|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Dliteanas Coiriúil ) | Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Shrianta ) |
An tAcht um Chlúmhilleadh 2009
| [EN] | ||||||
| [EN] |
CUID 6 Ilghnéitheach | |||||
|
Tréimhse do chaingne. |
38 .— (1) Leasaítear alt 11 d’Acht 1957— | |||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | |||||
| [EN] | “(c) Ní dhéanfar caingean clúmhillte de réir bhrí an Achta um Chlúmhilleadh 2009 a thionscnamh tar éis— | |||||
| [EN] | (i) bliain amháin, nó | |||||
| [EN] | (ii) cibé tréimhse is faide ná sin a ordóidh an chúirt, is tréimhse nach faide ná 2 bhliain, | |||||
| [EN] | a bheith caite ón dáta a d’fhabhraigh an chúis chaingne.”, | |||||
| [EN] | agus | |||||
| [EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “(3A) Ní thabharfaidh an chúirt ordachán faoi fho-alt (2)(c)(ii) (a cuireadh isteach le halt 38 (1)(a) den Acht um Chlúmhilleadh 2009) mura deimhin léi— | |||||
| [EN] | (a) gur gá an t-ordachán a thabhairt ar mhaithe leis an gceartas, | |||||
| [EN] | (b) gur thromaí go suntasach an dochar a dhéanfaí don ghearánaí mura dtabharfaí an t-ordachán ná an dochar a dhéanfaí don chosantóir dá dtabharfaí an t-ordachán, | |||||
| [EN] | agus beidh aird ag an gcúirt, le linn di breith a thabhairt i dtaobh an dtabharfaidh sí an t-ordachán sin, ar an gcúis a bhí leis an mainneachtain an chaingean a thionscnamh laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfomhír (i) den fho-alt sin (2)(c) agus a mhéid nach féidir a thuilleadh aon fhianaise is iomchuí maidir leis an ní a thabhairt ar aird de bhua na moille. | |||||
| [EN] | (3B) Chun caingean clúmhillte de réir bhrí an Achta um Chlúmhilleadh 2009 a thionscnamh, is é an dáta a fhabhróidh an chúis chaingne an dáta a chéadfhoilsítear an ráiteas clúmhillteach agus, má fhoilsítear an ráiteas trí mheán an idirlín, an dáta a fhéadfar breathnú air nó éisteacht leis ar dtús tríd an meán sin.”. | |||||
| [EN] | (2) Leasaítear alt 49 d’Acht 1957 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||
| [EN] | “(3) I gcás caingne clúmhillte de réir bhrí an Achta um Chlúmhilleadh 2009, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéanfaí na focail ‘bliain amháin nó cibé tréimhse is faide ná sin a ordóidh an chúirt, is tréimhse nach faide ná dhá bhliain,’ a chur in ionad na bhfocal ‘sé bliana’.”. | |||||
|
An chúis chaingne do mharthain i ndiaidh báis. |
39 .— (1) Leasaítear alt 6 den Acht um Dhliteanas Sibhialta 1961 trí na mínithe seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘ Acht 2009 ’ an tAcht um Chlúmhilleadh 2009; | |||||
| [EN] | tá le ‘ damáistí méadaithe ’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009; | |||||
| [EN] | tá le ‘ damáistí pionósacha ’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009.”. | |||||
| [EN] | (2) Leasaítear alt 7 den Acht um Dhliteanas Sibhialta 1961— | |||||
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “(1A) Ar dhuine d’fháil bháis ar thosach feidhme alt 39(2)(a) d’Acht 2009 nó dá éis, maidir le cúis chaingne mar gheall ar chlúmhilleadh a bhí dílsithe dó díreach roimh a bhás, leanfaidh sí de bheith ar marthain chun tairbhe a eastáit.”, | |||||
| [EN] | agus | |||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “(2A) Más rud é, de bhua fho-alt (1A) den alt seo, go mairfidh cúis chaingne mar gheall ar chlúmhilleadh chun tairbhe eastáit duine éagtha, ní bheidh damáistí ginearálta, damáistí pionósacha nó damáistí méadaithe ar áireamh sna damáistí is inghnóthaithe chun tairbhe eastát an duine sin.”. | |||||
| [EN] | (3) Leasaítear alt 8 den Acht um Dhliteanas Sibhialta 1961— | |||||
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “(1A) Ar dhuine d’fháil bháis ar thosach feidhme alt 39(3)(a) d’Acht 2009 nó dá éis, maidir le cúis chaingne a bheidh ar marthain ina choinne, leanfaidh sí de bheith ar marthain i gcoinne a eastáit.”, | |||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |||||
| [EN] | “(2A) Más rud é, de bhua fho-alt (1A) den alt seo, go mairfidh cúis chaingne mar gheall ar chlúmhilleadh i gcoinne eastáit duine éagtha, ní bheidh damáistí ginearálta, damáistí pionósacha nó damáistí méadaithe ar áireamh sna damáistí is inghnóthaithe i gcoinne eastát an duine sin.”. | |||||
|
Comhaontuithe i leith slánaíochta. |
40 .— Aon chomhaontú chun aon duine a shlánú i gcoinne dliteanais shibhialta mar gheall ar chlúmhilleadh i leith foilsiú aon ráitis, beidh sé dleathach mura rud é, tráth an fhoilsithe, gurb eol don duine sin gur ráiteas clúmhillteach an ráiteas, agus nach gcreideann sé nó sí le réasún go bhfuil cosaint ann ar aon chaingean a thionscnófaí mar gheall air a n-éireodh léi. | |||||
|
Dlínse cúirteanna. |
41 .— Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961— | |||||
| [EN] | (a) trí “caingean clúmhillte de réir bhrí an Achta um Chlúmhilleadh 2009,” a chur isteach idir “seachas” agus “caingean”, i gcolún (2) ag uimhir thagartha 6, agus | |||||
| [EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach: | |||||
“ | ||||||
| ||||||
| [EN] | ”. | |||||
|
Bréag mhailíseach. |
42 .— (1) I gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh teidil, clúmhilleadh earraí nó bréag mhailíseach eile, ceanglófar ar an ngearánaí a chruthú maidir leis an ráiteas ar a mbeidh an chaingean bunaithe— | |||||
| [EN] | (a) nach raibh sé fíor, | |||||
| [EN] | (b) gur foilsíodh go mailíseach é, agus | |||||
| [EN] | (c) gur thagair sé don ghearánaí, dá mhaoin nó dá maoin nó dá oifig nó dá hoifig, dá ghairm nó dá gairm, dá shlí bheatha nó dá slí bheatha, dá thrádáil nó dá trádáil nó dá ghnó nó dá gnó. | |||||
| [EN] | (2) I gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh teidil, clúmhilleadh earraí nó bréag mhailíseach eile, ceanglófar ar an ngearánaí— | |||||
| [EN] | (a) damáiste speisialta a chruthú, nó | |||||
| [EN] | (b) a chruthú go raibh foilsiú an ráitis ceaptha caillteanas airgid a tharraingt ar an ngearánaí, agus gur dóigh go dtarraingeodh sé caillteanas airgid air nó uirthi, i leith a mhaoine nó a maoine nó a oifige nó a hoifige, a ghairme nó a gairme, a shlí beatha nó a slí beatha, a thrádála nó a trádála nó a ghnó nó a gnó. | |||||
|
Fianaise ar éigiontú nó ar chiontú. |
43 .— (1) I gcás ina mbeidh duine éigiontaithe i gcion sa Stát, beidh a éigiontú nó a héigiontú, agus aon chinntí fíorais arna ndéanamh i gcúrsa imeachtaí mar gheall ar an gcion lena mbaineann, inghlactha i bhfianaise i gcaingean clúmhillte. | |||||
| [EN] | (2) I gcás ina mbeidh duine ciontaithe i gcion sa Stát, beidh a chiontú nó a ciontú, agus aon chinntí fíorais arna ndéanamh i gcúrsa imeachtaí mar gheall ar an gcion lena mbaineann, inghlactha i bhfianaise i gcaingean clúmhillte. | |||||
|
Comhairle an Phreasa. |
44 .— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go ndéanfar cibé comhlacht a bheidh sonraithe san ordú a aithint chun críocha an Achta seo, agus tabharfar ar chomhlacht a bheidh arna aithint amhlaidh, de thuras na huaire, agus gairtear de san Acht seo, “Comhairle an Phreasa” . | |||||
| [EN] | (2) Ní bheidh níos mó ná comhlacht amháin arna aithint faoin alt seo de thuras na huaire. | |||||
| [EN] | (3) Ní thabharfar Comhairle an Phreasa ar aon chomhlacht (seachas comhlacht a bheidh arna aithint faoin alt seo de thuras na huaire) ná ní dhéanfaidh aon chomhlacht Comhairle an Phreasa a thabhairt de thuairisc air féin. | |||||
| [EN] | (4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) mura deimhin leis nó léi go gcomhlíonann an comhlacht ar ina leith a bheartaíonn sé nó sí an t-ordú a dhéanamh na ceanglais íosta a shonraítear i Sceideal 2. | |||||
| [EN] | (5) Más é tuairim an Aire nach gcomhlíonann comhlacht a bheidh de thuras na huaire arna aithint le hordú faoin alt seo forálacha Sceideal 2 a thuilleadh, féadfaidh sé nó sí an t-ordú sin a chúlghairm. | |||||
| [EN] | (6) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (5), ceadóidh sé nó sí don chomhlacht a bheidh arna aithint de thuras na huaire faoin alt seo uiríll a dhéanamh chuige nó chuici. | |||||
| [EN] | (7) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú mura rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. |