|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (TODO) | Ar Aghaidh (CUID 2 Feidhmeanna Údarás Tithíochta ) |
TODO
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna na dTithe 1966 go 2009 a ghairm d’Achtanna na dTithe 1966 go 2004 agus den Acht seo (seachas alt 100 ) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |
| [EN] | (3) Déanfar alt 100 agus, a mhéid a bhaineann sé leis an alt sin, an t-alt seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus 2009, mar aon ní amháin, agus folófar iad sa chomhlua “na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus 2009”. | |
| [EN] | (4) Tagann an tAcht seo (seachas alt 100 ) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, lena n-áirítear feidhm alt 7 nó 8 maidir le hachtacháin éagsúla a shonraítear i Sceideal 1 nó i Sceideal 2 agus maidir le forálacha éagsúla de na hachtacháin sin. | |
| [EN] |
Léiriú. |
2 .— (1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1988” Acht na dTithe 1988; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1992” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1997” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 2002” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002; | |
| [EN] | ciallaíonn “ tithíocht incheannaithe ” teaghaisí incheannaithe arna gceannach faoi shocruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5 nó tithíocht incheannaithe arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 nó faoi Chuid 2 d’Acht 2002, de réir mar a bheidh; | |
| [EN] | tá le “ scéim leithroinnte ” an bhrí a thugtar dó le halt 22; | |
| [EN] | tá le “iompar frithshóisialta” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d’Acht 1997; | |
| [EN] | ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” comhlacht atá arna cheadú chun críocha alt 6 d’Acht 1992; | |
| [EN] | tá le “carbhán” an bhrí chéanna atá leis in alt 13 d’Acht 1988; | |
| [EN] | tá le “ comhaontú tionóntachta Chaibidil 4 ” an bhrí a thugtar dó le halt 25 agus forléireofar tagairtí do “tionóntacht Chaibidil 4” dá réir sin; | |
| [EN] | tá le “ plean forbartha ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000; | |
| [EN] | folaíonn “ teaghais ” aon fhoirgneamh nó aon chuid d’fhoirgneamh atá á áitiú nó a bheartaítear a áitiú mar ghnátháit chónaithe agus folaíonn sé aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus folaíonn sé teach, árasán, teaghaisín, teaghasán nó brú; | |
| [EN] | tá le “ bainistiú eastáit ” an bhrí chéanna a shanntar do “ bainistí eastáit ” in alt 1 d’Acht 1997; | |
| [EN] | tá le “ feidhm feidhmiúcháin ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001; | |
| [EN] | tá le “ plean gníomhaíochta easpa dídine ” an bhrí a thugtar dó le halt 37; | |
| [EN] | tá le “ fóram comhairleach easpa dídine ” an bhrí a thugtar dó le halt 38; | |
| [EN] | ciallaíonn “ duine gan dídean ” duine a measann údarás tithíochta gur duine gan dídean é nó í de réir na brí atá le “duine gan chónaí” in alt 2 d’Acht 1988 agus forléireofar “ gan dídean ” agus “ teaghlach gan dídean ” dá réir sin; | |
| [EN] | léifear “ comhfhóram comhairleach easpa dídine ” de réir alt 38 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “ teaghlach ”, faoi réir ailt 20 agus 84, duine a chónaíonn ina aonar nó ina haonar nó 2 dhuine nó níos mó atá in aontíos; | |
| [EN] | tá le “ clár gníomhaíochta tithíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 18; | |
| [EN] | tá le “ údarás tithíochta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 23 d’Acht 1992; | |
| [EN] | déanfar “ seirbhísí tithíochta ” a léamh de réir alt 10; | |
| [EN] | tá le “ plean seirbhísí tithíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 14; | |
| [EN] | tá le “ straitéis tithíochta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 93 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000; | |
| [EN] | déanfar “ tacaíocht tithíochta ” a léamh de réir alt 10 (a); | |
| [EN] | ciallaíonn “ údarás áitiúil ” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001; | |
| [EN] | tá le “ bainisteoir ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001; | |
| [EN] | tá le “ cíos margaidh ” an bhrí chéanna atá leis in alt 24 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004; | |
| [EN] | “ciallaíonn “ feabhsuithe ábhartha ” feabhsuithe arna ndéanamh— | |
| [EN] | (a) ar theaghais arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh faoi Chuid 3, nó | |
| [EN] | (b) faoi réir alt 78 (3), ar theaghais arna díol faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5, | |
| [EN] | cibé acu chun an teaghais a leathnú, a mhéadú, a dheisiú nó a athchóiriú, ach ní fholaíonn sé maisiú ná aon fheabhsuithe arna ndéanamh ar an talamh lena n-áirítear an teaghais a fhoirgniú; | |
| [EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil; | |
| [EN] | ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “ Príomh -Acht ” Acht na dTithe 1966; | |
| [EN] | tá le “ socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí ” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002; | |
| [EN] | folaíonn “ athfheistiú ”, i ndáil le teaghais nó foirgneamh eile, an teaghais nó an foirgneamh eile sin a mhéadú, a fheabhsú, a oiriúnú nó a athfhoirgniú; | |
| [EN] | tá le “comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa” an bhrí a thugtar dó le halt 24; | |
| [EN] | tá le “scéim cíosa” an bhrí a thugtar dó le halt 31; | |
| [EN] | tá le “ feidhm fhorchoimeádta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001; | |
| [EN] | tá le “ measúnacht ar thithíocht shóisialta ” an bhrí a thugtar dó le halt 20; | |
| [EN] | déanfar “ tacaíocht do thithíocht shóisialta ” a léamh de réir alt 19 . | |
| [EN] | (2) San Acht seo déanfar tagairtí do “comhairle buirge”, “comhairle contae” agus “comhairle baile” a léamh de réir an Achta Rialtais Áitiúil 2001. | |
| [EN] |
Rialacháin. |
3 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear, san Acht seo, mar ní atá forordaithe nó atá le forordú nó mar ní a bheidh ina ábhar do rialacháin nó chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil dá chuid. |
| [EN] | (2) Maidir le rialacháin faoin Acht seo— | |
| [EN] | (a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha, iarmhartacha nó idirthréimhseacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán, agus | |
| [EN] | (b) féadfaidh sé a bheith sainráite iontu go bhfuil feidhm acu go ginearálta nó go bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis tithíochta nó limistéir shonraithe nó maidir le húdaráis tithíochta, limistéir, mórláithreacha árasán (de réir bhrí alt 50 ), teaghaisí, tionóntachtaí, iasachtaí, morgáistí, daoine, teaghlaigh, oibreacha nó aon ní eile d’aicme shonraithe nó d’aicmí sonraithe, arna sainiú faoi threoir cibé nithe lena mbaineann an fhoráil nó na forálacha den Acht seo faoina ndéantar na rialacháin agus is cuí leis an Aire agus féadfaidh sé a bheith sainráite go bhfuil feidhm ag forálacha éagsúla de na rialacháin sin maidir le húdaráis tithíochta nó limistéir éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla údarás tithíochta, limistéar, mórláithreacha árasán (de réir bhrí alt 50 ), teaghaisí, tionóntachtaí, iasachtaí, morgáistí, daoine, teaghlach, oibreacha nó nithe eile. | |
| [EN] | (3) Leagfar gach rialachán faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin rún a rith ag neamhniú an rialacháin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
| [EN] |
Ordacháin ón Aire. |
4 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, de réir mar is cuí leis nó léi, ordacháin bheartais ghinearálta a thabhairt i scríbhinn d’údarás tithíochta i ndáil leis an údarás tithíochta do chomhlíonadh aon cheann dá chuid feidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, ordachán faoi fho-alt (1), lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú. | |
| [EN] | (3) Aon uair a thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo, foilseoidh sé nó sí an t-ordachán, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go bhfoilseofar é, sa tslí is cuí leis nó léi. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh údarás tithíochta cóip d’aon ordachán a thabharfar dó faoin alt seo a chur ar fáil le linn gnáthuaireanta oibre lena iniúchadh ag daoine den phobal, saor in aisce, ar an Idirlíon agus ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis. | |
| [EN] |
Treoirlínte. |
5 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, de réir mar is cuí leis nó léi, cibé treoirlínte, is cuí leis nó léi, a eisiúint chuig údaráis tithíochta i ndáil le comhlíonadh a gcuid feidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus tabharfaidh údaráis tithíochta aird ar na treoirlínte sin le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tAire aon treoirlínte a eiseofar faoin alt seo a fhoilsiú, nó a chur faoi deara go bhfoilseofar iad, sa tslí is cuí leis nó léi. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh údarás tithíochta cóip d’aon treoirlínte a eiseofar chuige faoin alt seo a chur ar fáil le linn gnáthuaireanta oibre lena n-iniúchadh ag daoine den phobal, saor in aisce, ar an Idirlíon agus ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis. | |
| [EN] |
Teorainn le cumhacht an Aire. |
6 .— Gan dochar d’alt 12, ní fhorléireofar ailt 4 agus 5 mar ailt lena gcuirtear ar chumas an Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a bhfuil baint ag údarás tithíochta leis nó a bhféadfaidh baint a bheith ag údarás tithíochta leis. |
| [EN] |
Aisghairm. |
7 .— Déantar na hAchtanna a shonraítear i gcolún (3) de Sceideal 1 a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin. |
| [EN] |
Leasuithe iarmhartacha. |
8 .— Déantar na hAchtanna a shonraítear i Sceideal 2 a leasú mar a léirítear sa Sceideal sin. |
| [EN] |
Caiteachais. |
9 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |