchuideachta nó eagraíochtaí craolacháin láithreacha.

(5) Maidir leis an gconradh seirbhíse clár teilifíse arna dhéanamh ag Líonra Teilifíse TV3 Teoranta ag trádáil mar TV3 agus CCÉ faoi alt 17 den Acht Raidió agus Teilifíse 1988 agus faoi alt 6 den Acht Craolacháin 1990, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, leanann sé de bheith ar marthain amhail is go ndearnadh é faoin alt seo.

(6) Áiritheoidh an tÚdarás, maidir le haon chonradh a dhéanfaidh sé faoin alt seo agus maidir le haon chonradh den sórt sin a athnuafaidh sé faoin Acht seo, go mbeidh téarma ann lena bhforálfar go mbeidh an bhrí chéanna leis an abairt “clár teilifíse neamhspleách”, i gcás ina n-úsáidfear sa chonradh é, agus atá leis in alt 116 .

Conarthaí soláthair lánais.

71 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), ní sholáthróidh duine teaglaim de bhunábhar clár chun ceachtar de na críocha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) ar shlí seachas faoi réim agus de réir conartha soláthair lánais.

(2) Is iad na críocha lena mbaineann fo-alt (1)

(a) ábhar a áireamh mar chuid d’ilphléacs,

(b) an chríoch a bhaineann lena tharchur mar sheirbhís craolacháin sa Stát, i gcuid den Stát nó in áit eile trí líonra cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear líonra satailíte, córas MMD, líonra trastíre fosaithe nó soghluaiste, líonra cáblatheilifíse, líonra teilifíse prótacail idirlín nó aon chineál eile líonra cumarsáide leictreonaí.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le soláthar den sórt sin arna dhéanamh—

(a) ag duine eiscthe chun críche aon socruithe den sórt sin, nó

(b) ag RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais, Bealach Scannán na hÉireann nó sealbhóir conartha craolacháin chun críocha seirbhíse saorchraolta.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, ar mholadh an Choiste um Dheonú Conarthaí, conradh (“conradh soláthair lánais”) a dhéanamh le duine trína bhféadfaidh an duine sin teaglaim de bhunábhar clár a sholáthar chun na gcríoch dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(5) Beidh i gconradh soláthair lánais—

(a) coinníoll lena gceanglaítear ar shealbhóir an chonartha aon chóid chraolacháin nó rialacha craolacháin a chomhlíonadh i leith an bhunábhair clár a sholáthraítear de bhun an chonartha, agus

(b) coinníoll lena n-údaraítear don Choiste um Chomhlíonadh a iarraidh ar shealbhóir an chonartha suim airgid (nach mó ná méid a bheidh sonraithe sa choinníoll mar an t-uasmhéid a fhéadfar a iarraidh amhlaidh a íoc amhlaidh) a íoc leis an Údarás, i leith an tsealbhóra do mhainneachtain téarma nó coinníoll áirithe den chonradh a chomhlíonadh, agus lena gceanglaítear ar an sealbhóir an iarraidh sin a chomhlíonadh.

(6) Beidh i gconradh soláthair lánais coinníoll lena bhforálfar, maidir le haon bhunábhar clár a chuirfear ar fáil de bhun an chonartha, más rud é—

(a) go sáraíonn sé Airteagal 22 nó 3b den Treoir ón gComhairle nó an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989 , nó

(b) gurb éard é gríosú chun cion a dhéanamh,

go bhféadfaidh an tÚdarás, nó, i gcás go ndearnadh bunábhar clár den sórt sin a chur ar fáil laistigh de 6 mhí ón tráth a rinne an duine céanna bunábhar clár den sórt sin a chur ar fáil roimhe sin, go ndéanfaidh sé, an conradh a fhoirceannadh.

(7) Féadfaidh an tÚdarás na conarthaí a fhéadfaidh sé a dhéanamh faoin alt seo a roinnt in aicmí éagsúla faoi threoir na gcoinníollacha éagsúla a fhéadfaidh sé a chur ag gabháil leis na conarthaí de bhun a chumhachtaí faoin Acht seo, agus féadfaidh sé teideal a chur ar gach aicme conartha den sórt sin trí cibé focail idirdhealaitheacha is dóigh leis is cuí a chur leis.

(8) Féadfaidh an tÚdarás, sula ndéanfaidh sé conradh soláthair lánais le duine, a cheangal ar an duine sin táille a íoc leis an Údarás de cibé méid is dóigh leis is cuí, má mhainníonn an duine sin an táille sin a íoc leis an Údarás, ní dhéanfaidh an tÚdarás an conradh leis nó léi.

(9) Féadfaidh an tÚdarás táillí éagsúla a shonrú le haghaidh cineálacha áirithe conraitheoirí soláthair lánais.

(10) Féadfaidh an tÚdarás méid aon táille a íocfar leis faoi fho-alt (8) a úsáid chun na caiteachais a íoc a thabhóidh sé le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh go ginearálta.

Conarthaí soláthair lánais pobail.

72 .— (1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh 2 chomhalta nó níos mó de phobal áitiúil nó de phobal comhleasa teaglaim de bhunábhar clár a chur ar fáil chun í a chraoladh mar sheirbhís craolacháin, faoi cheadúnas tarchurtha córais MMD nó dá réir, nó trí sholáthraí líonra chuí dá dtagraítear i bhfo- alt 77 (1).

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), féadfaidh an tÚdarás aicme de chonradh soláthair lánais (“conradh soláthair lánais pobail”) a dhéanamh le 2 dhuine nó níos mó de phobal áitiúil nó de phobal comhleasa, trína bhféadfaidh na daoine sin teaglaim de bhunábhar clár a chur ar fáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bhfo-alt (1), más deimhin leis—

(a) go bhfuil na daoine sin ionadaitheach, agus cuntasach, don phobal lena mbaineann, agus

(b) gur leis an gcuspóir seo a leanas agus leis sin amháin a dhéanfar bunábhar clár a chur ar fáil de bhun an chonartha—

(i) díriú go sonrach ar leasanna an phobail lena mbaineann, agus féachaint le tairbhe shóisialach a sholáthar don phobal lena mbaineann, agus

(ii) luaíocht airgid a bhaint amach nach mó é ná an méid is gá le réasún chun na caiteachais a íoc a thabhófar le linn an t-ábhar clár sin a chur ar fáil.

(3) Ní dhéanfaidh an tÚdarás conradh lánais pobail ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an duine ar dealraitheach don Údarás gurb é nó í a dhéanfaidh, nó de réir mar a bheidh, gurb é nó í an duine a gceanglófar air nó uirthi faoi alt 76 (4) 77(8), an bunábhar clár arna chur ar fáil de bhun an chonartha a tharchur mar sheirbhís chraolacháin.

(4) Bunóidh an tÚdarás nósanna imeachta trína gcumasófar do dhaoine de phobail áitiúla aighneachtaí a dhéanamh go tráthrialta chuig an Údarás maidir leis na conarthaí áirithe ba cheart, dar leo, a dhéanamh faoin alt seo agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha áirithe ba cheart, dar leo, a bheith ar áireamh sna conarthaí sin agus á cheangal ar an Údarás sonraí a thabhairt, ar iad a iarraidh, d’aon daoine den sórt sin faoi aon tograí a bheidh foirmlithe, de thuras na huaire, ag an Údarás féin maidir le gach ceann de na nithe sin.

(5) Sula ndéanfaidh sé conradh soláthair lánais pobail, beidh aird ag an Údarás ar aon aighneachtaí a dhéanfar chuige faoi réim agus de réir nósanna imeachta arna mbunú faoi fho-alt (4) agus ar dealraitheach dó gur aighneachtaí iad atá iomchuí maidir leis an gconradh sin.

(6) Seolfaidh an tÚdarás suirbhé nó déanfaidh sé socrú le daoine den phobal áitiúil nó den phobal comhleasa lena mbaineann chun go seolfar suirbhé, a bheidh chomh cuimsitheach agus is féidir, i measc daoine den phobal sin d’fhonn—

(a) an méid a éascaítear don phobal sin páirt ghníomhach a ghlacadh i dteaglamú agus i dtarchur an bhunábhair clár arna sholáthar de bhun conartha soláthair lánais pobail,

(b) an méid a fhéachann na daoine sin ar aon seirbhís craolacháin ar a dtarchuirtear an bunábhar clár sin, agus

(c) tuairim na ndaoine sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) cáilíocht an bhunábhair clár sin, agus

(ii) cibé acu a dhíríonn nó nach ndíríonn an bunábhar sin go sonrach ar leasanna a bpobail,

a fháil amach agus beidh aird aige ar thorthaí suirbhé den sórt sin le linn dó breith a thabhairt, i ndáil le haon chonradh soláthair lánais pobail a bheartaíonn sé a dhéanamh le daoine den phobal sin díreach tar éis an suirbhé sin a sheoladh, maidir leis an duine a ndéanfaidh sé an conradh sin leis nó léi agus le cineál na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a chuirfidh sé sa chonradh sin.

(7) Má cheanglaítear ar shealbhóir ceadúnais córais tarchurtha MMD faoi alt 76 (4), nó má cheanglaítear ar sholáthraí líonra chuí dá dtagraítear in alt 77 (1) faoi fho-alt (8) den alt sin, an bunábhar clár arna sholáthar de bhun conartha soláthair lánais pobail a tharchur mar sheirbhís craolacháin, maidir leis an sealbhóir nó le soláthraí seirbhíse líonra chuí—

(a) ní bheidh sé nó sí faoi dhualgas ar bith a chinntiú go gcomhlíonann an bunábhar téarmaí agus coinníollacha an chonartha sin nó ceanglais Chuid 3,

(b) ní mheasfar, chun críocha dhlí an chlúmhillte, bréige mailísí nó aon chineáil eile dliteanais shibhialta, de bhua an tarchuir sin, gurbh é nó í a d’fhoilsigh an bunábhar, nó

(c) ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas maidir le damáistí, de bhua an tarchuir sin, mar gheall ar aon sárú ar chóipcheart, ar chearta maoine intleachtúla eile nó ar chearta dlíthiúla eile aon duine.

Riachtanais phobail i leith craolacháin a mheasúnú.

73 .— Féadfaidh an tÚdarás, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh a fháil ó phobal áitiúil nó ó phobal comhleasa, measúnacht a dhéanamh ar riachtanais phobail i leith craolacháin agus i measúnacht den sórt sin beidh an méid a gheofar amach i dtaobh a mhéid atá saoráidí, oiliúint agus acmhainní léiriúcháin ar fáil don phobal chun a chumasú don phobal freastal ar an tslí is fearr ar a leasanna féin maidir leis na riachtanais sin.

Eolaithe clár leictreonacha.

74 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “eolaí clár leictreonach” aon mheán leictreonach chun faisnéis a sholáthar do dhaoine den phobal i ndáil le sceideal bunábhair clár is ábhar d’aon seirbhís craolacháin agus ar meán leictreonach é is cuid dhílis den chóras leata agus glactha trína soláthraítear an tseirbhís craolacháin.

(2) Ní dhéanfaidh duine eolaí clár leictreonach a ullmhú nó a chur ar fáil lena úsáid seachas faoi réim agus de réir conartha um eolaí clár leictreonach.

(3) Féadfaidh an tÚdarás conradh a dhéanamh (“conradh um eolaí clár leictreonach”) le duine trína bhféadfaidh an duine sin eolaí clár leictreonach amháin nó níos mó a ullmhú nó a chur ar fáil lena úsáid.

(4) Beidh i gconradh um eolaí clár leictreonach coinníoll á cheangal ar shealbhóir an chonartha rialacha faoi alt 75 a chomhlíonadh i leith an eolaí clár leictreonaigh nó na n-eolaithe clár leictreonacha a bheidh ullmhaithe aige nó aici faoin gconradh sin.

(5) Beidh i gconradh um eolaí clár leictreonach coinníoll á cheangal ar shealbhóir an chonartha a chinntiú, go ndéantar leis an eolaí clár leictreonach nó leis na heolaithe clár leictreonacha a bheidh ullmhaithe faoin gconradh tús áite a thabhairt laistigh den eolaí nó de na heolaithe do shuí gach seirbhíse craolacháin arna soláthar sa Stát ag RTÉ, TG4, agus na seirbhíse arna soláthar faoi chonradh seirbhíse clár teilifíse ag an gconraitheoir clár seirbhíse teilifíse, i gcás go gcuirtear na seirbhísí craolacháin sin ar fáil ar an gcóras leata agus glactha, agus coinníoll breise go bhféadfaidh duine den phobal an t-eolaí clár leictreonach nó na heolaithe clár leictreonacha a úsáid go héasca chun rochtain a fháil ar fhaisnéis i ndáil leis na sceidil bunábhair clár is ábhar do gach ceann de na seirbhísí craolacháin réamhluaite.

(6) Maidir le sealbhóir conartha um eolaí clár leictreonach ní dhéanfaidh sé nó sí eolaí clár leictreonach a dhearadh ar shlí arb é an toradh a bheidh air deacracht a bheith ag úsáidire de chuid an eolaí le linn dó nó di an bunábhar clár arna sholáthar ag conraitheoir craolacháin, ag conraitheoir soláthair lánais nó ag craoltóir faoi Chuid 7 a rochtain.

(7) Más cuí leis an Údarás déanamh amhlaidh ionas gur féidir le daoine den phobal iad féin a choimeád ar an eolas faoin rogha bunábhar clár atá ar fáil lena bhreathnú ar sheirbhísí craolacháin atá mar chuid d’ilphléacs (de réir bhrí alt 129 ) féadfaidh sé cuireadh a thabhairt chun spéis a léiriú i ngnóthú conartha um eolaí clár leictreonach.

(8) Féadfaidh an tÚdarás, tar éis gach léiriú spéise a gheofar ar scór cuiridh den sórt sin a scrúdú, conradh um eolaí clár a dhéanamh leis an duine arb iad a chuid tograí nó a cuid tograí le haghaidh eolaí clár leictreonaigh nó eolaithe clár leictreonacha den sórt sin is fearr a d’fhreastalódh, ina thuairim, ar riachtanais an phobail.

(9) Féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt do RTÉ nó do chonraitheoir ilphléacs á cheangal go ndéanfaidh RTÉ nó an conraitheoir eolaí clár leictreonach arna ullmhú faoi chonradh um eolaí clár leictreonach dá dtagraítear i bhfo-alt (8) a áireamh mar chuid d’ilphléacs teilifíse, agus déanfaidh RTÉ nó an conraitheoir an t-ordachán a chomhlíonadh.

(10) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gur eolaí clár leictreonach seirbhís teilitéacs.

Rialacha maidir le conarthaí um eolaí clár.

75 .— Féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an Rialálaí Cumarsáide, rialacha a ullmhú maidir leis an bhformáid ina bhféadfar an fhaisnéis i ndáil le sceidil bunábhair clár arna soláthar le heolaithe clár leictreonacha a thíolacadh agus maidir leis na socruithe a dhéanamh is gá chun ceanglais alt 74 (5) a chomhlíonadh.

Seirbhísí craolacháin a tharchur trí chóras MMD.

76 .— (1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais arna dheonú ag an Rialálaí Cumarsáide, ar ceadúnas é lena n-údaraítear bunábhar clár a leathadh trí mheán córais MMD, na nithe seo a leanas a leathadh trí na meáin sin—

(a) i gcás inar córas analóige é, go hiomlán nó go páirteach, an córas MMD a úsáideann an sealbhóir sin, an tseirbhís a sholáthraíonn an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse faoi alt 70 agus a iarrann an conraitheoir sin ar an sealbhóir a leathadh amhlaidh,

(b) i gcás inar córas digiteach é, go hiomlán nó go páirteach, an córas MMD a úsáideann an sealbhóir sin, gach seirbhís saorchraolta arna soláthar ag RTÉ agus ag TG4 agus an tseirbhís saorchraolta arna soláthar faoi alt 70 ag an gconraitheoir clár seirbhíse teilifíse agus a iarrann an comhlacht sin nó an conraitheoir sin ar an sealbhóir a leathadh amhlaidh.

(2) Má éiríonn díospóid idir sealbhóir ceadúnais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus comhlacht nó conraitheoir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i ndáil leis an suí a rinne an sealbhóir, i gcomórtas leis an suí a rinne sé nó sí ar sheirbhís craolacháin eile, ar sheirbhís saorchraolta, arna soláthar ag an gcomhlacht sin nó ag an gconraitheoir sin, ar an gcóras lena mbaineann ar suí é arna dhéanamh ar chóras MMD chun go gcomhlíonfaidh an sealbhóir iarraidh ón gcomhlacht nó ón gconraitheoir sin faoi fho-alt (1), de réir mar a bheidh, déanfar an díospóid a tharchur chuig an Údarás lena cinneadh agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Údaráis maidir leis an ní.

(3) Ní fhorchuirfidh sealbhóir ceadúnais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) muirear i ndáil le haon seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil do dhuine má fhorchuireann sé nó sí muirear ar an duine sin i ndáil le haon seirbhís eile a chur ar fáil don duine sin trí mheán an chórais MMD lena mbaineann.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar shealbhóir ceadúnais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iomlán an bhunábhair clár, nó cuid de, a chuirtear ar fáil faoi chonradh soláthair lánais pobail sonraithe amháin nó níos mó a leathadh mar sheirbhís craolacháin trí mheán an chórais MMD lena mbaineann, ar conradh é nó ar conarthaí iad ar daoine den phobal áitiúil nó den phobal comhleasa ar a bhfreastalaítear leis an gcóras sin iad a sealbhóirí agus a iarrann ar an sealbhóir céadluaite iomlán an bhunábhair clár sin nó, de réir mar a bheidh, cuid de, a leathadh amhlaidh.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) más córas analóige MMD é an córas a úsáideann sealbhóir an cheadúnais lena mbaineann.

(6) Aon duine a gcuirfidh an tÚdarás ceanglas faoi fho-alt (4) air nó uirthi comhlíonfaidh sé nó sí an ceanglas sin.

(7) Ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) muirear a fhorchur i ndáil le haon seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a chur ar fáil do dhuine, de bhun ceanglais a chuirfear air nó uirthi faoin bhfo-alt sin, má fhorchuireann sé nó sí muirear ar an duine sin i ndáil le haon seirbhís eile a chur ar fáil don duine sin trí mheán an chórais MMD lena mbaineann.

(8) Tabharfaidh an tÚdarás tuarascáil don Aire ar bhonn bliantúil i ndáil le hoibriú an ailt seo.

Oibleagáidí iompair éigeantaigh agus tairisceana éigeantaí.

77 .— (1) (a) Sa Chuid seo ciallaíonn “líonra cuí” líonra cumarsáide leictreonaí arna sholáthar ag duine (“soláthraí líonra chuí”) agus a úsáidtear chun seirbhísí craolacháin a leathadh ar an bpobal nó a tharchur chuig an bpobal.

(b) Chun críocha an ailt seo, maidir le conraitheoir ilphléacs i ndáil le hilphléacsanna dá dtagraítear in alt 132 (1), (2), (3) agus (4) nó in alt 133 ní soláthraí líonra chuí é nó í de bhua é nó í a bheith ina chonraitheoir ilphléacs nó ina conraitheoir ilphléacs nó de bhua gníomhaíochtaí gaolmhara.

(c) Chun críocha an ailt seo, maidir le sealbhóir ceadúnais dá dtagraítear in alt 76 (1), a n-údaraítear lena théarmaí bunábhar clár a tharchur trí mheán córais MMD, ní soláthraí líonra chuí é nó í de bhua é nó í a bheith ina cheadúnaí nó ina ceadúnaí nó de bhua gníomhaíochtaí gaolmhara.

(d) Chun críocha an ailt seo, maidir le sealbhóir ceadúnais arna eisiúint faoi alt 59 121, a n-údaraítear lena théarmaí bunábhar clár a tharchur, ní soláthraí líonra chuí é nó í de bhua é nó í a bheith ina cheadúnaí nó ina ceadúnaí faoin alt sin nó de bhua gníomhaíochtaí gaolmhara.

(2) I gcás inarb é tuairim an Údaráis, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh agus tar éis dul i gcomhairle leis an Rialálaí Cumarsáide, nach bhfuil cineál nó aicme córais líonra, seachas córas líonra aonair, in úsáid ag líon suntasach úsáidirí deiridh mar an príomh-mheán acu chun tarchuir bunábhair clár a ghlacadh, féadfaidh sé a mholadh don Aire deireadh a chur, go hiomlán nó go páirteach, leis na hoibleagáidí arna leagan amach i bhfo-ailt (3), (4), (5), (6), (7), (8), (9) agus (10) ar an gcineál sin nó ar an aicme sin córais líonra. Féadfaidh an tAire ordú chuige sin a dhéanamh.

(3) Sa chás gur córas digiteach an líonra cuí, cinnteoidh an soláthraí líonra chuí go ndéanfar Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann a athchraoladh lena líonra cuí nó tríd.

(4) Cinnteoidh soláthraí líonra chuí go n-atarchuirfidh sé nó sí, lena líonra cuí nó tríd, gach seirbhís saorchraolta teilifíse a sholáthraíonn RTÉ agus TG4 de thuras na huaire agus an tseirbhís craolacháin a sholáthraíonn an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse faoi alt 70 agus a iarrfaidh an comhlacht nó an conraitheoir sin ar an soláthraí líonra chuí a atarchur amhlaidh.

(5) Má éiríonn díospóid idir an soláthraí líonra chuí agus RTÉ, TG4 nó an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse i ndáil leis an suí a rinne an soláthraí líonra chuí, i gcomórtas leis an suí a rinne sé nó sí ar sheirbhís craolacháin eile, ar sheirbhís saorchraolta arna soláthar ag an comhlacht nó an conraitheoir sin, ar an gcóras lena mbaineann, ar suí é arna dhéanamh ar líonra cuí chun go gcomhlíonfaidh an soláthraí líonra chuí iarraidh ón gcomhlacht nó ón gconraitheoir sin faoi fho-alt (4), déanfar an díospóid a tharchur chuig an Údarás lena cinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Údaráis ar an ní.

(6) Atarchuirfidh soláthraí líonra chuí gach seirbhís craolacháin fuaime náisiúnta a dhéanann RTÉ arna soláthar de thuras na huaire agus ag gach conraitheoir craolacháin fuaime, agus a n-iarrfaidh RTÉ nó an conraitheoir lena mbaineann ar an sealbhóir í a atarchur amhlaidh.

(7) Ní fhorchuirfidh an soláthraí líonra chuí aon mhuirear nó ní cheadóidh sé nó sí aon mhuirear a fhorchur i ndáil le haon seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (3), (4), (5) (6)a chur ar fáil do dhuine má fhorchuireann sé nó sí muirear nó má cheadaíonn sé nó sí muirear a fhorchur ar an duine sin i ndáil le haon seirbhís eile a chur ar fáil don duine sin trí mheán an líonra chuí lena mbaineann.

(8) Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar sholáthraí líonra chuí go dtarchuirfidh sé nó sí mar sheirbhís craolacháin, trí líonraí cuí sonraithe (cibé acu líonraí analóige nó digiteacha) arna gcothabháil ag an soláthraí líonra chuí, iomlán an bhunábhair clár nó cuid de, a chuirtear ar fáil faoi chonradh soláthair lánais pobail sonraithe amháin nó níos mó is conradh nó is conarthaí ar daoine den phobal áitiúil nó den phobal comhleasa ar a bhfreastalaítear leis an líonra cuí sin iad a sealbhóirí agus a iarrann ar an soláthraí líonra chuí céadluaite iomlán an bhunábhair clár sin nó, de réir mar a bheidh, cuid de, a tharchur.

(9) Aon duine ar a gcuirfidh an tÚdarás ceanglas faoi fho-alt (8), déanfaidh sé nó sí de réir an cheanglais sin.

(10) Ní fhorchuirfidh soláthraí líonra chuí muirear nó ní cheadóidh sé nó sí muirear a fhorchur i ndáil le haon seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (8) a chur ar fáil do dhuine, de bhun ceanglais a bheidh déanta air nó uirthi faoin bhfo-alt sin, má fhorchuireann sé nó sí muirear nó má cheadaíonn sé nó sí muirear a fhorchur ar an duine sin i ndáil le haon seirbhís eile a chur ar fáil don duine sin trí mheán an líonra chuí lena mbaineann.

(11) Gan dochar do na ceanglais a fhorchuirtear faoi fho-alt (5), cinnteoidh RTÉ, TG4 agus an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse go ndéantar gach tráth a gcuid seirbhísí tairisceana éigeantaí a thairiscint lena n-atarchur (faoi réir comhaontú maidir le téarmaí úsáide atá cóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach) trí aon líonra cuí atá ar fáil lena ghlacadh ar shlí intuigthe ag daoine den phobal sa Stát go léir nó i gcuid de.

(12) Cinnteoidh RTÉ, TG4 agus an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse go ndéantar gach tráth a gcuid seirbhísí tairisceana éigeantaí a thairiscint lena gcraoladh nó lena n-atarchur (faoi réir comhaontú maidir le téarmaí úsáide atá cóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach) trí gach seirbhís teilifíse satailíte.

(13) Ní thiocfaidh de thoradh ar shocraithe arna ndéanamh faoi fho-alt (12), go mbeidh aon mhuirear breise ar aon suibscríobhaí le seirbhís teilifíse satailíte mar gheall ar aon seirbhís tairisceana éigeantaí a chur ar fáil don suibscríobhaí sin tríd an tseirbhís teilifíse satailíte.

(14) Faoi réir cheanglais aon chonartha arna dhéanamh faoi alt 74 , cinnteofar le haon socrú arna dhéanamh faoi fho-alt (12) go dtabharfar tosaíocht san eolaí clár leictreonach trína bhfaighidh daoine den phobal rochtain ar an tseirbhís teilifíse satailíte do shuíomh na seirbhíse tairisceana éigeantaí chun críocha na seirbhíse teilifíse satailíte sin agus chun críocha aon seirbhíse teilifíse satailíte eile a úsáideann an t-eolaí clár leictreonach céanna freisin chun seirbhís teilifíse satailíte a chur ar fáil lena ghlacadh ar shlí intuigthe ag daoine den phobal sa Stát go léir nó i gcuid de.

(15) Tabharfaidh an tÚdarás tuarascáil don Aire ar bhonn bliantúil i ndáil le hoibriú an ailt seo.

(16) (a) Déanfaidh an tAire aon ordú faoi fho-alt (2) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh ordú faoi bhráid an Tí sin de réir mhír (a), rún a rith ag neamhniú an ordaithe.

(c) Maidir le neamhniú faoi mhír (b) ar ordú, tagann sé in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin ordú roimh an rún a rith.

(17) San alt seo—

ciallaíonn “ seirbhís tairisceana éigeantaí ” seirbhís teilifíse saorchraolta arna soláthar de thuras na huaire ag RTÉ, TG4 agus an tseirbhís saorchraolta a sholáthraíonn an conraitheoir clár seirbhíse teilifíse faoi alt 70 ;

ciallaíonn “ atarchur ” tarchur atá comhuaineach nach mór, gan athrú agus neamhghiorraithe;

ciallaíonn “ seirbhís teilifíse satailíte ” seirbhís arb éard atá inti, nó lena ngabhann, seirbhísí craolacháin teilifíse a leathadh nó a tharchur ó shatailít, is seirbhísí iad a dtairgtear ansin don phobal le hintinn go ndéanfaidh líon suntasach de na daoine sa Stát go léir nó i gcuid de ag a nglacfar na craoltaí ar shlí intuigthe na seirbhísí sin a úsáid mar a bpríomh-mhodh chun cláir theilifíse a ghlacadh.

Cionta (Cuid 6).

78 .— (1) Aon duine a sháraíonn alt 71 (1) alt 74(2), tá cion déanta aige nó aici.

(2) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlitear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €100,000 a chur air nó uirthi.