An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 An Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta a Dhíscaoileadh )

25 2009

An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, lua, forléiriú agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 agus 2008 agus d’alt 63 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus d’alt 64 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas ailt 60 go 64, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte agus Leanaí.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.