|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966.) |
| [EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1966. | ||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] | ||
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE SHEALADAIGH UM CHONTAE-BHUIRG PHORTLÁIRGE (TEORAINN A LEATHNÚ), 1966 [23 Márta, 1966.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Daingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar Acht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1966 , a ghairm den Acht seo. |