|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 An tAire d’Fheidhmiú Feidhmeanna Áirithe a Bhaineann le hAoisliúntas ) |
An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 8 Leasuithe Ilghnéitheacha | |
|
Leasú ar alt 53 den Acht Sláinte 1970. |
61 .— (1) Leasaítear alt 53(1B) den Acht Sláinte 1970 (a cuireadh isteach le halt 34 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009) trí “d’alt 6(1)(c) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009” a chur in ionad “d’alt 6(2)(c) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009”. | |
| [EN] | (2) Measfar an leasú (a dhéantar le fo-alt (1)) ar alt 53(1B) den Acht Sláinte 1970 a bheith ar áireamh san fhoráil sin le héifeacht ó dháta rite an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009, agus tiocfaidh an fhoráil sin (arna leasú le fo-alt (1)) i ngníomh de réir alt 2 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009. | |
|
Leasú ar an Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997. |
62 .— Leasaítear alt 7(1A) (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006) den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (n) agus (o): | |
| [EN] | “(n) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), faoin scéim ar iarratas é— | |
| [EN] | (i) a dhéanann éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 65 bliana d’aois, agus | |
| [EN] | (ii) a dhéantar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis, | |
| [EN] | (o) chun a shonrú— | |
| [EN] | (i) nach ndéanfar aon sochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), a sholáthar faoin scéim, nó | |
| [EN] | (ii) nach leanfar d’aon sochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), a sholáthar faoin scéim, | |
| [EN] | d’éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 75 bliana d’aois.”. | |
|
Leasú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001. |
63 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ionad ceadaithe”: | |
| [EN] | “ciallaíonn ‘ duine údaraithe ’— | |
| [EN] | (a) i ndáil le duine a aistriú de bhun alt 13 go dtí ionad ceadaithe, duine atá údaraithe de thuras na huaire de bhun alt 71A(2) chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an aistriú sin, | |
| [EN] | (b) i ndáil le hothar a thabhairt ar ais de bhun alt 27 go dtí ionad ceadaithe, duine atá údaraithe de thuras na huaire de bhun alt 71A(2) chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an tabhairt ar ais sin;”. | |
| [EN] | (2) Leasaítear alt 9 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
| [EN] | “(cc) duine údaraithe (ach sin gan dochar d’aon inniúlacht a bheidh ag an duine údaraithe iarratas den sórt sin a dhéanamh de bhua mhír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (1)),”. | |
| [EN] | (3) Leasaítear alt 13 den Acht Meabhair-Shláinte 2001— | |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (2), trí “nó daoine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe”, agus | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (3), trí “chun an duine sin a aistriú” a chur in ionad “leis na comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe le linn don fhoireann an duine a aistriú”. | |
| [EN] | (4) Leasaítear alt 27 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (1)— | |
| [EN] | (a) trí “nó daoine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “comhaltaí d’fhoireann an ionaid”, | |
| [EN] | (b) trí “an t-othar” a chur in ionad “an duine lena mbaineann”, | |
| [EN] | (c) trí “do dhaoine eile” a chur in ionad “do na daoine eile”, agus | |
| [EN] | (d) trí “chun an duine sin a thabhairt ar ais” a chur in ionad “leis na comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe an duine a aistriú”. | |
| [EN] | (5) Leasaítear an tAcht Meabhair-Shláinte 2001 tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 71: | |
| [EN] | “Daoine údaraithe nó daoine iomchuí d’aistriú daoine agus do thabhairt othair ar ais go dtí ionaid cheadaithe. | |
| [EN] | 71A.— (1) Féadfaidh dílseánach cláraithe ionaid cheadaithe socrú a dhéanamh le duine d’fhonn a shocrú go soláthróidh daoine is comhaltaí d’fhoireann an duine sin seirbhísí a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) daoine a aistriú go dtí an t-ionad sin de bhun alt 13, | |
| [EN] | (b) othair a thabhairt ar ais go dtí an t-ionad sin de bhun alt 27, nó | |
| [EN] | (c) an t-aistriú sin agus an tabhairt ar ais sin. | |
| [EN] | (2) I gcás ina mbeidh socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta ag dílseánach cláraithe ionaid cheadaithe le duine, féadfaidh stiúrthóir cliniciúil an ionaid sin a údarú i scríbhinn, agus i leith tréimhse nach faide ná 12 mhí mar a shonrófar san údarú, do cibé daoine agus do cibé líon daoine is comhaltaí d’fhoireann an duine sin na seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear san fho-alt sin agus is ábhar don socrú sin. | |
| [EN] | (3) Más rud é, roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, gur aistríodh duine go dtí ionad ceadaithe de bhun agus de réir alt 13 ach amháin a mhéid go ndearna duine iomchuí an t-aistriú (cibé acu go hiomlán nó go páirteach), measfar an t-aistriú sin, a mhéid gurb é nó gurb í an duine iomchuí a rinne é, a bheith déanta agus a bheith déanta riamh ag comhalta d’fhoireann an ionaid sin, seachas chun críocha aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin. | |
| [EN] | (4) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, gur tugadh duine ar ais go dtí ionad ceadaithe de bhun agus de réir alt 27 ach amháin a mhéid go ndearna duine iomchuí an tabhairt ar ais (cibé acu go hiomlán nó go páirteach), measfar an tabhairt ar ais sin, a mhéid gurb é nó gurb í an duine iomchuí a rinne é, a bheith déanta agus a bheith déanta riamh ag comhalta d’fhoireann an ionaid sin, seachas chun críocha aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin. | |
| [EN] | (5) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn ‘duine iomchuí’— | |
| [EN] | (a) i ndáil le haistriú duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) go dtí ionad ceadaithe, duine a rinne an t-aistriú sin (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) de bhun socrú arna dhéanamh ag dílseánach cláraithe an ionaid sin, | |
| [EN] | (b) i ndáil le tabhairt ar ais othair dá dtagraítear i bhfo-alt (4) go dtí ionad ceadaithe, duine a rinne an tabhairt ar ais sin (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) de bhun socrú arna dhéanamh ag dílseánach cláraithe an ionaid sin.”. | |
|
Leasú ar an Acht Sláinte 2007. |
64 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte 2007 trí “alt 41(1)(b)” a chur in ionad “alt 41(b)” sa mhíniú ar “clár”. | |
| [EN] | (2) Leasaítear alt 8 den Acht Sláinte 2007 i bhfo-alt (1)(c) trí “alt 41(1)(a)” a chur in ionad “alt 41(a)”. | |
| [EN] | (3) Leasaítear alt 75 den Acht Sláinte 2007— | |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (2)(b)(ii), trí “alt 41(1)(a)” a chur in ionad “alt 41(a)” sa dá áit a bhfuil sé, agus | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2)(b)(iii), trí “alt 41(1)(c) nó (d)” a chur in ionad “alt 40(c) nó (d)” sa leagan Gaeilge agus “section 41(1)(c) or (d)” a chur in ionad “section 41(c) or (d)” sa leagan Béarla. | |
| [EN] | (4) Leasaítear alt 101 den Acht Sláinte 2007— | |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (2)(j), trí “duine atá i bhfeighil” a chur in ionad “bainisteoir” sa dá áit ina bhfuil sé, | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2)(k), trí “duine atá i bhfeighil” a chur in ionad “bainisteoir”, | |
| [EN] | (c) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
| [EN] | “(a) féadfar a cheangal leo, faoi réir aon rialachán arna ndéanamh faoi Chuid 9 den Acht Sláinte 2004, ar sholáthraithe cláraithe— | |
| [EN] | (i) socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun déileáil le gearáin arna ndéanamh ag duine nó thar ceann duine, atá, nó a bhí, ag fáil aon cheann de na seirbhísí a sholáthraítear trí lárionad ainmnithe nó atá, nó a bhí, ag lorg aon seirbhís den sórt sin, agus | |
| [EN] | (ii) na socruithe a phoibliú,”. | |
|
Leasú ar an Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991. |
65 .— Leasaítear Airteagal 5 (arna leasú le hAirteagal 2 den Ordú um an Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991 (Leasú) 1996 (I.R. Uimh. 293 de 1996)) den Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991 (I.R. Uimh. 19 de 1991) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (1): | |
| [EN] | “(1) 7 gcomhalta a bheidh ar an mBord. | |
| [EN] | (1A) Le linn don Aire comhaltaí den Bhord a cheapadh, déanfaidh sé nó sí daoine a cheapadh— | |
| [EN] | (a) ag a bhfuil eolas nó taithí— | |
| [EN] | (i) ar fhaisnéis a bhailiú, a thaifeadadh agus a anailísiú, nó | |
| [EN] | (ii) ar fhaisnéis den sórt sin a úsáid i dtionscadail taighde agus ar sheirbhísí a bhainistiú agus a phleanáil, | |
| [EN] | nó | |
| [EN] | (b) ag a bhfuil aon inniúlacht iomchuí eile a chuideodh leis an mBord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.”. |