Clár an Ábhair

Fáilte chuig Achtanna.ie / Acts.ie

Acht a aimsiú

Brabhsáil

Cuardach.

Torthaí a Bheachtú

Acht a Oscailt

Oibritheoirí Cuardaigh

Cuardach Casta

Naisc idir Téacs Gaeilge agus Béarla

Teacht ar Áit ar Leith sa Téacs

Téacs Gaeilge agus Béarla a Chur Taobh le Taobh

Acht a Chló amach

 

 

Fáilte chuig Achtanna.ie / Acts.ie

Is é atá ar an suíomh gréasáin seo bunachar sonraí ina bhfuil Achtanna an Oireachtais agus tiontuithe oifigiúla orthu, i gcás go bhfuil siad ar fáil, ón mbliain 1922 i leith. Tá téacs na nAchtanna sa dá theanga nasctha le chéile ionas gur féidir bogadh go héasca ó théacs Gaeilge Achta go dtí an téacs comhfhreagrach Béarla agus sa treo eile.

 

Is féidir teanga an chomhéadain a roghnú am ar bith trí chliceáil ar English nó Gaeilge i mbarr an leathanaigh. Níl aon tionchar ag teanga an chomhéadain ar fheidhmiúlacht an tsuímh. Is ionann sin agus a rá gur féidir téarmaí Béarla nó téarmaí Gaeilge a chuardach sa bhunachar Achtanna trí Chuardach nó Cuardach Casta a úsáid beag beann ar theanga an chomhéadain.

 

Déantar cur síos sa leathanach Cúnaimh seo ar fheidhmiúlacht an tsuímh agus tagairtí á ndéanamh don chomhéadan Gaeilge. Roghnaigh English thuas chun féachaint ar chur síos a bhaineann leis an gcomhéadan Béarla.

 

Acht a aimsiú

Brabhsáil

Ar an leathanach baile, cliceáil Brabhsáil i mbarr an leathanaigh.

 

 

 

Taispeánfar an leathanach Brabhsáil Achtanna an Oireachtais. Ar an leathanach seo, is féidir leat bliain a roghnú ón roghchlár anuas chun féachaint ar liosta Achtanna ón mbliain sin. 

 

 

Cuir tic sa bhosca taobh le Téacs Gaeilge nó Téacs Béarla chun nach dtaispeánfar sa liosta ach naisc chuig téacs Gaeilge nó téacs Béarla na nAchtanna a ritheadh sa bhliain a roghnaíodh. Mura gcuireann tú tic in aon cheann den dá bhosca sin, beidh naisc chuig téacs sa dá theanga sa liosta.

 

Cuardach

Is é cuardach a dhéanamh an bealach is gasta chun faisnéis shonrach a aimsiú. Is féidir leat an suíomh a chuardach trí fhocal – nó frása idir comharthaí athfhriotail dúbailte “” – a chlóscríobh isteach sa bhosca cuardaigh i mbarr an leathanaigh. Taispeánfar liosta Achtanna ina bhfuil an focal nó an frása sin ansin.

 

Tugtar aird ar shíntí fada nuair a bhíonn téarma nó frása á chuardach leis an áis chuardaigh. Déan cinnte, mar sin, go bhfuil aon síneadh fada is gá curtha isteach agat. Tabhair faoi deara nár cuireadh síneadh fada ar mhórlitreacha nuair a foilsíodh roinnt sean-Achtanna agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar na torthaí cuardaigh a bhaineann leis na hAchtanna sin.

 

 

 

Léiríonn an téacs i mbarr an scáileáin cén focal nó frása a chuardaigh tú agus líon na dtorthaí a aimsíodh.

 

Liostaítear na Torthaí Cuardaigh in ord cróineolaíoch droim ar ais. Dá réir sin, taispeántar na hAchtanna is déanaí ina bhfuil an téarma nó an frása cuardaigh ag barr an liosta.

 

Is féidir leat líon na dTorthaí Cuardaigh a thaispeántar ar an leathanach a athrú trí rogha a dhéanamh ón roghchlár anuas taobh le Líon Iontrálacha.

 

Faoi bhun theideal gach Achta sa liosta, taispeántar suas le trí líne ón Acht sin ina bhfuil an téarma nó an frása a cuardaíodh. Cuireann sin ar do chumas comhthéacs an fhocail nó an fhrása a fheiceáil sula n-osclóidh tú an tAcht féin.

 

Tá táscaire faoi gach Acht Béarla chun a léiriú cibé acu atá téacs Gaeilge an Achta sin ar fáil ar an suíomh nó nach bhfuil (Téacs Gaeilge ar fáil: Tá / Níl).

 

Torthaí a Bheachtú

 

Úsáid na naisc sa cholún ar chlé chun na torthaí cuardaigh bunaidh a bheachtú:

 

Siar chuig na Torthaí Bunaidh – cuirtear deireadh le haon bheachtú a rinneadh ar an liosta agus taispeántar na Torthaí Cuardaigh bunaidh arís.

Téacs Gaeilge ar fáil – ní thaispeántar sa liosta ach na hAchtanna sin a bhfuil an téacs Gaeilge díobh ar fáil ar an suíomh.

Torthaí sna hAchtanna uile – taispeántar torthaí i dtéacsanna sa dá theanga.

Torthaí i dTéacs Béarla – ní thaispeántar ach torthaí a aimsíodh i dtéacs Béarla.

Torthaí i dTéacs Gaeilge – ní thaispeántar ach torthaí a aimsíodh i dtéacs Gaeilge.

Na Blianta uile – taispeántar torthaí cuardaigh ó na blianta uile.

2023 (1), 2022 (22), etc. – cliceáil ar bhliain chun torthaí ón mbliain sin, agus ón mbliain sin amháin, a fheiceáil. Baineann an uimhir idir lúibíní atá taobh leis an mbliain le líon na nAchtanna a ritheadh sa bhliain sin agus ar aimsíodh an téarma cuardaigh sin iontu.

 

 

Acht a Oscailt

Cliceáil ar ainm Achta sa liosta Torthaí Cuardaigh chun an tAcht sin a oscailt agus imeacht ón leathanach Torthaí Cuardaigh.

NB Má theastaíonn uait an leathanach Torthaí Cuardaigh a fhágáil ar oscailt agus téacs Achta a oscailt i dtáb nua, brúigh Ctrl + cléchliceáil (córas Windows) ar nasc nó ar naisc sa liosta chun gach Acht a roghnaítear a oscailt i dtáb nua.

 

Déantar an focal nó an frása a chuardaigh tú a aibhsiú san Acht chun go mbeidh sé éasca teacht air. Is féidir leat feidhm Ctrl+F (Windows) a úsáid freisin chun an focal nó frása sin a chuardach sa leathanach agus chun dul díreach go dtí an áit nó na háiteanna a bhfuil sé ar an leathanach sin.

 

Oibritheoirí Cuardaigh

Úsáidtear siombailí chun cuardaigh Boole a dhéanamh ar www.achtanna.ie.

 

Déantar na siombailí iomchuí a leagan amach sa bhosca thíos, mar aon le cur síos ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus sampla de gach ceann díobh.

Tabhair faoi deara gur gá spás a fhágáil ar an dá thaobh de na siombailí &&, || agus ! nuair a bhíonn cuardach Boole á dhéanamh.

 

Oibritheoir

Cur síos ar an Oibritheoir

Sampla

“ ”

Cuardach Frása – caitear leis na focail idir na comharthaí athfhriotail mar fhrása ar leith agus ní aimsítear ach téacs ina bhfuil an frása sin.

“An tAcht Airgeadais”  (ní aimseofar ach Achtanna ina bhfuil an frása cruinn sin)

 

&&

Úsáidtear é chun taifid a aimsiú ina bhfuil na focail / na frásaí ar an dá thaobh den oibritheoir (cuardach “AND”).

 

Comhairle && Airgeadais  (aimseofar Achtanna ina bhfuil an DÁ fhocal seo)

 

||

Úsáidtear é chun taifid a aimsiú ina bhfuil na focail / na frásaí atá ar cheachtar den dá thaobh den oibritheoir. (Cuardach “OR”).

Comhairle || Airgeadais  (aimseofar Achtanna ina bhfuil AON CHEANN den dá fhocal seo)

!

Úsáidtear é chun taifid a aimsiú ina bhfuil an focal atá díreach roimh an oibritheoir ! gan an focal atá ina dhiaidh a bheith ann. (Cuardach “NOT”)

Seanadóir ! TD (aimseofar Achtanna a bhfuil an focal roimh an tsiombail iontu GAN an focal i ndiaidh na siombaile a bheith iontu)

 

?

Oibritheoir saoróige a fhreagraíonn d’aon charachtar amháin; déanfar meaitseáil le carachtar amháin ar bith.

páist? (aimseofar Achtanna ina bhfuil páiste agus páistí araon).

 

 

 

*

Oibritheoir saoróige le haghaidh teaghrán; déanfar meaitseáil le teaghrán ar bith.

micrea* (aimseofar Achtanna ina bhfuil micrea-airgeadais, micreachuideachta, micreachlocha, micreagram, etc.)

*acht (aimseofar Achtanna ina bhfuil gluaiseacht, bunreacht, etc.)

 

 

 

 

 

Cuardach Casta

Is féidir Cuardach Casta a dhéanamh freisin.

Tá Cuardach Casta ar fáil ar an mbarra i mbarr an leathanaigh taobh leis an gcnaipe Cuardaigh.

 

 

Cuireann Cuardach Casta ar do chumas do chuardach a bheachtú agus focal nó frása a chuardach i dtéacs uile na nAchtanna, nó i dTeidil Fhada, i nGearrtheidil nó i dTeidil na nAlt amháin.

 

Is féidir roinnt scagairí cuardaigh a chur i bhfeidhm ag an am céanna, agus srian breise a chur leis na torthaí trí Uimhir an Achta, Túsbhliain (achtanna a ritheadh i ndiaidh bliain ar leith) agus Críochbhliain (achtanna a ritheadh roimh bhliain ar leith) a shonrú. Má theastaíonn uait torthaí a bhaineann le raon áirithe blianta a aimsiú is féidir Túsbhliain agus Críochbhliain araon a shonrú.

 

Taispeántar thíos conas Acht a aimsiú a bhfuil “uchtáil” nó “uchtála” sa Ghearrtheideal aige, a bhfuil “incháilithe” i dTeideal ceann dá Ailt aige, agus a ritheadh idir 2000 agus 2020.

 

Cuardach Casta:

 

 

Torthaí an Chuardaigh Chasta:

 

 

Naisc idir Téacs Gaeilge agus Béarla

Cliceáil ar an nasc [EN] taobh le teideal ailt sa téacs Gaeilge chun dul go dtí an áit chomhfhreagrach i dtéacs Béarla an Achta sin.

 

 

 

Ar an dóigh chéanna, cliceáil ar an nasc [GA] taobh le teideal ailt i dtéacs Béarla Achta chun dul go dtí an áit chomhfhreagrach i dtéacs Gaeilge an Achta sin.

 

 

 

 

Mura bhfuil tiontú oifigiúil an Achta ar fáil ar an suíomh, osclófar leathanach chun an méid sin a chur in iúl duit.

 

 

Teacht ar Áit ar Leith sa Téacs

Is féidir leat scrolláil suas síos i dtéacs Achta chun an t-alt atá ag teastáil uait a aimsiú.

Rogha eile is ea cliceáil ar cheann de na naisc i gClár an Ábhair, sa téacs Gaeilge nó Béarla, chun dul díreach go dtí an t-alt sin.

Cliceáil ar nasc [EN] nó [GA] taobh le teideal ailt chun dul go dtí an áit chomhfhreagrach i dtéacs Béarla nó Gaeilge an Achta sin.

 

 

Téacs Gaeilge agus Béarla a Chur Taobh le Taobh

 

Cliceáil ar an gcnaipe Scáileán Roinnte GA/EN in aon Acht chun amharc ar théacs Gaeilge agus Béarla an Achta sin taobh le taobh.

 

 

 Taispeántar téacs Gaeilge an Achta ar chlé, agus téacs Béarla an Achta ar dheis.

 

 

Is féidir an téacs Béarla nó Gaeilge a scrolláil go neamhspleách trí phointeoir na luiche a chur ar an taobh cuí agus scrolláil suas síos.

 

Cliceáil ar [EN] nó [GA] taobh le teideal ailt san amharc Scáileán Roinnte GA/EN, chun an áit chomhfhreagrach i dtéacs aonteangach Béarla nó Gaeilge an Achta sin a oscailt.


Déscrolláil

Tá an cnaipe Déscrolláil os cionn théacs an Achta ar thaobh na láimhe deise san amharc Scáileán Roinnte GA/EN.

 

 

 

Cas air é chun an dá théacs a scrolláil le chéile nuair a scrollálann tú an téacs Béarla suas síos. Cas Déscrolláil as chun an dá leagan a scrolláil go neamhspleách arís. Is féidir an téacs Gaeilge a scrolláil go neamhspleách i gcónaí, chun deis a thabhairt duit an dá théacs a ailíniú toisc gur minic a bhíonn an téacs Gaeilge níos faide.

 

Acht a Chló amach

Cliceáil an cnaipe Clóigh an tAcht Iomlán ag barr an Achta chun an tAcht atá ar do scáileán a chló amach.