|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 6 de 1933. | ||
| [EN] |
ACHT BUNREACHTA (MÓID DO CHUR AR CEAL), 1933. | |
ACHT CHUN DEIREADH DO CHUR LEIS AN OBLAGÁID ATÁ ANOIS DO RÉIR DLÍ AR BHAILL DEN OIREACHTAS AGUS AR AIRÍ NACH BAILL DEN ARD-CHOMHAIRLE MÓID DO THABHAIRT AGUS CHUN AN BHUNREACHTA AGUS FÓS AN ACHTA UM BUNREACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN, 1922, DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SIN. [3adh Bealtaine, 1933.] | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Airtiogal 17 den Bhunreacht do scriosadh amach agus Airtiogal 55 de do leasú. |
1. —Déanfar agus deintear leis seo an Bunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) tré Airtiogal 17 de do scriosadh amach; agus | |
| [EN] | (b) tré sna focail “agus géillfe siad san d'fhorélacha Airtiogail 17 den Bhunreacht so” atá anois in Airtiogal 55 de do scriosadh amach. | |
| [EN] |
An tAcht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922, do leasú. |
2. —Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 (Uimh. 1 de 1922) . |
| [EN] |
Airtiogal 50 den Bhunreacht do leasú. |
3. —Déanfar agus deintear leis seo Airtiogal 50 den Bhunreacht do leasú tré sna focail “laistigh de théarmaí an Chonnartha Sceidealta” atá anois ann do scriosadh amach. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal), 1933 , do ghairm den Acht so. |