|
|||||
|
| [EN] | ||||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1936. | ||||
| [EN] |
ACHT AINME AGUS ARMAIS PÖE (ESTÁIT COMPTON DOMVILE), 1936. | |||
ACHT CHUN NA hAINME DOMVILE DO CHUR LE hAINM SIR HUGO COMPTON DOMVILE PÖE, RIDIRE BARÚIN, AGUS CHUN ARMAIS DOMVILE DO CHUR LEIS AN ARMAS MUINTIRE ATÁ AG SIR HUGO COMPTON DOMVILE PÖE SIN. [3adh Abrán, 1936.] | ||||
|
Roimhrá. | ||||
DE BHRÍ go ndearnadh, le Dintiúir dar dáta an 24adh lá de Lúnasa, 1854, agus do rinneadh idir Sir Compton Domvile as Santry House i gContae Bhaile Atha Cliath, Ridire Barúin, den chéad pháirt, Charles Compton William Domvile an té ba shine den chlann mhac a bhí ina mbeathaidh le Sir Compton Domvile sin den dara páirt, David Henry Sherrard agus Daniel Boys den tríú páirt agus William Charles Caldwell agus Charles Cobbe den cheathrú páirt, tailte, tionóntacháin, ionoighreachtaí agus áitreabhacha áirithe atá suidhte no ag eirghe i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear “Estáit Compton Domvile” san Acht so) do shocrú ar Sir Compton Domvile le n-a bheo agus tar éis a bháis ar Charles Compton William Domvile sin le n-abheo agus tar éis bháis Charles Compton William Domvile sin ar an gcéad mhac agus ar na mic eile le Charles Compton William Domvile sin i ndiaidh a chéile do réir sinsearachta ina bhfearoighreacht agus, cheal sleachta fheardha do bheith ar Charles Compton William Domvile sin, ar William Compton Domvile an t-aon mhac eile bhí ina bheathaidh le Sir Compton Domvile sin le n-a bheo agus tar éis a bháis ar a chéad mhac agus ar a mhic eile i ndiaidh a chéile do réir sinsearachta ina bhfear-oighreacht agus, cheal sleachta fheardha do bheith ar William Compton Domvile sin, ar an gcéad inghin agus ar na hingheanacha eile le Charles Compton William Domvile sin i ndiaidh a chéile do réir sinsearachta ina bhfear-oighreacht agus, cheal sleachta den tsórt san do bheith ann, ar an gcéad inghin agus ar na hingheanacha eile le William Compton Domvile sin i ndiaidh a chéile ina bhfearoighreacht agus, cheal sleachta ar bith de sna sleachta san do bheith ann, ar Dame Anne Helena Winnington bean chéile Sir Thomas Edward Winnington, Ridire Barúin, agus ar dhaoine áirithe dá sliocht; | ||||
AGUS DE BHRÍ go raibh províso sa Dintiúir sin sna focail agus sna figiúirí seo leanas:— | ||||
| ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Sir Compton Domvile bás an 23adh lá d'Fheabhra, 1857, agus ar é d'fháil bháis gur thuit an Barúntas chun Charles Compton William Domvile sin agus go ndeacha seisean i seilbh no i bhfáltas cíosanna Estát Compton Domvile; | ||||
AGUS DE BHRÍ gur phós Sir Charles Compton William Domvile an Honourable Margaret St. Lawrence ar a dtugtaí Lady Margaret St. Lawrence de ghnáth; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Sir Charles Compton William Domvile sin bás an 10adh d'Iúl, 1884, gan aon tsliocht do bheith air riamh agus ar é d'fháil bháis gur thuit an Barúntas chun William Compton Domvile sin agus go ndeacha sé i seilbh no i bhfáltas cíosanna Estát Compton Domvile; | ||||
AGUS DE BHRÍ gur phós Sir William Compton Domvile Caroline Meade agus go rugadh ceathrar clainne agus ná rugadh ach san den phósadh san, eadhon, Compton Meade Domvile, an t-aon mhac, Mary Adelaide Domvile, Helena Maud Domvile agus Eveline Caroline Domvile; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Sir William Compton Domvile sin bás an 20adh lá de Mheán Fhómhair, 1884, agus ar é d'fháil bháis gur thuit an Barúntas chun Compton Meade Domvile sin agus go ndeacha seisean i seilbh no i bhfáltas cíosanna Estát Compton Domvile; | ||||
AGUS DE BHRÍ nár phós Mary Adelaide Domvile sin ach uair amháin, eadhon, le William Hutcheson Poë, ba Sir William Hutcheson Poë, Ridire Barúin, ina dhiaidh sin agus go rugadh triúr clainne agus ná rugadh ach san den phósadh san, eadhon, Mary Gwendoline Poë, a fuair bás agus í ina naoidheanán, Hugo Compton Domvile Poë agus Isabel May Poë; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Helena Maud Domvile agus Eveline Caroline Domvile sin bás fé bhun bliana is fiche d'aois gan bheith pósta; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Dame Mary Adelaide Poë bás an 28adh lá de Mhárta, 1929, agus go bhfuair a fear céile Sir William Hutcheson Poë bás an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1934; | ||||
AGUS DE BHRÍ gur thuit Barúntas Poë chun Hugo Compton Domvile Poë sin are a athair d'fháil bháis; | ||||
AGUS DE BHRÍ gur baitsiléir Sir Hugo Compton Domvile Poë agus go bhfuil sé sé bliana agus dachad d'aois; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Sir Compton Meade Domvile sin bás an 22adh lá d'Abrán, 1935, gan bheith pósta; | ||||
AGUS DE BHRÍ gur dearbhuíodh le hOrdú o Phrímh-Bhreitheamh Onórach Shaorstáit Éireann dar dáta an 10adh lá de Bhealtaine, 1929, Sir Hugo Compton Domvile Poë do bheith ina Dhuine nách Slán Meabhair agus ná fuil ábalta ar a phearsain ná a mhaoin do bhainistí agus go ndearnadh le hOrdú ón bPrímh-Bhreitheamh Onórach dar dáta an 21adh lá de Mheitheamh, 1929, Sir William Hutcheson Poë sin do cheapadh mar Choiste ar Estat Sir Hugo Compton Domvile Poë sin; | ||||
AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le hOrdú eile ón bPrímh-Bhreitheamh Onórach dár dáta an 19adh lá de Mhárta, 1935, Cecil Henry FitzHerbert agus Elizabeth Paton do cheapadh mar chó-Choiste ar Estát Sir Hugo Compton Domvile Poë sin in ionad Sir William Hutcheson Poë sin a bhí tar éis bháis an uair sin; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair Elizabeth Paton san bás an 31adh lá de Bhealtaine, 1935; | ||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuair an Coiste atá fágtha, eadhon, Cecil Henry FitzHerbert sin comhairle á rá agus go n-abrann sé ná baineann an províso sin i dtaobh ainme agus armais atá sa Dintiúir sin dar dáta an 24adh lá de Lúnasa, 1854, le Sir Hugo Compton Domvile Poë sin agus ná deineann an céanna deifir do ná ná fuil sé de cheangal air an céanna do chólíonadh, ach gur mian, mar sin féin, an céanna do chólíonadh; | ||||
ANOIS DE BHRÍ go bhfuil ceisteanna tar éis eirghe i dtaobh an féidir ainm agus armas duine nách slán meabhair d'atharú gan údarás ón Oireachtas; | ||||
AGUS DE BHRÍ gurb é atá in Armas Poë do bhí ag Sir Hugo Compton Domvile Poë sin go dtí so ná—Or, fesse idir trí corráin ghormghlasa as a bhfuil ceart-lasracha ag teacht. Struic:—ceann collaigh díreach ór-ghearrtha, tollta le ceart-sleigh bhriste; agus gurb é atá in Armas Domvile ná—Gormghlas, leomhan airgididhe ina sheasamh ar a chosa deiridh, go gcoiléar dearg. Struic:— ceann leomhain airgididhe scoithte, go n-ór-choróinn diúic; | ||||
AGUS DE BHRÍ le hOrdú o Phrímh-Bhreitheamh Onórach Shaorstáit Éireann dar dáta an 18adh lá de Mhí na Samhna, 1935, agus do rinneadh i gCúis Sir Hugo Compton Domvile Poë is Duine nách Slán Meabhair gur hOrduíodh cead do bheith ag an gCoiste sin in ainm agus thar ceann Sir Hugo Compton Domvile Poë a hainmnítear thuas pé nithe comhairleofar do do dhéanamh tré Bhille san Oireachtas agus tré Cheadúnas Ríoga chun a chur ar chumas Sir Hugo Compton Domvile Poë sin a ainm d'atharú go Sir Hugo Compton Domvile Poë Domvile agus leigint d'armas Domvile do bheith i dteanta armais Poë agus armas Poë agus Domvile do bheith ina dhiaidh sin ag Sir Hugo Compton Domvile Poë sin. | ||||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||||
| [EN] |
Ainm agus Armas d'atharú. |
1. —O dháta agus tar éis dáta an Achta so do rith agus go buan as san amach isé Ainm agus Armas a bheidh ar agus ag Sir Hugo Compton Domvile Poë sin agus a úsáidfe sé ná Hugo Compton Domvile Poë Domvile maidir leis an Ainm agus Armas Domvile i dteanta Armais Poë maidir leis an Armas. | ||
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar Acht Ainme agus Armais Poë (Estáit Compton Domvile), 1936, do ghairm den Acht so. |