An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 5 Feidhmeanna Bainistíochta agus Rialaithe ) Ar Aghaidh (CUID 3 Socruithe Ceannaigh Incrimintigh )

22 2009

TODO

Caibidil 6

Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine

Léiriú (Caibidil 6).

36 .— Sa Chaibidil seo—

tá le “ grúpa bainistíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 39;

tá le “ údarás tithíochta freagrach ” an bhrí a thugtar dó le halt 38;

ciallaíonn “ comhlacht sonraithe ”—

(a) an Foras Áiseanna Saothair,

(b) Seirbhís Phríosúin na hÉireann, i gcás ina bhfuil príosún suite—

(i) i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó

(ii) i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i limistéar riaracháin aon údaráis tithíochta lena mbaineann,

(c) an tSeirbhís Phromhaidh,

(d) coiste gairmoideachais de réir bhrí alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 a bhfreagraíonn a limistéar feidhme—

(i) do limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó

(ii) i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, do limistéar riaracháin aon údaráis tithíochta lena mbaineann,

agus

(e) cibé comhlacht eile a fhorordófar chun críocha na Caibidle seo.

Plean gníomhaíochta easpa dídine.

37 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, i leith a limistéir riaracháin, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo, plean a ghlacadh (dá ngairtear “ plean gníomhaíochta easpa dídine ” san Acht seo) chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine.

(2) Sonrófar i bplean gníomhaíochta easpa dídine na bearta atá beartaithe ag an údarás tithíochta nó na húdaráis tithíochta, de réir mar a bheidh, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, comhlachtaí sonraithe, nó comhlachtaí ceadaithe nó comhlachtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine nó a bhféadfaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a bheith bainteach leo a ghabháil de láimh, chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear bearta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach, ach ní gá a bheith teoranta dóibh—

(a) easpa dídine a chosc,

(b) easpa dídine a laghdú maidir lena méid nó lena fad,

(c) seirbhísí, lena n-áirítear cóiríocht, a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais teaghlach gan dídean,

(d) cúnamh a sholáthar faoi alt 10 (b)(i), de réir mar is gá, do dhaoine a bhí gan dídean roimhe seo, agus

(e) comhordú éifeachtach gníomhaíochtaí a bheartaítear a ghabháil de láimh ag na comhlachtaí dá dtagraítear san fho-alt seo d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann a chur chun cinn.

(3) Is i scríbhinn a bheidh plean gníomhaíochta easpa dídine agus cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas ann—

(a) aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le méid an ghá atá le seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine, lena n-áirítear, i gcás tacaíochtaí tithíochta, aon achoimre ar mheasúnachtaí ar thithíocht shóisialta arna n-ullmhú faoi alt 21 i leith teaghlach gan dídean,

(b) na costais a ghabhann leis na bearta beartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus na hacmhainní airgeadais atá ar fáil nó is dóigh a bheidh ar fáil le haghaidh thréimhse an phlean gníomhaíochta easpa dídine don údarás tithíochta nó do na húdaráis tithíochta lena mbaineann, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó d’aon chomhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, d’fhonn na bearta sin a ghabháil de láimh agus an gá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin,

(c) cibé beartais agus cuspóirí atá ag an Rialtas nó ag an Aire de thuras na huaire a mhéid a fhéadfaidh siad difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí do dhaoine gan dídean nó a bhainfidh siad leis an gcéanna, agus

(d) cibé nithe eile a shonróidh an tAire in ordachán a thabharfar don údarás tithíochta faoi fho-alt (4) lena n-áirítear (ach amháin i gcás an chéad phlean gníomhaíochta easpa dídine) athbhreithniú ar dhul chun cinn a bheidh déanta i gcur i ngníomh an phlean gníomhaíochta easpa dídine le linn thréimhse an phlean roimhe sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordacháin i scríbhinn a thabhairt d’údarás tithíochta—

(i) d’fhonn treoir a sholáthar maidir le foirm agus ábhar plean gníomhaíochta easpa dídine, nó

(ii) d’fhonn an tréimhse a shonrú ar lena linn a fhanfaidh plean den sórt sin i bhfeidhm, ar tréimhse í nach giorra ná 3 bliana in aon chás,

nó chun an dá chríoch sin.

(b) Comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordacháin arna dtabhairt faoi mhír (a).

Fóram comhairleach easpa dídine.

38 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), a luaithe is indéanta tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo agus ag féachaint d’alt 37(1), bunóidh údarás tithíochta comhlacht ar a dtabharfar an fóram comhairleach easpa dídine agus ceapfaidh sé a chomhaltaí.

(2) Is iad feidhmeanna fóraim chomhairligh easpa dídine faisnéis, tuairimí, comhairle nó tuarascálacha, de réir mar is cuí, a sholáthar don ghrúpa bainistíochta i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) easpa dídine agus oibriú agus cur i ngníomh an phlean gníomhaíochta easpa dídine sa limistéar riaracháin lena mbaineann,

(b) forálacha an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine, agus

(c) aon mhodhnú beartaithe ar an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine de bhun alt 40 (6).

(3) I gcás ina gcomhlíontar aon cheann den dá choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) nó iad araon nó i gcás ina n-ordaíonn an tAire amhlaidh de bhun fho-alt (4)(b), déanfaidh údarás tithíochta socrú le haon údarás tithíochta eile a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar riaracháin an údaráis tithíochta lena mbaineann nó le haon údarás tithíochta eile, de réir mar is cuí, chun comhfhóram comhairleach easpa dídine a bhunú a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) i ndáil le limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta is páirtithe sa socrú.

(4) (a) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3) go measfaidh an t-údarás tithíochta—

(i) go gcuirfeadh comhfhóram comhairleach easpa dídine cuspóirí plean gníomhaíochta easpa dídine ar aghaidh mar gheall ar mhéid nó ar chineál na heaspa dídine ina limistéar riaracháin, nó

(ii) go gcinnteodh comhfhóram comhairleach easpa dídine agus comhroinnt seirbhísí riaracháin a bhainfeadh leis go mbainfí an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní.

(b) Féadfaidh an tAire, i gcás inar cuí leis nó léi é, a ordú d’údaráis tithíochta socrú a dhéanamh de bhun fho-alt (3) agus comhlíonfaidh na húdaráis tithíochta aon ordachán den sórt sin.

(5) I gcás socrú de bhun fho-alt (3) chun comhfhóram comhairleach easpa dídine a bhunú, déanfaidh na húdaráis tithíochta lena mbaineann, trí chomhaontú i scríbhinn, údarás tithíochta amháin (dá ngairtear “ an t-údarás tithíochta freagrach ” sa Chaibidil seo) a cheapadh chun go gcomhlíonfar, thar ceann na n-údarás tithíochta lena mbaineann, a gcuid feidhmeanna faoin gCaibidil seo.

(6) Déanfaidh údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, déanfaidh an t-údarás tithíochta freagrach, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 , cathaoirleach ar an bhfóram comhairleach easpa dídine nó ar an gcomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a cheapadh as measc chomhaltas an fhóraim nó an chomhfhóraim sin.

(7) Beidh an cathaoirleach a cheapfar faoi fho-alt (6) ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an ngrúpa bainistíochta freisin.

(8) Is é a bheidh i gcomhaltas an fhóraim chomhairligh easpa dídine na daoine seo a leanas:

(a) fostaí nó fostaithe de chuid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, fostaí nó fostaithe de chuid gach údaráis tithíochta lena mbaineann a bheidh ainmnithe ag an údarás tithíochta nó ag na húdaráis tithíochta lena mbaineann, de réir mar a bheidh;

(b) fostaí nó fostaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheidh ainmnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

(c) faoi réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 (1)(a), daoine a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí sonraithe, agus

(d) faoi réir fho-alt (9), daoine a bheidh ainmnithe—

(i) ag comhlachtaí ceadaithe, agus

(ii) ag aon chomhlachtaí eile,

a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine gan dídean sa limistéar riaracháin nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, sna limistéir riaracháin lena mbaineann nó a bhféadfaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a bheith bainteach le soláthar seirbhísí den sórt sin de réir mar is dóigh leis an údarás tithíochta nó leis an údarás freagrach, de réir mar a bheidh, is cuí de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(9) Ní mó an líon daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (8)(d) ná an leathchuid de chomhalta an fhóraim chomhairligh easpa dídine nó an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh.

(10) Déanfaidh fóram comhairleach easpa dídine nó comhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, cruinnithe agus imeachtaí an fhóraim a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile.

(11) Féadfaidh an t-údarás tithíochta lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, féadfaidh na húdaráis tithíochta lena mbaineann, cibé seirbhísí agus tacaíocht a bhaineann le hoibriú an fhóraim chomhairligh easpa dídine nó an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, a sholáthar a mheasfaidh an t-údarás tithíochta nó na húdaráis tithíochta is gá, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(12) Ní chuirfear imeachtaí fóraim chomhairligh easpa dídine nó comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, ó bhail mar gheall ar aon fholúntais sa chomhaltas.

Grúpa bainistíochta.

39 .— (1) Ceapfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, grúpa (dá ngairtear “grúpa bainistíochta” sa Chaibidil seo) ina mbeidh comhaltaí áirithe den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, arb é nó í an duine sin é nó í, nó arb iad na daoine sin iad, dá dtagraítear in alt 38(8)(a), (b) agus (c) agus is cuí leis an údarás tithíochta nó leis an údarás freagrach, de réir mar a bheidh, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(2) Féadfaidh an grúpa bainistíochta a chruinnithe agus a nósanna imeachta a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile.

(3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, cibé seirbhísí agus tacaíocht a sholáthar a bhaineann le hoibriú an ghrúpa bainistíochta, agus is cuí leis an údarás tithíochta sin, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(4) Maidir leis an ngrúpa bainistíochta—

(a) comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a thugtar dó faoin gCaibidil seo i ndáil le hullmhú agus modhnú an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine agus leis an athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta easpa dídine, agus

(b) féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, faoi bhráid na n-údarás tithíochta lena mbaineann, faoi bhráid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó faoi bhráid aon chomhlachta shonraithe, i ndáil le gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas:

(i) seirbhísí is gá chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann;

(ii) maoiniú le haghaidh seirbhísí den sórt sin, agus na hacmhainní airgeadais atá ar fáil nó is dóigh a bheidh ar fáil á gcur i gcuntas;

(iii) oibriú an phlean gníomhaíochta easpa dídine, ag féachaint d’aon fhaisnéis, tuairimí, comhairle nó tuarascálacha arna soláthar ag an bhfóram comhairleach easpa dídine nó ag an gcomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh.

(5) Ní chuirfear imeachtaí grúpa bainistíochta ó bhail mar gheall ar aon fholúntais sa chomhaltas.

Dréachtphlean a ullmhú agus plean a dhéanamh.

40 .— (1) Déanfaidh bainisteoir údaráis tithíochta nó údaráis tithíochta fhreagraigh, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun socrú a dhéanamh maidir le dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ullmhú i leith an limistéir riaracháin lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i leith na limistéar riaracháin lena mbaineann.

(2) D’fhonn dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ullmhú faoin alt seo agus roimh an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a chur isteach de bhun fho-alt (3)

(a) rachaidh an grúpa bainistíochta i gcomhairle—

(i) leis na comhaltaí eile den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus

(ii) le haon chomhairle baile a bhfuil a limistéar riaracháin i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta, lena mbaineann an plean,

agus

(b) féadfaidh sé dul i gcomhairle le haon údarás tithíochta a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar riaracháin an údaráis tithíochta lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, tadhlach le limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta lena mbaineann.

(3) Tráth nach déanaí ná 10 seachtain ón dáta a chuirfear an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh an grúpa bainistíochta an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a cheadú agus a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, faoi bhráid gach údaráis tithíochta de na húdaráis tithíochta lena mbaineann lena ghlacadh.

(4) Faoi réir fho-ailt (5) go (8), déanfaidh an t-údarás tithíochta, nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, déanfaidh gach údarás tithíochta de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh laistigh de 6 sheachtain tar éis an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a fháil, fara modhnú nó gan mhodhnú.

(5) I gcás ina mbaineann aon chuid de dhréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine le feidhmeanna Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó le feidhmeanna comhlachta shonraithe, déanfaidh an t-údarás tithíochta, nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun a cheadú a lorg maidir le haon mhodhnú beartaithe de bhun fho-alt (4) i leith na coda sin den dréachtphlean.

(6) Déanfaidh an grúpa bainistíochta, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain ón dáta a chuirfear an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (5), tar éis dul i gcomhairle leis na comhaltaí eile den fhóram comhairleach easpa dídine, nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh—

(a) glacadh leis an modhnú beartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó diúltú dó, agus

(b) fógra, i scríbhinn, a thabhairt don údarás tithíochta nó don údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, maidir leis an gcinneadh agus maidir leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

(7) Glacfaidh an t-údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, gach ceann de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine tráth nach déanaí na 6 sheachtain ón dáta a chuirfear an fógra faoi fho-alt (6), mar aon leis an modhnú, i gcás ina nglacfaidh an grúpa bainistíochta leis, nó gan an modhnú, i gcás ina ndiúltófar dó.

(8) I gcás ina mainneoidh an t-údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, aon cheann de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh de réir an ailt seo, déanfaidh bainisteoir gach údaráis tithíochta, de réir mar is cuí, le hordú, a luaithe is indéanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dá dtagraítear in alt 37 (1), an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh de réir fho-alt (4) (7), de réir mar is cuí.

(9) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar is cuí—

(a) cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a thabhairt don Aire agus do gach comhalta den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a luaithe is indéanta tar éis a ghlactha,

(b) an plean gníomhaíochta easpa dídine a chur ar fáil lena iniúchadh, ar iarraidh ó aon duine, gan mhuirear, ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oifige,

(c) ar iarraidh ó aon duine, cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a sholáthar ar phraghas nach mó ná an costas réasúnach atáirgthe, agus

(d) cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a fhoilsiú agus a chothabháil ar an Idirlíon ar feadh tréimhse an phlean.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, aon tráth, agus déanfaidh sé, in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí roimh dheireadh thréimhse an phlean gníomhaíochta easpa dídine, cinneadh a dhéanamh socrú a dhéanamh—

(a) chun an plean gníomhaíochta easpa dídine a athbhreithniú agus, más cuí, a leasú, nó

(b) chun plean gníomhaíochta easpa dídine nua a ullmhú agus a ghlacadh.

(11) I gcás ina ndéanfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, cinneadh chun críocha fho-alt (10), déanfaidh bainisteoir an údaráis tithíochta nó an údaráis tithíochta fhreagraigh, de réir mar a bheidh, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun socrú a dhéanamh chun an plean gníomhaíochta easpa dídine a athbhreithniú nó chun plean gníomhaíochta easpa dídine nua a ullmhú agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-ailt (2) go (9) fara aon mhodhnuithe is gá.

(12) Faoi réir fho-alt (8), is feidhm fhorchoimeádta é plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh nó a leasú.

(13) (a) D’ainneoin alt 37(1), más rud é, roimh theacht i ngníomh don Chaibidil seo, gur ghlac údarás tithíochta plean a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i mír (b), ansin meastar gur plean gníomhaíochta easpa dídine arna ghlacadh go cuí ag an údarás tithíochta chun críocha na Caibidle seo plean den sórt sin.

(b) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (a)

(i) go sonrófar sa phlean na bearta a bheartaítear a ghabháil de láimh chun cuspóirí plean gníomhaíochta easpa dídine a shonraítear in alt 37(2) a bhaint amach, agus

(ii) nach n-éagfaidh an plean roimh dheireadh bliana amháin tar éis an dáta a thiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh.

Ordacháin ón Aire.

41 .— (1) Féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt d’údarás tithíochta nó d’údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas:

(a) líon comhaltaí agus comhdhéanamh fóraim chomhairligh easpa dídine nó comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear cothromaíocht chuí inscne;

(b) líon comhaltaí agus comhdhéanamh grúpa bainistíochta;

(c) tréimhse cheapacháin na gcomhaltaí d’fhóram comhairleach easpa dídine nó de chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus den ghrúpa bainistíochta;

(d) téarmaí agus coinníollacha ceapacháin (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cur as oifig, le héirí as, le corrfholúntais a líonadh agus le hathcheapadh) na gcomhaltaí d’fhóram comhairleach easpa dídine nó de chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus den ghrúpa bainistíochta;

(e) cathaoirleach ar fhóram comhairleach easpa dídine nó ar chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a cheapadh;

(f) seirbhísí agus tacaíocht a bhaineann le hoibriú an fhóraim chomhairligh easpa dídine, an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine nó an ghrúpa bainistíochta, de réir mar a bheidh.

(2) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin gCaibidil seo, déanfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, de réir aon ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (1).

Cumhacht an Aire chun comhlacht a fhorordú mar chomhlacht sonraithe.

42 .— Féadfaidh an tAire aon chomhlacht a sholáthraíonn seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine nó a bhfearann comhlíonadh a fheidhmeanna ar sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a mbaineann comhlíonadh a fheidhmeanna le soláthar seirbhísí den sórt sin a fhorordú mar chomhlacht sonraithe agus is comhlacht sonraithe chun críocha na Caibidle seo aon chomhlacht a fhorordófar amhlaidh.