|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 17 de 1936. | ||
| [EN] |
ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 23), 1936. | |
ACHT CHUN NA LEASÚ SAN DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT IS GÁ CHUN DEIREADH DO CHUR, ÓN gCÉAD UAIR EILE SCUIRFEAR AN tOIREACHTAS, LE hIONADAIOCHT AR LEITHLIGH PHRÍOMH-SCOILEANNA I nDÁIL ÉIREANN. [24adh Abrán, 1936.] | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Airtiogal 27 den Bhunreacht do scriosadh amach. |
1. —Déanfar agus deintear leis seo an Bunreacht do leasú tré Airtiogal 27 de do scriosadh amach. |
| [EN] |
Leasuithe iarmartacha ar Airtiogail 26 agus 28 den Bhunreacht. |
2. —(1) Deintear leis seo Airtiogal 26 den Bhunreacht do leasú tré sna focail “lasmuich de theachtaí na bPríomh-sgoileanna” atá anois ann do scriosadh amach. |
| [EN] | (2) Deintear leis seo Airtiogal 28 den Bhunreacht do leasú tré sna focail “lasmuich den vótáil do theachtaí do sna Príomhsgoileanna” atá anois ann do scriosadh amach. | |
| [EN] |
Tosach feidhme an Achta so. |
3. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach ar an Oireachtas do scur den chéad uair tar éis an Achta so do rith. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 23), 1936 , do ghairm den Acht so. |