|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1969 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM INSTITIÚID INNEALTÓIRÍ SIBHIALTA NA hÉIREANN (CAIRT A LEASÚ), 1969. | |
[An tiontú oifigiúil.] | ||
ACHT DO DHÉANAMH TUILLEADH LEASAITHE AR AN gCAIRT FAOINAR CORPRAÍODH INSTITIÚID INNEALTÓIRÍ SIBHIALTA NA hÉIREANN (ARNA LEASÚ LEIS AN ACHT UM INSTITIÚID INNEALTÓIRÍ SIBHIALTA NA hÉIREANN (CAIRT A LEASÚ), 1960) IONAS GO nATHRÓFAR AINM NA hINSTITIÚIDE AGUS GO LEATHNÓFAR A CUSPÓIRÍ AGUS GO nATHRÓFAR NA FORALÁCHA A BHAINEANN LENA COMHALTAS AGUS GO hÁIRITHE IONAS GO nDÉANFAR SOCRÚ CHUN COMHALTAÍ LÁITHREACHA CHUMANN NA nINNEALTÓIRÍ A GHLACADH MAR CHOMHALTAÍ DI AGUS SOCRÚ LE hAGHAIDH ÚSÁID NA TUAIRISCE “INNEALTÓIR CAIRTE” AG DAOINE LÁNCHAILITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. | ||
[11 Feabhra, 1969.] | ||
|
Réamhrá. | ||
DE BHRÍ gur bunaíodh Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann sa bhliain 1835 chun foghlaim an eolais a bhaineann le gairm Innealtóirí Sibhialta agus le gairm Innealtóirí Meicniúla a chur chun cinn agus chun Eolaíocht Innealtóireachta agus Eolaíocht Mheicniúil a chur ar aghaidh: | ||
AGUS DE BHRÍ, trí Chairt nó Litreacha Paitinne faoi Shéala Mór na hÉireann dar dáta an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1887, agus a dheonaigh a Soilse nach maireann an Bhanríon Victoria, go ndearnadh daoine áirithe a ainmníodh ansin agus cibé daoine eile a bhí an uair sin, nó a bheadh dá éis sin, ina gcomhaltaí den Institiúid sin a chorprú san aon-chomhlacht polaiteach agus corpraithe amháin faoin ainm “The Institution of Civil Engineers of Ireland” agus leis an gCairt sin gur tugadh cumhachtaí áirithe don Chorparáid sin agus go ndearnadh forálacha áirithe chun a gnóthaí a rialú: | ||
AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht príobháideach ón Oireachtas is é sin an tAcht um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1960 (Uimh. 1 (Príobháideach) de 1960) an Chairt sin a leasú ionas go léifeadh sí mar Chairt a fhoráileann gurb iad cuspóirí na hInstitiúide sin foghlaim an eolais a chur chun cinn a bhaineann le gairm na hInnealtóireachta agus Eolaíochtaí Innealtóireachta a chur ar aghaidh go speisialta agus gur foráladh leis an Acht sin go bhféadfadh Fodhlíthe na hInstitiúide sin ó am go ham líon uasta comhaltaí na Comhairle (seachas an tUachtarán, an Leas-Uachtarán, agus an Rúnaí agus gan iad sin a áireamh) a fhorordú agus nach mbeadh líon na gcomhaltaí sin níos mó, ón tráth sin amach, ná an líon uasta sin ná níos lú ná fiche a haon agus go raibh forálacha eile san Acht sin i dtaobh comhdhéanamh na Comhairle sin agus foráil gurb ag an gComhairle sin a bheadh stiúradh agus bainistí cúramaí na hInstitiúide sin: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil fás mór faoi fhorbairt brainsí speisialta innealtóireachta le roinnt blianta anuas agus nach bhfuil foráil sa Chairt sin ná san Acht leasaitheach sin chun aitheantas a thabhairt do na brainsí speisialta sin nó chun iad a eagrú nó chun ionadaíocht a thabhairt dóibh ar Chomhairle na hInstitiúide sin: | ||
AGUS DE BHRÍ gur bunaíodh comhlachas innealtóirí Éireannacha sa bhliain 1928 nó tuairim na bliana sin agus gur corpraíodh é faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, mar Chuideachta faoi theorainn ráthaíochta faoin ainm Cumann na nInnealtóirí (dá ngairtear “an Cumann” anseo feasta) agus leasanna ghairm na hinnealtóireachta in Éirinn a chur cinn mar phríomh-chuspóir aige: | ||
AGUS DE BHRÍ gur feidhmeanna comhionanna a lán agus feidhmeanna a chúngaíonn ar a chéile a lán eile de na feidhmeanna dá mbíonn an Institiúid sin agus an Cumann ag gabháil, gur comhaltaí de gach comhlacht acu sin go leor innealtóiri agus gur thairbhe do ghairm na hinnealtóireachta agus gurbh é leas an phobail an dá chomhlacht a chónascadh: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an t-ainm atá anois ar an Institiúid sin ró-theorantach mar gheall ar fhás shainbhrainsí de ghairm na hinnealtóireachta agus gur inmhianaithe ainm a ghlacadh a bheadh iomchuí don ghairm i gcoitinne: | ||
AGUS DE BHRÍ go mbeidh sé riachtanach nó inmhianaithe, de dhroim socrú a dhéanamh le haghaidh ionadaíocht a thabhairt do na sainbhrainsí sin ar Chomhairle sa hInstitiúide sin agus de dhroim an comhaltas méadú de bharr cónascadh leis an gCumann, athruithe a dhéanamh ar fhorálacha na Cairte sin agus an Achta leasaithaigh a bhaineann le comhdhéanamh agus modh tofa Chomhairle na hInstitiúide sin: | ||
AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe socrú a dhéanamh le haghaidh níos mó ná aicme amháin chomhaltais san Institiúid sin agus gur cheart aicme comhaltaí ar a dtabharfar Comhaltaí Cairte a bhunú agus go mbeadh ag na comhaltaí sin a bhfuil acu na cáilíochtaí gairmiúla agus an taithí is gá lena nglacadh isteach san aicme sin teideal chun tuairisc shainiúil éigin orthu féin a úsáid a thabharfadh le fios láithreach an bhrí sin a bheith léi: | ||
AGUS DE BHRÍ go ndearnadh rún ag údarú an iarratais ar an Acht seo a rith go cuí ag Cruinniú Ginearálta Speisialta den Institiúid sin a tionóladh an 24ú lá d'Aibreán 1968 agus rún ag ceadú cuspóirí an Achta seo a rith go cuí ag Cruinniú Ginearálta Urghnách den Chumann a tionóladh an 16ú lá de Bhealtaine 1968: | ||
AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach na forálacha atá san Acht seo a achtú agus nach féidir na cuspóirí réamhráite a chur i gcrích gan údarás ón Oireachtas: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. 1960, Uimh. 1 (Príobháideach). |
1. —San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “An Chairt” Cairt Ríoga Chorpraithe Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann a deonaíodh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1877; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAcht leasaitheach” an tAcht um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1960 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Institiúid” an comhlacht corpraithe a comhrinneadh leis an gCairt; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Cumann” an comhlacht a corpraíodh faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, faoin ainm Cumann na nInnealtóirí; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Chomhairle” comhairle na hInstitiúide; | |
| [EN] | ciallaíonn “na Fodhlíthe” na fodhlíthe, na rialacha agus na rialacháin de chuid na hInstitiúide atá i bhfeidhm de thuras na huaire; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Rúnaí” Rúnaí na hInstitiúide; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Ghairm” gairm na hinnealtóireachta agus folaíonn sí sainbhrainsí na gairme sin. | |
| [EN] |
Ainm na hInstitiúide. |
2. —Is é ainm na hInstitiúide feasta “The Institution of Engineers of Ireland” nó “Cumann na nInnealtóiri”. |
| [EN] |
Cuspóirí a leathnú. |
3. —Déanfar an Chairt a fhorléiriú feasta mar ní a fhoráileann go mbeidh ar chuspóirí na hInstitiúide:— |
| [EN] | (a) foghlaim an chineáil sin eolais a chur chun cinn a bhaineann le gairm na hinnealtóireachta agus eolaíocht innealtóireachta a chur ar aghaidh agus leasanna na gairme sin agus a comhaltaí a chur chun cinn ar gach bealach cóir, | |
| [EN] | (b) caighdeáin chuí oideachais ghairme agus oideachais ghinearálta agus tréineála a leagan amach agus a chothabháil chun daoine a ghlacadh isteach i gcomhaltas na hInstitiúide nó in aon aicme den chomhaltas sin, mar aon le cumhacht chun teagasc agus cúrsaí staidéir a sholáthar agus a fhorordú agus chun scrúduithe a sheoladh d'fhonn na caighdeáin sin a chothabháil, | |
| [EN] | (c) a áirithiú nach n-úsáidfidh an tuairisc “Innealtóir Cairte” nó inisealacha nó litreacha a mbeidh a shamhail de bhrí leo ach amháin an aicme sin innealtóirí a chruthaigh a n-inniúlacht agus a dtaithí ghairmiúil chun sástacht na Comhairle nó atá údaraithe an tuairisc sin a thabhairt orthu féin ag comhlacht gairmiúil atá aitheanta ag an gComhairle chuige sin, | |
| [EN] | (d) caighdeán cuí eitice agus iompair ghairmiúil a choinneáil suas. | |
| [EN] |
Sainranna comhaltais. |
4. —Beidh cumhacht ag an Institiúid sainranna comhaltais a eagrú agus socrú a dhéanamh ina leith, ar comhréir le sainbhrainsí den eolaíocht innealtóireachta, nó le rannáin áirithe fostaíochta, nó eile, agus a shocrú lena Fodhlíthe go mbeidh ionadaíocht ar an gComhairle ag na sainranna sin. |
| [EN] |
Comhaltas. |
5. —Gach duine a chruthóidh chun sástacht na Comhairle go bhfuil sé cáilithe chun comhaltais i slí a cheanglóidh na Fodhlíthe beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta den Institiúid. |
| [EN] |
Aicmí comhaltais. |
6. —Beidh dhá aicme comhaltaí ann, eadhon, comhalta Cairte agus Gnáth-chomhalta. Ní bheidh i dteideal comhaltais Cairte ach daoine a mbeidh 25 bliana d'aois ar a laghad slán acu agus a mbeidh acu, i dteannta na gcáilíochtaí is gá le haghaidh comhaltais na hInstitiúide, cibé cáilíochtaí breise is gá de réir na bhFodhlíthe lena nglacadh isteach i gcomhaltas Cairte. |
| [EN] |
Innealtóirí Cairte. |
7. —“Innealtóirí Cairte” a thabharfar ar chomhaltaí Cairte na hInstitiúide agus beidh sé de cheart acu an tuairsc sin a thabhairt orthu féin agus an giorrúchán “Inn.C.” a úsáid i ndiaidh a n-ainmneacha. Ní bheidh an ceart sin ach amháin ag na Comhaltaí Cairte sin agus ag daoine sa Stát a mbeidh an Chomhairle sásta ina dtaobh go bhfuil siad údaraithe Innealtóirí Cairte a thabhairt orthu féin ag comhlacht gairmiúil a bheidh aitheanta ag an gComhairle chuige sin. Coimeádfaidh an Chomhairle clár de na daoine sin agus féadfaidh foráil a bheidh sna fodhlíthe go n-íocfar táillí i leith an chláraithe sin. |
| [EN] |
Comhdhéanamh an Chomhlachta Chorpraithe; comhaltas Oinigh; comhlaigh. |
8. —Is iad comhaltaí Cairte agus Gnáth-chomhaltaí na hInstitiúide i dteannta a chéile a chomhdhéanfaidh an comhlacht corpraithe ach féadfaidh foráil a bheith sna Fodhlíthe le haghaidh daoine eile a ghlacadh isteach mar chomhaltaí oinigh agus le haghaidh mic léinn innealtóireachta, teicneoirí innealtóireachta nach mbeidh cáilithe chun comhaltais, agus cibé daoine eile dá ndéanfar foráil, a ghlacadh isteach mar chomhlaigh. |
| [EN] |
Fodhlíthe. |
9. —D'ainneoin aon ní contrártha dó sin atá sa Chairt nó san Acht leasaitheach, féadfaidh foráil a bheith sna Fodhlíthe le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:— |
| [EN] | (a) ranna éagsúla comhaltaí a cheapadh agus a eagrú san Institiúid chun freastal do riachtanais na gairme, | |
| [EN] | (b) comhdhéanamh roinnbhord rialaithe nó coistí agus an modh ina dtoghfar daoine ar na boird sin, | |
| [EN] | (c) roinnghrúpaí a dhéanamh de chuid de na ranna sin nó díobh go léir agus coistí nó comhlachtaí feidhmiúcháin a sholáthar chun gnóthaí na ngrúpaí sin a bhainistí, | |
| [EN] | (d) comhdhéanamh na Comhairle, an líon daoine a bheidh uirthi agus an modh ina dtoghfar iad, | |
| [EN] | (e) Uachtarán agus oifigigh eile a thoghadh in ionad na n-oifigeach a luaitear sa Chairt agus san Acht leasaitheach agus an modh ina dtoghfar iad, | |
| [EN] | (f) na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh mic léinn, teicneoirí innealtóireachta nó daoine eile a bheith i gcomhlachas leis an Institiúid, | |
| [EN] | (g) na cáilíochtaí is gá le haghaidh Gnáth-chomhaltais agus comhaltais Cairte faoi seach, | |
| [EN] | (h) an teideal “Ánra d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann” nó teideal gradama eile a bhronnadh ar dhuine ar bith de na comhaltaí Cairte agus na coinníollacha a rialóidh bronnadh agus úsáid an teidil sin, | |
| [EN] | (i) an Institiúid a chur i gcomhcheangal nó i gcomhlachas le comhlachtaí gairmiúla eile, sa Stát nó lasmuigh de agus aon chearta comharaíochta a dheonú do chomhalta aon chomhlachtaí den sórt sin. | |
| [EN] | (j) Rúnaí agus oifigigh eile (nach gá gur comhaltaí iad) a cheapadh ag an gComhairle agus luach saothair a íoc leo as cistí na hInstitiúide, | |
| [EN] | (k) ballóid phoist a chur ar siúl maidir le hábhar ar bith. | |
| [EN] |
Teideal ag comhaltaí an Chumainn a bheith ina gcomhaltaí den Institiúid. |
10. —D'ainneoin aon ní atá in alt 5 den Acht seo beidh ag gach duine atá ar dháta an Achta seo a rith ina chomhalta den Chumann teideal bheith ina chomhalta den Institiúid agus tiocfaidh sé chun bheith (mura seirbheálfaidh sé fógra i scríbhinn contrártha dó sin ar an Rúnaí laistigh de thrí mhí tar éis an dáta sin) agus beidh sé ina chomhalta den Institiúid ar thrí mhí a bheith caite ón dáta sin. |
| [EN] |
An Cumann a dhíscaoileadh agus maoin a aistriú. |
11. —(1) Ar thrí mhí a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith beidh an Cumann arna dhíscaoileadh de bhua an ailt seo. |
| [EN] | (2) An mhaoin uile réadach agus pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an Cumann a dhíscaoileadh dílsithe don Chumann díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, ach sin áfach faoi réir aon eirí, cearta nó dliteanais a bhain leis an maoin díreach roimh an díscaoileadh sin, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí uile a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar an gCumann a dhíscaoileadh agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith, ach faoi réir a n-aistriú, más gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Institiúid nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di (de réir mar a bheidh) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an díscaoileadh sin, dílsithe don Chumann díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó. | |
| [EN] | (3) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an Cumann a dhíscaoileadh, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an Institiúid dá iarraidh sin ar dháta an Chumainn a dhíscaoileadh nó tráth ar bith dá éis sin, í a aistriú i leabhair an bhainc, na corparáide nó na cuideachta sin chun ainm na hInstitiúide. | |
| [EN] | (4) Ar an gCumann a dhíscaoileadh agus dá éis sin, féadfaidh an Institiúid, ina hainm féin, agra a dhéanamh i leith gach ábhair i gcaingean a aistrítear chun na hInstitiúide leis an alt seo agus é a aisghabháil nó a chur i bhfeidhm agus ní gá don Institiúid fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal na n-ábhar i gcaingean sin. | |
| [EN] | (5) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an Institiúid cóip den Acht a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná chun aon Dleacht Stampa faoin alt sin a íoc ar aon chóip den Acht. | |
| [EN] |
Forálacha idirlinne. |
12. —(1) Fad a bheifear ag feitheamh le Fodhlíthe nua a dhéanamh agus Comhairle nua a thoghadh dá mbun, bainisteofar gnóthaí na hInstitiúide ag Comhairle Shealadach arb iad a bheidh inti na daoine uile a bhí tráth an Achta seo a rith ina gcomhaltaí de Chomhairle na hInstitiúide i dteannta na ndaoine uile a bhí an tráth sin ina gcomhaltaí de Chomhairle Ceannais an Chumainn. Déanfaidh an Chomhairle Shealadach sin Fodhlíthe nua a dhréachtú don Institiúid agus déanfaidh sí socrú le haghaidh Cruinniú Ginearálta de chomhaltaí na hInstitiúide a thionól i mBaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná bliain tar éis dáta an Achta seo a rith. Déanfar fógra lá agus fiche ar a laghad i scríbhinn i dtaobh an chruinnithe sin, ina sonrófar tráth agus áit an chruinnithe, a chur go dtí gach comhalta leis an bpost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige, agus cuirfear cóip de na dréacht-Fhodhlíthe nua i dteannta gach fógra den sórt sin, ach, más rud é nach bhfaighidh aon chomhalta áirithe aon fhógra den sórt sin ná aon chóip de na dréacht-Fhodhlíthe nua, nó má fhágtar de dhearmad aon chomhalta áirithe gan an fógra nó an chóip sin a thabhairt dó, ní thabharfaidh sin gur neamhbhailí do na himeachtaí ag cruinniú den sórt sin. |
| [EN] | (2) Aon leasú a bheartófar a dhéanamh ar na dréacht-Fhodhlíthe sin is i scríbhinn a bheidh sé, agus beidh sé sínithe ag deichniúr comhaltaí ar a laghad agus cuirfear é leis an bpost réamhíoctha go dtí an Rúnaí ionas go sroichfidh sé é tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta an Chruinnithe Ghinearálta sin. Déanfar vótáil ag an gcruinniú sin ar na dréacht-Fhodhlíthe agus ar aon leasuithe den sórt sin a bheidh beartaithe, agus mura n-aontófar iad ag tromlach dá mbeidh i láthair agus a vótálfaidh, cuirfear an cruinniú ar atráth go dtí dáta a fhógróidh an Cathaoirleach agus déanfaidh an Chomhairle Shealadach idir an dá linn na dréacht-Fhodhlíthe a athbhreithniú, agus vótálfar arís ar na dréacht-Fhodhlíthe sin arna n-athbhreithniú amhlaidh: agus más gá beidh tuilleadh atráthú ann go dtí go n-aontófar amhlaidh na dréacht-Fhodhlíthe sin. | |
| [EN] | (3) Nuair a aontófar dréacht-Fhodhlíthe ag Cruinniú Ginearálta cuirfear amach iad leis an bpost go dtí gach comhalta arb eol a sheoladh le glacadh leo nó le diúltú dóibh en bloc trí phostvótáil, agus ní mór na vótaí sin a bheith ag an Rúnaí ar dháta nó roimh dháta sonraithe a shocróidh an Chomhairle Shealadach. Más i bhfabhar glacadh leo a bheidh tromlach na bpostvótaí caite, fógróidh an Chomhairle Shealadach go bhfuil glactha leis na dréacht-Fhodhlíthe, agus air sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ina bhFodhlíthe ag an Institiúid. | |
| [EN] | (4) Mura gcaithfear tromlach de na postvótaí sin i bhfabhar glacadh leis na dréacht-Fhodhlíthe sin, déanfaidh an Chomhairle Shealadach Cruinniú Ginearálta eile a thoghairm d'fhonn agóidí agus aon leasuithe beartaithe eile a bhreithniú, agus más gá cuirfear an cruinniú sin ar atráth ó am go ham go dtí go n-aontófar dréacht-Fhodhlíthe le tromlach na vótaí a chaithfear ag an gcruinniú sin. Nuair a bheidh an t-aontú sin déanta tiocfaidh na dréacht-Fhodhlíthe sin arna n-aontú amhlaidh chun bheith agus beidh siad ina bhFodhlíthe ag an Institiúid. | |
| [EN] | (5) Ainmneoidh an Chomhairle Shealadach an duine a ghníomhóidh mar Chathaoirleach ag na Cruinnithe Ginearálta sin agus i gcás comhionannas vótaí beidh vóta breise nó vóta réitigh ag an gCathaoirleach sin. | |
| [EN] | (6) Beidh ag an gComhairle Shealadach na cumhachtaí uile atá dílsithe anois don Chomhairle agus féadfaidh sí luach saothair réasúnach a íoc amach as cistí na hInstitiúide le Rúnaí nó le comhrúnaithe, nó le hoifigigh eile. | |
| [EN] |
Lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith i gcónaí ag an gCairt agus ag an Acht leasaitheach. |
13. —Ach amháin mar a leasaítear iad leis seo beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht i gcónaí ag an gCairt agus ag an Acht leasaitheach. |
| [EN] |
An Cumann a scriosadh as Clár na gCuideachtaí. |
14. —(1) Déanfaidh an Institiúid cóip chlóite den Acht seo a sheachadadh do chláraitheoir na gCuideachtaí agus coinneoidh sé agus cláróidh sé an céanna agus mura seachadfar cóip den sórt sin den Acht seo laistigh de shé mhí ó dháta an Achta seo a rith tabhóidh an Institiúid pionós nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain tar éis bheith caite don sé mhí sin. Beidh gach pionós faoin alt seo inghnóthaithe go hachomair. |
| [EN] | (2) Ar chóip chlóite den Acht seo a fháil, déanfaidh Cláraitheoir na gCuideachtaí air sin an Cumann a scriosadh as Clár na gCuideachtaí. | |
| [EN] |
Caiteachais. |
15. —Is í an Institiúid a íocfaidh, agus is as a cistí féin a íocfaidh sí, na costais, na muirir agus na caiteachais a tabhaíodh roimh ré agus a bhain agus a ghabh leis an Acht seo a ullmhú, a fháil agus a rith. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
16. —Féadfar an tAcht um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo. |