|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Leigheasanna ) | Ar Aghaidh ( CUID 6 Ilghnéitheach ) |
An tAcht um Chlúmhilleadh 2009
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 5 Dliteanas Coiriúil | |
|
Cionta áirithe faoin dlí coiteann a chealú. |
35 .— Cealaítear na cionta faoin dlí coiteann ar leabhal clúmhillteach, leabhal ceannairceach agus leabhal graosta iad. | |
|
Ní diamhaslach a fhoilsiú nó a chur i gcaint. |
36 .— (1) Aon duine a dhéanfaidh ní diamhaslach a fhoilsiú nó a chur i gcaint, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, déanann duine ní diamhaslach a fhoilsiú nó a chur i gcaint más rud é— | |
| [EN] | (a) go ndéanann sé nó sí ní a fhoilsiú nó a chur i gcaint atá rómhaslach nó rótharcaisneach i ndáil le nithe a maíonn aon chreideamh gur nithe beannaithe iad, agus, ar an tslí sin, uafás a spreagadh i measc lín shubstaintiúil de lucht leanúna an chreidimh sin, agus | |
| [EN] | (b) go mbeartaíonn sé nó sí, tríd an ní lena mbaineann a fhoilsiú nó a chur i gcaint, an t-uafás sin a spreagadh. | |
| [EN] | (3) Is cosaint é ar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo don chosantóir a chruthú go gceapfadh duine réasúnach go bhfuil fiúntas dáiríre liteartha, ealaíonta, polaitiúil, eolaíochta nó acadúil sa ní lena mbaineann an cion. | |
| [EN] | (4) San alt seo, ní fholaíonn “creideamh” eagraíocht nó cultas— | |
| [EN] | (a) arb é a príomhchuspóir nó a phríomhchuspóir brabús a dhéanamh, nó | |
| [EN] | (b) a úsáideann ionramháil shíceolaíoch antrom— | |
| [EN] | (i) ar a leanúnaithe, nó | |
| [EN] | (ii) chun leanúnaithe nua a fháil. | |
|
Cóipeanna de ráitis dhiamhaslacha a urghabháil. |
37 .— (1) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 36, féadfaidh an chúirt barántas a eisiúint— | |
| [EN] | (a) á údarú d’aon chomhalta den Gharda Síochána dul isteach (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) gach tráth réasúnach, in aon áitreabh (lena n-áirítear teaghais) ina bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil cóipeanna den ráiteas lenar bhain an cion le fáil, agus an t-áitreabh sin a chuardach agus gach cóip den ráiteas a gheofar ann a urghabháil agus a thabhairt chun siúil. | |
| [EN] | (b) á ordú d’aon chomhalta den Gharda Síochána gach cóip den ráiteas lenar bhain an cion a bheidh i seilbh aon duine a urghabháil agus a thabhairt chun siúil, | |
| [EN] | (c) lena sonrófar an modh ina gcoinneoidh agus ina stórálfaidh an Garda Síochána cóipeanna arnan-urghabháil agus arna dtabhairt chun siúil amhlaidh. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána— | |
| [EN] | (a) dul isteach in aon áitreabh agus é a chuardach, | |
| [EN] | (b) aon chóip de ráiteas lena mbaineann cion faoi alt 36 a gheofar ann nó a gheofar i seilbh aon duine a urghabháil, a thabhairt chun siúil agus a choinneáil, | |
| [EN] | de réir barántais faoi fho-alt (1). | |
| [EN] | (3) Ar bhreithiúnas críochnaitheach a thabhairt in imeachtaí i leith ciona faoi alt 36, déanfar aon rud a urghabhfar agus a thabharfar chun siúil faoi fho-alt (2) a dhiúscairt de réir cibé ordachán a thabharfaidh an chúirt ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chuige sin. |