An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 6 Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine ) Ar Aghaidh (CUID 4 Ceannach Árasán ag Tionóntaí )

22 2009

TODO

CUID 3

Socruithe Ceannaigh Incrimintigh

Léiriú (Cuid 3).

43 .— (1) Sa Chuid seo—

tá le “ordú muirir” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

tá le “ tréimhse mhuirearaithe ” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

tá le “sciar muirearaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

ciallaíonn “teaghlach incháilithe”—

(a) teaghlach arna mheasúnú ag údarás tithíochta faoi alt 20 mar theaghlach atá cáilithe i gcomhair tacaíochta do thithíocht shóisialta, agus ar ar leithroinneadh teaghais lena mbaineann an Chuid seo de réir scéime leithroinnte agus a bhfuil cónaí air sa teaghais lena mbaineann ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana ó dháta na leithroinnte, nó

(b) faoi réir fho-alt (2), teaghlach dá dtagraítear in alt 22 (5)(c) a ndearnadh teaghais lena mbaineann an Chuid seo a leithroinnt air de réir scéime leithroinnte;

tá le “socrú ceannaigh incrimintigh” an bhrí a thugtar dó le halt 45;

tá le “ scaoileadh incriminteach ” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, an praghas a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis gur air a dhíolfaí feo simplí neamhualaithe na teaghaise ar an margadh oscailte agus, in aon chás inar sholáthair an teaghlach incháilithe an láithreán le haghaidh na teaghaise don údarás tithíochta ar shuim ainmniúil, ní fholaíonn sé méid atá comhionann leis an mbreis (más ann) atá ag margadhluach an láithreáin thar an tsuim sin;

ciallaíonn “ glan-mhargadhluach ” an margadhluach arna laghdú le liúntas atá comhionann leis an méid den mhargadhluach is inchurtha i leith feabhsuithe ábhartha;

ciallaíonn “ airgead ceannaigh ”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, luach airgid an chion de phraghas ceannaigh na teaghaise arna shocrú ag an údarás tithíochta, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 49 chun an t-airgead ceannaigh a ríomh, mar an cion is gá a íoc chun an teaghais a cheannach;

ciallaíonn “ praghas ceannaigh ”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, praghas na teaghaise arna chinneadh ag údarás tithíochta de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 49 chun an praghas ceannaigh a ríomh;

ciallaíonn “ceannaitheoir” duine a cheannaíonn teaghais faoi shocrú ceannaigh incrimintigh agus folaíonn sé duine a dtagann leas an cheannaitheora nó leas a chomharba nó a comharba i dteideal agus leas ionadaí pearsanta an duine sin nó an chomharba sin i dteideal chun bheith dílsithe ann nó inti dá éis sin (seachas ar chomaoin luachmhar);

tá le “ordú aistrithe” an bhrí a thugtar dó le halt 45.

(2) Ní rachaidh údarás tithíochta ar aghaidh le teaghais a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh le teaghlach dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “ teaghlach incháilithe ” i bhfo-alt (1) más rud é—

(a) aon tráth le linn na 3 bliana díreach roimh iarratas a dhéanamh chun an údaráis chun teaghais a cheannach faoin gCuid seo, go raibh an teaghlach i riaráiste cíosa ar feadh tréimhse carnaí 12 sheachtain nó níos mó i leith aon teaghaise nó láithreáin arna ligean leo ag aon údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó arna soláthar nó arna sholáthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus

(b) nach ndearna an t-údarás tithíochta socrú faoi alt 34 leis an teaghlach chun an t-airgead atá dlite agus ag dul don údarás tithíochta i leith na riaráistí sin a íoc.

Feidhm Chuid 3 maidir le teaghaisí áirithe.

44 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), tá feidhm ag an gCuid seo maidir le teaghais—

(a) arna soláthar ag údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó ag comhlacht ceadaithe le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992 nó arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000—

(i) arna foirgniú tar éis teacht i ngníomh don Chuid seo, nó ar tosaíodh ar a foirgniú roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus a chríochnaítear tar éis an teacht i ngníomh sin agus a leithroinntear ar theaghlach incháilithe de réir scéime leithroinnte laistigh de bhliain amháin tar éis í a chríochnú, nó

(ii) nár ligeadh roimhe sin de réir scéime leithroinnte agus atá folamh ar theacht i ngníomh don Chuid seo,

agus

(b) agus ar d’aicme teaghaise í a fhorordaítear chun críocha na Coda seo mar aicme teaghaise a bhféadfaidh feidhm a bheith ag socrú ceannaigh incrimintigh maidir léi.

(2) (a) Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus—

(i) is árasán i mórláthair árasán ainmnithe, nó

(ii) is árasán lánscartha ar leithligh in áitreabh, arna roinnt ina 2 árasán nó níos mó agus ar gá socruithe a dhéanamh chun na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha nó na comhsheirbhísí a chothabháil agus a bhainistiú seachas ag an gceannaitheoir.

(b) Chun críocha mhír (a)(i), tá le “ árasán ” agus “ mórláthair árasán ainmnithe ” an bhrí chéanna atá leo in alt 50 .

Teaghais a dhíol trí shocrú ceannaigh incrimintigh.

45 .— (1) Faoi réir agus de réir na Coda seo agus Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe socrú (dá ngairtear “ socrú ceannaigh incrimintigh ” sa Chuid seo) a dhéanamh le teaghlach incháilithe trína bhféadfaidh an t-údarás tithíochta, i gcomaoin an t-údarás tithíochta d’fháil an airgid ceannaigh, teaghais lena mbaineann an Chuid seo a dhíol, sa bhailriocht agus sa bhail atá uirthi ar an dáta díola, leis an teaghlach incháilithe, trí ordú (dá ngairtear “ ordú aistrithe ” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an leas a shonrófar san ordú a dhílsiú, ar an dáta a shonrófar san ordú, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) agus téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir.

(2) Beidh ar áireamh ar na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go ndéanfaidh an ceannaitheoir, i gcás ina ndíolann an ceannaitheoir an teaghais le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, le linn na tréimhse muirearaithe, méid arna ríomh de réir alt 48 (5)(6) a íoc leis an údarás nó leis an gcomhlacht ceadaithe;

(b) go mbeidh an teaghais ar áitiú mar ghnátháit chónaithe an cheannaitheora nó duine de theaghlach an cheannaitheora le linn na tréimhse muirearaithe mura rud é go dtabharfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, a thoiliú roimh ré i scríbhinn;

(c) nach ndéanfar an teaghais ná aon chuid di, le linn na tréimhse muirearaithe, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, a dhíol, a shannadh, a ligean nó a fholigean nó a dhiúscairt ar shlí eile nó a mhorgáistiú, a mhuirearú nó a choimhthiú, ar shlí seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí;

(d) ní dhéanfaidh an ceannaitheoir feabhsuithe ábhartha ar an teaghais, le linn na tréimhse muirearaithe, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh;

(e) téarmaí agus coinníollacha—

(i) a bhaineann leis an gceannaitheoir do chothabháil na teaghaise, agus

(ii) a bhaineann leis an gceannaitheoir do sholáthar agus do chothabháil árachais maoine leordhóthanaigh i leith na teaghaise;

(f) cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bhaineann le díol na teaghaise a bheidh forordaithe chun críocha ordaithe aistrithe.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear le haon achtachán eile nó le rialacháin arna ndéanamh faoi, ní thabharfar le tuiscint le díol teaghaise lena mbaineann an Chuid seo faoi shocrú ceannaigh incrimintigh go bhfuil aon bharánta ann ar thaobh an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe lena mbaineann i ndáil le bailriocht nó bail na teaghaise ná i ndáil lena hoiriúnacht mar áit chónaithe do dhaoine.

(4) Féadfaidh comhlacht ceadaithe, le toiliú an údaráis tithíochta agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , líon teaghaisí a chur in áirithint lena ndíol faoin gCuid seo, ar teaghaisí iad arna soláthar le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ná ag alt 183 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 maidir le teaghais a dhíol le teaghlach incháilithe faoin alt seo.

Ordú muirir.

46 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis teaghais lena mbaineann an Chuid seo a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , ordú (dá ngairtear “ordú muirir” sa Chuid seo) lena ndéanfar an teaghais a mhuirearú, san fhoirm fhorordaithe, de réir na dtéarmaí a shonraítear san alt seo i leith na tréimhse a shonraítear san ordú (dá ngairtear an “tréimhse mhuirearaithe” sa Chuid seo).

(2) Leis an ordú muirir, cruthófar ordú i bhfabhar an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe lena mbaineann i leith sciar neamhroinnte chéatadánaigh sa teaghais (dá ngairtear “sciar muirearaithe” sa Chuid seo), arna ríomh de réir fho-alt (3), agus déanfar an sciar muirearaithe sin a laghdú de réir fho-alt (4).

(3) Ríomhtar an sciar muirearaithe de réir na foirmle seo aleanas:

Y x 100

Z

más rud é—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir agus an t-airgead ceannaigh, agus

(b) gurb é Z praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) agus alt 47 , laghdófar an sciar muirearaithe, ina chionúireachtaí comhionanna (dá ngairtear “scaoiltí incriminteacha” san alt seo) a chuirfear chun feidhme gach bliain, ar chothromdháta an ordaithe aistrithe, i leith gach bliana iomláine tar éis an dáta sin a raibh ceannaitheoir, nó duine dá theaghlach nó dá teaghlach, ag áitiú na teaghaise lena linn mar ghnátháit chónaithe, go dtí an dáta is luaithe acu seo a leanas—

(i) faoi réir alt 48 , an dáta a dhéanfar an teaghais a athdhíol den chéad uair, nó

(ii) faoi réir alt 47 , deireadh na tréimhse muirearaithe.

(b) Is laghdú carnach an laghdú ar an sciar muirearaithe don tréimhse 5 bliana ó dháta an ordaithe aistrithe agus ní bheidh feidhm aige go dtí go mbeidh an tréimhse sin imithe in éag, ar choinníoll go raibh an ceannaitheoir, nó duine dá theaghlach nó dá teaghlach, ag áitiú na teaghaise mar ghnátháit chónaithe ar feadh na tréimhse sin.

(5) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, aon tráth a iarrfaidh an ceannaitheoir air, ráiteas i scríbhinn, san fhoirm fhorordaithe, a thabhairt don cheannaitheoir ina léireofar méid carnach na scaoiltí incriminteacha a úsáideadh faoin ordú muirir.

(6) Measfar gur morgáiste arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 ordú muirir agus go ndearnadh, an tráth a díoladh an teaghais, é a fhorghníomhú i bhfabhar an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe, de réir mar is cuí, ar mhuirear sna téarmaí dá bhforáiltear san alt seo.

(7) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe, amhail ar agus ó dháta déanta an ordaithe muirir—

(a) measfar gur morgáistí ar an teaghais é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (6), beidh na cumhachtaí go léir aige a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí arna ndéanamh trí ghníomhas.

(8) I gcas ina ndéanfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe ordú muirir, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach ar an muirear ar ina leith a bheidh an t-ordú á chlárú a lua gurb é an muirear sin an muirear dá dtagraítear in alt 46(2) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(9) Aon ordú muirir lena ndéantar difear do theaghais is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine atá ainmnithe san ordú mar úinéir na talún cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, faoi réir fho-alt (11), comhaontú a dhéanamh le sealbhóir ar cheadúnas faoi Acht an Bhainc Ceannais 1971, le cumann foirgníochta nó le foras airgeadais eile go mbeidh tosaíocht, amhail in aghaidh morgáiste nó muirir a bheartaítear a chruthú i bhfabhar an tsealbhóra, an chumainn nó an fhorais sin, ag muirear a bheartaíonn sé a chruthú le hordú muirir ar tosaíocht í atá éagsúil leis an tosaíocht a bheadh ag an muirear thairis sin dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo.

(11) Ní fhéadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a dhéanamh ach amháin i gcás ina measann sé maidir leis an gcomhaontú—

(a) go gcumasóidh sé do theaghlach cáilithe lena mbeartaíonn sé teaghais lena mbaineann an Chuid a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh airleacan airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) chun an teaghais a cheannach, nó

(b) go gcumasóidh sé do cheannaitheoir—

(i) airleacan airgid láithreach ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a athmhaoiniú, nó

(ii) airleacan airgid breise a fháil ón sealbhóir, nó ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) chun aon chríche.

(12) Féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, aon mhéid a thiocfaidh chun bheith iníoctha le húdarás tithíochta nó le comhlacht ceadaithe faoi alt 47 48 a ghnóthú, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(13) Chun amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú muirir ná muirear a eascraíonn faoi.

(14) (a) Ar an teagmhas is luaithe de na teagmhais a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) tarlú agus faoi réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe agus an ordaithe muirir a bheith comhlíonta, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, i gcás go n-iarrfaidh an ceannaitheoir air déanamh amhlaidh, gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú i leith an ordaithe muirir.

(b) Beidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhófar le linn gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú agus a chlárú ach ní bheidh sé faoi dhliteanas thairis sin i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir faoin alt seo ná faoi alt 47 48.

Laghdú ar sciar muirearaithe a fhionraí.

47 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, an laghdú ar an sciar muirearaithe dá fhoráiltear faoi alt 46 a fhionraí i leith aon bhliana dar críoch cothromdháta an ordaithe aistrithe, i gcás go mainníonn an ceannaitheoir aon cheann de théarmaí agus coinníollacha an ordaithe aistrithe a chomhlíonadh.

(2) I gcás go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe an laghdú ar an sciar muirearaithe a fhionraí faoi fho-alt (1), déanfar an sciar muirearaithe ar an teaghais a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Y x 100—R

Z

i gcás—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir agus an t-airgead ceannaigh,

(b) gurb é Z praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir, agus

(c) gurb é R an chuid den sciar muirearaithe a scaoileadh de réir an fho-ailt seo.

(3) (a) I gcás go mbeidh an laghdú ar an sciar muirearaithe curtha ar fionraí ag údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, fógra i scríbhinn maidir leis an bhfionraí agus na cúiseanna atá leis an bhfionraí a thabhairt don cheannaitheoir a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin.

(b) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, ar dhul in éag don tréimhse mhuirearaithe, ráiteas i scríbhinn a thabhairt don cheannaitheoir, san fhoirm fhorordaithe, ina léireofar méid an mhuirir a bheidh gan íoc faoin ordú muirir ar dháta éagtha na tréimhse muirearaithe, ar méid é a shloinnfear mar chéatadán de mhargadhluach na teaghaise, a bheidh comhionann le sciar muirearaithe an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe, de réir mar is cuí, sa teaghais ar an dáta sin arna ríomh de réir fho-alt (2).

(4) (a) Déanfaidh an ceannaitheoir, laistigh de 2 mhí tar éis an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fháil, an méid a bheidh leagtha amach sa ráiteas a íoc leis an údarás tithíochta.

(b) I gcás ina mainníonn an ceannaitheoir an méid dá dtagraítear i mír (a) a íoc, tá feidhm ag alt 46 (12).

(5) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ margadhluach ” an praghas a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go ndíolfaí teaghais air ar dháta éagtha na tréimhse muirearaithe, sa bhailriocht agus sa bhail láithreach atá uirthi agus gan í a bheith faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in alt 45 (2) ná faoi réir ordaithe muirir.

(6) (a) Chun críocha an ailt seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, margadhluach teaghaise a chinneadh, nó, i gcás nach n-aontóidh an ceannaitheoir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách, a bheidh ainmnithe ag an gceannaitheoir as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordaítear faoi alt 49 , an margadhluach a chinneadh.

(b) Ní bheidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh an ceannaitheoir faoi mhír (a).

Rialú ar athdhíol teaghaise arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh.

48 .— (1) I gcás ina mbeartaíonn ceannaitheoir teaghais a dhíol atá faoi réir ordaithe muirir nach bhfuil urscaoilte, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn roimh ré don údarás tithíochta nó don chomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonrófar san ordú aistrithe.

(2) Tar éis fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, féadfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, faoi réir fho-alt (4), an teaghais a cheannach ar shuim atá coibhéiseach lena margadhluach, arna laghdú de mhéid atá comhionann leis an gcion sin de mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn don sciar muirearaithe sa teaghais ar dháta an athdhíola.

(3) Gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, diúltú toiliú leis an teaghais a dhíol le haon duine i gcás inarb é tuairim an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe—

(a) gur lú an praghas díola beartaithe ná an margadhluach,

(b) go bhfuil nó go raibh an duine sin ag gabháil d’iompar frithshóisialta nó nach mbeadh an díol ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit, nó

(c) go bhfágfadh an díol beartaithe, dá gcuirfí i gcrích é, an díoltóir nó aon duine a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí leis nó léi gan tithíocht leordhóthanach.

(4) I gcas ina gceannaíonn an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe an teaghais de réir fho-alt (2) agus go mbeidh feabhsuithe ábhartha déanta ar an teaghais le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, de réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe, is é a bheidh sa phraghas is iníoctha ag an údarás nó ag an gcomhlacht ceadaithe ná margadhluach na teaghaise, arna laghdú de mhéid atá comhionann leis an gcion sin de ghlan-mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta a hathdhíola.

(5) I gcás ina n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe le linn na tréimhse muirearaithe, íocfaidh an ceannaitheoir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe lena mbaineann méid atá comhionann le céatadán den mhargadhluach agus is é a bheidh sa chéatadán sin ná coibhéis sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta athdhíola na teaghaise.

(6) I gcás ina ndéanann ceannaitheoir teaghais ar a ndearnadh feabhsuithe ábhartha le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, a dhíol le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, íocfaidh an ceannaitheoir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe méid atá comhionann leis an gcion sin de ghlan-mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta a hathdhíola.

(7) Más rud é, maidir leis an méid is iníoctha faoi aon cheann d’fhorálacha an ailt seo, go dtiocfadh laghdú ar fháltais an díola (gan aird a thabhairt ar chostais agus táillí aturnae agus gníomhaire talún) go dtí méid faoi bhun an airgid ceannaigh, laghdófar an méid is iníoctha faoin ordú muirir a mhéid is gá chun an toradh sin a sheachaint.

(8) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais is ábhar d’ordú muirir a bhfuil an tréimhse mhuirearaithe ina leith imithe in éag agus nár íocadh an méid dá dtagraítear in alt 47 (3) ina leith de réir an ailt sin, tá feidhm ag alt 46 (12).

(b) Ní dhéanfar aon fheabhsuithe ábhartha arna ndéanamh ar an teaghais tar éis dheireadh na tréimhse muirearaithe a chur i gcuntas.

(9) Féadfaidh an t-údarás tithíochta aon airgead is dóigh a fhabhróidh chuig comhlacht ceadaithe ó dhíol teaghaisí faoi shocruithe ceannaigh incrimintigh a chur i gcuntas le linn cúnamh a sholáthar do chomhlacht den sórt sin faoi alt 6 d’Acht 1992 i leith cóiríocht tithíochta a sholáthar.

(10) (a) Faoi réir mhír (b), déanfar aon airgead a fhabhróidh chuig comhlacht ceadaithe ó dhíol teaghaise faoi shocrú ceannaigh incrimintigh nó ó athdhíol teaghaise den sórt sin a íoc leis an údarás tithíochta lena úsáid ag an údarás tithíochta chun na gcríoch a shonraítear in alt 13 .

(b) Beidh aisíoc an airgid dá dtagraítear i mír (a) teoranta a mhéid a bheidh an t-airgead sin curtha i gcuntas ag an údarás tithíochta le linn cúnamh a sholáthar faoi alt 6 d’Acht 1992 i leith cóiríocht tithíochta a sholáthar.

(11) Chun críocha an ailt seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, margadhluach reatha teaghaise a chinneadh, nó, i gcás nach n-aontóidh an díoltóir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách, a bheidh ainmnithe ag an díoltóir as painéal daoine cuícháilithe, ar painéal é a bheidh bunaithe ag an údarás tithíochta agus ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordófar faoi alt 49 , an margadhluach a chinneadh.

(12) Ní bheidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh díoltóir faoi fho-alt (11).

Rialacháin (Cuid 3).

49 .— Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le gach ceann nó le haon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) an aicme nó na haicmí teaghaise a bhféadfaidh feidhm a bheith ag socruithe ceannaigh incrimintigh maidir léi nó leo;

(b) an aicme nó na haicmí teaghlach a bhféadfar socruithe ceannaigh incrimintigh a dhéanamh léi nó leo;

(c) an modh chun praghas ceannaigh teaghaise a chinneadh ar modh é—

(i) ar a bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir aicmí éagsúla teaghaise, agus

(ii) ar a bhféadfar aois na teaghaise a chur i gcuntas;

(d) an modh chun an t-airgead ceannaigh a chinneadh, agus imthosca airgeadais teaghlach a bhféadfar socruithe ceannaigh incrimintigh a dhéanamh leo á gcur i gcuntas;

(e) an tréimhse íosta a chinneadh, nó an raon ar laistigh di a shocróidh údarás tithíochta an tréimhse íosta, a mbeidh feidhm ag ordú muirir ar a feadh i leith teaghaise arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh, ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná 20 bliain ó dháta an ordaithe aistrithe;

(f) i gcás comhlachta cheadaithe, an comhlacht ceadaithe do chur líon nó cion sonraithe teaghaisí nuafhoirgnithe in áirithe is teaghaisí arna soláthar le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992;

(g) foirm agus modh ordaithe aistrithe agus ordaithe muirir, agus na téarmaí agus na coinníollacha atá le sonrú in ordú aistrithe agus in ordú muirir;

(h) aicme nó aicmí nó tuairisc na ndaoine atá cáilithe go cuí, faoi threoir a gcuid cáilíochtaí agus taithí, chun margadhluach teaghaise nó láithreáin, de réir mar a bheidh, a chinneadh, chun críocha na Coda seo;

(i) foirm an ráitis chun críocha ailt 46(5) agus 47(3);

(j) cibé nithe eile a mheasann an tAire is gá agus is cuí maidir le socruithe ceannaigh incrimintigh.