|
|||||
|
| [EN] | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972 | |
ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. | ||
[5 Eanáir, 1973] | ||
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú. |
1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:— |
| [EN] | (a) cuirfear “ocht mbliadhna déag” in ionad “bliadhain agus fiche” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge, | |
| [EN] | (b) cuirfear “eighteen years” in ionad “twenty-one years” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla. | |
| [EN] |
Lua. |
2. —(1) An Ceathrú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972 , a ghairm den Acht seo. |