An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 Coireacht Eagraithe )

32 2009

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1939 ” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939;

ciallaíonn “ Acht 1984 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 1984;

ciallaíonn “ Acht 1996 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996;

ciallaíonn “ Acht 1997 ” an tAcht um an Dlí Coiriúil 1997;

ciallaíonn “ Acht 1999 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 1999;

ciallaíonn “ Acht 2006 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006;

ciallaíonn “ Acht 2007 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2007.