An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Leasú ar Achtanna na nArm Tine )

28 2009

TODO

CUID 5

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 2 d’Acht 1857.

45 .— Leasaítear leis seo alt 2 (arna leathnú le halt 51 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961) den Summary Jurisdiction Act 1857 trí “or such longer period as may be provided for by Rules of Court” a chur isteach i ndiaidh “such Case”.

Alt nua 2A d’Acht 1857.

46 .— Leasaítear leis seo Acht 1857 tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“2A— (1) Notice in writing of an appeal and a copy of the case stated and signed, required by section 2 (as extended by section 51 of the Courts (Supplemental Provisions) Act 1961 and amended by section 45 of the Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) of this Act to be given to any other party to the proceedings may, subject to subsection (2), be so given—

(a) by delivering it to him or her or to his or her solicitor,

(b) by addressing it to him or her and leaving it at his or her usual or last known residence or place of business or by addressing it to his or her solicitor and leaving it at the solicitor’s office,

(c) by sending it by registered post to him or her at his or her usual or last known residence or place of business or to his or her solicitor at the solicitor’s office, or

(d) in the case of a body corporate, by delivering it, or sending it by registered post, to the secretary or any other officer of the body at its registered or principal office.

(2) Notice in writing of an appeal and a copy of the case stated and signed, required by section 2 (as so extended and amended) of this Act to be given to any other party to the proceeding shall, if that party is not represented by a solicitor be given personally to him or her.

(3) For the purposes of subsections (1) and (2) the solicitor retained to appear on behalf of any party at the hearing and determination of the information or complaint shall be deemed to continue to be retained on his or her behalf unless the Court has otherwise been advised.”.

Leasú ar alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

47 .— Leasaítear leis seo alt 4 (arna leasú le halt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 agus alt 34 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999) den Acht um Cheartas Coiriúil 1984—

(a) trí fho-alt (6) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (9), trí “(6) nó” a scriosadh.

Leasú ar an Acht um Bannaí 1997.

48 .— Leasaítear leis seo an tAcht um Bannaí 1997—

(a) in alt 5, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—

“(5) I gcás méid airgid a íoc le duine a shonraítear in alt 22(3) d’Acht 1967 faoi chúirtbhanna lena tharchur chuig an gcúirt, measfar gur íocaíocht isteach sa chúirt é chun críocha an ailt seo agus déanfar tagairtí san alt seo agus in alt 22 d’Acht 1967 do mhéid airgid a íoc isteach sa chúirt agus d’airgead arna íoc nó le híoc isteach sa chúirt a fhorléiriú dá réir sin.”,

(b) in alt 9 (arna ionadú le halt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ailt seo:

“Cúirtbhanna a eistréatadh agus airgead arna íoc isteach sa chúirt a fhorghéilleadh.

9.— (1) I gcás go ndéanfar cúisí nó duine atá ag déanamh achomhairc in aghaidh pianbhreithe príosúnachta arna forchur ag an gCúirt Dúiche (dá ngairtear ‘an duine’ san alt seo, i gceachtar cás) a ligean faoi bhannaí tar éis dó nó di dul i gcúirtbhanna ina bhfuil coinníoll go láithreoidh sé nó sí os comhair cúirte sonraithe ar dháta sonraithe ag am sonraithe agus in áit shonraithe, agus—

(a) go mainneoidh an duine láithriú de réir an chúirtbhanna, nó

(b) go dtabharfar an duine os comhair na cúirte de réir fho-alt (7) agus gur deimhin leis an gcúirt gur sháraigh an duine coinníoll a ghabhann leis an gcúirtbhanna,

féadfaidh an chúirt a ordú—

(i) go ndéanfar aon airgead a bhfuil coinníoll ann ina leith go n-íocfaidh an duine nó aon urra é faoin gcúirtbhanna a eistréatadh i cibé méid agus laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt,

(ii) go ndéanfar aon suimeanna a íocfaidh an duine nó aon urra isteach sa chúirt a fhorghéilleadh i cibé méid nó méideanna is cuí leis an gcúirt,

(iii) i gcás go bhfuil glactha le leabhar taisce de chuid bainc, cumainn foirgníochta, comhair creidmheasa nó An Post mar urrús i leith mhéid an chúirtbhanna, go n-íocfaidh an t-eintiteas lena mbaineann an méid sin, nó cibé méid is lú is cuí leis an gcúirt, isteach sa chúirt as an airgead a shealbhaíonn an duine nó aon urra ar taisce ann,

(iv) más gá é i gcomhair eistréatadh a dhéanamh, go gceapfar glacadóir chun seilbh nó urlámh a ghlacadh ar mhaoin an duine nó aon urra agus í a bhainistiú nó plé léi ar shlí eile de réir ordacháin na cúirte.

(2) Más rud é, maidir le glacadóir—

(a) a cheapfar faoi fho-alt (1), go ndéanfaidh sé nó sí aon bheart faoin alt seo i ndáil le maoin, agus

(b) go gcreidfidh sé nó sí, agus go mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint, go bhfuil sé nó sí i dteideal an beart sin a dhéanamh i ndáil leis an maoin,

ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas d’aon duine i leith aon chaillteanais nó damáiste de thoradh an bhirt, ach amháin sa mhéid gur faillí aige nó aici is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

(3) Féadfar airgead a ghnóthóidh an glacadóir a úsáid, a mhéid is gá, chun íoc as caiteachais a thabhaítear i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus as luach saothair aon duine a fhostaítear i dtaca leis sin.

(4) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána agus ar fhaisnéis a bheith tugtha i scríbhinn agus faoi mhionn ag an gcomhalta nó thar ceann an chomhalta gur sháraigh an duine coinníoll a ghabhann leis an gcúirtbhanna (seachas an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1) go láithreodh sé nó sí os comhair cúirte sonraithe ar dháta sonraithe in áit shonraithe), barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil.

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an duine a ghabháil de bhun barántais a eisíodh faoi fho-alt (4) d’ainneoin nach bhfuil an barántas lena mbaineann ina sheilbh nó ina seilbh ag an gcomhalta tráth na gabhála.

(6) I gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (5), seirbheálfaidh an comhalta an barántas ar an duine gafa a luaithe is indéanta.

(7) Tabharfar an duine gafa os comhair na cúirte a luaithe is indéanta.

(8) I gcás go bhfuil barántas eisithe faoi fho-alt (4), leanfaidh an duine agus aon urra de bheith faoi cheangal a gcúirtbhannaí, agus aon airgead a íocfar isteach sa chúirt i dtaca leo ní scaoilfear é sula mbeidh aon imeachtaí faoin alt seo tugtha chun críche.

(9) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1), tabharfar fógra don duine agus d’aon urra á rá go bhféadfar iarratas ar an ordú a athrú nó a urscaoileadh a dhéanamh chun na cúirte laistigh de 21 lá ón dáta a eiseofar an fógra.

(10) Ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an chúirt an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh más deimhin léi go mbeadh cruatan míchuí ar an duine nó ar aon urra mar gheall ar dhéanamh de réir an ordaithe.

(11) Tabharfar fógra don ionchúisitheoir i dtaobh aon iarratais faoi fho-alt (10) agus beidh sé nó sí i dteideal éisteacht a fháil san iarratas.

(12) Faoi réir fho-alt (13), mura gcomhlíontar ordú faoi fhomhír (i) d’fho-alt (1) nó aon athrú air faoi fho-alt (10), eiseoidh an chúirt barántas chun an duine nó aon urra a chimiú mar gheall ar an neamhchomhlíonadh sin agus, chun an téarma príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine nó ag an urra a chinneadh, pléifear leis an mbarántas amhail is gur barántas le haghaidh príosúnachta é mar gheall ar neamhíoc fíneála atá comhionann leis an méid a eistréatar faoin mír sin (i) d’fho-alt (1).

(13) I gcás gur leanbh de réir bhrí alt 110 d’Acht na Leanaí 2001 an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (12), pléifear le neamhchomhlíonadh ordaithe faoi fhomhír (i) d’fho-alt (1) nó le haon athrú air faoi fho-alt (10) mar mhainneachtain fíneáil, costais nó cúiteamh faoin alt sin 110 a íoc agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin.”,

agus

(c) sa Sceideal a ghabhann leis an Acht—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 7:

“7A. Aon chion faoi alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil 1990 (dúnmharuithe áirithe agus iarrachtaí áirithe).”,

(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c) i mír 28:

(c) alt 16 (gráscar), agus

(d) alt 17 (dúmhál, sracadh agus airgead a éileamh go bagrach).”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 28A (a cuireadh isteach le halt 79 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006):

Cionta faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006.

28A. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Acht um Cheartas Coiriúil 2006—

(a) alt 71, 72 nó 73 (coireacht eagraithe);

(b) alt 176 (leanaí a chur i mbaol go meargánta);

(c) alt 183 (airteagal atá beartaithe lena úsáid i dtaca le cionta áirithe a shealbhú);

(d) alt 183A (airgead atá beartaithe lena úsáid i dtaca le cionta áirithe a shealbhú).”,

agus

(iv) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 33:

Cionta faoi Acht na bPríosún 2007.

34. Aon chion faoi alt 36 d’Acht na bPríosún 2007.”.

Leasú ar alt 15 d’Acht 2001.

49 .— Leasaítear leis seo alt 15 d’Acht 2001, arna leasú le halt 47 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Aon duine, a bhfuil aon airteagal ina sheilbh nó ina seilbh, gan údarás dleathach ná leithscéal réasúnach, is airteagal atá déanta nó oiriúnaithe chun a úsáide i gcúrsa cion dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d’fho-alt (1) a dhéanamh nó i dtaca leis an gcéanna, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2) (arna ionadú le halt 47 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:

(2) Is cosaint é do dhuine a chúisítear i gcion faoi fho-alt (1) a chruthú nach raibh an t-airteagal lena mbaineann ina sheilbh nó ina seilbh, tráth an chiona líomhnaithe, chun críche a shonraítear san fho-alt sin.

(2A) Is cosaint é do dhuine a chúisítear i gcion faoi fho-alt (1A) a chruthú nach raibh an t-airteagal lena mbaineann déanta nó oiriúnaithe chun a úsáide i gcúrsa cion dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d’fho-alt (1) a dhéanamh nó i dtaca leis an gcéanna.”.

Leasú ar alt 39 d’Acht 2001.

50 .— Leasaítear leis seo alt 39 d’Acht 2001 i bhfo-alt (5) trí “san fho-alt sin” a chur in ionad “sna fo-ailt sin”.

Leasú ar alt 99 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.

51 .— Leasaítear leis seo alt 99 (arna leasú le halt 60 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 i bhfo-alt (9) trí “, ar cion é a rinneadh tar éis an t-ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh” a chur isteach i ndiaidh “go gciontaítear é nó í i gcion”.

Leasú ar Rialachán 12 de na Rialacháin fán Acht um Cheartas Coiriúil 1984 (An Bhail a Chuirfear ar Dhaoine Faoi Choimeád i Stáisiúin an Gharda Síochána) 1987.

52 .— Leasaítear leis seo Rialachán 12 de na Rialacháin fán Acht um Cheartas Coiriúil 1984 (An Bhail a Chuirfear ar Dhaoine Faoi Choimeád i Stáisiúin an Gharda Síochána) 1987 (I.R. Uimh. 119 de 1987) trí mhíreanna (7)(a)(ii), (12)(c) agus (12)(d) a scriosadh.