|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 3 Téarmaí agus Coinníollacha Comhaontaithe Tionóntachta) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL 4 Faisnéis a Bheidh le hÁireamh i gComhaontú Seirbhísí Maoine | |
| [EN] | Alt 73 . | |
| [EN] | Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i gcomhaontú seirbhísí maoine— | |
| [EN] | 1. Ainm agus seoladh an chomhlachta shonraithe | |
| [EN] | 2. Ainm agus oifig chláraithe na cuideachta bainistíochta | |
| [EN] | 3. Mionsonraí faoin mórláthair árasán ainmnithe is ábhar don chomhaontú | |
| [EN] | 4. Sonraí maidir leis na seirbhísí atá le soláthar ag an gcomhlacht sonraithe faoin gcomhaontú, lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta maoine agus soláthar foirne | |
| [EN] | 5. Méid na táille nó na dtáillí is iníoctha ag an gcuideachta bainistíochta faoin gcomhaontú agus na himthosca ina dtagann an táille nó na táillí chun bheith iníoctha, na nósanna imeachta a bhaineann leis an táille nó na táillí a bhailiú, lena n-áirítear nósanna imeachta chun aon táille den sórt sin a bhailiú i gcás nach ndéanann an chuideachta bainistíochta íocaíocht | |
| [EN] | 6. An tréimhse ar lena linn a bheidh éifeacht leis an gcomhaontú | |
| [EN] | 7. An tréimhse fógra atá le tabhairt i gcás an t-údarás tithíochta nó an chuideachta bainistíochta d’fhoirceannadh an chomhaontaithe | |
| [EN] | 8. Mionsonraí maidir le hárachas slánaíochta gairmiúla an chomhlachta shonraithe | |
| [EN] | 9. Mionsonraí maidir leis na taifid atá le coimeád ag an gcomhlacht sonraithe i leith na seirbhísí a sholáthar faoin gcomhaontú | |
| [EN] | 10. Nósanna imeachta gearán agus sásamh arna mbunú ag an gcomhlacht sonraithe | |
| [EN] | 11. Clár ama chun seirbhísí a sheachadadh faoin gcomhaontú | |
| [EN] | 12. Sonraí maidir le seirbhísí lasmuigh de na gnáthuaireanta le haghaidh éigeandálaí | |
| [EN] | 13. Oibleagáidí tuairiscithe an chomhlachta shonraithe don chuideachta bainistíochta. |