An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO) Ar Aghaidh (CUID 2 Leasuithe ar an Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 )

28 2009

TODO

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nArm Tine 1925 go 2009 a ghairm d’Achtanna na nArm Tine 1925 go 2007 agus de Chuid 4 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1857” an Summary Jurisdiction Act 1857;

ciallaíonn “Acht 1964” Acht na nArm Tine 1964;

ciallaíonn “Acht 1990” Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990;

ciallaíonn “Acht 2000” Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001;

ciallaíonn “Acht 2003” an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006;

ciallaíonn “Achtanna na nArm Tine” Achtanna na nArm Tine 1925 go 2007;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na nArm Teine 1925.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.