An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Forálacha i leith Deontas Áirithe ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Aisghairm)

22 2009

TODO

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

100 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “ Acht 2004 ” an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

(2) Leasaítear alt 3 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (2)(c)(ii), trí “teaghlach de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 arna mheasúnú faoi alt 20 den Acht sin mar theaghlach atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta” a chur in ionad “duine dá dtagraítear in alt 9(2) d’Acht na dTithe 1988”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3) D’ainneoin an mhínithe ar “ tionóntacht ” in alt 5(1), san alt seo ní fholaíonn tagairt do thionóntacht tionóntacht ar faide a téarma ná 35 bliana.”.

(3) Leasaítear alt 12 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) gabhdáin a sholáthar atá oiriúnach chun dramhaíl a stóráil lasmuigh den teaghais, ach amháin i gcás nach bhfuil cumhacht ná rialú ag an tiarna talún i leith na teaghaise lena mbaineann chun gabhdáin den sórt sin a sholáthar,”,

(b) i bhfo-alt (4)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) cíos, nó aon mhuirir nó cánacha eile is iníoctha ag an tionónta de réir an léasa nó an chomhaontaithe tionóntachta, a íoc agus gurb ionann méid an chíosa nó na muirear nó na gcánacha eile sin atá i riaráiste agus méid na héarlaise nó gur mó ná sin é, nó”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)(b):

“(b) más rud é, ar dháta na hiarrata ar aischur nó aisíoc, go ndéantar mainneachtain—

(i) cíos, nó aon mhuirir nó cánacha eile is iníoctha ag an tionónta de réir an léasa nó an chomhaontaithe tionóntachta, a íoc, nó

(ii) alt 16(f) a chomhlíonadh,

agus nach bhfuil feidhm ag fomhír (i) nó (ii), de réir mar a bheidh, de mhír (a), ansin ní cheanglófar ach amháin an difríocht idir méid an chíosa nó na muirear nó na gcánacha eile sin atá i riaráiste nó, de réir mar is cuí, méid na gcostas a thabhófaí le linn bearta den chineál dá dtagraítear i mír (a)(ii) a dhéanamh, a aisíoc nó a aischur faoi fho-alt (1)(d).”.

(4) Leasaítear alt 135 d’Acht 2004—

(a) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (5) trí “á rá go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán agus neamhbhailí agus déanfaidh sé an t-iarratas, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh isteach leis an iarratas agus aon táille a íocadh a chur ar ais” a chur in ionad “maidir leis an ábhar lena mbaineann a bheith fágtha ar lár agus tabharfaidh sé deis réasúnach dó nó di an ní a réiteach”.

(5) Leasaítear Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 147:

“Faisnéis áirithe a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

147A.— Déanfaidh an Bord, i gceann cibé eatramh a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, faisnéis atá sa chlár a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim, is faisnéis ar gá le réasún í a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim chun go gcomhlíonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bhfeidhmeanna.”.

(6) Ní dhéanann an leasú dá bhforáiltear i bhfo-alt (2)(b) difear d’aon ní arna tharchur chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha lena réiteach faoi Chuid 6 d’Acht 2004 roimh theacht i ngníomh don alt seo.