An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN (Uimh. 2), 1932)

2 1932

ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN (Uimh. 2), 1932


SCEIDEAL.


ORDU CHUAN NA FAINGE, 1932.


ORDÚ CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT D'IONTAOBHAITHE CHUAN NA FAINGE OIBREACHA NUA DO DHÉANAMH AG AN GCUAN AGUS AN CUAN DO CHOINNEÁIL I DTREO, DO RIALÁIL AGUS D'FHEABHSÚ, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE.


ROIMHRAITEACH.

Gearr-theideal.

1. Féadfar Ordú Chuan na Fainge, 1932, do ghairm den Ordú so.

Tosach feidhme.

2. Tiocfaidh an tOrdú so i ngníomh lá rithte Acht daingnithe an Orduithe seo. agus gairmfear tosach feidhme an Orduithe seo den lá san san Ordú so.

Míniú.

3. San Ordú so beidh ag na focail agus ag na habairtí seo leanas, mara n-éilíonn an có-théaes a mhalairt, na brigheanna so leanas, sé sin le rá:—

cialluíonn “Acht 1885” an Shannon Act, 1885;

cialluíonn “Ordú 1890” an Foynes Harbour Order, 1890;

cialluíonn “na Sean-Achtanna” Acht 1885 agus Ordú 1890;

cialluíonn agus foluíonn “an cuan atá ann cheana” Piara agus Cuan na Fainge, dá dtagartar in Acht 1885 agus in Ordú 1890, agus gach atharú agus feabhsú ortha agus gach breis atá curtha leo mar atáid i dtosach feidhme an Orduithe seo;

cialluíonn agus foluíonn “an cuan” an cuan atá ann cheana, agus na tailte, na hoibreacha, agus na háitreabhacha tógfar i seilbh no déanfar fé fhorálacha an Orduithe seo maraon leis na háiseanna bhaineann leo, agus fós an líomatáiste fé mharc an láin mhara cuirtear laistigh de theoranta an chuain tríd an Ordú so;

cialluíonn agus foluíonn “ioncum an chuain” na rátaí, na héilithe, na custuim, na dleachta, na cíosa agus an t-airgead agus na fáltaisí eile tógfar agus do gheobhfar mar ioncum ón gcuan no alos an chuain fé údarás an Orduithe seo;

cialluíonn “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn “na hIontaobhaithe” Iontaobhaithe Chuan na Fainge mar a hionchorparuítear iad tré Ordú 1890;

cialluíonn “an plean lóisteálta” agus “na gearrtha lóisteálta” fé seach an plean agus na gearrtha do lóisteáladh leis an Aire mar gheall ar an ordú so;

cialluíonn “Acht Clásanna na gCuan, 1847” an Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847.

Acht Clásanna na gCuan, 1847, do chur i mbaint.

4. Tuigfear, maidir le hAcht Clásanna na gCuan, 1847, do chur i mbaint leis an Ordú so, gurb iad an tOrdú so agus na Sean-Achtanna an “special Act”; agus gurb é an cuan an “harbour, dock, or pier,” agus gurb iad na hIontaobhaithe na “undertakers”; agus go bhfolóidh an focal “rate” aon dleachta, custuim agus éilithe den tsórt a luaidhtear san Ordú so.

An Commissioners Clauses Act, 1847, d'ionchorparú.

5. Déanfar agus deintear leis seo an Commissioners Clauses Act, 1847 (ach amháin ailt 6 go 55 go huile, ailt 84 go 87 go huile agus ailt 90 go 95 go huile) sa mhéid ná hatharuítear leis an Ordú so é ná ná fuil sé buiniscionn leis an Ordú so d'ionchorparú leis an Ordú so agus, sa mhéid gur féidir é sa chás, bainfe sé leis na hIontaobhaithe le chéile agus le gach duine fé leith acu.

Léiriú.

6. Léighfear agus léireofar an tOrdú so mar éinní amháin leis na Sean-Achtanna, agus féadfar é do luadh i dteanta na Sean-Achtanna.

ACHAR.

Achar an Chuain

7. Isé achar gur laistigh de a bheidh údarás ag na hIontaobhaithe agus gur laistigh de féadfar comhachta an Mhaoir Chuain d'fheidhmiú, agus a tuigfear is achar le n-a mbaineann an tOrdú so maraon leis an gcomhacht chun rátaí, dleachta, agus éilithe do ghearradh agus do bhailiú mar a húdaruítear leis an Ordú so, ná an cuan atá ann cheana, maraon leis na hoibreacha agus na tailte a húdaruítear leis an Ordú so no a tógfar i seilbh fé, agus an líomatáiste iomlán. fé mharc an láin mhara, a luigheann idir líne shamhluithe ar an taobh thoir ar n-a tarrac o phuínte dá ngairmtear ar an Mapa Suirbhéireachta Ordonáis Durnish Point i mBaile Fearainn Dhair-inse, i bParóiste Bhaile Riobáird, i mBarúntacht Sheanaid, agus i gContae Luimnigh, go dtí puínte dá ngairmtear ar an Mapa san Gammarel Point, i mBaile Fearainn Inse na Fainge, sa Pharóiste, sa Bharúntacht agus sa Chontae chéanna, agus líne shamhluithe ar an taobh thiar ar n-a tarrac o phuínte atá 550 troigh siar siar-o-thuaidh ón gcarraig dá ngairmtear ar an Mapa san Foynes Rock, i mBaile Fearainn Liatha, sa Pharóiste, sa Bharúntacht agus sa Chontae roimhráite, go dtí puínte díreach o thuaidh uaidh i mBaile Fearainn sin Insc na Fainge agus sa Pharóiste, sa Bharúntacht agus sa Chontac roimhráite.

TAILTE DO THOGAINT I SEILBH.

Achtanna Clásanna na Talmhan d'ionchorparú.

8. Deintear leis seo Achtanna Clásanna na Talmhan (lasmuich den méid díobh a bhaineann le tailte do cheannach agus do thógaint ar aon tslí seachas tré chó-aontú agus le bunuitheoirí an ghnótha do dhul isteach ar thailte) d'ionchorparú leis an Ordú so, agus chun crícheanna an ionchorparuithe sin ciallóidh an téarma “special Act” sna hAchtanna san an tOrdú so.

Comhacht chun tailte do thógaint tré chó-aontú.

9. Chun crícheanna na n-oibreacha a húdaruítear leis an Ordú so féadfaidh na hIontaobhaithe o am go ham, tré chó-aontú, dul isteach ar na tailte uile taisbeántar ar an bplean lóisteálta no ar pé coda dhíobh is dóich leis na hIontaobhaithe is gá chun crícheanna na n-oibreacha san agus na n-áiseanna bhaineann leo. agus na tailte sin no na coda san díobh do thógaint agus d'úsáid.

Tailte chun crícheanna nea-ghnáthacha.

10. Féadfaidh na hIontaobhaithe, tré chó-aontú, aon tailte nách mó ar fad ná deich n-acra do cheannach, do ghlacadh ar léas, do thógaint i seilbh agus do bheith acu (i dteanta na dtailte údaruíonn an t-alt san roimhe seo dhóibh a thógaint) chun abhair a dreideofar as an gcuan do chur ortha, no chun aon chríche nea-ghnáthaí eile bhaineann leis an ngnó, ach ní dhéanfaidh éinní san alt so na hIontaobhaithe do shaoradh o aon imeachta mar gheall ar chráiteas a dhéanfaid no a lomhálfaid a dhéanamh ar thalamh a thógfaid i seilbh fé sna comhachta bronntar leis an alt so.

Comhacht chun éasáidí do thógaint tré chó-aontú.

11. Féadfaidh daoine, dá dtugtar comhacht le hAchtanna Clásanna na Talmhan chun tailte do dhíol agus do leithliú no do leigint uatha, féadfaid más oiriúnach leo é, fé réir forálacha na nAcht san agus an Orduithe seo, aon éasáid, ceart no pribhléid (nách éasáid, ceart ná pribhléid uisce ina mbeidh leas ag daoine eile seachas na deontóirí) is gá chun crícheanna an Orduithe seo, agus a bheidh in no ar aon tailte den tsórt san no ag déanamh deifre dhóibh, do dheonadh do sna hIontaobhaithe agus raghaidh na forálacha de sna hAchtanna san a bhaineann le tailte agus le cíos-mhuirir, raghaid chó fada, agus bainfid, le deontaisí agus le héasáidí, le cirt, agus le pribhléidí den tsórt san roimhráite fé seach sa mhéid go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis na nithe sin.

OIBREACHA AGUS COMHACHTA.

Comhacht chun oibreacha do dhéanamh.

12. Fé réir forálacha an Orduithe seo agus fós fé réir pé atharú (más ann do) ar an bplean agus ar na gearrtha lóisteálta theastóidh ón Aire sara geríochnófar na hoibreacha, féadfaidh na hIontaobhaithe na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo ar na tailte is leo no a thógfaid ar seilbh fén Ordú so agus san sna línte agus do réir na leibheul a taisbeántar ar an bplean agus ar na gearrtha lóisteálta.

Tuairisc ar na hoibreacha.

13. Isiad oibreacha a húdaruítear leis an Ordú so ná:—

Obair Uimh. 1.—An faidiú atá déanta le hadhmad ar an bPiara Thiar cheana do bhaint anuas agus d'aistriú.

Obair Uimh. 2.—Faidiú oscailte do dhéanamh le concréit neartuithe ar an bPiara Thiar, ag tosnú ag deireadh an Phiara Thiar atá ann cheana agus ag dul i dtreo na habhann agus ar aon líne leis an bPiara san ar feadh tuairim is seachtó troigh.

Obair Uimh. 3.—Faidiú oscailte do dhéanamh le concréit neartuithe ar an bhFánán Thoir, ag tosnú ag deireadh an Fhánáin atá ann cheana agus ag dul i dtreo na habhann agus ar aon líne leis an bhFánán san ar feadh tuairim is cúig troithe fichead.

Obair Uimh. 4.—Cé no caladh oscailte do dhéanamh le concréit neartuithe a bheidh mar cheangal idir Oibreacha Uimhreacha 2 agus 3 agus a bheidh déanta i slí go mbeidh an taobh den ché no den chaladh san a bheidh leis an abhainn dron-uilleannach le líne an taoibh thiar den Phiara Thiar no nách mór amhlaidh nuair a bheidh san faidithe amhlaidh mar adubhradh agus i slí gurb aon déanmhas amhain a bheidh sa ché no sa chaladh san agus in Oibreacha Uimhreacha 2 agus 3.

Obair Uimh. 5.—An Fánán Thoir sin do leathnú ar an taobh thoir de ar feadh tuairim is 150 troigh o bhun an Fhánáin Thoir sin, chun na huilleann idir an Fánán Thoir sin agus an Bhancánacht Bhóthair Iarainn d'fheabhsú agus chun achair de 3,000 troigh cheárnach no mar sin do chur leis an bhFánán san, agus an obair sin do bheith ina dlúthdhéanmhas de chré agus de chlocha.

Obair Uimh. 6.—Míntíreach do dhéanamh de chuid de chladach Abha na Sionainne atá fé mharc an láin mhara agus idir an Piara Thiar agus an Fánán Thoir.

Comhacht chun claonta.

14. Ag déanamh na n-oibreacha dhóibh a húdaruítear leis an Ordú so féadfaidh na hIontaobhaithe, le cead i scríbhinn ón Aire, claonadh i leataoibh aon fhaid laistigh de sna teoranta claontaíochta atá marcálta ar an bplean lóisteálta agus féadfaidh, le cead den tsórt chéanna, claonadh aon fhaid suas no síos o leibhéil na n-oibreacha san mar a taisbeántar iad ar na gearrtha lóisteálta.

Comhacht chun oibreacha do choinneáil i dtreo agus d'fheabhsú.

15. Fé réir forálacha an Orduithe seo féadfaidh na hIontaobhaithe an cuan do choinneáil i dtreo agus, o am go ham, é d'atharú, d'fheabhsú agus do leathnú agus féadfaid, maidir leis an gcuan, na rudaí seo leanas do dhéanamh, d'atharú, d'fheabhsú agus d'athnuachaint, eadhon, bancánachtaí, tochtaltáin, tonn-choisc, áiteanna calaíochta, piaranna, céibheanna, fánáin, fánóga, calaidh, doilphíní, snámháin, stáitsí, tithe custuim, siúntáin, stóir, stóraisí, bealaigh fánóige, trágha chun bád do tharrac aníos, éadtromáin mhara, gléasa ceangail, soillse, rabhacháin mhara, bóithre, camraí, dréineanna, cúrsaí uisce, píopaí geas agus uisce, línte píopa íle, dabhaigh íle, fearaistí chun íle do ládáil no do dhí-ládáil agus d'iompar, príomh-raonta leictreachais, fearaistí soillsiúcháin, meaisíní meáchainte, crainn tógála, agus iomparthóirí, agus oibreacha, foirgintí agus áiseanna eile do gheobhfar a bheith riachtanach no oiriúnach i gcóir árthach úsáideann an cuan agus i gcóir tráchta caluítear ag an gcuan no cuirtear ar bord luinge chun dul amach as an gcuan agus i gcóir gach a mbaineann leis an gcuan d'oibriú agus do bhainistí go caothúil, agus féadfaid fós ráileacha, trambhealaigh, leataobhacha bóthair iarainn agus casghléasa do chur síos fan na bpiaranna, na gcéibheanna agus na n-oibreacha eile is cuid den chuan agus fan an tailimh a bhaineann leo, agus ar na rudaí sin uile, no fan aon choda dhíobh fé seach agus uirthi, agus iad do choinneáil i dtreo, agus féadfaid comhacht thiomána do chur ar fáil do bhóithre iarainn agus do thrambhealaigh, agus féadfaidh o am go ham aon chuid no coda de sna hoibreacha roimhráite do bhaint anuas no d'aistriú.

Ach—

(i) más mó ná £500 aon uair méid an airgid a beartófar do chaitheamh chun aon chríche áirithe de chrícheanna an ailt seo seachas coinneáil i dtreo iarrfaidh na hIontaobhaithe ar an Aire toiliú leis an gcaithteachas san agus ní raghaid fé fhiachas ar bith ná ní chaithfid airgead ar bith chun na críche sin mara bhfaightear ná go dtí go bhfaighfear an toiliú san;

(ii) ní déanfar líne de ráileacha ná trambhealach do rinneadh no do hatharuíodh fé chomhachta an Orduithe seo d'úsáid chun paisnéirí d'iompar go puiblí mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh oifigeach a cheapfaidh an tAire é d'iniúchadh agus a dheimhniú go bhfuil sé oiriúnach chuige sin.

Chun telegraf do chosaint.

16. Ní údaróidh éinní atá san Ordú so aon chur isteach do dhéanamh ar aon líne thelegrafa leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san sna hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheann de sna cirt atá ag an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san.

Toiliú an Aire le hoibreacha áirithe.

17.—(1) I gcás aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do bheith le déanamh ar thailte taoide no os a gcionn no fútha fé mharc láin mhara na ngnáth-thaoidí rabharta ní déanfar é ach le toiliú an Aire, agus gach obair den tsórt san a bheidh le déanamh amhlaidh mar adubhradh is do réir pé pleananna agus gearrtha le n-a n-aontóidh an tAire déanfar í agus fé réir pé sriantachtaí (más ann dóibh) agus rialachán ordóidh an tAire sara dtosnófar ar an obair.

(2) Beidh gach atharú no leathnú ar aon obair den tsórt san roimhráite fé réir toilithe an Aire agus is do réir pleananna agus gearrtha le n-a n-aontóidh seisean a déanfar an t-atharú no an leathnú san.

(3) Maidir le haon obair den tsórt san roimhráite—

(a) má tosnuítear í gan toiliú an Aire, no

(b) má deintear í ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha le n-ar aontuigh an tAire i gcóir déanamh na hoibre sin, no

(c) má hatharuítear no má leathnuítear í ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha le n-ar aontuigh an tAire i gcóir atharú no leathnú na hoibre sin,

féadfaidh an tAire ar chostas na nIontaobhaithe an obair sin no aon chuid di no aon leathnú uirthi do rinneadh amhlaidh mar adubhradh d'aistriú agus beidh méid an chostais sin ina fhiacha bheidh dlite ar na hIontaobhaithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun Suirbhéireachtaí do dhéanamh.

18. Féadfaidh an tAire aon uair ar chostas na nIontaobhaithe suirbhéireacht agus scrúdú do dhéanamh—

(a) ar an ionad a bheidh beartuithe d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so, no

(b) ar aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so,

agus beidh méid aon chostais den tsórt san ina fhiacha bheidh dlite ar na hIontaobhaithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun oibreacha tréigfear no raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

19.—(1) Má thréigeann na hIontaobhaithe aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so agus do rinneadh ar aon tailte taoide no uisce taoide no ionta no os a gcionn no tríotha no trasna ortha no má leigid do dul gan mhaitheas, féadfaidh an tAire ar chostas na nIontaobhaithe—

(a) an obair sin no aon chuid di d'aistriú, agus

(b) ionad na hoibre sin do chur sa riocht ina raibh sé sara ndearnadh an obair sin air.

(2) Beidh méid aon chostais den tsórt san roimhráite ina fhiacha bheidh dlite ar na hIontaobhaithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Pionós mar gheall ar na hoibreacha do chosc.

20. Duine ar bith a dhéanfaidh go toiliúil éinne bheidh ag gníomhú fé údarás na nIontaobhaithe do chosc ar línte na n-oibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do mharcáil, no a stathfaidh no a aistreoidh aon pholaí no cuaillí tiomáinfear sa talamh chun línte na n-oibreacha san do mharcáil dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach cionta fé leith.

Deireadh le comhacht i gcásanna áirithe.

21.—(1) Mara mbeidh tosnú maith déanta, laistigh de dhá bhliain tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so, beidh deireadh leis na comhachta do bheirtear leis an Ordú so chun na n-oibreacha san do dhéanamh no chun éinní eile ina dtaobh mara ndeintear, le hordú speisialta ón Aire, an t-am chun tosnuithe ar na hoibreacha san do chur i bhfaid.

(2) Más rud é, tar éis tosnú maith do bheith déanta ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so, lasmuich d'Oibreacha Uimhreacha 5 agus 6 a tuairiscítear anso roimhe seo, go mbeid chó maith le bheith ina stad ar feadh dhá mhí dhéag as a chéile, beidh deireadh leis na comhachta do bheirtear leis an Ordú so chun na n-oibreacha san do dhéanamh no chun éinní eile ina dtaobh, ach amháin chó fada is théigheann an méid sin de sna hoibreacha san a bheidh críochnuithe an uair sin, mara ndeintear, le hordú speisialta ón Aire, na comhachta san do bhuanú agus ordú do thabhairt iad d'fhanúint i bhfeidhm ar feadh aon tréimhse nách sia ná cúig bliana o thosach feidhme an Orduithe seo.

(3) I gceachtar cás acu san thuas beidh Deimhniú ón Aire, sa chéill ná fuil tosnú maith déanta ar na hoibreacha no go bhfuilid chó maith le bheith ina stad ar feadh dhá mhí dhéag as a chéile, beidh sé, chun crícheanna an Orduithe seo, ina fhianaise dhochlaoite ar na nithe bheidh ráite sa Deimhniú san.

(4) Críochnófar na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so, ach amháin na hOibreacha san Uimhreacha 5 agus 6, laistigh de chúig bliana o thosach feidhme an Orduithe seo.

(5) Críochnófar na hOibreacha Uimhreacha 5 agus 6 a húdaruítear leis an Ordú so laistigh de sheacht mbliana o thosach feidhme an Orduithe seo.

Comhacht chun dreidireachta do dhéanamh.

22.—(1) Féadfaidh na hIontaobhaithe an cuan agus fós na slite isteach ann, agus na cainéil agus na bealaigh isteach chuige, do dhreideadh, do sciúradh, do dhoimhniú, do leathnú, do mhéadú, d'atharú, agus d'fheabhsú agus do choinneáil i dtreo sa mhéid gur gá san chun leor-chúrsa uisce agus leor-bhealach isteach chun an chuain do chur ar fáil d'arthaí bheidh ag úsáid an chéanna: Ach más mó ná £1,000 méid an airgid a beartófar do chaitheamh laistigh d'aon bhliain airgeadais chun críche an fho-ailt seo iarrfaidh na hIontaobhaithe ar an Aire toiliú leis an gcaithteachas san agus ní raghaid fé fhiachas ar bith alos na críche sin ná ní chaithfid airgead ar bith uirthi mara bhfaightear ná go dtí go bhfaighfear an toiliú san.

(2) Is leis na hIontaobhaithe an ghainimh, an clábar agus an gairbhéal go léir agus na habhair eile go léir a dreidfear no a haistreofar chun na gcrícheanna agus sa mhéid adubhradh agus nách leis an Stát, agus féadfaid iad do dhíol no do chur dá láimh in aon tslí eile no iad d'aistriú no do chur in áit eile fé mar is oiriúnach leo: Ach ní déanfar aon ghainimh, clábar, gairbhéal ná abhair eile do leagadh ná do chur in aon áit atá fé mharc an láin mhara gan toiliú an Aire i scríbhinn do bheith faighte roimh ré.

(3) Ní tuigfear éinní atá san alt so do bheith á údarú do sna hIontaobhaithe aon ghainimh, clábar, gairbhéal no abhair eile is leis an Stát do dhíol no do chur dá láimh in aon tslí eile ach féadfaid iad d'aistriú no do chur in áit eile i slí le n-a n-aontóidh an tAire.

(4) Gach airgead a thiocfaidh as aon ghainimh, clábar, gairbhéal agus abhair eile do dhíol no do chur de láimh ar aon tslí eile fén alt so déanfar, tar éis na gcostas a bhainfidh leis sin d'íoc, é d'úsáid díreach mar atá ioncum an chuain fén Ordú so le húsáid.

Comhacht chun dreidirí agus fearaistí do cheannach agus do thógaint ar cíos.

23.—(1) Féadfaidh na hIontaobhaithe, chun crícheanna an Orduithe seo, pé dreidirí, creimirí, innill, báid tarraingthe, lictéirí, árthaí, cluig thumtha, crainn tógála, meaisínteacht agus fearas, a hoibrítear le comhacht ghaile no eile, agus is dóich leo is gá do chur ar fáil, do cheannach, do thógaint ar léas, do thógaint ar cíos agus d'úsáid agus féadfaid pé suimeanna réasúnta is oiriúnach leo d'éileamh agus do ghlacadh as iad d'úsáid no as iad do thógaint ar cíos, agus tuigfear gur cuid d'ioncum an chuain gach suim do gheobhfar as an úsáid no as an tógaint ar cíos san.

(2) Féadfaidh na hIontaobhaithe o am go ham fé mar is rogha leo féin aon carra no rud a ceannófar fén alt so do dhíol no do chur dá láimh agus an t-airgead do gheobhfar as san do dhíol tuigfear gur airgead é do fuarthas do chuntas an chaipitail agus úsáidfear é chun pé críche no crícheanna agus i pé slí shocróidh na hIontaobhaithe le toiliú an Aire.

Connartha.

24. Féadfar Alt 57 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le connartha ar shuim céad púnt no níos mó, mar atá sé ionchorparuithe leis an Ordú so, do léigheamh agus do léiriú fé is dá ndeintí na focail “One hundred pounds” atá san alt san do scriosadh amach as agus na focail “Five hundred pounds” do chur ina n-ionad agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt san mar atá sé ionchorparuithe amhlaidh.

Fo-dhlithe.

25.—(1) Ní thiocfaidh aon Fho-dhlí fhéadfaidh na hIontaobhaithe do dhéanamh uair ar bith i bhfeidhmiú na comhachta bronntar ortha chuige sin le halt 83 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, ní thiocfa sí i ngníomh go dtí go ndaingneoidh an tAire í, agus is leor an daingniú san chun gach críche.

(2) Ní bheidh alt 85 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, ionchorparuithe leis an Ordú so.

Maor Cuaín do cheapadh.

26. On gcéad uair a bheidh Oifig Mhaoir Chuain an Chuain folamh agus dá éis sin scuirfidh forálacha ailt 4 d'Ordú 1890 de bheith i bhfeidhm sa mhéid go mbainid leis an Maor Cuain do cheapadh agus do chur as oifig agus le luach saothair agus le cúiteamh do thabhairt do.

RATAI.

Comhacht chun rátaí do ghearradh sa Chuan atá ann cheana.

27. O thosach feidhme an Orduithe seo amach féadfaidh na hIontaobhaithe, fé réir agus do réir forálacha an Orduithe seo, aon tsuim no suimeanna nách mó ná na rátaí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú so d'éileamh, do bhaint amach agus do ghlacadh alos árthach, ainmhithe, earraí, nithe agus rudaí, agus alos seirbhísí déanfar, sa chuan atá ann cheana.

Deimhniú ar na hoibreacha údaruithe do bheith críochnuithe.

28. Chun críche teistis ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do bheith críochnuithe cuirfear Deimhniú fé Shéala an Aire in ionad an Deimhnithe fé láimh Chathaoirligh an Cheathrú Shiosóin fé Alt 26 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847.

Comhacht chun rátaí do ghearradh i gcóir oibreacha nua.

29. Nuair a bheidh an Deimhniú deonfar fé alt 26 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, faighte agus fós Deimhniú ón Aire gur tugadh gach toiliú agus aontú ón Aire is gá fén Ordú so no is riachtanach ar aon tslí eile chun na n-oibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do dhéanamh go cuibhe, féadfaidh na hIontaobhaithe, fé réir agus do réir forálacha an Orduithe seo, aon tsuim no suimeanna nách mó ná na rátaí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú so d'éileamh, do bhaint amach agus do ghlacadh alos árthach, ainmhithe, earraí, nithe agus rudaí, agus alos seirbhísí déanfar ag oibreacha no chun úsáide oibreacha gur ina dtaobh a deonadh agus a fuarthas fé seach na Deimhnithe roimhráite.

Féadfar rátaí do ghearradh cé ná beidh na hoibreacha críochnuithe.

30. Má deimhnítear aon uair i scríbhinn fé láimh oifigigh a cheapfaidh an tAire chuige sin ach a íocfaidh na hIontaobhaithe go bhfuil na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so chó gairid sin do bheith críochnuithe gurb áis iad chun earraí do chur ar bord luinge agus chun earraí do thógaint as luing féadfaidh na hIontaobhaithe, d'ainneoin ailt 25 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, agus d'ainneoin gan iomlán na n-oibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do bheith críochnuithe an uair sin, na rátaí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú so d'éileamh, do bhaint amach agus do ghlacadh, pé cinn acu no pé cion de gach ceann no d'aon cheann acu is dóich leis an Aire do bheith do réir na háise bheidh á fáil.

Féadfaidh an tAire rátaí d'ath-scrúdú.

31. Má chítear don Aire aon uair—

(a) o iarratas a dhéanfaidh na hIontaobhaithe chuige i scríbhinn; no

(b) o chúis a cuirfear fé n-a bhráid i scríbhinn o aon chólucht ionadathach de thrádálaithe no o aon tigh gnótha no o aon duine is duine ceart chun na críche sin dar leis an Aire; no

(c) mar gheall ar aon réasún eile;

gur cheart, agus an scéal mar a bheidh an uair sin, gach ceann no aon cheann de sna rátaí, de sna dleachta, de sna custuim no de sna héilithe luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú so d'ath-scrúdú no d'atharú, pe'ca tré n-a méadú no tré n-a laigheadú é, no do leigint ar lár no an Sceideal san do leathnú tré n-a thuilleadh rátaí, dleacht, custum no éilithe do chur leis, féadfaidh an tAire aon uair, más oiriúnach leis é agus d'ainneoin aon teorann reachtúla no eile bheidh ann, Ordú do dhéanamh ag ath-scrúdú no ag atharú no ag leigint ar lár gach ceann no aon cheann de sna rátaí, de sna dleachta, de sna custuim no de sna héilithe sin roimhráite no an fhorais gur dá réir a gearrtar na rátaí, na dleachta, na custuim no na héilithe sin, no ag leathnú an Sceidil sin tré n-a thuilleadh rátaí, dleacht, custum, no éilithe do chur leis, agus féadfa sé an lá o n-a mbeidh éifeacht ag an Ordú san do cheapadh agus as san amach cólíonfar an tOrdú san go dtí go ragha sé in éag no go gceiliúrfar no go n-atharófar é le hOrdú eile ón Aire déanfar do réir an ailt seo.

Comhacht chun saoirsí do bhronnadh agus chun margaidh do dhéanamh.

32. Féadfaidh na hIontaobhaithe, ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, saoirsí o íoc rátaí, dleacht, custum no éilithe a húdaruítear leis an Ordú so do bhronnadh, d'atharú no do chur in éag agus margadh do dhéanamh le héinne ina thaobh san, ach san do dhéanamh i slí ná tabharfar aon tosach nea-chuibhe d'éinne in aon chás ar éinne eile bheidh ag úsáid an chuain no na n-oibreacha ar an gcuma gcéanna agus ná déanfaidh éinní déanfar fén alt so dochar d'fhorálacha eile an Orduithe seo.

Rátaí ar Stóraisí, etc.

33. Féadfaidh na hIontaobhaithe (sa mhéid ná baineann na rátaí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú so leis an scéal) pé rátaí réasúnta no comaoine réasúnta eile shocróid d'éileamh agus do bhaint amach as úsáid do dhéanamh d'aon stóraisí, siúntáin, foirgintí, clóis, measíní meáchainte, línte píopa íle, gléasa ceangail, postaí ceangail, crainn tógála, éadtromáin mhara, oibreacha agus áisí is leis na hIontaobhaithe no chuirfid ar fáil no alos aon tseirbhísí dhéanfaid maidir leis an gcuan no leis an hoibreacha: Ach ní tabharfar aon tosach nea-chuibhe d'éinne maidir le húsáid ná le seilbh aon stóraisí, siúntán, foirgintí, clós, meaisíní meáchainte, línte píopa íle, gléas ceangail, post ceangail, crann tógála, éadtromán mara, oibreacha ná áisí den tsórt roimhráite, agus cuirfear na rátaí, na cíosa, no na héilithe céanna ar chách alos na cóiríochta, na seirbhísí no na n-áisí céanna sa chás chéanna.

Clár-thonnáiste Arthach nGaile.

34. Chun rátaí tonnáiste do ghearradh fén Ordú so tuigfear gurb é is clár-thonnáiste d'árthaí gaile (nách árthaí iascaigh ná galtáin tarraingthe) ná an clár-thonnáiste glan no caoga per cent. den mhór-thonnáiste, pe'ca aca is mó.

Rátaí do bhailiú.

35.—(1) Na rátaí tonnáiste is inghearrtha ag na hIontaobhaithe fén Ordú so ar árthaí beid iníoctha ag an Máistir no ag an Únaer.

(2) Na rátaí is inghearrtha ag na hIontaobhaithe fén Ordú so ar ainmhithe agus ar earraí cuirfear ar bord luinge no tógfar as luing no cuirfear o luing go luing, beid iníoctha ag Únaer na n-earraí agus beid ina nasc ortha san ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Ordú so no leis an Sceideal a ghabhann leis.

(3) Na rátaí, na dleachta, na custuim agus na héilithe is inghearrtha ag na hIontaobhaithe, éileofar iad gach tráth ar dhuine mar a chéile alos árthach agus earraí den aicme no den tsaghas chéanna agus beid iníoctha leis na hIontaobhaithe, no le pé duine dá n-údaróidh na hIontaobhaithe go cuibhe iad do ghlacadh, ina nOifig i bhFaing no i pé áit eile cheapfaidh na hIontaobhaithe.

Meáchaint agus tuise na pacála do chur san áireamh.

36. Nuair a beifear ag meáchaint agus ag tomhas earraí chun a dhéanamh amach cadiad na rátaí is iníoctha alos earraí cuirfear meáchaint agus tuise na pacála san áireamh.

Féadfaidh an Maor Cuain cosc do chur le hárthaí d'imeacht.

37. Féadfaidh an Maor Cuain cosc do chur le haon árthach 'na mbeidh aon rátaí iníoctha ina thaobh no i dtaobh na n-earraí do hiomportáladh no a bheidh á n-easportáil ann d'aistriú ná d'imeacht amach as an gcuan go dtí go dtaisbeánfar fianaise dho ar na rátaí sin do bheith íoctha le Bailitheoir na Rátaí.

Beidh árthaí iascaigh áirithe saor o rátaí le linn doininne.

38. Beidh árthaí iascaigh, is le tíortha le n-a mbeidh connartha déanta de thurus na huaire ag saoradh na n-árthach san o dhleachta agus o éilithe puirt nuair is éigean dóibh de dheascaibh doininne dídean d'iarraidh i bpuirt no ar chóstaí Shaorstáit Éireann, beid saor o rátaí, is inghearrtha fén Ordú so, nuair is éigean dóibh de dheascaibh doininne úsáid do dhéanamh den chuan agus ná scarfaid le haon chuid dá n-ualach le linn dóibh an cuan d'úsáid.

Saoirsí agus cosaint do Ranna Rialtais.

39. Bainfidh ailt 28 agus 99 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, mar a hionchorparuítear san leis an Ordú so, le haon Roinn Rialtais agus raghaidh chun tairbhe dhi sa tslí chéanna ina mbainid leis na Ranna Rialtais a hainmnítear go speisialta sna hailt sin agus ina dtéighid chun tairbhe dhóibh.

Saoirse d'fhuirinn bháid thárrthála.

40. Na daoine uile bheidh ag dul chun aon bháid thárrthála no ag filleadh uaithi no ag úsáid aon ghléis thárrthála agus is daoine d'fhuirinn an bháid thárrthála no is daoine bheidh de thurus na huaire ag tárrtháil anama no ag cleachtadh leis an mbád no leis an ngléas tárrthála no á úsáid agus na daoine uile do bhéarfar i dtír as aon árthach a bheidh i ngátar beidh saorchead acu gach tráth dul isteach sa chuan agus sna hoibreacha agus teacht amach asta agus gabháil fan an chéanna.

AIRGEADAS.

Comhacht chun iasachta d'fháil.

41. Féadfaidh na hIontaobhaithe, ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, pé airgead nách mó san iomlán ná suim £100,000 agus is gá chun crícheanna an Orduithe seo d'fháil ar iasacht o am go ham fé mhorgáiste no fé bhanna ar urrús na rátaí, na ndleacht, na gcustum agus na n-éilithe a húdaruítear leis an Ordú so do ghearradh.

An fhuirm ina mbeidh morgáiste agus Aistriú Morgáiste

42. D'ainneoin éinní atá san Commissioners Clauses Act, 1847. féadfar morgáiste bheidh le déanamh ag na hIontaobhaithe fén Ordú so do dhéanamh i pé fuirm agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha ar a gcó-aontóidh na hIontaobhaithe leis an iasachtaí le haontú an Aire; agus féadfaidh aistriú aon mhorgáiste den tsórt san bheith in aon fhuirm is gnáth no is gá chun cirt agus leasa an té bheidh i dteideal an mhorgáiste sin d'aistriú go héifeachtúil chun an té go mbeifear ar aigne iad d'aistriú chuige

Tosaíocht Mhorgáistí.

43. Na forálacha atá in alt 75 den Acht san i dtaobh tosaíochta morgáistí ní bhainfid le haon mhorgáiste bheidh le déanamh ag na hIontaobhaithe.

Usáid an airgid do gheobhfar ar iasacht.

44. Gach airgead do gheobhaidh na hIontaobhaithe ar iasacht fén Ordú so is chun crícheanna an Orduithe seo no mar chabhair chúcha a húsáidfear é.

Ioc an airgid do gheobhfar ar iasacht.

45. Déanfaidh na hIontaobhaithe gach airgead do gheobhaid ar iasacht fén Ordú so d'aisíoc sa tslí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás aon airgid do roimh-íocadh leis na hIontaobhaithe amach as cistí puiblí: laistigh de pé tréimhse, ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus i pé slí ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgid; agus

(b) i gcás aon airgid eile do roimh-íocadh: laistigh de pé tréimhse, ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus i pé slí ordóidh an tAire.

Cosaint do lucht tabhartha iasachta.

46. Ní bheidh sé ceangailte ar éinne roimh-íocfaidh airgead leis na hIontaobhaithe aon teisteas breise ná teisteas eile, go bhfuil comhacht ag na hIontaobhaithe an t-airgead a bheidh á roimh-íoc ag an duine sin d'fháil ar iasacht, d'éileamh seachas an fhianaise do bhéarfaidh:

(a) deimhniú fé láimh Chléirigh no Rúnaí na nIontaobhaithe agus fé láimh bheirt de sna hIontaobhaithe ná fuil na hIontaobhaithe ag dul thar na comhachta bronntar ortha leis an Ordú so chun iasachta d'fháil;

(b) iniúchadh ar an gclár de mhorgáistí 'na gceangailtear ar na hIontaobhaithe le halt 76 den Commissioners Clauses Act, 1847, é do choimeád.

Cosaint do thosaíocht Mhorgáistí atá ann cheana.

47. Ní dhéanfaidh éinní san Ordú so deifir do thosaíocht an Mhorgáiste dar dáta 17adh Meitheamh, 1915, agus do dheon na hIontaobhaithe do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí mar urrús ar iasacht £2,000 ná d'aon ús ná tráthchodacha de cholainn agus d'ús atá dlite no thiocfaidh chun bheith dlite ina thaobh san ná do thosaíocht aon Mhorgáiste eile do dheon na hIontaobhaithe agus a bheidh ann i dtosach feidhme an Orduithe seo ná d'aon ús ná tráthchodacha de cholainn agus d'ús atá dlite no thiocfaidh chun bheith dlite ina thaobh san.

Sochar díola tailte ná teastóidh d'áireamh mar Chaipital.

48. An sochar a thiocfaidh as aon tailte is leis na hIontaobhaithe, agus ná teastóidh, do dhíol fé chomhachta an Orduithe seo agus gach airgead eile do gheobhfar do chuntas an chaipitail agus nách airgead do gheobhfar ar iasacht ná airgead do gheobhfar mar dheontas chun cabhrú leis na hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so do dhéanamh taisbeánfar iad mar chaipital i gcuntaisí na nIontaobhaithe agus úsáidfear iad chun pé críche no crícheanna agus i pé slí ar a gcinnfidh na hIontaobhaithe le toiliú an Airc.

Glacadóir do cheapadh.

49.—(1) Féadfaidh sealbhóirí aon urrúis do tugadh alos airgid do fuarthas ar iasacht fén Ordú so íoc riaráiste úis no colna no colna agus úis a bheidh dlite ar a gcuid urrús do bhaint amach tré Ghlacadóir do cheapadh.

(2) Chun a údarú go gceapfaí Glacadóir alos riaráiste úis no colna no colna agus úis ní lugha ná míle púnt ar fad a bheidh an tsuim a bheidh dlite do sna morgáistithe bheidh á iarraidh go gceapfaí Glacadóir.

Féadfaidh an t-éinne amháin bheith ina Chléireach agus ina Chisteoir. Cúl-Chiste.

50. D'ainneoin éinní atá san Commissioners Clauses Act, 1847. féadfaidh an t-éinne amháin bheith ina Chléireach, no ina Rúnaí. agus ina Chisteoir in éineacht do sna hIontaobhaithe.

51. Féadfaidh na hIontaobhaithe aon uair agus o am go ham. le toiliú an Aire, agus fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur—

(a) Cúl-chiste luach-laigheaduithe, teangmhais, árachais no eile do bhunú.

(b) Suimeanna as ioncum no eile do leithreasú i gcóir aon chiste den tsórt san agus do chur i leataoibh ann.

(c) An t-airgead a bheidh in aon chiste den tsórt san do shúncáil in urrúis in ar féidir airgead iontaobhais do shúncáil, no é do chur ar admháil taisce i mBanc ar bith a dheineann gnó i Saorstát Éireann.

(d) An t-ús no na dividenda thiocfaidh as aon tsúncála no taisce Bainc den tsórt san do shúncáil, no do chur i dtaisce i mBanc ar bith a dheineann gnó i Saorstát Éireann, fé mar agus nuair do gheobhfar an céanna, i slí go bhféadfaidh méadú i gciste tré fhás úis ar ús. no an céanna do chur i gcreidiúint d'ioncum na nIontaobhaithe no do chuntas eile.

(e) Iomlán aon tsúncálanna no airgid i gciste no aon chuid den chéanna d'úsáid chun na críche chun ar bunuíodh an ciste sin no chun pé críche eile ar a gcinnfear.

Barrachas airgid d'úsáid.

52. D'ainneoin éinní atá sna Sean-Achtanna tuigfear i dtaobh aon bharrachais airgid a bheidh cnuasta ag na hIontaobhaithe roimh thosach feidhme an Orduithe seo gur go dleathach do chnuasaigh na hIontaobhaithe é, agus féadfaidh na hIontaobhaithe aon uair agus o am go ham. le toiliú an Aire agus fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, an barrachas san d'úsáid chun na críche no na gcrícheanna céanna san chun a bhféadfaid cúl-chiste bunófar fé fhorálacha an Orduithe seo d'úsáid.

Ioncum Cuain d'úsáid.

53. An t-ioncum do gheobhfar as na rátaí, na dleachta, na custuim agus na héilithe a húdaruítear leis an Ordú so do ghearradh féadfar é d'úsáid chun na gcrícheanna agus san ord so leanas agus ní har aon tslí eile:—

(1) Chun íoctha an chostais is ionchurtha i gcoinnibh ioncuim le ceart agus a bhainfidh leis an ngnó agus gach áis a ghabhann leis do choinneáil i dtreo, do dheisiú, d'fheabhsú agus do bhainistí.

(2) Chun íoctha úis ar airgead, agus aisíoctha airgid, do gheobhfar ar iasacht sa tslí a hordófar fé alt 45 den Ordú so bhaineann le híoc an airgid do gheobhfar ar iasacht.

(3) Chun pé íocaíochtaí (más ann dóibh) is oiriúnach leis na hIontaobhaithe d'íoc isteach i gcúl-chiste luach-laigheaduithe, teangmhais, árachais no eile bunófar fé fhorálacha an Orduithe seo.

An barrachas a bheidh ann (más ann do) tar éis soláthair do dhéanamh chun na gcrícheanna roimhráite úsáidfidh na hIontaobhaithe é ar pé slí ar a gcinnfid le haontú an Aire.

Cuntaisí.

54.—(1) Ullamhóidh na hIontaobhaithe cuntaisí i pé fuirm, agus bhéarfaid ionta pé mion-innste, ordóidh an tAire o am go ham, agus is in aghaidh gach bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta a ullamhóid na cuntaisí sin.

(2) Na cuntaisí coimeádfar fén alt so beid le feiscint ag an bpuiblíocht chun a scrúduithe gach tráth réasúnta ar íoc scillinge ar gach scrúdú den tsórt san.

(3) Laistigh de dhá mhí tar éis an 31adh lá de Mhárta gach bliain no laistigh den lá is fiche díreach tar éis iniúchta na gcuntas do chríochnú, pe'ca tréimhse acu san is sia, cuirfidh na hIontaobhaithe chun an Aire dhá chóip de sna cuntaisí iniúchta coimeádfar fén alt so.

(4) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar na hIontaobhaithe dhá chóip de sna cuntaisí iniúchta do chur chun an Aire laistigh den tréimhse luaidhtear chuige sin san alt so dlighfear pionós ná raghaidh thar fiche púnt agus a bheidh ionbhainte amach i gCúirt dlighinse achmaire do chur ortha in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a theipfidh ortha amhlaidh tar éis na tréimhse roimhráite.

(5) Ní bheidh alt 50 d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, ionchorparuithe leis an Ordú so.

Iniúchóir do cheapadh.

55.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear an t-iniúchóir san Ordú so) do cheapadh chun cuntaisí na nIontaobhaithe do scrúdú agus d'iniúchadh agus féadfa sé, leis an ordú san, méid na n-íocaíocht a íocfaidh na hIontaobhaithe leis an iniúchóir mar thuarastal agus mar chostaisí (más ann dóibh) do shocrú.

(2) Is amach as ioncum an chuain, mar chuid den chostas a bhainfidh leis an ngnó do choinneáil i dtreo, a íocfaidh na hIontaobhaithe leis an iniúchóir méid na n-íocaíocht a socrófar amhlaidh mar adubhradh.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, an t-iniúchóir do chur as oifig agus, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, ceapfa sé duine ceart oiriúnach chun bheith mar iniúchóir in áit agus in ionad an iniúchóra do cuireadh as oifig amhlaidh maran dóich leis nách gá toisc aon réasúin speisialta iniúchóir do cheapadh.

Cuntaisí d'iniúchadh.

56.—(1) Beidh sé de dhualgas ar chléireach no ar rúnaí na nIontaobhaithe nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh cuntaisí á dhéanamh teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit cheaptha agus a chuid leabhra cuntais cruthúnachtaí admhálanna agus scríbhinní eile go léir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin maraon le gach eolas a bheidh aige agus a theastóidh ón iniúchóir agus má cheanglann an t-iniúchóir ortha é beidh sé de dhualgas leis ar gach Iontaobhaí agus ar gach oifigeach agus seirbhíseach (lasmuich den chléireach no den rúnaí) do sna hIontaobhaithe teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit do ceapadh don scrúdú agus don iniúchadh agus gach scríbhinn agus eolas a bheidh acu fé seach agus a theastóidh ón iniúchóir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh á dhéanamh fén alt so cuntaisí na nIontaobhaithe do scrúdú agus gach íocaíocht éileamh agus lomháil do rinne éinne agus do muirearadh ar chistí na nIontaobhaithe agus is dóich leis a bheith contrárdha don dlí no ró-mhór do nea-lomháil agus do bhualadh amach as na cuntaisí sin agus an céanna do chur mar fhormhuirear ar an té do rinne no d'údaruigh an íocaíocht an t-éileamh no an lomháil do nealomháladh agus do buaileadh amach amhlaidh agus a dheimhniú ansan an céanna do bheith dlite ar an duine sin.

(3) Ar iarratas i scríbhinn chun an iniúchóra laistigh dé dheich lá tar éis críochnú aon scrúduithe agus iniúchta bheidh déanta aige fén alt so, iarratas o éinne ar ar ghoill aon nea-lomháil no formhuirear do rinne an t-iniúchóir le linn an scrúduithe agus an iniúchta san, inneosaidh an t-iniúchóir i scríbhinn na réasúin do bhí aige leis an nea-lomháil no leis an bhformhuirear san agus bhéarfa sé láithreach cóip den ráiteas san don té ar ar ghoill an ní sin.

(4) Einne ar ar ghoill aon nea-lomháil no formhuirear, féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis an iniúchta do chríochnú, mara ndearnadh ráitcas ag tabhairt réasún an iniúchóra i dtaobh na nea-lomhála no an fhormhuirir sin d'iarraidh laistigh de dheich lá tar éis an iniúchta do chríochnú, no laistigh de cheithre lá déag o am tugtha ráitis na réasún san, má hiarradh an ráiteas san laistigh den aimsir roimhráite, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire i scríbhinn tar éis fógra do thabhairt i scríbhinn don iniúchóir go bhfuil sé chun a dhéanta san agus féadfaidh an tAire breith do thabhairt ar an iarratas do réir chearta na cúise, agus más léir don Aire gur go dleathach do rinneadh aon nea-lomháil no formhuirear áirithe ach, an ní dob abhar do, go ndeachthas fé i slí fhágfadh é bheith cóir agus cothrom an nea-lomháil no an formhuirear do mhaitheamh féadfa sé a ordú go ndéanfar an céanna agus, más oiriúnach leis é, costaisí an athchomhaire do mhaitheamh i bpáirt no go hiomlán ar íoc na gcostas (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an t-iniúchóir maidir leis an nea-lomháil no leis an bhformhuirear agus ní bheidh dul thar breith an Aire.

(5) Gach suim a dheimhneoidh an t-iniúchóir do bheith dlite ar éinne, agus na costaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an t-iniúchóir d'áircamh, íocfaidh an duine sin í leis na hIontaobhaithe laistigh de cheithre lá déag tar éis í bheith deimhnithe amhlaidh no, má deintear ráiteas ar réasúin an iniúchóra d'iarraidh, tar éis dáta an ráitis sin maran rud é, idir an dá linn, go dtabharfar fógra don iniúchóir go bhfuiltear chun athchomhairc do dhéanamh agus go ndéanfar athchomharc chun an Aire dá réir sin, agus mara n-íocfaidh féadfaidh an t-iniúchóir a bheidh ann de thurus na huaire an céanna, maraon le n-a chuid-sean de chostaisí na n-imeacht (agus na costaisí idir atúrnae agus cliaint d'áireamh), do bhaint den té gur deimhníodh an céanna do bheith dlite air in aon chúirt dlighinse inniúla. Más rud é, laistigh den tréimhse sin de cheithre lá déag, go dtabharfar fógra athchomhairc don iniúchóir go cuibhe agus go ndéanfar athchomharc chun an Aire i gcoinnibh breithe an iniúchóra, ansan, mara n-orduighidh an tAire an nea-lomháil no an formhuirear do mhaitheamh, déanfaidh an té gur dheimhnigh an t-iniúchóir an nea-lomháil no an formhuirear do bheith dlite air an tsuim do deimhníodh amhlaidh, no an méid di nár mhaith an tAire, d'íoc leis na hIontaobhaithe laistigh de cheithre lá déag tar éis dáta breithe an Aire, agus mara n-íoctar an tsuim sin amhlaidh féadfaidh an t-iniúchóir a bheidh ann de thurus na huaire an céanna, maraon le n-a chuidsean de chostaisí na n-imeacht (agus na costaisí idir atúrnae agus cliaint d'áireamh), do bhaint den duine sin in aon chúirt dlighinse inniúla.

GLEAS TARRTHALA.

Cóiríocht do ghléas tárrthála.

57.—(1) Ní bheidh ailt 16 go 19 go huile d'Acht Clásanna na gCuan, 1847, ionchorparuithe leis an Ordú so.

(2) Má cheanglann agus pé uair a cheanglóidh an tAire ortha é déanfaidh na hIontaobhaithe, ar a gcostas féin agus chun sástachta an Aire, ionad do chur ar fáil in aice an chuain agus tigh no cóiríocht cheart eile do thógáil ar an ionad san i gcóir gléasa bháid thárrthála agus gléasa eile tárrthála.

(3) Má theipeann ar na hIontaobhaithe déanamh do réir an ailt seo dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha in aghaidh gach mí leanfaidh an teip sin.

Féadfar gléas tárrthála do cheangal de sna hoibreacha.

58. Gach éinne bheidh de thurus na huaire ag gabháil d'obair a bhaineann leis an mbád no leis an ngléas tárrthála, féadfa sé, gan íocaíocht, sparraí agus gléasa eile tárrthála do cheangal no a chur fé ndeár iad do cheangal, go buan no go sealadach, d'aon chuid de sna háitreabhacha agus de sna hoibreacha is leis na hIontaobhaithe agus féadfa sé fós roiceudaí do chaitheamh os cionn na n-áitreabh agus na n-oibreacha san le linn do bheith ag úsáid an ghléasa thárrthála no ag cleachtadh leis.

E de dhualgas ar na hIontaobhaithe éadtromáin mhara, etc., do choimeád.

59. Déanfaidh na hIontaobhaithe oiread éadtromán mara agus téad agus is leor agus iad i dtreo mhaith agus oiriúnach agus ullamh len' úsáid do choimeád i gcomhnaí fan a gcuid áitreabh agus oibreacha agus faideanna réasúnta eatorra agus iad do réir aon éilithe dhéanfaidh an tAire.

SOILLSE.

E de dhualgas ar na hIontaobhaithe soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á ndéanamh, etc.

60.—(1) Beidh sé de dhualgas ar na hIontaobhaithe ar feadh na haimsire go léir a beifear ag déanamh, ag atharú, no ag leathnú aon oibre dá n-údaruítear leis an Ordú so fé mharc an láin mhara soillse do thaisbeáint agus do choimeád ar lasadh ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ag aon obair den tsórt san no in aice léi agus í á déanamh, á hatharú, no á leathnú agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no le n-a n-aontófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(2) Beidh sé de dhualgas ar na hIontaobhaithe soillse do thaisbeáint agus do choimeád ar lasadh ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ar an bhfoirceann is sia amach de gach obair (ar bheith críochnuithe dhi) a húdaruítear leis an Ordú so agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no le n-a n-aontófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(3) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar na hIontaobhaithe déanamh do réir aon fhorála d'fhorálacha an ailt seo dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha in aghaidh gach lae theipfid amhlaidh.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

61. Má deintear díobháil d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Ordú so no d'aon cheann de sna hoibreacha no de sna háitreabhacha eile is leis na hIontaobhaithe no má díthítear an céanna no má théigheann sé gan mhaitheas déanfaidh na hIontaobhaithe eadtromáin mhara do chur síos no soillse do thaisbeáint no déanfaid nithe eile chun cosc do chur chó fada agus is féidir é le contabhairt do loingseoireacht, pé éadtromáin, soillse no nithe a hordófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire agus iarrfaid treoracha ar an údarás san i dtaobh cad a bheidh le déanamh agus dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar na hIontaobhaithe in aghaidh gach mí bheid gan san d'iarraidh no leanfaid ag diúltú no ag déanamh faillí maidir le haon treoracha do chólíonadh do bhéarfar i dtaobh cad a bheidh le déanamh.

ILGHNEITHEACH.

Tomhaiseoirí agus Meáthóirí.

62. Is ag na hIontaobhaithe bheidh comhacht tomhaiseoirí agus meáthóirí laistigh d'achar an chuain do cheapadh.

Na hIontaobhaithe do beith ina n-údarás áitiúil thithe soluis.

63. Laistigh d'achar an chuain beidh na hIontaobhaithe ina n-údarás áitiúil thithe soluis chun crícheanna an Merchant Shipping Act, 1894.

Costaisí aistrithe raice do bheith ionbhainte den té gur leis an árthach le linn raice dhéanamh di.

64. I dteanta aon leighis eile bheidh ag na hIontaobhaithe do réir dlí chun iad do bhaint amach, beidh costaisí aistrithe aon raice bheidh laistigh d'achar an Chuain ina bhfiacha ag na hIontaobhaithe ar an duine, ar na daoine no ar an gcorparáid dob únaer no dob únacrí ar an árthach le linn an ní do thárlachtaint ba chúis le raic do dhéanamh di agus féadfaidh na hIontaobhaithe na costaisí sin do bhaint den únaer no de sna húnaerí sin dá réir sin.

Pionóisí do bhaint amach.

65. Déanfar na pionóisí uile fén Ordú so do bhaint amach agus d'úsáid fé mar atá pionóisí ionbhainte amach agus ionúsáidthe fé Acht Clásanna na gCuan, 1847.

Oifigigh saor o rátaí.

66. Beidh saorchead ag Oifigigh Chustuim, ag Oifigigh den Roinn Tionnscail agus Tráchtála agus den Roinn Talmhaíochta agus ag baill den Ghárda Síochána, agus iad ag gníomhú i bhfeidhmú a ndualgais, dul isteach sa chuan agus sna hoibreacha agus teacht amach asta agus gabháil fan an chéanna gach tráth in aisce.

Oifigigh na nIontaobhaithe do chosc ar thosach neachuibhe do thabhairt.

67. Ní dhéanfaidh aon oifigeach ná seirbhíseach do sna hIontaobhaithe aon tosach nea-chuibhe do thabhairt ná aon leithleachas do thaisbeáint d'éinne bheidh ag úsáid an chuain agus aon oifigeach no seirbhíseach den tsórt san a thabharfaidh an tosach san no a thaisbeánfaidh an leithleachas san dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Ailt 5 go 9 agus 11 go 15 den Shannon Act, 1885, do scur d'éifeacht do bheith acu.

68. O thosach feidhme an Orduithe seo amach scuirfidh ailt 5 go 9 (go huile) agus 11 go 15 (go huile) den Shannon Act, 1885, agus alt 4 den Public Works Loans Act, 1906, d'éifeacht do bheith acu maidir leis an gcuan, ach ní dhéanfaidh an fhoráil seo deifir d'éinní bheidh déanta do réir aon ailt acu san roimh thosach feidhme an Orduithe seo, agus gach oblagáid agus fiachas do bunuíodh fé sna hailt sin i gcoinnibh no i bhfábhar na nIontaobhaithe beid chó daingean mar cheangal agus chó mór feidhm agus éifeacht ar gach slí agus féadfar iad do chur i bhfeidhm chó hiomlán agus chó héifeachtúil i gcoinnibh no i bhfábhar na nIontaobhaithe agus dá mba ná déanfaí an tOrdú so.

Cosaint do chearta an Stáit.

69. Ní dhéanfaidh éinní san Ordú so aon deifir d'aon mhaoin réalta ná pearsanta atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann no in aon bhord no cólucht fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no aon oifigeach do Shaorstát Éireann, agus go sonnrách ní déanfar aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite do léiriú mar nithe bhronnann ar na hIontaobhaithe aon chearta chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun na nIontaobhaithe do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Orduithe seo má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san chun dul isteach mar adubhradh faighte go cuibhe do réir dlí ag na hIontaobhaithe.

Cáblaí, píopaí no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

70. In ainneoin éinní atá san Ordú so déanfar aon cháblaí, píopaí no sranganna bheidh le cur síos no le cur suas ag na hIontaobhaithe fé aon uisce taoide no trasna air do chur chó doimhin fén uisce taoide sin no chó hárd os a chionn agus éileoidh an tAire.

Tuigfear an cuan do bheith i gContae Luimnigh.

71. Tuigfear chun gach críche an cuan do bheith laistigh de Pharóiste Bhaile Riobáird, i mBarúntacht Sheanaid agus i gContae Luimnigh.

Costaisí an Orduithe.

72. Na costaisí, na héilithe agus na caithteachaisí uile bhaineann no ghabhann le hullamhú agus le fáil an Orduithe seo no fé n-a ndeachthas ar aon tslí eile mar gheall air, íocfaidh na hIontaobhaithe iad as aon cheann dá gcistí.

SCEIDEAL DA DTAGARTAR SAN ORDU SAN ROIMHE SEO.


RATAI TONNAISTE.

Rátaí alos dul isteach sa Chuan do alos teacht laistigh de theoranta Dlighinse na nIontaobhaithe.

Colún 1.

Colún 2.

In aghaidh na céad sheachtaine

In aghaidh aon ama tar éis na céad sheachtaine

1. Ar Arthaí gur ar Abha na Sionainne amháin a dheinid trádáil:

Báid Oscailte, Báid Mhóna, agus árthaí leibheannacha fé bhun 20 tonna do réir ualaigh     ..     ..     ..     ..     ..

4½d. sa ló.

4½d. sa ló.

Arthaí leibheannacha 20 tonna agus gan iad thar 50 tonna do réir an chláir ná thar 50 tonna do réir ualaigh más neachláruithe dhóibh     ..     ..     ..     ..

1/6 sa ló.

9d. sa ló.

Arthaí 50 tonna do réir an chláir no do réir ualaigh, agus iad fé bhun 100 tonna do réir an chláir     ..     ..     ..     ..

3/- sa ló.

1/6 sa ló.

Arthaí 100 tonna no níos mó do réir an chiáir     ..     ..     ..     ..     ..

4/6 sa ló.

2/3 sa ló.

Gach Bád Gaile gur ar Abha na Sionainne amháin a dheineann trádáil, in aghaidh gach turais ar theacht laistigh de theoranta Dlighinse na nIontaobhaithe dhi

9/- sa ló.

--

Gach Bád Gaile tharraigeann árthaí ar Abha na Sionainne, in aghaidh gach árthaigh a tarraicitear go dti na teoranta san no uatha no laistigh diobh     ..     ..

4/6 sa ló.

--

II. Ar árthaí nách ar Abha na Sionainne amháin a dheinid trádáil, ach go ndeintear, ag Faing, last i gcóir aon phuirt eile no o aon phort eile ar Abha na Sionainne do

ládáil ortha no do dhí-ládáil asta     ..     ..

4d. an tonna do doréiran chláir in aghaidh tréimhse de 14 lá.

1½d. an tonna in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain ina dhiaidh sin.

III. Ar árthaí ag teacht o aon phort no ag dul go haon phort (a) i Saorstát Éireann lasmuich d'Abha na Sionainne no (b) i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire

agus Thuaiscirt Éireann     ..     ..     ..

7½d. an tonna do réir an chláir in aghaidh tréimhse de 14 lá.

1½d. an tonna in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain ina dhiaidh sin.

IV. Ar árthaí ag teacht o aon phort no ag dul go haon phort nách port i Saorstát Éireann ná i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann     ..     ..

I/-ditto.

1½d. ditto.

V. Ar árthaí de ranna III agus IV thuas ar a ládáltar no as a ndí-ládáltar no ar a ládáltar agus as a ndi-ládáltar last is lugha ná a dtonnáiste do réir an chláir

Eileofar dleachtanna, ar an last (i dtonnai) a ládálfar ortha no a dí-ládálfa asta no a ládálfar ortha agus a dí-ládálfar asta, do réir na rátaí oiriúnacha ata leagtha amach in Uimhir III agus in Uimhir IV ach gan na dleachtanna san do bheith níos lugha ná na dleachtanna so leanas:

Arthaí 100 tonna do réir an chláir, agus gan iad thar 200 tonna

..

£1

   ,,     200          ,,               ,,               ,,            300     ,,

..

2

   ,,     300          ,,               ,,               ,,            400     ,,

..

3

   ,,     400          ,,               ,,               ,,            500     ,,

..

4

   ,,     500          ,,               ,,       no níos mó

..

5

VI. Ar bháid agus ar árthai thiocfaidh d'iarraidh didine íocfar rátai in aghaidh an lae no an tonna nách mó ná na rátaí atá leagtha amach i gColún 2:

Féadfaidh árthaí fanúint ag Eadtromáin Mhara chun Ceangail le cead an Mhaoir Chuain agus ar 4½d. an tonna do réir an chláir sa ló d'íoc.

RATAI AR EARRAI.

NA RATAI A hIOCFAR AR EARRAI AGUS AR EARRAI CEANNAIOCHT A CUIRFEAR AR BORD ARTHAIGH, A TOGFAR AS ARTHACH NO A hAISTREOFAR O ARTHACH GO hARTHACH LAISTIGH D'ACHAR AN CHUAIN.

A.—IOMPORTALANNA.

Earra

Meachaint

Rata

s.

d.

Meaisiní Talmhaiochta

..

..

..

an ceann

0

9

Uirlisí Talmhaíochta

..

..

..

an dosaen

0

6

Lionn, Beoir, Pórtar no Finéagra

..

..

an tonna

1

6

Ancairí agus Slabhraí

..

..

..

an tonna

0

6

Ubhla agus Piorraí

..

..

..

..

an tonna

2

3

Asail

..

..

..

..

..

..

an ceann

1

6

Asphalt

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Bagún agus gach saghas Feola Sailltc

..

an tonna

1

6

Málaí folmha

..

..

..

..

an tonna

1

6

Bairillí—Feic Caisc

Rothair

..

..

..

..

..

an ceann

0

9

Bran

..

..

..

..

..

..

an tonna

1

0

Brící Coitianta

..

..

..

..

an tonna

0

3

Brící Teine

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Brící—Tíleacha

..

..

..

..

an tonna

0

6

Im

..

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Butterin no Margairín

..

..

..

an tonna

1

6

Cácaí i gcóir Beithíoch

..

..

..

an tonna

0

9

Carráistí a tharraigeann capaill

..

..

an ceann

1

6

Trucailí

..

..

..

..

..

an ceann

1

6

Caisc folmha

..

..

..

..

an ceann

0

1

Beithigh—Ba agus Tairbh

..

..

..

an ceann

0

6

Dhá bhliain, no níos sine

..

an ceann

0

6

Bliain no fé bhun dhá bhliain

an ceann

0

6

Gamhna fé bhun bliana

..

an ceann

0

6

Stroighin

..

..

..

..

..

an tonna

0

6

Cailc no Dóib Bhán

..

..

..

an tonna

0

6

Toitíní—Feic Tobac

Gual

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

Cóc

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

Arbhar—gach saghas Gráin

..

..

an tonna

0

Crainn Tógála agus Crainn Tochrais

..

an ceann

1

6

Créasóid

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Criadha

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Uibhe

..

..

..

..

..

an tonna

3

0

Cré theine

..

..

..

..

..

an tonna

0

4

Earraí de Chré Theine

..

..

..

an tonna

0

9

Iasc

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Plúr no Farina

..

..

..

..

an tonna

1

0

Eanlaithe

..

..

..

..

..

an chliath

0

9

Troscán Sean

..

..

..

..

an tonna

1

0

Troscán Nua

..

..

..

..

an tonna

4

6

Cóistí Troscáin

..

..

..

..

an ceann

9

0

Gloine

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Grátaí agus Stóbhauna

..

..

..

an tonna

1

0

Gairbheul no Gainimh

..

..

..

an tonna

0

3

Gambúin

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Féar tirim

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Seithí

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Muca

..

..

..

..

..

an ceann

0

3

Fonnsaí Iarainn

..

..

..

..

an tonna

0

6

Fonnsaí Adhmaid

..

..

..

..

an tonna

0

9

Capaill, Láracha, Gearráin

..

..

..

an ceann

3

0

Leac Oidhre

..

..

..

..

an tonna

0

3

Barraí, Boltaí, Fonnsaí agus Leatháin

Iarainn

..

..

..

..

..

an tonna

0

6

Plátaí agus Bruthanna Iarainn agus

Sean-Iarann

..

..

..

..

..

an tonna

0

6

Déantúisí Iarainn

..

..

..

..

an tonna

1

0

Iarann Garbh

..

..

..

..

an tonna

0

3

Iarann Oibrithe

..

..

..

..

an tonna

1

0

Blúiriní Tolladóireachta Iarainn

..

..

an tonna

0

6

Sugh Iarainn

..

..

..

..

an tonna

1

6

Iarann Galbhánuithe

..

..

..

an tonna

0

9

Cainid

..

..

..

..

..

an tonna

0

Leatháin Luadha no Garbh-Luaidh

..

an tonna

0

9

Luaidh—Dearg, Bán no Dubh

..

..

an tonna

1

6

Grán Luadha

..

..

..

..

an tonna

1

6

Liomóidí

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Aol

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

Meaisínteacht

..

..

..

..

an tonna

1

0

Leasú Déanta

..

..

..

..

an tonna

0

Fáscadóirí éadaigh

..

..

..

..

an ceann

0

9

Margairín

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Lasáin

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Min de gach saghas

..

..

..

..

an tonna

1

0

Leatháin Mhotail

..

..

..

..

an tonna

1

0

Uiscí Mianaigh

..

..

..

..

an tonna

1

6

Gluaisteáin

..

..

..

..

..

an ceann

£1   0

0

Mótair-rothair

..

..

..

..

an ceann

10

0

Múileanna no Ránaighe

..

..

..

an ceann

1

6

Tairngí Iarainn

..

..

..

..

an tonna

1

0

Ileacha—Petrol no Biotáille Mhótair

..

an tonna

1

6

Ile de gach saghas eile

..

..

..

an tonna

0

9

Oráistí

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Péinteanna no Liomhnán

..

..

..

an tonna

1

6

Pianofortes

..

..

..

..

..

an ceann

3

9

Muca

..

..

..

..

..

an ceann

0

3

Pic Nádúrtha no Tearra

..

..

..

an tonna

0

9

Piopaí Dréineála

..

..

..

..

an tonna

0

9

Piopaí Miotail

..

..

..

..

an tonna

1

0

Pórtar

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Prátaí

..

..

..

..

..

an tonna

0

3

Lón

..

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Pumpaí Iarainn no Luadha

..

..

an ceann

0

9

Trasnáin Bhóthair Iarain d'Adhmad

..

an tonna

0

Soirn agus Stóbhanna

..

..

..

an tonna

1

0

Téadracha, Córdaí no Sreangán—Nua

..

an tonna

1

6

Sean

..

an tonna

0

9

Málaí nua folmha

..

..

..

..

an tonna

2

3

Salann

..

..

..

..

..

an tonna

0

Gainimh

..

..

..

..

..

an tonna

0

3

Síolta de gach saghas

..

..

..

an tonna

1

0

Caoirigh no Uain

..

..

..

..

an ceann

0

Slinn

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Gallúnach

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Spócaí agus Cuairscinn Adhmaid

..

an tonna

0

Biotáille—Branda, Rum, Uisce Beatha,

etc.

..

..

..

..

..

an tonna

3

0

Biotáille Mhótair

..

..

..

..

an tonna

1

6

Cruaidh

..

..

..

..

..

an tonna

1

0

Stóbhanna

..

..

..

..

..

an tonna

1

0

Clocha Briste no Clocha Ballasta

..

an tonna

0

3

Clocha Pábhála no Leacacha

..

..

an tonna

0

6

Cloch Aoil Gharbh

..

..

..

..

an tonna

0

3

Cloch Thógála

..

..

..

..

an tonna

0

6

Clocha Gearrtha no Cóirithe

..

..

an tonna

0

9

Tuighe

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Siúicre de gach saghas

..

..

..

an tonna

3

0

Tearra

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Tíleacha

..

..

..

..

..

an tonna

0

6

Leatháin no Bluic Stáin

..

..

..

an tonna

1

0

Tobac

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Turnapaí no Maingléisí

..

..

..

an tonna

0

3

Móin

..

..

..

..

..

..

an tonna

0

3

Fínéagra

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Líomhnán

..

..

..

..

..

an tonna

1

6

Sreang mhiotail

..

..

..

..

an tonna

1

0

Sreang reamhar mhiotail i gcóir fál

..

an tonna

1

0

Adhmad de gach sórt

..

..

..

an tonna

0

Olann de gach saghas

..

..

..

an tonna

2

3

Sionc

..

..

..

..

..

an tonna

0

9

Earraí ná fuil áirmhithe

..

..

..

an tonna

3

0

B.—EASPORTALANNA.

DIREACH MAR NA RATAI AR IOMPORTALANNA ACH AMHAIN MAR LEANAS:

Earra

Meachaint

Rata

s.

d.

Gual no Cóc

..

..

..

..

an tonna

0

3

Ileacha—Petrol no Biotáille Mhótair

..

an tonna

0

9

Ile de gach saghas eile

..

..

..

an tonna

0

RIALACHAIN I dTAOBH NA RATAI AR EARRAI.

Ní glacfar le suim is lugha ná pingin i gcás ar bith.

Más do réir tonnáiste atá na rátaí ceaptha:—

Déanfar aon mheáchaint nách mó ná 5 cmt. d'áireamh mar

5 cmt.

Déanfar aon mheáchaint is mó ná 5 cmt. agus nách mó ná 10 cmt. d'áireamh mar     ..     ..     ..     ..     ..

10   ,,

Déanfar aon mheáchaint is mó ná 10 cmt. agus nách mó ná 15 cmt. d'áireamh mar     ..     ..     ..     ..     ..

15   ,,

Déanfar aon mheáchaint is mó ná 15 cmt. agus nách mó ná tonna d'áireamh mar     ..     ..     ..     ..     ..

1 tonna.

RATAI AR EARRAI FAGFAR AR AN bPIARA NO AR NA CEIBHEANNA.

Earraí, etc., ná haistreofar ón bPiara no o sna Céibheanna laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar ar leagadh na hearraí sin ar dtúis air no ortha beid ionchurtha fé leath na Rátaí Iomportála, ar na hearraí, etc., sin, in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain fhanfaidh na hearraí sin ar an bpiara no ar na céibheanna tar éis bheith caithte don tréimhse sin roimhráite de dhá sheachtain.