An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Chlúmhilleadh 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 Clúmhilleadh )

31 2009

An tAcht um Chlúmhilleadh 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Chlúmhilleadh 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1957” Reacht na dTréimhsí 1957;

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Chlúmhilleadh 1961;

ciallaíonn “cúis chaingne” cúis chaingne mar gheall ar chlúmhilleadh;

tá le “ordú ceartúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 30;

tá le “ordú dearbhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 28;

forléireofar “clúmhilleadh” de réir alt 6(2);

ciallaíonn “caingean clúmhillte”—

(a) caingean le haghaidh damáistí mar gheall ar chlúmhilleadh, nó

(b) iarratas ar ordú dearbhaithe,

cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar éileamh ar fhaoiseamh eile faoin Acht seo;

ciallaíonn “ráiteas clúmhillteach” ráiteas a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chlú duine i súile daoine réasúnacha sa tsochaí, agus déanfar “clúmhillteach” a fhorléiriú dá réir sin;

tá le “cosaint arna bunú ar phribhléid iomlán” an bhrí a shanntar dó le halt 17;

tá le “cosaint arna bunú ar phribhléid shrianta” an bhrí a shanntar dó le halt 18;

tá le “cosaint arna bunú ar an bhfírinne” an bhrí a shanntar dó le halt 16;

folaíonn “cumarsáid leictreonach” cumarsáid faisnéise a dhéanamh i bhfoirm sonraí, téacs, íomhánna nó fuaime (nó aon teaglaim de na nithe seo) trí fhuinneamh leictreamaighnéadach treoraithe nó neamhthreoraithe, nó iad araon;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “tréimhseachán” aon nuachtán, iris, irisleabhar nó foilseachán eile a chlóitear, a fhoilsítear nó a eisítear, nó a scaiptear, sa Stát go rialta nó nach mór go rialta agus folaíonn sé aon leagan den chéanna arna fhoilsiú ar an idirlíon nó trí mheán leictreonach eile;

folaíonn “gearánaí” cosantóir atá ag frithéileamh i leith ráitis a líomhnaítear a bheith ina ráiteas clúmhillteach;

tá le “Comhairle an Phreasa” an bhrí a shanntar dó le halt 44;

tá le “Ombudsman an Phreasa” an bhrí a shanntar dó le mír 8 de Sceideal 2;

tá le “tairiscint shrianta” an bhrí a shanntar dó le halt 22;

tá le “damáistí speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 31(7);

folaíonn “ráiteas”—

(a) ráiteas arna dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn,

(b) amharc-íomhánna, fuaimeanna, gothaí agus aon mhodh eile chun ciall a chur in iúl,

(e) ráiteas—

(i) arna chraoladh ar an raidió nó ar an teilifís, nó

(ii) arna fhoilsiú ar an idirlíon, agus

(c) cumarsáid leictreonach;

folaíonn “faoiseamh achomair” i ndáil le caingean clúmhillte—

(a) ordú ceartúcháin, nó

(b) ordú do thoirmeasc an ráiteas lena mbaineann an chaingean a fhoilsiú arís.

Cosaint.

3 .— (1) Ní dhéanfaidh foráil den Acht seo difear do chúiseanna caingne a d’fhabhraigh sular tháinig sí i bhfeidhm.

(2) Ní dhéanfaidh an tAcht seo difear d’oibriú an dlí ghinearálta i ndáil le clúmhilleadh ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt leis (go sainráite nó trína bheith intuigthe de riachtanas).

Aisghairm.

4 .— Aisghairtear Acht 1961.

Athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta.

5 .— (1) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an tAcht seo a rith, tús a chur le hathbhreithniú ar oibriú an Achta.

(2) Críochnófar athbhreithniú faoi fho-alt (1) tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis tús a chur leis.