32 1934


Uimhir 32 de 1934.


ACHT UM DHIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1934.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [24adh Lúnasa, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo na horduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Prainneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhiúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1934 , do ghairm den Acht so.


SCEIDEAL.

1. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 23), 1934.

2. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 25), 1934.

3. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 30), 1934.

4. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 31), 1934.