An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh (Caibidil 2 Plean Seirbhísí Tithíochta )

22 2009

TODO

CUID 2

Feidhmeanna Údarás Tithíochta

Caibidil 1

Seirbhísí Tithíochta

Seirbhísí tithíochta a sholáthar.

10 .— Le linn dó a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 a chomhlíonadh, féadfaidh údarás tithíochta seirbhísí tithíochta a sholáthar, lena n-áirítear gach ní nó aon ní díobh seo a leanas, ach gan iad a bheith teoranta do na nithe sin—

(a) tacaíocht tithíochta arna soláthar do theaghlaigh chun freastal ar a riachtanais chóiríochta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i) tacaíocht do thithíocht shóisialta;

(ii) tithíocht incheannaithe;

(iii) léasanna úinéireachta roinnte a dheonú faoi alt 3 d’Acht 1992;

(iv) teaghaisí a dhíol, nó toiliú lena ndíol, faoi alt 90 den Phríomh-Acht;

(v) fóirdheontais is iníoctha faoi alt 4 d’Acht 1992 nó faoi alt 7 d’Acht 2002;

(vi) iasachtaí arna dtabhairt faoi alt 11 d’Acht 1992 nó faoi alt 25(1) d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998;

(vii) deontais le haghaidh oibreacha chun tithe a fheabhsú nó a oiriúnú faoi alt 5 d’Acht 1992;

(viii) deontais agus cúnamh eile chun tithe nua a sholáthar nó le haghaidh oibreacha feabhsúcháin ar thithe faoi alt 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1979;

(ix) seirbhísí arna soláthar do dhaoine gan dídean, nó daoine gan chónaí, faoi alt 10 d’Acht 1988;

(x) láithreáin a sholáthar faoi alt 57 den Phríomh-Acht,

(b) cúnamh, seachas cúnamh airgeadais nó tacaíocht tithíochta, arna sholáthar—

(i) de réir plean gníomhaíochta easpa dídine do theaghlaigh a bhí gan dídean tráth roimh a gcóiríocht reatha a áitiú acu agus, i dtuairim an údaráis tithíochta, gur gá an cúnamh sin d’fhonn tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin chun fanacht ag áitiú na cóiríochta sin, nó

(ii) do thionóntaí teaghaisí lena mbaineann alt 31 (1),

(c) bainistiú, cothabháil agus athfheistiú a dhéanamh faoi alt 28 ar aon teaghais, foirgneamh nó talamh atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta nó atá faoina bhainistiú agus faoina rialú, agus

(d) athfhoirgniú nó feabhsú a dhéanamh faoi alt 12 d’Acht 1988 ar thithe áirithe arna soláthar ag údaráis tithíochta.

Seirbhísí coimhdeacha a sholáthar.

11 .— (1) San alt seo folaíonn “ seirbhísí coimhdeacha ” bóithre, siopaí, saoráidí chun tairbhe don phobal (lena n-áirítear saoráidí sláinte agus fóillíochta), faichí súgartha, ionaid áineasa, páirceanna, plásáin, spásanna oscailte, láithreáin le haghaidh ionad adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus foirgnimh nó talamh eile agus cibé oibreacha nó seirbhísí eile a bheidh, i dtuairim údaráis tithíochta, fóinteach i dtaca le riachtanais na dteaghlach dá soláthraítear na teaghaisí lena mbaineann nó i dtaca le riachtanais teaghlach eile.

(2) Le linn seirbhísí tithíochta a sholáthar agus i dtaca le teaghaisí a sholáthraítear, atá le soláthar nó is gá, i dtuairim an údaráis tithíochta, a sholáthar san am atá le teacht, féadfaidh údarás tithíochta na seirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus, más cuí leis é, iad a choimeád i ndea-ord agus i ndea-dheis.

(3) Chun críocha fho-alt (2)—

(a) folaíonn tagairt do theaghaisí a sholáthar tagairt do theaghaisí a sholáthraítear, nó a chothabháiltear, thar ceann údaráis tithíochta de bhun socruithe le comhlacht ceadaithe nó de bhun socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, agus

(b) folaíonn tagairt do sheirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus a chothabháil tagairt do sheirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear de bhun socruithe le comhlacht ceadaithe nó de bhun socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha.

Maoiniú le haghaidh seirbhísí tithíochta.

12 .— (1) Féadfaidh an tAire, chun seirbhísí tithíochta a sholáthar, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nó fóirdheontas a íoc le húdarás tithíochta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith na nithe seo a leanas go léir nó i leith aon cheann amháin nó níos mó díobh:

(a) an t-údarás do sholáthar teaghaisí nó láithreán;

(b) athfheistiú teaghaisí arna soláthar ag an údarás;

(c) an t-údarás do sholáthar carbhán nó do sholáthar, d’fheabhsú nó do bhainistiú láithreán le haghaidh carbhán dá dtagraítear in alt 13 d’Acht 1988 do dhaoine lena mbaineann an t-alt sin;

(d) talamh a fháil chun teaghaisí nó láithreáin a sholáthar;

(e) seirbhísí coimhdeacha a sholáthar i dtaca le teaghaisí nó láithreáin a sholáthar nó a fheabhsú;

(f) faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, cúnamh a sholáthar do chomhlacht ceadaithe faoi alt 6 d’Acht 1992;

(g) cibé bearta a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta de bhun a phlean seirbhísí tithíochta chun a sheirbhísí tithíochta a fheabhsú;

(h) cibé bearta a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta de bhun a phlean gníomhaíochta easpa dídine agus a bhaineann le cúnamh a sholáthar faoi alt 10 (b)(i).

(2) Ní íocfar deontas ná fóirdheontas faoin alt seo maidir le teaghais, láithreán nó oibreacha mura rud é go gcomhlíonann an teaghais, an láithreán nó na hoibreacha iomchuí, tráth a gcríochnaithe, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin foirgníochta agus oibreacha agus i ndáil le soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dteaghaisí nó chuig láithreáin.

(3) Maidir le fóirdheontas faoi fho-alt (1) i leith muirear iasachta arna dtabhú le linn aon cheann de na seirbhísí tithíochta dá dtagraítear san fho-alt sin a sholáthar, féadfar é a íoc leis an údarás tithíochta lena mbaineann nó féadfar é a íoc, thar ceann an údaráis sin, leis an duine a thug an iasacht iomchuí ar ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le deontas nó fóirdheontas a íoc faoi fho-alt (1)(f), ar rialacháin iad ina ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas go léir nó maidir le haon cheann amháin nó níos mó díobh:

(a) an aicme nó na haicmí cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith agus an aicme nó na haicmí teaghlach dá soláthraítear an chóiríocht sin;

(b) méid an deontais nó an fhóirdheontais;

(c) ceanglais i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) an cúnamh a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(ii) an deontas nó an fóirdheontas a íoc,

(iii) imthosca airgeadais agus imthosca eile teaghlach a áitíonn cóiríocht a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(iv) áitiú agus cothabháil cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(v) achar urláir na cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith arna thomhas ar cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(vi) caighdeáin foirgníochta, oibreacha agus deisiúcháin, agus uisce, séarachas agus seirbhísí eile a bheith ar fáil i gcóiríocht a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith, agus

(vii) aon deontas, fóirdheontas nó cúnamh eile a íoc faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith na cóiríochta lena mbaineann.

Acmhainní údaráis tithíochta.

13 .— Maidir le haon airgead a fhabhróidh chuig údarás tithíochta—

(a) as teaghais a dhíol atá ar úinéireacht ag an údarás, lena n-áirítear díol faoi alt 90 den Phríomh-Acht nó faoi Chuid 34,

(b) as teaghais a athdhíol faoi alt 48 76,

(c) as comhlacht ceadaithe i leith teaghais dá dtagraítear i mír (b) a athdhíol,

(d) as íocaíochtaí i leith aon mhéideanna a bheidh gan íoc faoi alt 47 75, de réir mar a bheidh,

(e) as teaghais a athdhíol faoi alt 9 d’Acht 2002,

(f) as leas an údaráis tithíochta a cheannach nó as teaghais a dhíol, de réir mar a bheidh, faoi alt 10 d’Acht 2002,

(g) as láithreáin áirithe, nó teaghaisí ar na láithreáin sin, a athdhíol faoi alt 98 , nó

(h) as deontas lena mbaineann alt 99 a aisíoc,

tabharfaidh an t-údarás tithíochta cuntas air i gcuntas ar leithligh agus, faoi réir ceadú a fháil roimh ré ón Aire, féadfar é a úsáid chun tithíocht a sholáthar nó chun tithíocht atá ann cheana féin a athfheistiú nó a chothabháil, nó chun aon chríoch gaolmhar eile.