18 1954


Uimhir 18 de 1954.


AN tACHT COSANTA, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE MAIDIR LE COSAINT AN STÁIT AGUS LEIS NA FÓRSAÍ COSANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS NÓ A GHABHAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Bealtaine, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Cearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Cosanta.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo—

ncamhláithreacht gan cead.

ciallaíonn an abairt “neamhláithreacht gan cead” gníomh duine a fhanas as láthair gan cead do réir bhrí ailt 137;

fanacht as láthair gan cead.

tá leis an abairt “fanacht as láthair gan cead” an bhrí atá léi in alt 137;

neamhláithrí.

ciallaíonn an focal “neamhláithrí” duine a fhanas as láthair gan cead do réir bhrí ailt 137;

ar fianas.

tá leis an abairt “ar fianas”, maidir le duine faoin dlí míleata, an bhrí a tugtar di le halt 5;

Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú, arna leathnú, agus arna bhuanú le hachtacháin ina dhiaidh sin;

an tArd-Aidiúnach.

ciallaíonn an abairt “an tArd-Aidiúnach” Ard-Aidiúnach Óglaigh na-hÉireann;

Seirbhís Altranais an Airm.

ciallaíonn an abairt “Seirbhís Altranais an Airm” an tseirbhís altranais a bunaítear faoi alt 289;

páipéar fianuithe.

ciallaíonn an abairt “páipéar fianuithe” an doiciméad ar a dtugtar páipéar fianuithe in alt 56;

gairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

déanfar an abairt “gairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta”, maidir le cúltacaire, d'fhorléiriú do réir fo-ailt (2) d'alt 90;

gairm amach ar buan-tseirbhís

déanfar an abairt “gairm amach ar buan-tseirbhís”, maidir le cúltacaire, d'fhorléiriú do réir fo-ailt (2) d'alt 87 nó fo-ailt (3) d'alt 88 (pé fo-alt acu sin is oiriúnach);

deimhniú urscaoilte.

ciallaíonn an abairt “deimhniú urscaoilte” deimhniú arna eisiúint faoi alt 82;

an Ceann Foirne.

ciallaíonn an abairt “an Ceann Foirne” Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann;

cúirt shibhialta.

ciallaíonn an abairt “cúirt shibhialta” aon chúirt arna bunú faoi Airteagal 34 den Bhunreacht, agus folaíonn sí na cúirteanna arna mbunú faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus aon Chúirt Choiriúil Speisialta arna bunú faoin Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 (Uimh. 13 de 1939) ;

coimeád sibhialta.

ciallaíonn an abairt “coimeád sibhialta” coimeád ag an nGarda Síochána nó ag údarás sibhialta dleathach eile atá údaraithe chun príosúnaigh shibhialta a bheith faoi choimeád aige agus folaíonn sí gaibhniú i bpríosún poiblí;

cion sibhialta.

tá leis an abairt “cion sibhialta” an bhrí a tugtar di le halt 169;

aicme chúltacairí.

ciallaíonn an abairt “aicme chúltacairí” aon aicme de na hÓglaigh Cúltaca, eadhon—

(a) an Cúltaca Fear (An Chéad Líne), nó

(b) an Cúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil), nó

(c) an Cúltaca Fear (An Slua Muirí), nó

(d) aon aicme a bunófar faoi fho-alt (3) d'alt 21;

aicme de na hÓglaigh Cúltaca.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis na hÓglaigh Cúltaca, aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear in alt 21;

oifigeach ceannais.

ciallaíonn an abairt “oifigeach ceannais”, in aon alt ina bhfuil sí, oifigeach a ndearbhófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo gurb oifigeach ceannais é chun críocha an ailt sin;

céim choimisiúnta airm.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta airm” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

céim choimisiúnta chabhlaigh.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta chabhlaigh” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

céim choimisiúnta.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta” aon chéim—

(a) is céim choimisiúnta airm, nó

(b) is céim choimisiúnta chabhlaigh;

ceannasaí complachta.

ciallaíonn an abairt “ceannasaí complachta”, in aon alt ina bhfuil sí, oifigeach a ndearbhófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo gur ceannasaí complachta é chun críocha an ailt sin;

dáta fianuithe.

forléireofar tagairtí do dháta fianuithe fir mar thagairtí don dáta arb é dáta a fhianuithe é de bhuaidh ailt 59;

oirneas.

ciallaíonn an focal “oirneas”, aon bhonn, claspa, suaitheantas dea-iompair nó oirneas eile;

Óglaigh na hÉireann.

ciallaíonn an abairt “Óglaigh na hÉireann” na fórsaí cosanta atá le bunú agus le cothabháil faoin Acht seo;

tréigean.

ciallaíonn an briathar “tréigean” Óglaigh na hÉireann a thréigean do réir bhrí ailt 135;

tréigtheoir.

ciallaíonn an focal “tréigtheoir” duine a dhéanfas tréigean;

beairic coinneála.

ciallaíonn an abairt “beairic coinneála” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ndearbhófar faoi alt 232 gur beairic coinneála é;

ar fostú ar long Stáit.

tá leis an abairt “ar fostú ar long Stáit”, maidir le comhalta d'Óglaigh na hÉireann, an bhrí a tugtar di le halt 6;

namhaid.

folaíonn an focal “namhaid” frithchealgairí faoi airm, ceannaircigh faoi airm, círéibigh faoi airm agus píoráidí;

brat-oifigeach.

ciallaíonn an focal “brat-oifigeach” oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta cheannasóra chabhlaigh;

liostáil chalaoiscach.

ciallaíonn an abairt “liostáil alahcoiseach” liostáil go calaoiseach do réir bhrí ailt 164;

ginearáloifigeach.

ciallaíonn an focal “gincarál-oifigeach” oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta mhaor-ghincaráil airm nó céim choimisiúnta airm is airde ná sin;

fear.

ciallaíonn an focal “fear” duine ar comhalta d'Óglaigh na hÉireann é de thuras na huaire, ach ní fholaíonn sé oifigeach;

pian-tseirbhí míleata.

ciallaíonn an abairt “pian-tseirbhí míleata” duine faoi phianbhreith phian-tseirbhíse a thug armchúirt;

oifig mhíleata.

ciallaíonn an abairt “oifig mhíleata” aon oifig in Óglaigh na hÉireann;

príosún míleata.

ciallaíonn an abairt “príosún míleata” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ndearbhófar faoi alt 232 gur príosún míleata é;

príosúnach míleata.

ciallaíonn an abairt “príosúnach míleata” duine faoi phianbhreith phríosúntachta a thug armchúirt;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

céim neamhchoimisiúnta airm.

ciallaíonn an abairt “céim neamhchoimisiúnta airm” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh.

ciallaíonn an abairt “céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

oifigeach neamhchoimisiúnta.

ciallaíonn an abairt “oifigeach neamhchoimisiúnta” fear ag a bhfuil—

(a) aon chéim neamhchoimisiúnta airm, seachas céim shaighdiúra shingil, nó

(b) aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh, seachas céim mhairnéalaigh;

cion in aghaidh an dlí mhíleata.

ciallaíonn an abairt “cion in aghaidh an dlí mhileata” aon chion a luaitear in aon alt i gCaibidil II de Chuid V den Acht seo;

oifigeach.

ciallaíonn an focal “oifigeach”, nuair a húsáidtear é gan a cháiliú—

(a) duine ag a bhfuil céim choimisiúnta, agus atá de thuras na huaire ina oifigeach, sna Buan-Óglaigh, nó

(b) duine ag a bhfuil céim choimisiúnta, agus atá de thuras na huaire ina oifigeach, sna hÓglaigh Cúltaca;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lá a thiocfas an tAcht seo i ngníomh;

príosún piantseirbhíse.

ciallaíonn an abairt “príosún pian-tseirbhíse” aon phríosún nó áit ina bhféadfar duine a ghaibhniú go dleathach tar éis do chúirt shibhialta é a chiontú agus pianbhreith phian-tseirbhíse a thabhairt air;

tréimhse éigeandála.

tá leis an abairt “tréimhse éigeandáta” an bhrí a tugtar di le halt 4;

na Buan-Óglaigh.

ciallaíonn an abairt “na Buan-Óglaigh” an chomhchuid d'Óglaigh na hÉireann dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an ainm sin;

duine faoin dlí míleata.

forléireofar tagairtí do dhuine faoin dlí míleata mar thagairtdo dhuine atá, de bhuaidh ailt 118 nó 119, faoin dlí míleata;

forordú.

ciallaíonn an briathar “forordú”—

(a) aon áit a bhfuil sé i gCuid V (ach amháin Caibidil IV agus X) den Acht seo, forordú le rialacha nós imeachta,

(b) aon áit eile a bhfuil sé, forordú le rialacháin faoin Acht seo;

forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseribhis.

ciallaíonn an abairt “forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís” forógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 87;

maoin.

folaíonn an focal “maoin” airgead;

príosún poiblí.

ciallaíonn an abairt “príosún poiblí” aon phríosún nó áit ina bhféadfar duine a ghaibhniú go dleathach tar éis do chúirt shibhialta é a chiontú agus pianbhreith phríosúnachta a thabhairt air;

an tArd.Cheathrúnach.

ciallaíonn an abairt “an tArd-Cheathrúnach” Ard-Cheathrúnach Óglaigh na hÉireann;

rialacháin earcaíochta.

ciallaíonn an abairt “rialacháin carcaíochta” rialacháin faoi alt 56;

áit chónaithe chláraithe.

ciallaíonn an abairt “áit chónaithe chláraithe”, maidir le cúltacaire, an seoladh a bheas cláraithe aige, do réir rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, mar áit chónaithe chláraithe;

na hÓglaigh Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “na hÓglaigh Cúltaca” an chomhchuid d'Óglaigh na hÉireann dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an ainm sin;

cúltacaire.

ciallaíonn an focal “cúltacaire”, nuair a húsáidtear é gan a cháiliú, fear de na hÓglaigh Cúltaca;

ceart ar thalamh.

ciallaíonn an abairt “ceart ar thalamh” aon éasúint, profit á prendre nó ceart eile ar thalamh nó ina leith;

rialacha nós imeachta.

ciallaíonn an abairt “rialacha nós imeachta” rialacha faoi alt

cumann rúnda.

ciallaíonn an abairt “cumann rúnda” comhlachas, cumann nó comhlucht eile a bhfuil a chomhaltaí faoi cheangal do réir a rialachán, nó a ndéanann a chomhaltaí iarbhír, mionn nó dearbhasc nó dearbhú nó comhaontú a thabhairt nach nochtfaid imeachta, nó cuid áirithe éigin d'imeachta, an chomhlachais, an chumainn nó an chomhluchta;

seirbhís

ciallaíonn an focal “seirbhís”, nuair a cháilíos sé aerárthaigh, ábhar aerárthaigh, trealamh, feithiclí, ainmhithe, bialanna, institiúidí, ceaintíní, riachtanais, éadaí, leabhair nó maoin, bheith ar únaeracht ag Óglaigh na hÉireann nó ag aon aonad nó aon chuid d'aonad d'Óglaigh na hÉireann nó bheith ag baint leis an gcéanna;

cór seirbhíse.

ciallaíonn an abairt “cór seirbhíse” aon chomhlucht míleata nó aon chónascadh de chomhluchta míleata a mbeidh dearbhaithe le rialacháin faoi alt 23 a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire gur cór seirbhíse é;

coimeád seirbhíse.

ciallaíonn an abairt “coimeád seirbhíse” duine a choinneáil gafa nó gaibhnithe ag Óglaigh na hÉireann agus folaíonn sí gaibhniú í bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála;

long Stáit.

ciallaíonn an abairt “long Stáit” long nó árthach is leis an Stát, nó atá ar fostú i seirbhís an Stáit, agus a húsáidtear chun críocha cosanta;

goid.

tá leis an bhfocal “goid” an bhrí atá leis an bhfocal “steal” chun críocha an Larceny Act, 1916, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

oifigeach uachtarach.

folaíonn an abairt “oifigeach uachtarach”, nuair a húsáidtear í maidir le fear, oifigeach neamh-choímisiúnta;

téarma a liostála bunaidh.

tá leis an abairt “téarma a liostála bunaidh”—

(a) maidir le fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53, an bhrí a tugtar di le halt 53, faoi réir míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 63,

(b) maidir le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, an bhrí a tugtar di le halt 53, faoi réir míre (c) d'fho-alt (2) d'alt 63,

(c) maidir le cúltacaire a liostáladh faoi alt 55, an bhrí a tugtar di le halt 55, faoi réir fo-ailt (3) d'alt 66.

(2) San Acht seo, aon tagairt a déantar d'alt trí uimhir is tagairt í don alt san Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm an Achta maidir le daoine faoin dlí míleata.

3. —Ní dhéanfaidh sé aon difir d'fheidhm an Achta seo maidir le duine faoin dlí míleata an duine sin a bheith de thuras na huaire lasmuigh den Stát nó ar bord loinge nó aerárthaigh.

Tréimhse éigeandála.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, a dhearbhú éigeandáil a bheith ann aon uair is dóigh leo ar chúrsaí an cháis gur cóir sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Aon uair a dhéanfas an Rialtas ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú éigeandáil a bheith ann, ansin, an fhaid a fhanfas an t-ordú sin i bhfeidhm, measfar, chun críche an Achta seo, tréimhse éigeandála a bheith ann, agus forléireofar dá réir sin an abairt “tréimhse éigeandála” san Acht seo.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus foilseofar é san Iris Oifigiúil, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(5) Más rud é, an tráth a déanfar ordú faoin alt seo, go mbeidh ceachtar Teach den Oireachtas curtha ar atráth, comórfar an Teach sin a luaithe is caothúil ach in aon chás ar dháta nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh.

Fianas.

5. —(1) Beidh duine faoin dlí míleata ar fianas chun críocha an Achta seo—

(a) ar feadh aon tréimhse a bheas ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm, nó

(b) aon uair a bheas sé ar ceangal le fórsa, nó ina dhuine d'fhórsa, a bheas ag gabháil d'oibríochtaí i gcoinne namhad, nó

(c) aon uair a bheas sé ag gabháil d'oibríochtaí míleata in áit a bheas ar áitiú go hiomlán nó go formhór ag namhaid,

agus forléireofar dá réir sin an abairt “ar fianas”, nuair a húsáidtear í san Acht seo maidir le duine faoin dlí míleata.

(2) Le linn tréimhse éigeandála, féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, a dhearbhú Óglaigh na hÉireann a bheith ar fianas aon uair is dóigh leo ar chúrsaí an cháis gur cóir sin a dhéanamh.

(3) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo de bheith i bhfeidhm, murar cúlghairmeadh roimhe sin é faoi fho-alt (4) den alt seo, ar dheireadh a theacht leis an tréimhse éigeandála a bhí ann an tráth a rinneadh an t-ordú.

(4) Féadfaidh an Rialtas le hordú faoin bhfo-alt seo aon ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a chúlghairm.

Fostaíocht ar longa Stáit.

6. —Aon uair a bheas oifigeach nó fear ar rolla aon loinge Stáit, nó á thréineáil nó á fhreachnamh ar aon long Stáit, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ar fostú ar an long Stáit sin agus forléireofar dá réir sin an abairt “ar fostú ar long Stáit” agus abairtí gaolmhara.

An tAire do dhéanamh inchúisimh i gcás cionta áirithe.

7. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh mar inchúisitheoir i leith aon chiona is inphionóis faoin Acht seo ar dhuine a chiontú ann go hachomair ag an gCúirt Dúiche.

Forála maidir le rialacháin.

8. —(1) Is le toiliú an Aire Airgeadais a déanfar aon rialacháin faoin Acht seo a bhéarfas go díreach nó go neamhdhíreach go mbeidh muirear ar chistí poiblí nó go ndéanfar íocaíocht isteach i gcistí poiblí.

(2) Féadfaidh an tAire, nuair a bheas sé ag déanamh rialachán faoin Acht seo, malairt rialachán a dhéanamh maidir leis na Buan-Óglaigh, na hÓglaigh Cúltaca agus aicmí éagsúla de na hÓglaigh Cúltaca.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais.

10. —Na caiteachais faoina raghaidh Aire Stáit ag riaradh an Achta seo, íocfar iad, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUIDII.

An Chomhairle Chosanta, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach, an tArd-Cheathrúnach, Brainsí Míleata na Roinne Cosanta, an tArd-Chigire, agus an tArd-Abhcóide Breithiúnais.

An Chomhairle Chosanta.

11. —(1) Beidh comhlucht arna bhunú ar a dtabharfar an Chomhairle Chosanta (dá ngairmtear an Chomhairle san alt seo) chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Aire i ngach ní maidir le gnó na Roinne Cosanta a n-iarrfaidh an tAire a gcomhairle faoi.

(2) Is iad a bheas ar an gComhairle dhá chomhalta shibhialta, eadhon, Rúnaí Parlaiminte an Aire Chosanta agus Rúnaí na Roinne Cosanta, agus trí chomhalta míleata, eadhon, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

(3) Is é Rúnaí na Roinne Cosanta a bheas ina rúnaí ag an gComhairle.

(4) Beidh cruinniú ag an gComhairle aon uair a ghairmfeas an tAire é.

An CeannFoirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

12. —(1) Beidh—

(a) Ceann Foirne ag Óglaigh na hÉireann,

(b) Ard-Aidiúnach ag Óglaigh na hÉireann, agus

(c) Ard-Cheathrúnach ag Óglaigh na hÉireann.

(2) (a) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “príomh-oifig mhíleata” aon oifig acu seo a leanas—

(i) oifig an Chinn Fhoirne, nó

(ii) oifig an Ard-Aidiúnaigh, nó

(iii) oifig an Ard-Cheathrúnaigh.

(b) Is é an tUachtarán a dhéanfas ceapachán chun príomh-oifige míleata.

(c) Beidh gach duine a ceapfar chun príomh-oifige míleata ina oifigeach de na Buan-Óglaigh.

(d) Beidh gach sealbhóir príomh-oifige míleata i seilbh na hoifige sin go ceann pé téarma (nach sia ná cúig bliana) a sonrófar in ionstraim a cheaptha ach féadfar é d'athcheapadh ar an téarma sin a bheith caite,

(e) I gcás sealbhóir príomh-oifige míleata a scor de bheith ina oifigeach de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé de bheith i seilbh na príomh-oifige míleata sin.

(f) Féadfaidh an tUachtarán sealbhóir príomh-oifige míleata a chur as oifig.

Brainsí míleata na Roinne Cosanta.

13. —(1) Beidh trí príomh-bhrainsí míleata arna mbunú sa Roinn Cosanta, eadhon—

(a) brainse an Chinn Fhoirne, arb é an Ceann Foirne a bheas ina cheann air,

(b) brainse an Ard-Aidiúnaigh, arb é an tArd-Aidiúnach a bheas ina cheann air, agus

(c) brainse an Ard-Cheathrúnaigh, arb é an tArd-Cheathrúnach a bheas ina cheann air.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, cuirfear ar an gCeann Foirne, ar an Ard-Aidiúnach agus ar an Ard-Cheathrúnach faoi seach na dualgais sin a cheapfas an tAire ó am go ham maidir le gnó na Roinne Cosanta.

(3) Beidh gach duine acu, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach, freagrach go díreach don Aire i gcomhlíonadh na ndualgas sin a cuirfear air ó am go ham faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire comhoirdniú gnótha nó aon choda de ghnó, príomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta a tharmligean chun an Chinn Fhoirne.

An tArd-Chigire.

14. —(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is oiriúnach leo, a dhearbhú, le hordú faoin bhfo-alt seo, go mbeidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann, agus aon uair a déanfar aon ordú den tsórt sin agus a bheas sé i bhfeidhm beidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Beidh Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann ina oifigeach de na Buan-Óglaigh agus is é an tUachtarán a cheapfas é, agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

(4) Beidh ar Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

An tArd. Abhcóide Breithiúnais.

15. —(1) Beidh Ard-Abhcóide Breithiúnais ann.

(2) Beidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais ina abhcóide dlí atá ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laghad aige, ach ní bheidh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, agus is é an tUachtarán a cheapfas é agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

(3) Beidh ar an Ard-Abhcóide Breithiúnais na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

(4) Íocfar leis an Ard-Abhcóide Breithiúnais pé luach saothair a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

CUID III.

Bunú, Cothabháil, Ceannas, Comhdhéanamh agus Eagraíocht Óglaigh na hÉireann, Oideachas Míleata agus Nithe Ilghnéitheacha a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann.

Caibidil I.

Bunú, Cothabháil agus Ceannas Óglaigh na hÉireann.

Údarás chun Óglaigh na hÉireann a bhunú agus a chothabháil.

16. —Is dleathach don Rialtas fórsaí cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Óglaigh na hÉireann nó (i mBéarla) the Defence Forces a bhunú, a thréineáil, a threalmhú, d'armáil, d'íoc agus a chothabháil.

Ceannas míleata.

17. —(1) Faoi threorú an Uachtaráin, agus faoi réir forál an Achta seo, beidh ceannas míleata Óglaigh na hÉireann agus gach cumhacht fheidhmiúcháin agus riaracháin maidir le hÓglaigh na hÉireann, lena n-áirítear an chumhacht chun ceannas agus údarás a tharmligean, infheidhmithe ag an Rialtas agus, faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas an Rialtas ó am go ham, tríd an Aire agus ag an Aire.

(2)   (a) Féadfaidh an tAire ceannas agus údarás a tharmligean—

(i) faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas sé ó am go ham,

(ii) maidir le haon límistéir, áit nó long Stáit nó aon chomhlucht míleata a heagrófar faoi alt 22 agus féadfaidh an tarmligean baint le comhpháirteanna éagsúla d'Óglaigh na hÉireann,

(iii) le linn tréimhse éigeandála, maidir le hÓglaigh na hÉireann ar fad.

(b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo agus chun críocha riaracháin, féadfaidh an tAire an Stát a roinnt i pé límistéirí agus i pé méid límistéirí is oiriúnach leis.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh. a bhainfeas le hoifigigh, maidir leis na daoine dá dtabharfar, mar oifigigh, ceannas míleata ar Óglaigh na hÉireann nó ar aon chuid d'Óglaigh na hÉireann nó ar aon duine a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann, agus maidir leis an modh ar a bhfeidhmeofar an ceannas sin.

Caibidil II.

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann agus a nEagraíocht Ghinearálta.

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann.

18. —Is é a bheas in Óglaigh na hÉireann—

(a) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na Buan-Óglaigh nó (i mBéarla) the Permanent Defence Force, ina mbeidh comhpháirteanna airm, cabhlaigh, agus aeir, agus

(b) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na hÓglaigh Cúltaca nó (i mBéarla) the Reserve Defence Force, ina mbeidh chomhpháirteanna airm, cabhlaigh agus aeir.

Comhdhéanamh na mBuan-Óglach.

19. —Is iad a bheas sna Buan-Óglaigh—

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na Buan-Óglaigh,

(b) daoine a liostálfar iontu mar fhir faoi alt 53 nó 54 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh,

(c) daoine a liostáil iontu mar fhir faoi alt 53 agus, tar éis iad d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a raghas isteach athuair sna Buan-Óglaigh faoi fho-alt (3) d'alt 63 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh, agus

(d) daoine a bheas de thuras na huaire ina gcomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm.

Comhdhéanamh na nÓglach Cúltaca.

20. —Is iad a bheas sna hÓglaigh Cúltaca—

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca,

(b) daoine a haistreofar chucu mar fhir ó na Buan-Óglaigh faoi alt 70 agus a bheas ina gcúltacairí de thuras na huaire, agus

(c) daoine a liostálfar go díreach iontu mar fhir faoi alt 55 agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí.

Aicmí de na hÓglaigh Cúltaca.

21. —(1) Roinnfear na hÓglaigh Cúltaca sna haicmí seo a leanas—

(a) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(b) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(c) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(d) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostáil faoi alt 53 agus a haistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca de bhun ailt 70 agus a bheas ina gcúltacairí, de thuras na huaire,

(ii) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(iii) na cúltacairí sin a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 62,

(e) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (an Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

(f) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

(g) aon aicmí eile a chuirfeas an tAire ar bun faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí oifigeach, agus pé méid aicmí oifigeach, de na hÓglaigh Cúltaca is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 44.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí cúltacairí, agus pé méid aicmí cúltacairí, is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62.

(4) Má tharlaíonn aon uair nach mbeidh aon chomhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca ceaptha de thuras na huaire chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire le rialacháin deireadh a chur leis an aicme sin.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham le rialacháin pé teideal eile is oiriúnach leis agus a shonrós sé sna rialacháin a chur in ionad an teidil atá i láthair na huaire ar aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

Eagraiocht Óglaigh na hÉireann.

22. —(1) Déanfar Óglaigh na hÉireann d'eagrú ina bhfoirne, ina n-aonaid agus ina bhfeadhna eile do réir mar forordófar.

(2) Is do réir mar forordófar a bheas líon bunaíochta agus teideal gach foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus na céimeanna agus na ceapacháin éagsúla iontu.

Cór seirbhise.

23. —Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú go mbeidh aon chomhlucht míleata (is foireann, aonad nó feadhan eile a bheas eagraithe faoi alt 22) nó aon chónascadh de chomhluchta míleata den tsórt sin ina chór seirbhíse chun críocha an Achta seo agus féadfaidh pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar an gcór seirbhíse sin.

Céimeanna coimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

24. —(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta airm eile sin.

(2)  (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta chabhlaigh eile sin.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir le gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9;

(c) measfar an chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(d) measfar gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9.

(4) Faoi réir fo-ailt (5), féadfaidh an tAire—

(a) a threorú, maidir le haon oifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (c) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta airm áirithe (nach céim dhara lefteanaint), gurb í an chéim choimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

(b) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (d) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm, gurb é an ceann sin de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh seo a leanas, eadhon, meirgire agus meánloingseach, a sonrófar sa treoir a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

(c) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta chabhlaigh áirithe (nach céim mheirgire ná mheánloingsigh), gurb í an chéim choimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

(d) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta mheirgire nó mheánloingsigh chabhlaigh, gur céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

(5) Ní tabharfar treoir i dtaobh oifigigh faoi fho-alt (4) den alt seo ach amháin le toiliú an oifigigh.

Céimeanna neamhchoimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

25. —(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta airm eile sin.

(2) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile sin.

(3) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le rialacháin, maidir le haon chór seirbhíse áirithe, go mbeidh ag aon duine ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm ann, in ionad céime a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, pé céim chomhionann eile a sonrófar sna rialacháin sin agus, sa chás sin, déanfar tagairtí in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin), nó in aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , do chéim a sonraítear sa cholún sin (2) d'fhorléiriú, maidir leis an gcór seirbhíse sin, mar thagairtí don chéim chomhionann a sonrófar sna rialacháin sin.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta airm nó aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé gráid agus i pé méid grád is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach ceann faoi leith de na gráid sin.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé aicmíochtaí agus i pé méid aicmíochtaí is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach aicmíocht acu sin.

(6) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(7) Faoi réir fo-ailt 8, féadfaidh an tAire—

(a) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta airm áirithe atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta airm sin,

(b) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh áirithe atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir ithagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta cabhlaigh sin,

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

(8) Ní tabharfar treoir maidir le fear faoi fho-alt (7) den alt seo ach amháin le toiliú an fhir féin.

Rialacháin ghinearálta maidir le hÓglaigh na hÉireann.

26. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le haon ní nó gach ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Caibidil III.

Oideachas Míleata.

Forais oideachais a bhunú.

27. —(1) Féadfaidh an tAire Coláiste Míleata a bhunú agus an oiread foras eile agus is riachtanach leis chun tréineáil agus teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní aon ní acu seo a leanas—

(a) foireann foras a bunófar faoin alt seo,

(b) na daoine a ligfear isteach sna forais sin,

(c) na cúrsaí léinn sna forais sin,

(d) ré agus cineál na gcúrsaí teagaisc agus tréineála sna forais sin,

(e) na scrúduithe a déanfar sna forais sin,

(f) bainistí, rialú agus dea-riaradh na bhforas sin.

Socruithe eile oideachais.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann—

(a) lasmuigh den Stát, nó

(b) i bhforais seachas na forais a bunófar faoi alt 27.

(2) Bhéarfar do gach comhalta d'Óglaigh na hÉireann teagasc ar na horduithe agus na treora is gá le haghaidh gnáth-dhualgas a chéime agus a cheapacháin a thabhairt agus a ghlacadh i nGaeilge.

Daltais.

29. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le daltais.

Caibidil IV.

Forála Ilghnéitheacha maidir le hÓglaigh na hÉireann.

Cumhachta speisialta maidir le cosaint.

30. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) beairicí, ceathrúna, oibreacha cosanta, armthaiscí, aeradróim, raonta, cuanta, piaraí, longlanna, dugaí tirme agus ancaireachtaí, a dhéanamh agus a chothabháil;

(b) árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus a choimisiúnú;

(c) árthaigh (seachas árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh), is gá chun críocha cosanta, a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus d'fhoirniú;

(d) baoithe agus soilse a shuíomh agus a chothabháil;

(e) mianaigh a chur;

(f) monarchana arm agus lóin lámhaigh agus monarchana déanta trealamh agus stóras eile seirbhíse a bhunú, d'oibriú, agus a chothabháil, agus dul faoi chonradh chun iad a bhunú, d'oibriú agus a chothabháil;

(g) sibhialtaigh d'fhostú (lena n-áirítear iad d'fhostú i modh príntíseachta) le hÓglaigh na hÉireann nó i monarcha a bunófar faoin alt seo;

(h) faoi réir forál an Achta seo, gach ní eile is riachtanach leis chun go mbeadh cosaint mhíleata éifeachtach ag an Stát.

(2) I gcás feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo do chur muirir ar chistí poiblí, ní feidhmeofar na cumhachta sin ach amháin le comhthoil an Aire Airgeadais.

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

31. —(1) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear duine údaraithe san alt seo) a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin dul isteach aon tráth réasúnach, ar fhógra ocht n-uaire ceathrachad a chloig a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá áititheoir, ar aon talamh chun aon fhiosrú, iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh ann a réamhghabhfas nó a bhainfeas le déanamh aon ní a n-údaraíonn an Chuid seo don Aire é a dhéanamh.

(2) Má chuireann aon duine cosc le duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear do dhuine údaraithe leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Talamh, etc. a thógaint trí chomhaontú.

32. —Chun críocha an Achta seo, le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, trí chomhaontú, aon talamh nó aon cheart ar thalamh a ghlacadh ar léas nó a thógaint nó ceadúnas a ghlacadh chun é d'úsáid.

Talamh nó cearta ar thalamh a thógaint go héigeantach.

33. —(1) Más cuí, agus aon uair is cuí, leis an Aire aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn aige an talamh sin nó an ceart sin ar thalamh a thógaint amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt sin chun cumhacht a thabhairt don Aire an talamh nó an ceart ar thalamh a luaitear san ordú sin a thógaint go héigeantach faoi réim agus do réir an ailt seo.

(2) Íocfaidh an tAire cúiteamh i leith talún a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo leis na daoine ar leithligh ag a bhfuil eastáit nó leasa ann, agus i leith aon chirt ar thalamh a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo le húnaer an chirt sin agus, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), cinnfear an cúiteamh sin faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus chuige sin measfar gurb údarás poiblí do réir bhrí an Achta sin an tAire.

(3) (a) Aon tráth tar éis don Aire teacht i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach, agus roimh é a thíolacadh nó roimh an gcúiteamh d'fhionnadh, féadfaidh an tAire faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den fho-alt seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin nó an ceart sin d'fhorceannadh.

(b) Má fheidhmíonn an tAire aon chumhacht dá dtugtar dó le mír (a) den fho-alt seo, ansin—

(i) faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, íocfaidh an tAire, leis an duine arb é áititheoir na talún ar a ndeachthas isteach é nó únaer an chirt ar thalamh a forceannadh, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí dáta íoctha an chúitimh sin,

(ii) más rud é—

(I) gur thairg an tAire go neamh-choinníollach i scríbhinn aon tsuim mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

(II) nár ghlac an duine sin an tairiscint, agus

(III) nach mó an tsuim a dhámhfas an t-eadránai oifigiúil don duine sin mar chúiteamh ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse tar éis dáta na tairiscinte.

(c) Ní cead don Aire—

(i) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa nó, i gcás tí chónaithe ar áitiú, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt roimh ré i scríbhinn don áititheoir go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh, ná

(ii) aon cheart ar thalamh d'fhorceannadh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt don únaer go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) den fho-alt seo a thabhairt d'aon duine trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun an duine sin faoin seoladh is gnáthach nó is déanaí is eol a bheith aige.

(e) Má tharlaíonn, ar chúis ar bith, nach féidir an clúdach a luaitear i mír (d) den fho-alt seo a dhíriú mar foráltar leis an mír sin, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas—

(i) faoin tuairisc “an t-áititheoir” nó “an t-únaer” (pé acu é) gan a ainm a lua,

(ii) go dtí an talamh nó go dtí ionad na maoine lena mbaineann an fógra sa chlúdach.

Usáid talún ag an Aire.

34. —(1) Féadfaidh an tAire aon talamh a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige d'úsáid chun pé críocha, i ndáil lena chumhachta agus a dhualgais faoin Acht seo, agus i pé slí, is cuí leis.

(2) I gcás aon talamh a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige a bheith ag teagmháil le haon urthrá, farraige nó uisce taoide, folóidh na cearta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo an ceart chun cleachtais airtléire, mhuscaeid, bhuamála nó cleachtais eile airm, chabhlaigh nó aeir a chur ar siúl ar an urthrá, ar an bhfarraige nó ar an uisce taoide sin nó os a gcionn.

Ceart an Aire chun goireas áirithe a chur suas agus a chothabháil ar thalamh in aice le haeradróim sheirbhise.

35. —(1) (a) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go gcuirfear suas ar aon talamh nó foirgneamh in aice le haeradróm a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige, nó go suífear ann, nó go ngreamófar de, pé goireas (lena n-áirítear sreanga leictreachais) is gá leis chun aon ionad nó aon bhacainn a thaispeáint nó chun comharthaí nó eolas a thabhairt do dhaoine a bheas ag loingsiú aerárthaí chun an aeradróim, nó uaidh, nó ina aice, agus féadfaidh an goireas sin a chothabháil agus d'úsáid dá éis sin.

(b) Sara ndéanfaidh an tAire aon ghoireas a chur suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a shuíomh ann, nó a ghreamú dhe, de bhun an fho-ailt seo, bhéarfaidh sé fógra míosa roimh ré don únaer agus don áititheoir á chur in iúl go bhfuil sin beartaithe aige.

(c) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon ghoireas a cuireadh suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a suíodh ann, nó a greamaíodh de, de bhun an fho-ailt seo, a bhacainniú, a dhíthiú, a tharraingt anuas nó d'aghlot, nó má bhaineann sé leis go toiliúil, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) (a) Chun na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú, féadfaidh aon duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú faoina threoir dul isteach ar aon talamh agus gabháil thríd (le feithiclí nó gan feithiclí).

(b) Má chuireann duine ar bith (dá ngairmtear an ciontóir sa mhír seo) cosc le duine údaraithe nó le haon duine a bheas ag gníomhú faoina threoir i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt seo, beidh an ciontóir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine d'aicme dhaoine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta a bheirtear leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú.

(3) Má chruthaíonn duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas trí fheidhmiú na gcumacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníochta faoin alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

Srian le húsáid talún in aice le haeradróim sheirbhíse.

36. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go ndéanfadh úsáid neamhshrianta aon límistéire áirithe talún in aice le haerodróm, a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige, cur isteach ar loingsiú aerárthach a bheadh ag eiteall chun an aeradróim sin nó uaidh, féadfaidh sé, le hordú (dá ngairmtear ordú límistéire caomhanta san alt seo) na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) a dhearbhú gur límistéir chaomhanta chun críocha an orduithe an límistéir áirithe talún sin,

(b) a dhearbhú nach dleathach, laistigh den límistéir chaomhanta, d'aon duine, ach amháin faoi réim agus do réir ceada arna dheonadh ag an Aire, aon fhoirgneamh a chur suas ná a mhéadú, ná aon phosta, cuaille ná rud eile a chur suas ná a shuíomh i dtreo go mbeidh aon chuid den fhoirgneamh, den phosta, den chuaille nó den rud (dá ngairmtear bacainn san alt seo) níos airde ná mar ceapfar leis an ordú.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le gach ordú límistéire caomhanta—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara an t-ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin is cuí leis an Aire dá léitear sa límistéir lena mbaineann an t-ordú,

(b) féadfaidh an t-ordú an límistéir lena mbaineann sé a roinnt i pé fo-límistéirí, agus i pé méid fo-límistéirí, is cuí leis an Aire agus, sa chás sin, féadfaidh forála éagsúla a bheith ann i leith gach fo-límistéire acu sin,

(c) féadfaidh an t-ordú aon bhacainní sonraithe nó aon aicme shonraithe bhacainní a dhíolmhadh ó fheidhm an orduithe,

(d) beidh ag gabháil leis an ordú léarscáil a thaispeánfas an límistéir lena mbaineann an t-ordú agus, i gcás an límistéir sin a bheith roinnte ina fo-límistéirí, gach ceann de na fo-límistéirí sin,

(e) féadfar an léarscáil a bheas ag gabháil leis an ordú d'fhágaint as an ordú nuair a bheas aon fhoilsiú á dhéanamh air de bhun míre (a) den fho-alt seo, ach taiscfear cóipeanna den ordú agus den léarscáil a ghabhas leis in Oifig na Roinne Cosanta, Geata na Páirce, Baile Átha Cliath, agus coimeádfar ar fáil ansin iad chun a n-iniúchta ag an bpobal gach tráth réasúnach.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo ordú límistéire caomhanta a chúlghairm nó a leasú.

(4) Leagfar gach ordú límistéire caomhanta agus gach ordú ag leasú orduithe límistéire caomhanta faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(5) Féadfaidh an tAire ceada a dheonadh chun críocha orduithe límistéire caomhanta agus beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chead a deonfar amhlaidh—

(a) féadfaidh an tAire—

(i) pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis,

(ii) é a chúlghairm nó a leasú;

(b) ní oibreoidh an cead mar fhuascailt ó aon tsrianta a forchuireadh faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, nó faoi aon achtachán eile, agus a bhaineas leis an límistéir lena mbaineann an t-ordú.

(6) (a) Má chruthaíonn duine ar bith, ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh laistigh de límistéir lena mbaineann ordú límistéire caomhanta, go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas tríd an Aire dá dhiúltú cead a dheonadh dhó nó trí aon choinníollacha a bheith ag gabháil le cead a dheoin an tAire dhó, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

(b) I gcás ina mbeadh duine, mura mbeadh an mhír seo, i dteideal cúitimh faoin bhfo-alt seo agus fós faoi aon achtachán eile i leith an ní chéanna, ní bheidh sé i dteideal cúitimh i leith an ní sin faoin bhfo-alt seo agus fós faoin achtachán eile sin, ach féadfaidh sé rogha a dhéanamh idir cúiteamh a ghlacadh faoin bhfo-alt seo nó é a ghlacadh faoin achtachán eile sin.

(7) Má chuireann duine ar bith suas nó má mhéadaíonn sé foirgneamh nó má chuireann sé suas nó má shuíonn sé aon phosta, cuaille nó rud eile agus go sáróidh sin ordú límistéire caomhanta—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

(b) féadfaidh an tAire, pé acu tionscnófar nó nach dtionscnófar aon imeachta i leith an chiona, a chur faoi deara pé athruithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh, ar an bposta, ar an gcuaille nó ar an rud a ndearnadh an sárú ina leith, is gá dar leis chun go gcomhlíonfaí an t-ordú, agus beidh na caiteachais faoina raghaidh an tAire á dhéanamh sin inghnóthuithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a rinne an sárú.

Coinmheadh lelinn tréimhse éigeandála.

37. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham agus aon am, pé rialacháin a dhéanamh is oiriúnach leis—

(i) á cheangal ar áititheoirí áitreabh iostas freastal agus bia a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

(ii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

(iii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, d'fheithiclí inneall,ghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

(iv) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

(v) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

(vi) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

(b) Déanfar na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo d'áititheoirí áitreabh d'fhorléiriú, i gcás áitreabh neamháitithe, mar thagairtí d'únaerí na n-áitreabh sin.

(2) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste de bhun rialachán faoin alt seo íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

(4) Má déantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le haon chomhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

(5) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Coinmheadh le linn síochána.

38. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “teach biataíochta” aon áitreabh—

(a) is áitreabh atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi Chuid III den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) , nó

(b) is áitreabh atá ceadúnaithe faoi na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, chun deocha meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, nó

(c) is pronnlann atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi rialacháin a rinneadh faoi Chuid V den Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) .

(2) Féadfaidh an tAire pé rialacháin is cuí leis a dhéanamh—

(a) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta iostas, freastal agus bia a sholáthar do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

(b) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

(c) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar d'fheithiclí inneallghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

(d) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

(e) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste, nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

(f) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

(3) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) Ní déanfar, de bhun aon rialacháin faoin alt seo, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a chur ar coinmheadh in aon teach príobháideach ná in aon áitreabh a bheas á áitiú ag mná amháin.

(5) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste, de bhun rialachán faoin alt seo, íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

(6) Má deantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le comhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

(7) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Feidhmiú na gcumhacht a bheas dílsithe i sealbhóir oifige míleata.

39. —Aon chumhacht nó dlínse a bhéarfar d'aon duine a bheas i seilbh aon oifige míleata, agus aon ghníomh nó rud a bheas le déanamh aige, nó leis nó ina láthair, féadfaidh duine ar bith eile a bheas de thuras na huaire údaraithe chuige sin, do réir gnás na seirbhíse nó do réir rialacha nós imeachta nó do réir rialachán a dhéanfas an tAire, an chumhacht nó an dlínse sin d'fheidhmiú, nó an gníomh nó an rud sin a dhéanamh, nó féadfar an gníomh nó an rud sin a dhéanamh leis nó ina láthair.

Forála maidir le horduithe údarás míleata.

40. —(1) I gcás údarás a thabhairt leis an Acht seo nó faoi don Cheann Foirne, don Ard-Aidiúnach, don Ard-Cheathrúnach nó d'aon ghinearál-oifigeach, brat-oifigeach nó oifigeach eile i gceannas chun aon ordú a dhéanamh, féadfar an t-ordú sin a chur in iúl le hordú, treoir nó litir faoi shíniú aon oifigigh a bheas údaraithe chun orduithe a thabhairt thar ceann an Chinn Fhoirne, an Ard-Aidiúnaigh, an Ard-Cheathrúnaigh, an ghinearáil-oifigigh, an bhrat-oifigigh nó an oifigigh eile i gceannas, agus beidh aon ordú, treoir, nó litir a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach a dhealrós ann a bheith údaraithe amhlaidh ina fhianaise go bhfuil sé údaraithe amhlaidh.

(2) Beidh réim ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon ordú nó treoir a bhéarfar de bhun an Achta seo i dtaobh aon phiantseirbhí mhíleata, aon phríosúnaigh mhíleata, nó aon fhir faoi choinneáil, agus ní measfar aon ordú ná treoir den tsórt sin a bheith neamhbhailí de dheasca an t-oifigeach a shínigh an t-ordú nó an treoir sin, nó d'ordaigh é a thabhairt, d'fháil bháis nó a chur as oifig, ná de dheasca aon lochta san ordú nó sa treoir sin, má líomhantar san ordú nó sa treoir sin gur ciontaíodh an pian tseirbhí míleata, an príosúnach míleata nó an fear faoi choinneáil agus go bhfuil ciontú maith bailí ann mar bhonn leis an ordú nó leis an treoir.

(3) In aon chás beidh ordú bailí má tugadh é sa bhfoirm fhorordaithe, ach ní bheidh ordú nach gcloífidh leis an bhfoirm fhorordaithe, más bailí dhó thairis sin, neamhbhailí de dheasca gan é do chloí leis an bhfoirm fhorordaithe agus dá dheasca sin amháin.

CUID IV.

Pearsanra Óglaigh na hÉireann.

Caibidil I.

Oifigigh.

Daoine a bheas incheaptha ina n-oifigigh.

41. —Beidh gach duine acu seo a leanas incheaptha ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, is é sin le rá:—

(a) saoránaigh Éireannacha;

(b) aon daoine eile a cheadós an tAire go speisialta.

Oifigigh a cheapadh, agus coimisiúin.

42. —(1) Féadfaidh an tUachtarán aon duine incheaptha a cheapadh ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca in aon chéim choimisiúnta, agus féadfaidh aon cheapachán den tsórt sin bheith ina cheapachán gan tórainn ama nó ina cheapachán go ceann tréimhse sonraithe nó ina cheapachán sealadach.

(2) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar coimisiún dó agus beidh an coimisiún sin—

(a) i gcás Uachtarán tofa a bheith in oifig agus ag oibriú agus ag comhlíonadh cumhacht agus feidhmeanna a oifige, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin,

(b) in aon chás eile, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid IV den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin.

(3) Más go ceann tréimhse sonraithe nó go sealadach a ceapfar duine ina oifigeach, formhuineofar ar an gcoimisiún focail a chuirfeas tréimhse an cheapacháin in iúl nó an focal “sealadach” nó (sa Bhéarla) “temporary” (do réir mar oireas don chás).

(4) Má tharlann earráid i gcoimisiún a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfar, le treoir ón Uachtarán, an coimisiún a leasú tríd an earráid sin a cheartú.

An mionn a ghlacfas oifigigh.

43. —(1) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

(2) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

(3) Glacfar nó déanfar an mionn nó an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe i láthair oifigigh fhorordaithe.

(4) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn aon duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca an mionn a ghlacadh nó an dearbhú a dhéanamh a ceanglaítear air a ghlacadh nó a dhéanamh leis an alt seo laistigh den tréimhse agus ar an modh a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, measfar é do thairiscint éirí as a choimisiún agus measfar i ndeireadh na tréimhse sin gur glacadh le hé d'éirí as a choimisiún.

Oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

44. —(1) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, déanfaidh an tAire, ar an duine sin a cheapadh, é a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

(2) Aon oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire, le haontú an oifigigh sin, é a shannadh chun aicme eile de na hÓglaigh Cúltaca.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “aicme de na hÓglaigh Cúltaca” aon aicme acu seo a leanas de na hÓglaigh Cúltaca—

(a) an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne), nó

(b) an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil), nó

(c) an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí), nó

(d) aon aicme a cuirfear ar bun faoi fho-alt (2) d'alt 21.

Oifigigh d'ardú.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach d'ardú go dtí céim shubstainteach níos airde.

(2) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach ag a bhfuil céim shubstainteach nó céim ghníomhach, d'ardú go dtí céim ghníomhach níos airde.

(3) Aon oifigeach a hardófar go dtí céim ghníomhach níos airde, cuirfear siar é, aon uair ina dhiaidh sin a thabharfas an tAire treoir chuige sin, go dtí a chéim shubstainteach nó, más amhlaidh a treorófar, chun céime gníomhaí is airde ná a chéim shubstainteach.

Oifigeach a chur ar leath-pháigh.

46. —Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, oifigeach a chur ar leath-pháigh go ceann tréimhse nach sia ná bliain.

Oifigigh do na Buan-Óglaigh a scor.

47. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na Buan-Óglaigh.

(2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, oifigeach a scor.

(3) Féadfaidh an tUachtarán oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach a scor uair ar bith.

(4) (a) Scoirfidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin a scor.

(b) Faoi réir pé coinníollacha a forordófar, féadfaidh an tAire, i gcás oifigigh a mbeidh ceangailte air le mír (a) den fho-alt seo scor ar dháta áirithe, cead a thabhairt dó leanúint, tar éis an dáta sin, de bheith ag fónamh mar oifigeach go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná céad agus dhá lá agus fiche) a shocrós an tAire ina leith, agus, sa chás sin, scoirfidh an t-oifigeach sin ar dheireadh a theacht leis an tréimhse bhreise a socraíodh amhlaidh ina leith.

(5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scoirfidh sé ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin.

(6) Aon oifigeach a bheadh, ar scor dó, i dteideal, de bhuaidh fad a sheirbhíse, páigh scoir nó aisce d'fháil faoi aon scéim faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , féadfaidh sé scor, le cead an Aire.

(7) Aon oifigeach a scoirfear nó a scoirfeas ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

Oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca do scarúint lena gcoimisiúin.

48. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca.

(2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, a threorú d'oifigeach scarúint lena choimisiún agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún.

(3) Féadfaidh an tUachtarán a threorú d'oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach scarúint lena choimisiún, agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún.

(4) Scarfaidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) lena choimisiún ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin do scarúint lena gcoimisiúin.

(5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scarfaidh sé lena choimisiún ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin.

(6) Aon oifigeach a thiocfas chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scarfaidh sé air sin lena choimisiún.

(7) Aon oifigeach a scarfas lena choimisiún ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

Oifigigh d'éirí as a gcoimisiúin.

49. —(1) Féadfaidh oifigeach a thairiscint don Uachtarán, ar an modh forordaithe, éirí as a choimisiún.

(2) Féadfaidh an tUachtarán glacadh le tairiscint oifigigh éirí as a choimisiún nó féadfaidh sé diúltú d'í a ghlacadh.

(3) Aon oifigeach a bheas tar éis tairiscint éirí as a choimisiún ní cuirfear óna dhualgas míleata é toise é dá thairiscint sin agus dá thoisc sin amháin.

(4) Má glactar le hoifigeach d'éirí as a choimisiún, ní bheidh an t-oifigeach sin ina oifigeach níos sia.

Dífhostú oifigeach.

50. —(1) Féadfaidh an tUachtarán aon oifigeach a dhífhostú.

(2) Ach amháin i gcás oifigigh ar a dtabharfaidh cúirt shibhialta pianbhreith bháis nó phian-tseirbhíse nó phríosúntachta go ceann téarma is sia ná sé mhí nó a bheas as láthair gan cead ar feadh tréimhse is sia ná trí mhí, ní dífhostófar oifigeach faoin alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar na cúiseanna ar a bhfuil beartaithe é a dhífhostú a chur in iúl dó agus caoi réasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an dífhostú sin atá beartaithe.

(3) Aon oifigeach a dífhostófar ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

Dátaí éifeachta ceapachán, etc:, oifigeach.

51. —(1) Beidh éifeacht, i ngach cás, ag na nithe seo a leanas ó pé dáta a shocrós an tUachtarán—

(a) ceapadh duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca,

(b) scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 47,

(c) scarúint oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca lena choimisiún faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 48,

(d) éirí oifigigh as a choimisiún,

(e) dífhostú oifigigh faoi alt 50.

(2) Beidh éifeacht ó pé dáta a shocrós an tAire ag scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (6) d'alt 47.

(3) Beidh éifeacht ag na nithe seo a leanas amhail ó pé dáta a shocrós an tAire—

(a) ardú oifigigh go dtí céim choimisiúnta níos airde, substainteach nó gníomhach,

(b) cur siar oifigigh ag a bhfuil céim choimisiúnta ghníomhach go dtí a chéim choimisiúnta shubstainteach nó go dtí céim choimisiúnta ghníomhach is airde ná a chéim choimisiúnta shubstainteach.

Ceapacháin, etc., d'fhógairt san Iris Oifigiúil.

52. —Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh ceapadh duine ina oifigeach, dífhostú (lena n-áirítear dífhostú trí phianbhreith arm-chúirte) nó scor oifigigh nó scarúint oifigigh lena choimisiún nó éirí oifigigh as a choimisiún, agus i dtaobh an dáta a mbeidh éifeacht ag an gceapadh, an dífhostú, an scor, an scarúint, nó an t-éirí-as sin (pé acu é).

Caibidil II.

Fir.

Roinn I.

Liostáil agus Urscaoileadah, Etc., Fear.

Liostáil bhunaidh.

Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse áirithe sna Buan-Óglaigh nó go páirteach sna Buan-Óglaigh agus go páirteach sna hÓglaigh Cúltaca.

53. —(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo.

(b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhliain déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo.

(2) Is mar leanas a bheas liostáil duine faoin alt seo—

(a) go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, sna Buan-Óglaigh, nó

(b) go ceann pé cuid de théarma a liostála bunaidh a forordófar ó am go ham agus a bheas sonraithe ina pháipéar fianuithe, sna Buan-Óglaigh, agus go ceann iarmhair an téarma sin sna hÓglaigh Cúltaca.

Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn tréimhso éigeandála.

54. —Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil le linn tréimhse éigeandála mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn na tréimhse éigeandála sin sna Buan-Óglaigh.

Liostáil go díreach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhise go ceann tréimhse áirithe.

55. —(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil go díreach le haghaidh seirbhíse mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo.

(b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhlian déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo.

(2) Is liostáil go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh sna hÓglaigh Cúltaca liostáil duine faoin alt seo.

(3) Aon duine a liostálfar faoin alt seo liostálfar é le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí.

An Nós Imeachta le haghaidh liostála.

Rialacháin earcaíochta.

56. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear rialacháin earcaíochta san Acht seo) a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ceapadh agus dualgais earcaitheoirí;

(b) na daoine dá n-údarófar earcaigh a liostáil do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Cúltaca;

(c) an modh ar a liostálfar earcaigh;

(d) na foirmeacha a húsáidfear chun críocha liostála;

(e) na daoine a liostálfar;

(f) liostáil earcach le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe;

(g) liostáil earcach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí;

(h) aon ní eile a bhaineas leis an nós imeachta le haghaidh liostála.

(2) Forálfaidh rialacháin earcaíochta go gcomhlánóidh duine a bheas ag liostáil sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca páipéar fianuithe sa bhfoirm fhorordaithe agus go síneoidh an duine sin an páipéar fianuithe sin agus go bhfíorfar a shíniú.

Modh liostála earcach.

57. —Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca liostálfar é do réir rialachán earcaíochta.

Mionn a ghlacadh ar liostáil.

58. —(1) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

(2) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 54 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

(3) Gach duine a liostálfas sna hÓglaigh Cúltaca faoi alt 55 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Deichiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

(4) Is i láthair oifigigh fhorordaithe a glacfar an mionn nó a déanfar an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo.

(5) An mionn a ghlacfas duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca, nó an dearbhú a dhéanfas sé, de bhun an ailt seo, ceanglóidh sé ar an duine sin fónamh do réir a fhruilithe agus do réir bhrí an mhionna nó an dearbhuithe sin go dtí go n-urscaoilfear go dleathach é.

An éifeacht a bheas le síniú an dearbhuithe is gá do réir an pháipéir fhianuithe agus le comhlíonadh ailt 58.

59. —Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca measfar—

(a) ar é do shíniú dearbhuithe ar na sonraí maidir leis féin is gá do réir a pháipéir fhianuithe agus go bhfuil sé toilteanach na fruilíochtaí a sonraítear sa pháipéar fianuithe sin a comhlíonadh, agus

(b) ar é do chomhlíonadh ailt 58,

é a bheith liostáilte mar fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é), agus, chun críocha an Achta seo, is é an dáta a síneoidh sé an dearbhú sin agus a gcomhlíonfaidh sé alt 58 dáta fianuithe an duine sin.

Ceapadh chun cóir sheirbhíse.

Liostáil le haghaidh seirbhíse ginearálta agus ceapadh chun cóir sheirbhíse.

60. —(1) Féadfar, de bhun rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, earcaigh a liostáil le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe, ach is le haghaidh seirbhíse ginearálta a liostálfar earcaigh, ach amháin mar foráltar sna rialacháin sin (más ann dóibh).

(2) Déanfaidh an t-údarás míleata forordaithe, a luaithe is féidir, earcach a cheapadh, más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh é, chun an chóir sheirbhíse sin agus, más le haghaidh seirbhíse gínearálta a liostáladh é, chun cóir sheirbhíse éigin.

Fir do na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile.

61. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar le haghaidh seirbhíse ginearálta—

(a) más giorra ná deich mbliana a sheirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe,

(b) má bhíonn deich mbliana seirbhíse nó níos mó aige mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe, i gcás (agus sa chás sin amháin)—

(i) é do thoiliú leis an aistriú sin, nó

(ii) forógra a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buantseirbhís.

(3) Más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh fear de na Buan-Óglaigh, féadfar é d'aistriú le hordú ón údarás míleata forordaithe go dtí cór seirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin) é do thoiliú leis an aistriú sin.

(4) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 296.

Cúltacairí a shannadh chun aicmí cúltacairí.

Cúltacairí a shannadh chun aicme áirithe cúltacairí.

62. —(1) Aon chúltacaire a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí sannfaidh an t-údarás míleata forordaithe chun na haicme cúltacairí sin é.

(2) Aon chúltacaire a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe chúltacairí, féadfaidh an tAire, le toiliú an chúltacaire féin, é a shannadh chun aicme eile cúltacairí.

Fruiliú fear d'athrú, fir d'athfhruiliú agus a choimeád i seirbhís.

Coinníollacha seirbhíse fear a liostálfar faoi alt 53 d'athrú.

63. —(1) (a) Baineann an fo-alt seo le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse fir lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead don fhear sin, le toiliú an Aire:—

(i) dul isteach sna hÓglaigh Cúltaca tráth ar bith go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh, nó

(ii) a sheirbhís sna Buan-Óglaigh d'fhaidiú go ceann iomlán na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh.

(c) Féadfaidh fear lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

(d) I gcás fir lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70.

(b) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

(c) I gcás cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo (lena n-áirítear an tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo) san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70.

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead dó, le toiliú an údaráis mhíleata fhorordaithe, dul isteach athuair sna Buan-Óglaigh go ceann iomláin na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh.

(4) Féadfar a shainrá i rialacháin faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) den alt seo na rialacháin sin a bheith infheidhme go ginearálta nó gan iad a bheith infheidhme ach i gcásanna sonraithe.

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'athfhruiliú.

64. —Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh cheannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna Buan-Óglaigh a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh agus aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna hÓglaigh Cúltaca dá cur san áireamh.

Fir de na Buan-Óglaigh a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse.

65. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le fir de na Buan-Óglaigh a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna Buan-Óglaigh, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna Buan-Óglaigh.

(2) Má coimeádtar fear de na Buan-Óglaigh i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill.

Téarma liostála bunaidh cúltacairí a liostálfar faoi alt 55 d'fhaidiú.

66. —(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire a liostálfar faoi alt 55.

(2) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

(3) I gcás cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

Cúltacairí d'athfhruiliú.

67. —Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana, a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, cúltacaire d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh ceannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna hÓglaigh Cúltaca a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh, agus, más faoi alt 53 a liostáil sé, aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna Buan-Óglaigh dá cur san áireamh.

Cúltacairí a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse.

68. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le cúltacairí a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna hÓglaigh Cúltaca, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna hÓglaigh Cúltaca.

(2) Má coimeádtar cúltacaire i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar chúltacaire go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill.

Aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca agus urscaoileadh.

Gan tréimhse thréigin ná neamhláithreachta gan cead d'áireamh nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh.

69. —Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 tréigean nó má fhanann sé as láthair gan cead, pé acu uair amháin é nó níos minice, ansin, ach amháin mar forordófar a mhalairt, nuair a bheas a sheirbhís sna Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha an Achta seo ní háireofar aon tréimhse dar tosach an dáta a rinne sé tréigean nó d'fhan sé as láthair gan cead agus dár críoch an chéad dáta ina dhiaidh sin a thug sé é féin suas nó d'fhill sé le haghaidh dualgais nó a gabhadh é (pé acu é).

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó iad d'urscaoileadh.

70. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

(2) Nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha a aistrithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó chun críocha a urscaoilte as na Buan-Óglaigh, déanfar, faoi réir ailt 69, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe.

(3) (a) Faoi réir forál an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca ar é do chríochnú a thréimhse seirbhíse sna Buan-Óglaigh, más giorra ná téarma a liostála bunaidh an tréimhse sin.

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a chinnfeas an t-údarás míleata forordaithe,

(ii) ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite—

(I) i gcás téarma a liostála bunaidh a bheidh caite agus gan é d'athfhruiliú faoi alt 64 ná é a choimeád i seirbhís faoi alt 65, urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil,

(II) in aon chás eile, aistreofar é ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

(c) I gcás ina gceanglaítear leis an bhfo-alt seo fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca—

(i) beidh sé, go dtí go n-aistreofar amhlaidh é, faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh,

(ii) ar é d'aistriú amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, faoi réir fo-mhíre (iii) den mhír seo, ina fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh,

(iii) más rud é, i rith na tréimhse sin, go raghaidh sé isteach athuair sna Buan-Óglaigh, faoi fho-alt (3) d'alt 63, ansin, ó dháta a dhulta isteach athuair amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé arís ina fhear de na Buan-Óglaigh amhail is nár haistríodh amhlaidh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

(4) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 64 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 65.

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil.

(5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo faoi réir fo-ailt (3) d'alt 296.

(6) Nuair a haistreofar fear de na Buan-Óglaigh go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó nuair a hurscaoilfear é faoin alt seo, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a aistrithe nó a urscaoilte amhlaidh go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a aistrithe nó a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 54 d'urscaoileadh.

71. —(1) Déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54 chun fónamh ar feadh tréimhse éigeandála d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar an tréimhse éigeandála sin a bheith caite.

(2) Nuair a hurscaoilfear faoin alt seo fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

Cúltacairi d'urscaoileadh.

72. —(1) Nuair a bheas seirbhís chúltacaire á ríomh chun críocha a urscaoilte as na hÓglaigh Cúltaca, déanfar, faoi réir ailt 69 má haistríodh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe.

(2) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach cúltacaire d'urscaoileadh as na hÓglaigh Cúltaca a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 67 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 68.

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh cúltacaire i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar chúltacaire go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na hÓglaigh Cúltaca é a luaithe is caothúil.

(c) Beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 297.

(3) Má hurscaoiltear cúltacaire faoin alt seo agus go raibh sé, díreach roimh é d'urscaoileadh, arna ghairm amach ar buantseirbhís, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit chónaithe chláraithe a bhí aige nuair a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é nó go háit ar bith eile a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

Urscaoileadh seachas urscaoileadh ar chríochnú seirbhíse.

Fir d'urscaoileadh do réir treorach ón Aire nó ó oifigeach údaraithe.

73. —Féadfaidh an tAire, nó aon oifigeach a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin, a threorú, ar chúiseanna forordaithe, fear d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

Cúltacairí a bheas ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas d'urscaoileadh.

74. —I gcás cúltacaire a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, beidh sé, air sin, arna urscaoileadh de bhuaidh an ailt seo as na hÓglaigh Cúltaca.

Urscaoileadh trí cheannach.

75. —(1) Ach amháin le linn tréimhse éigeandála, beidh fear i dteideal a urscaoilte as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca trí cheannach do réir mar forordófar.

(2) Más rud é—

(a) go n-íocfaidh fear leis an Aire, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire, agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh, agus

(b) nach le linn tréimhse éigeandála a déanfar an íocaíocht ná an t-iarratas sin,

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

(3) Más rud é—

(a) gur liostáil duine, agus

(b) go dtosnóidh tréimhse éigeandála laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, agus

(c) laistigh de thrí mhí tar éis críochnú na tréimhse éigeandála, go n-íocfaidh an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh,

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

Daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'urscaoileadh.

76. —(1) Más rud é—

(a) gur liostáladh duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois gan toiliú scríofa a thuismitheora, agus

(b) go ndéanfaidh tuismitheoir an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dáta fianuithe an duine sin, iarratas chun an oifigigh ceannais nó chun an Aire á iarraidh an duine sin d'urscaoileadh,

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

(2) San alt seo déanfar an focal “tuismitheoir”, maidir le duine (dá ngairmtear an t-earcach sa bhfo-alt seo) a bhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ar dháta a fhianuithe, d'fhorléiriú do réir na bhforál seo a leanas—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ciallaíonn an focal an duine (dá ngairmtear an caomhnóir dlíthiúil sa bhfo-alt seo) ag a raibh coimeád dlíthiúil an earcaigh ar an dáta sin;

(b) (i) mura raibh aon chaomhnóir dlíthiúil ann ar an dáta sin, nó

(ii) mura raibh an t-earcach, toisc an caomhnóir dlíthiúil a bheith lasmuigh den Stát nó ar chúis ar bith eile, ina chónaí leis an gcaomhnóir dlíthiúil ná faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin,

ansin, ciallaíonn an focal an duine a raibh an t-earcach ina chónaí leis nó faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin.

Príntisigh d'urscaoileadht

77. —Más rud é—

(a) gur liostáladh duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois, agus

(b) go raibh an duine sin, ar dháta a fhianuithe, ceangailte go ceann tréimhse nach giorra ná dhá bhliain faoi dhintiúir príntíseachta, agus

(c) laistigh de mhí tar éis dáta a fhianuithe, go n-íocfaidh máistir an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint) a cheapfas an tAire, go dtabharfaidh sé an díntiúir sin ar aird d'oifigeach ceannais an duine sin agus go n-iarrfaidh sé ar an oifigeach ceannais sin an duine sin d'urscaoileadh,

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear agus stádas daoine a liostálfar go neamhfhoirmiúil.

Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear.

78. —(1) Más rud é—

(a) gur ghlac duine páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(b) nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh é mar fhear de na Buan-Óglaigh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus

(ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear an duine sin iarbhír ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, beidh sé faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh a liostáladh agus a fianaíodh nó a hathfhruilíodh go cuí.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine a ghlac páigh, deontas, nó íocaíocht eile mar chúltacaire agus nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh mar chúltacaire, faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca.

Stádas daoine a liostálfar nó a hathfhruileofar i gcás earráid nó neamhdhleathacht do bhaint leis an liostáil nó leis an athfhruiliú.

79. —(1) Má bhí earráid (nach earráid ábhartha) ag baint le duine a liostáil, d'fhianú, d'athfhruiliú nó a choimeád i seirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh, ní thiocfaidh den earráid sin gur neamhbhailí dá liostáil, dá fhianú, dá athfhruiliú ná dá choimeád i seirbhís, agus féadfar í a cheartú le treoir ón Aire.

(2) Más rud é—

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

(c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(d) go n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin,

ansin, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil;

(ii) ar feadh na tréimhse dar tosach dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís agus dar críoch dáta a urscaoilte ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh.

(3) Más rud é—

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

(c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(d) nach n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin,

ansin, measfar, d'ainneoin na hearráide nó na neamhdhleathachta sin, an duine sin a bheith, chun críocha an Achta seo, fianaithe agus liostáilte nó athfhruilithe nó coimeádta i seirbhís go cuí mar fhear de na Buan-Óglaigh.

(4) Más rud é—

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

(c) nár ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus

(ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear iarbhír an duine sin ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo maidir le duine a fianaíodh, a hathfhruilíodh nó a coimeádadh i seirbhís mar chúltacaire, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) déanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca, agus

(b) déanfar tagairtí do pháigh d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, deontas nó íocaíocht eile.

Forála ginearálta maidir le hurscaoileadh.

Ordú chun fir d'urscaoileadh.

80. —I gcás ina gceanglaítear le halt 70, 71, 72, 75, 76, 77, 78 nó 79 fear d'urscaoileadh, ordóidh an t-údarás míleata forordaithe an fear sin d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

Forála i dtaobh urscaoilte.

81. —(1) Ní hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh ná as na hÓglaigh Cúltaca ach amháin—

(a) de bhun treora faoi alt 73, nó

(b) de bhun orduithe ón údarás míleata forordaithe faoi alt 80, nó

(c) de bhun breith urscaoilte faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó breith urscaoilte as Óglaigh na hÉireann, a bhéarfas armchúirt.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an modh ar a n-urscaoilfear fir agus leis na daoine a urscaoilfeas iad.

(3) Go dtí go ndéanfar duine, ar fear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca é, d'urscaoileadh do réir rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, fanfaidh an duine sin ina fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (1), (2) ná (3) den alt seo le cúltacaire a hurscaoilfear de bhuaidh ailt 74.

Deimhniú urscaoilte.

82. —Nuair a hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar dó, nó cuirfear chuige go dtí a áit chónaithe chláraithe dheiridh nó go dtí an seoladh a thug sé ar é d'urscaoileadh, deimhniú urscaoilte i pé foirm a forordófar agus ina mbeidh pé sonraí ina leith a forordófar.

Bailiú airgid a híocfar i leith fir d'urscaoileadh agus é a chur chun feidhme.

83. —(1) An t-airgead uile is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh baileofar agus tógfar é ar pé modh a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir treoracha an Aire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879 maidir le haon airgead is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh.

Roinn II.

Fir d'Ardu go Céim Neamhchoimidiúnta Níos Airde agus Oifigigh Neamhchoimisiúnta d'Isliú i gCéim.

Fir d'ardú go céim neamhchoimisiúnta níos airde agus oifigigh neamhchoimisiúnta d'ísliú i gcéim.

84. —(1) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

(a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos airde,

(b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos airde.

(2) Ar chúis fhorordaithe, féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

(a) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos ísle,

(b) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos ísle.

(3) (a) Ní hísleofar oifigeach neamhchoimisiúnta i gcéim faoi fho-alt (2) den alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar cúis an íslithe atá beartaithe a chur in iúl dó agus caoi reasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an ísliú atá beartaithe.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo le linn tréimhse éigeandála ná maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta atá ar fianas,

(4) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

(a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm atá níos airde,

(b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh atá níos airde.

(5) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin a threorú—

(a) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm,

(b) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh, go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh.

(6) Beidh éifeacht acu seo a leanas—

(a) aon ardú faoi fho-alt (1) nó (4) den alt seo,

(b) aon ísliú faoi fho-alt (2) den alt seo,

(c) aon chur siar faoi fho-alt (5) den alt seo,

amhail ó pé dáta a shocrós an t-údarás a dhéanfas an t-ardú nó an t-ísliú, nó a threorós an cur siar.

Caibidil III.

Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh.

Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh.

85. —Dlífidh gach oifigeach agus gach fear de na Buan-Óglaigh i gcónaí seirbhís mhíleata a thabhairt laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

Seirbhís oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca.

Seirbhís oifigeach dena hÓglaigh Cúltaca.

86. —(1) Dlífidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé le linn dó bheith ar fostú amhlaidh pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

(2) Bhéarfaidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca seirbhís faoi pé coinníollacha a forórdófar.

Seirbhís chúltacairí.

Cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

87. —(1) (a) Féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith le linn tréimhse éigeandála, le forógra—

(i) a dhearbhú é a bheith foirstineach cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

(ii) a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt ó am go ham maidir leis na cúltacairí uile nó le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

(b) Féadfaidh an Rialtas, le forógra, aon fhorógra arna dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm.

(c) Más rud é, an tráth a déanfar forógra faoi mhír (a) den fho-alt seo, go mbeidh ceachtar Teach den Oireachtas ar atráth, comórfar an Teach sin a luaithe is caothúil.

(d) Leagfar gach forógra faoin bhfo-alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(2) Más rud é—

(a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun forógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

(b) go ndéanfar ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas—

(i) fógra (dá ngairmtear fógra speisialta sa bhfo-alt seo) a sheirbheáil ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal an tráth a sonrófar sa bhfógra speisialta sin ag a airmheán slógaidh, nó

(ii) fógra (dá ngairmtear fógra ginearálta sa bhfo-alt seo) d'fhoilsiú ar an modh forordaithe á cheangal ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha freastal an tráth a luafar ina leith sa bhfógra ginearálta sin ag a airmheán slógaidh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(I) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buantseirbhís, i gcás fógra speisialta a sheirbheáil air, amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra speisialta sin freastal ag a airmheán slógaidh nó, i gcás fógra ginearálta d'fhoilsiú ar an modh forordaithe, amhail ón tráth a sonrófar sa bhfógra ginearálta sin mar thráth freastail dó ag a airmheán slógaidh;

(II) mura scaoile an t-údarás míleata forordaithe roimhe sin é, fanfaidh an cúltacaire sin gairmthe amach ar buan-tseirbhís an fhaid a bheas an forógra sin i bhfeidhm.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “airmheán slógaidh”, maidir le cúltacaire, an áit a bheas ceaptha ina airmheán slógaidh dó, do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

Cúltacairí áirithe a ghairm amach ar buantseirbhís seachas faoi alt 87.

88. —(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire—

(a) a chomhaontaigh i scríbhinn bheith faoi dhliteanas a ghairmthe amach ar buan-tseirbhís faoin alt seo, agus

(b) nár chúlghairm an comhaontú sin (cúlghairm is féidir leis a dhéanamh trí fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt d'oifigeach forordaithe).

(2) Aon uair a bheas oibríochtaí á n-ullmhú nó ar siúl chun an Stát a chosaint, féadfaidh an Rialtas a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt maidir le cúltacairí lena mbaineann an t-alt seo a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

(3) Más rud é—

(a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun údaráis faoi fho-alt (2) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

(b) go seirbheálfar fógra ar aon chúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal a dhéanamh tráth sonraithe in áit shonraithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buan-tseirbhís amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra freastal a dhéanamh,

(ii) scoirfidh an cúltacaire sin de bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís ar thréimhse trí mhí a bheith caite tar éis a ghairmthe amach amhlaidh, mura rud é—

(I) go mbeidh forógra déanta agus i bhfeidhm an tráth sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó

(II) gur scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin,

(iii) má bhíonn forógra i bhfeidhm ar bheith caite don tréimhse sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, ansin, murar scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin—

(I) leanfaidh sé de bheith arna ghairm amach ar buan-tseirbhís,

(II) bainfidh alt 87 leis amhail is dá mba faoin alt sin a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é.

Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach ar buan-tseirbhís.

89. —Dlífidh gach cúltacaire a gairmfear amach ar buantseirbhís seirbhís mhíleata a thabhairt i gcónaí laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

Cúltacairí a ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

90. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair a dhealrós sé gur gá é, a threorú go ngairmfear amach gach cúltacaire, nó an oiread cúltacairí agus is gá leis, i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta chun an tsíocháin phoiblí a chaomhaint nó d'athbhunú.

(2) Aon tráth a bhéarfas an tAire treoir faoin alt seo, seirbheálfar fógra ar gach cúltacaire lena mbaineann an treoir á cheangal air freastal a dhéanamh an tráth agus san áit a sonrófar sa bhfógra sin agus, chun críocha an Achta seo, beidh an cúltacaire sin, ón tráth sin amach, arna ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta agus fanfaidh gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta go dtí go dtreoróidh an t-údarás míleata forordaithe é a scaoileadh.

Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

91. —Gach cúltacaire a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta, dlífidh sé seirbhís mhíleata a thabhairt in aon áit laistigh den Stát.

Tréineáil bhliantúil chúltacairí.

92. —(1) Dlífidh gach cúltacaire nó aon chúltacairí áirithe dul faoi thréineáil laistigh den Stát nó ar bord longa Stáit lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit, pé trátha agus go ceann pé tréimhsí a forordófar (nach sia ná tríocha lá in aon bhliain), agus chuige sin féadfar iad a ghairm amach ó thráth go tráth a mhinice is gá agus féadfar a cheangal orthu freastal i pé áiteanna a threorós an tAire.

(2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach le haghaidh tréineála, de bhun an ailt seo, seirbheálfar fógra air i dtaobh a ghairmthe amach amhlaidh agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh.

Tréineáil shaorálach chúltacairí.

93. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh i dtaobh aon chúltacaire do dhéanamh freastail go saorálach le haghaidh pé tréineála a forordófar leis na rialacháin.

Cúltacairí do dhéanamh freastail le haghaidh cigireachta.

94. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le freastal tréimhsiúil cúltacairí go ceann tréimhsí (nach sia ná dhá uair sheachtód a chloig aon tréimhse díobh) ag áiteanna sonraithe le haghaidh cigireachta agus le haghaidh pé críocha eile a sonrófar sna rialacháin.

(2) Aon uair a ceanglófar ar chúltacaire freastal a dhéanamh, de bhun rialachán faoin alt seo, seirbheálfar air fógra ina thaobh sin agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh.

Cúltacairí a gairmfear amach ar buantseirbhís, etc., a cheangal le foireann, etc.

95. —(1) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála faoi alt 92, féadfar, i rith tréimhse a ghairmthe amach amhlaidh, é d'fhostú le haghaidh seirbhíse, nó é a cheangal, le haon fhoireann aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann.

(2) Le linn do chúltacaire bheith ag freastal go saorálach le haghaidh tréineála de bhun rialachán faoi alt 93 nó le linn dó bheith ag freastal in aon áit de bhun rialachán faoi alt 94, féadfar é a cheangal le haon fhoireann, aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann.

Fógraí a sheirbheáil ar chúltacairí.

96. —I gcás ina gceadaítear nó ina gceanglaítear leis an gCaibidil seo fógra a sheirbheáil ar chúltacaire, féadfar é a sheirbheáil air—

(a) trína sheachadadh dhó, nó

(b) trína fhágaint ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh, nó

(c) trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chuige ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh.

Caibidil IV.

Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Rialacháin maidir le páigh, liúntais agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

97. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rátaí agus scálaí páighe, liúntas agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh an hÉireann,

(b) na deontais a féadfar a thabhairt do chomhaltaí agus aonaid d'Óglaigh an hÉireann,

(c) na coinníollacha a bhainfeas le heisiúint na páighe, na liúntas, na n-aiscí agus na ndeontas sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh agus a bhaint as páigh agus liúntais chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus as aíscí agus deontais dóibh,

(ii) na suimeanna a féadfar a bhaint as deontais d'aonaid d'Óglaigh na hÉireann,

(iii) diúscairt na suimeanna a forghéillfear agus a bainfear amhlaidh,

(iv) an modh agus an nós imeachta is inleanta chun na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint nó chun aon tsuimeanna eile a bhaint a húdaraítear leis an Acht seo,

agus féadfar na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint agus iad a dhiúscairt dá réir sin.

(b) Ní fhorordóidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) páigh d'fhorghéilleadh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

(I) neamhláithreacht de dhroim tréigin nó neamhláithreacht gan cead,

(II) comhalta a bheith faoi choimeád, faoi phríosúntacht nó faoi choinneáil,

(III) neamhláithreacht ó dhualgas de dheasca galair nó míchumais de dheasca aon chion a dhéanamh,

(IV) suimeanna nár héilíodh;

(ii) suimeanna a bhaint as páigh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

(I) earraí nó seirbhísí a soláthraíodh,

(II) leithroinnt phósta,

(III) fíneála, pionóis, damáistí, cúiteamh nó costais eile a gearradh,

(IV) maoin phoiblí nó maoin sheirbhíse a cailleadh, a bhí easpaíoch, a damáistíodh nó a dithíodh,

(V) fiach poiblí nó fiach seirbhíse, nó íocaíocht phoiblí nó íocaíocht sheirbhíse a dícheadaíodh.

(VI) caiteachas a rinneadh nó dliteanas faoina ndeachthas gan údarás.

(c) Ní bheidh an tsuim iomlán a bainfear, faoi rialacháin faoin bhfo-alt seo, as páigh fir, ach amháin fear atá á aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó á urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann, níos mó in aon tseachtain ná pé suim a bhéarfadh gur lú a gheobhadh sé ná trian dá pháigh don tseachtain sin.

(d) Gach rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Féadfaidh an tAire aon tsuim a forghéillfear nó a bainfear faoi fho-alt (2) den alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach.

(4) Déanfar tagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais sa Chaibidil seo d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais is iníoctha faoi rialacháin a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Suimeanna a bhaint as páigh fir maidir le horduithe áirithe cúirte.

98. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886,

(b) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 75 nó 82 den Children Act, 1908,

(c) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 99 den Children Act, 1908, á ordú do thuismitheoir nó caomhnóir ciontóra fíneáil, damáistí nó costais d'íoc,

(d) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6, nó 7 d'Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) ,

(e) le hordú ón gCúirt Dúiche faoi alt 28 nó 29 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,

(f) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 232 nó 233 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) ,

(g) le hordú ó chúirt shibhialta chun aon airgead d'íoc a bheas dlite mar ailiúnas faoi ghníomhas scarúna,

(h) le hordú ó chúirt shibhialta chun ailiúnas d'íoc.

(2) I gcás ordú lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh in aghaidh duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, agus cóip den ordú sin a chur chun an Aire, ordóidh an t-údarás forordaithe pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian de, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna dhi), is oiriúnach leis an údarás forordaithe, a bhaint as páigh an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus a leithreasú mar shásamh nó mar shásamh páirteach sa tsuim (lena n-áirítear aon riaráistí a bheas faibhrithe agus aon chostais agus caiteachais) is iníoctha faoin ordú.

(3) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

Suimeanna a bhaint as páigh fir i leith cothabháil a mhná céile agus a chlainne.

99. —(1) Más dóigh leis an Aire go ndearna duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha faoi bhun sé bliana déag d'aois a thréigint nó d'fhágaint dealamh gan cúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian di, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna di), is oiriúnach leis an Aire, a bhaint as páigh laethúil an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus í a chur chun feidhme i pé slí is oiriúnach leis an Aire chun an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin a chothabháil.

(2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

Srian le suimeanna a bhaint as páigh, etc.

100. —(1) Ní bainfear aon tsuim as aon pháigh, liúntas, aisce ná deontas, mura rud é—

(a) go mbeidh sin údaraithe le rialacháin faoi fho-alt (2) d'alt 97, nó le halt 98 nó 99, nó le hAcht ón Oireachtas, nó

(b) go mbeidh sin údaraithe do réir fo-ailt (2) den alt seo.

(2) Má thoilíonn comhalta d'Óglaigh na hÉireann i scríbhinn leis, agus go gceadóidh an t-údarás forordaithe é, féadfar suim a bhaint as páigh, liúntais, aiscí nó deontais an chomhalta sin.

(3) Ní féadfar páigh, liúntais, aiscí ná deontais d'astú ná a chur ar fáil ar shlí eile trí phróis shibhialta chun aon fhiach d'íoc.

Páigh a choimeád siar i gcásanna áirithe.

101. —Má tharlaíonn aon cheist—

(a) maidir le aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheith dlite, nó

(b) maidir le méid aon pháighe, liúntais, aisce nó deontais a bheas dlite, nó

(c) maidir le haon tsuim a bheith le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas, nó

(d) maidir le méid aon tsuime atá le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheas dlite,

cinnfear an cheist a luaithe is caothúil, agus, go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, féadfar an pháigh, an liúntas, an aisce nó an deontas a choimeád siar, go hiomlán nó go páirteach.

Sannadh páighe, etc., a thoirmeasc.

102. —Beidh gach ionstraim (a shannfas nó a mhuirearós aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas nó a chomhaontós é a shannadh nó é a mhuirearú) a dhéanfas comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar neamhní mura rud é—

(a) gur chun tairbhe do theaglach (lena n-áirítear leanbh neamhdhlisteanach) an chomhalta sin a déanfar í, de bhun aon rialachán a dhéanfas an tAire ina thaobh sin, nó

(b) go mbeidh sí údaraithe le fo-alt (2) d'alt 100 nó le hAcht ón Oireachtas.

Caibidil V.

Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Comhaltas cumann polaitíochta agus cumann rúnda a thoirmeasc.

103. —(1) Ní cead d'aon chomhalta de na Buan-Óglaigh ceangal le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta den chéanna ná taobhú leis an gcéanna.

(2) Ní cead d'aon chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca ceangal le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta dhe ná taobhú leis.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) a thoirmeasc ar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca bheith páirteach i ngníomhachtaí polaitíochta sonraithe más rud é, ar feadh tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó ar feadh tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, go mbeidh na hoifigigh sin ag gabháil go leanúnach de thuras na huaire do dhualgais nó seirbhís mhíleata a dhlíd a dhéanamh mar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca, agus

(b) a thoirmeasc ar chúltacairí bheith páirteach sna gníomhachtaí polaitíochta sonraithe sin nuair a bheid arna ngairm amach ar buan-tseirbhís.

Dícháiliú le haghaidh comhaltais údaráis áitiúil.

104. —(1) Chun críocha an ailt seo—

(a) ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus folaíonn sí coiste gairm-oideachais agus coiste talmhaíochta;

(b) measfar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88;

(c) measfar cúltacaire a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(2)   (a) Beidh comhalta de na Buan-Óglaigh dícháilithe chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh nó a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil.

(b) I gcás duine a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil a theacht chun bheith ina chomhalta de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin.

(3) (a) Beidh comhalta de na hÓglaigh Cúltaca dícháilithe, ar feadh aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh ina chomhalta d'údarás áitiúil.

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le comhalta de na hÓglaigh Cúltaca a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil—

(i) ní ghníomhóidh sé, i rith aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, mar chomhalta den údarás áitiúil sin, agus má ghníomhaíonn scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin,

(ii) d'ainneoin aon ní in aon achtachán a bhaineas le húdaráis áitiúla, ní dícháileofar é, ná ní scarfaidh sé lena oifig, mar chomhalta den údarás áitiúil sin toisc gan é a bheith i láthair ag cruinnithe an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse sin agus dá thoisc sin amháin.

Díolúine ó sheirbhís ghiúiré.

105. —Beidh gach duine acu seo a leanas díolmhaithe, le linn na dtráth seo a leanas, ó sheirbhís a thabhairt ar aon ghiúiré—

(a) gach comhalta de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

(b) gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh aon tréimhse a bheas sé ag fáil páighe i leith aon tseirbhíse nó dualgais mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca,

(c) gach cúltacaire—

(i) nuair a bheas sé faoi thréineáil agus ag fáil páighe, nó

(ii) nuair a bheas sé gairmthe amach ar buantseirbhís, nó

(iii) nuair a bheas sé gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

Airm, etc., chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a bheith saor óna n-urghabháil.

106. —Ní bheidh urghabháil indéanta ar airm, lón lámhaigh, trealamh, riachtanais seirbhíse ná éadach seirbhíse comhalta d'Óglaigh na hÉireann faoi aon ordú, foraithne ná barántas cúirte ná faoi aon doiciméad arb ionann feidhm agus éifeacht dó agus d'ordú, foraithne nó barántas den tsórt sin ná faoi aon chineál eile tocsail.

Díolúine fear ó phróis shibhialta.

107. —(1) Ní déanfar ordú faoi alt 6 den Debtors (Ireland) Act, 1872, ná faoi alt 6 ná 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940) , á ordú aon duine a chur i bpríosún—

(a) más fear de na Buan-Óglaigh é, nó

(b) más cúltacaire é atá, de thuras na huaire, gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(2) Ní déanfar ordú faoi fho-alt (1) d'alt 6 den Employers and Workmen Act, 1875, maidir le haon duine ar fear de na Buan-Óglaigh é nó ar cúltacaire é atá, de thuras na huaire gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(3) D'ainneoin aon ní i mír (22) d'alt 133 den Children Act, 1908, ní féadfar ordú faoi alt 75 ná faoi alt 82 den Acht sin i gcoinne duine atá, nó a bheas, ina fhear a chur i bhfeidhm tríd an duine sin a chur i bpríosún, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) d'alt 99 den Children Act, 1908, ní féadfar aon tsuimeanna a gearrfar agus a hordófar do thuismitheoir nó do chaomhnóir d'íoc faoin alt sin, nó ar fhorghéilleadh aon urrúis den chineál dá dtagartar san alt sin, a ghnóthú ar an modh a luaitear sa bhfo-alt adúradh ó dhuine atá, nó a bheas, ina fhear, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

Díolúine ó inchúiseamh, etc., faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

108. —Ní bheidh fear de na Buan-Óglaigh ná cúltacaire inchúisithe ná inphionóis, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís, i leith aon chiona faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) .

Cosc, etc., a chur ar chomhalta den Gharda Síochána.

109. —(1) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn aon oifigeach go toiliúil, ar iarratas dleathach a dhéanamh chuige, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas a cúisíodh nó a ciontaíodh i gcion, seachas fear a cúisíodh i gcion faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , a thabhairt suas do chomhalta den Gharda Síochána, nó má chuireann sé cosc go toiliúil, nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn go toiliúil, cabhrú le comhalta den Gharda Síochána, agus aon chomhalta den tsórt sin d'Óglaigh na hÉireann á ghabháil aige go dleathach, beidh an t-oifigeach sin ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

(2) Má ciontaítear oifigeach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, bhéarfaidh an chúirt a chiontaigh é faoi deara go gcuirfear deimhniú ar bhreithiúnas na cúirte chun an Aire.

Gan duine a ciontófar nó a héigiontófar ag armchúirt d'atriail ag cúirt shibhialta.

110. —Má dhéanann armchúirt comhalta d'Óglaigh na hÉireann a chiontú nó d'éigiontú i gcion, ní bheidh an duine sin intriala ina dhiaidh sin ag cúirt shibhialta sa chion sin.

Daoine a bheas ag gníomhú faoin Acht seo a chosaint.

111. —(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go dtosnófar aon chaingean, inchúiseamh nó imeacht eile i gcoinne aon duine i leith aon ghnímh a rinneadh de bhun an Achta seo nó chun an tAcht seo d'fhorghníomhú nó le hintinn é d'fhorghníomhú, nó i leith aon fhaillí nó mainneachtana líomhnaithe i bhforghníomhú an Achta seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) is san Ard-Chúirt a tionscnófar an caingean, an t-inchúiseamh nó an imeacht sin;

(b) ní bheidh aon ábhar caingin, inchúisimh ná imeachta den tsórt sin ann, ná ní tionscnófar é, mura dtosnaítear é laistigh de shé mhí i ndiaidh an ghnímh, na faillí nó na mainneachtana a gearánfar nó, má bhíonn díobháil nó damáiste leanúnach ann, laistigh de shé mhí tar éis deireadh a theacht leis sin;

(c) más é an cosantóir a gheobhas an breithiúnas in aon chaingean den tsórt sin, gabhfaidh costais leis a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant;

(d) más caingean i leith damáistí an imeacht, féadfar, in ionad nó i dteannta aon phléadála eile, tairiscint shásaimh roimh thosnú an chaingin a phléadáil;

(e) má tosnaíodh an caingean tar éis aon airgead mar shásamh in éileamh an ghearánaí a thairiscint nó má téitear ar aghaidh leis tar éis é d'íoc isteach sa chúirt agus nach ngnóthóidh an gearánaí níos mó ná an tsuim a tairgeadh nó a híocadh, ní ghnóthóidh sé aon chostais a ndeachthas fúthu tar éis na tairisceana nó na híocaíochta, agus beidh an cosantóir i dteideal costas a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant, amhail ó thráth na tairisceana nó na híocaíochta, ach ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difir do chostais ar aon urghaire sa chaingean;

(f) más dóigh leis an gcúirt nár thug an gearánaí leor-chaoi don chosantóir chun sásamh a thairiscint roimh thosnú na himeachta, féadfaidh an chúirt costais a dhámhachtain don chosantóir a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant.

(2) Is san Ard-Chúirt a tionscnófar aon chaingean i gcoinne comhalta nó feadhmhannaigh d'armchúirt i leith pianbhreithe ón armchúirt sin nó i leith aon ruda a rinneadh de bhuaidh, nó de bhun, na pianbhreithe sin.

Díolúine ó dhleachta agus dolaidh.

112. —(1) Ní bheidh aon dleacht ná doladh dob iníoctha do réir dlí dá éagmais seo, i leith úsáide aon phiara, calaidh, cé, áite calaíochta, bóthair phoiblí, bóthair, cirt shlí, droichid nó canálach, le n-íoc, ná ní féadfar a éileamh é a bheith le n-íoc, ag aon aonad ná feadhan eile d'Óglaigh na hÉireann ná ag aon oifigeach ná fear le linn dó bheith ar dualgas ná ag aon duine faoi choimhdeacht ná i leith gluaiseachta aon mhatériel le hÓglaigh na hÉireann.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon difir don dliteanas chun dleachta nó dolaidh d'íoc a bheas inéilithe go dleathach i leith aon fheithiclí nó árthach seachas cinn is le hÓglaigh na hÉireann nó atá i seirbhís Óglaigh na hÉireann.

Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a dhíolmhadh ó fhorála áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

113. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an t Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) .

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 22 agus 39 d'Acht 1933 maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste is leis an Stát, nó atá ar shlí eile faoi urlámhas an Aire, ag aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas.

(3) Ní bheidh feidhm i rith tréimhse éigeandála ag na forála seo a leanas d'Acht 1933 maidir le haon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas, is é sin le rá, ailt 22 agus 49, fo-alt (2) d'alt 149, fo-alt (5) d'alt 159 agus ailt 164 agus 166.

Caibidil VI.

Forála Ilghnéitheacha.

Sásamh in éagóra.

114. —(1) Más dóigh le haon oifigeach go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach uachtarach nó oifigeach eile, lena n-áirítear a oifigeach ceannais, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena oifigeach ceannais, agus i gcás (agus sa chás sin amháin) nach ndéileálfaidh a oifigeach ceannais leis an ngearán chun sástachta an oifigigh sin, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ar an modh forordaithe leis an Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

(2) Más dóigh le haon fhear go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach, seachas a cheannasaí complachta, nó ag aon fhear, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena cheannasaí complachta, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a cheannasaí complachta i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearáin nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán ina thaobh sin a dhéanamh lena oifigeach ceannais, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a oifigeach ceannais i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearán nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh sin ar an modh forordaithe leis an Ard-Aidiúnach, agus, má iarrann an fear air é, bhéarfaidh seisean tuairisc i dtaobh ábhair an ghearáin don Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

(3) Cuirfidh gach oifigeach lena ndéanfar gearán de bhun an ailt seo faoi deara fiosrú a dhéanamh i dtaobh an ghearáin sin, agus más deimhin leis, ar an bhfiosrú a dhéanamh, go bhfuil an ceart sa ghearán a rinneadh amhlaidh, déanfaidh sé pé bearta is gá chun lán-tsásamh a thabhairt don ghearánach in ábhar an ghearáin, agus i ngach cás cuirfidh in iúl ar an modh forordaithe don ghearánach cad é an beart a rinneadh maidir le hábhar an ghearáin.

(4) Déanfaidh an tAire rialacháin á fhoráil go bhféadfaidh aon duine a bheas faoi réir an Achta seo aon chúis mhíshásaimh a chur go pearsanta faoi bhráid pé oifigigh, ar pé ócáidí, a forordófar leis na rialacháin sin.

Maoin áirithe le comhaltaí marbha d'Óglaigh na hÉireann a bhailiú agus a dháil.

115. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “eastát seirbhíse”, maidir le comhalta marbh d'Óglaigh na hÉireann—

(a) páigh, liúntais, aiscí nó deontais a bheas dlite dhó,

(b) trealamh pearsanta a bhfuil cead aige faoi rialacháin é a choinneáil,

(c) earraí pearsanta, lena n-áirítear airgead, a gheofar air' nó i mbeairic, campa nó ceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfar eastát seirbhíse comhalta mhairbh d'Óglaigh na hÉireann nó oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith ar fostú ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, nó eastát seirbhíse fir de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís, a bhailiú, a riaradh agus a dháil do réir rialachán a dhéanfas an tAire.

Earraí pearsanta tréigtheora, neamhláithrí nó duine mhímheabhraigh a dhiúscairt.

116. —Diúscrófar do réir rialachán a dhéanfas an tAire earraí pearsanta agus oirneasa le comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar tréigtheoir é, nó a bheas as láthair gan cead ar feadh lá agus fiche nó a éireos mímheabhrach, a gheofar i mbeairic, i gcampa, nó i gceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

Rialacháin chun críocha Coda IV.

117. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a shannadh, trína gceapadh nó a n-aistriú nó ar shlí eile, do chóir sheirbhíse, foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann, nó laistigh díobh,

(b) an modh ar a gceapfar earcaigh chun cór seirbhíse,

(c) fear d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile,

(d) aon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chuid seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe,

(e) aon ní nó rud eile dá dtagartar sa Chuid seo mar ábhar do rialacháin agus nach dtugtar cumhacht shainráite don Aire chun rialacháin a dhéanamh ina leith.

CUID V.

Araíonacht.

Caibidil I.

Dliteanas i leith an Dlí Mhíleala.

Daoine a bheas faoin dlí míleata mar oifigigh.

118. —(1) Chun críocha an Achta seo, beidh gach duine dá luaitear san alt seo ina dhuine atá faoin dlí míleata mar oifigeach—

(a) oifigeach de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

(b) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca—

(i) nuair a hordófar nó a fostófar é ar seirbhís nó dualgas a dhlíos sé a dhéanamh mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, nó

(ii) nuair a bheas sé in éide,

(c) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu atá sé ag fáil páighe nó nach bhfuil) ar feadh agus i leith tréimhse—

(i) a bheas sé, lena thoil féin, ar ceangal, nó ag déanamh dualgais, le haon chomhlucht trúpaí atá de thuras na huaire faoin dlí míleata nó atá ordaithe ar dualgas ag na húdaráis mhíleata, nó

(ii) a bheas sé go saorálach ag freastal tréineála, nó

(iii) a bheas sé ag fáil céireála in ospidéal míleata,

(d) faoi réir aon díolúine ginearálta nó speisialta a bhéarfas an tAire (a mbeidh dualgas a cruthuithe ar an duine a bheas ag éileamh na díolúine), aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a mbeidh, faoi orduithe ginearálta nó speisialta ón Aire, aon chuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas á tionlacan aige i gcáil oifigiúil is ionann agus cáil oifigigh,

(e) aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a mbeidh cuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas á tionlacan aige agus a mbeidh aige, ó oifigeach ceannais na coda sin, cead, is inchúlghairmthe mar is áil leis an oifigeach ceannais sin, a thugas teideal dó cóir ar aon dul le cóir oifigigh a chur air.

(2) Chun críocha an ailt seo agus ailt 119, beidh cuid d'Óglaigh na hÉireann ar fianas—

(a) ar feadh tréimhse a bheas ordú faoi fho-alt (2) d'alt 5 i bhfeidhm, nó

(b) aon uair a bheas an chuid sin ag gabháil d'oibríochtaí i gcoinne namhad, nó

(c) aon uair a bheas an chuid sin ag gabháil d'oibríochtaí míleata in áit a bheas ar áitiú go hiomlán nó go formhór ag namhaid.

Daoine a bheas faoin dlí míleata mar fhir.

119. —Chun críocha an Achta seo, beidh gach duine dá luaitear san alt seo ina dhuine atá faoin dlí míleata mar fhear—

(a) fear de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

(b) cúltacaire—

(i) nuair a bheas sé gairmthe amach ar buantseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta, nó

(ii) nuair a bheas sé gairmthe amach chun tréineála, freachnaimh nó dualgais eile faoin Acht seo, nó

(iii) nuair a bheas sé go saorálach ag freastal tréineála, nó

(iv) nuair a bheas sé ag fáil cóireála in ospidéal míleata, nó

(v) nuair a bheas sé ar fostú ar seirbhís mhíleata faoi orduithe oifigigh a bheas é féin faoin dlí míleata, nó

(vi) nuair a bheas sé in éide,

(c) faoi réir aon díolúine ginearálta nó speisialta a bhéarfas an tAire (a mbeidh dualgas a cruthuithe ar an duine a bheas ag éileamh na díolúine), aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a bheas ar fostú nó ar seirbhís ag aon chuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas,

(d) aon duine, nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata, is leantóir ag aon chuid d'Óglaigh na hÉireann a bheas ar fianas nó is duine a bheas á tionlacan.

Dliteanas i leith an dlí mhíleata ó thaobh stádais.

120. —(1) Má rinne aon duine, le linn dó bheith faoin dlí míleata, cion in aghaidh an dlí mhíleata, féadfar, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil i gcoimeád seirbhíse agus é a thriail agus a phionósú i leith an chiona sin, d'ainneoin é féin nó an t-aonad lena mbaineann sé a scor de bheith faoin dlí míleata, amhail mar d'fhéadfaí é a ghlacadh agus a choinneáil i gcoimeád seirbhíse, é a thriail nó a phionósú, dá leanadh sé féin nó an t-aonad sin de bheith faoin dlí míleata.

(2) Más rud é—

(a) go ndearna aon duine, le linn dó bheith faoin dlí míleata, cion (seachas frithcheilg, tréigean nó liostáil chalaoiseach) in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur scoir an duine sin, ón uair a rinne sé an cion sin de bheith faoin dlí míleata,

ní triailfear an duine sin sa chion sin mura rud é go dtosnóidh a thriail laistigh de thrí mhí tar éis dó scor de bheith faoin dlí míleata, ach ní forléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a dhéanfas difir do dhlínse chúirte sibhialta má tá an cion intriala ag an gcúirt sin chomh maith lena bheith intriala ag armchúirt.

(3) Má thugann armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta, nó choinneála ar dhuine atá faoin dlí míleata, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis ar feadh téarma a phianbhreithe d'ainneoin é d'urscaoileadh nó a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó é a scor ar shlí eile de bheith faoin dlí míleata, agus féadfar é a choimeád, d'aistriú, a phríosúnú, a chur faoi choinneáil agus a phionósú dá réir sin amhail is dá leanadh sé de bheith faoin dlí míleata.

Modhnú ar Chuid V maidir lena feidhm i gcás bhialtach a bheas faoin dlí míleata.

121. —Maidir le feidhm na Coda seo i gcás daoine nach mbaineann le hÓglaigh na hÉireann, déanfar na modhnuithe seo a leanas—

(a) i gcás aon duine a bheas faoin dlí míleata ach nach mbainfidh le hÓglaigh na hÉireann do dhéanamh ciona in aghaidh an dlí mhíleata, féadfaidh aon chineál armchúirte a chomórfas oifigeach a bheas údaraithe chun an cineál sin armchúirte a chomóradh an duine sin a thriail agus féadfar, ar é a chiontú, déiléail leis agus é a phionósú dá réir;

(b) aon duine a bheas faoin dlí míleata ach nach mbainfidh le hÓglaigh na hÉireann, measfar, chun críche na Coda seo, é a bheith faoi cheannas an oifigigh fhorordaithe, ach ní féadfar an duine sin a thriail go hachomair faoi Chaibidil IV den Chuid seo.

Ait triala cionta in aghaidh an dlí mhíleata.

122. —Féadfar aon duine faoin dlí míleata a rinne aon chion in aghaidh an dlí mhíleata a thriail agus a phionósú sa chion sin in aon áit laistigh nó lasmuigh den Stát.

Tórainn ama le triail chionta.

123. —(1) Ní déanfar, de bhun an Achta seo, aon duine a bheas faoin dlí míleata a thriail ná a phionósú in aon chion (ach amháin frithcheilg, tréigean nó liostáil chalaoiseach) is intriala ag armchúirt, tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta a rinneadh an cion.

(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difir do dhlínse chúirte sibhialta i gcás aon chiona is intriala ag an gcúirt sin i dteannta a bheith intriala ag armchúirt.

Caibidil II.

Cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata.

Cionta báis ag ceannasaithe le linn comhraic.

124. —Gach oifigeach faoin dlí míleata agus i gceannas loinge Stáit, aerárthaigh sheirbhíse, bunaíochta cosanta, aonaid nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann—

(a) nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, le linn dó bheith faoi orduithe chun oibríocht chogaidh a chur i gcrích nó ar theacht dó i dteagmháil le namhaid arb é a dhualgas dul i ngleic leis, a shár-dhícheall chun na hoifigigh agus na fir faoina cheannas, nó a long, a aerárthach, nó a mhatériel eile a chur i gcomhrac, nó

(b) a bhéarfas suas don namhaid, agus é acmhainneach ar chosaint diongbhálta a dhéanamh, a long, a aerárthach, a fheithicil, a bhunaíocht chosanta, a mhatériel nó a aonad, nó

(c) a tharraingeos siar, agus é i gcomhrac, as an gcomhrac gan leorchúis, nó

(d) a mhainneos gan leorchúis dul sa tóir ar namhaid nó suíomh a gnóthaíodh a chomhneartú, nó

(e) a mhainneos gan leorchúis dul i bhfóirthint nó i gcabhair le hiomlán a chumais ar charaid aithnid, nó

(f) a dhéanfas, agus é i gcomhrac, a ionad a thréigean gan leorchúis,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ann ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Cionta báis ag aon duine maidir leis an namhaid.

125. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a thréigfeas go fealltach chun an namhad, nó

(b) a chuirfeas brat sosa chomhraic chun an namhad go fealltach nó gan údarás cuí, nó

(c) a dhéanfas cumarsáid leis an namhaid, nó a bhéarfas faisnéis dó, go fealltach nó gan údarás cuí, nó

(d) a mhí-iomprós é féin nó a bhéarfas ar dhaoine eile iad féin a mhí-iompar os comhair an namhad i slí a léireos meatacht, nó

(e) a chabhrós leis an namhaid le matériel, nó

(f) a bhéarfas go feasach tearmann nó caomhaint do namhaid nach príosúnach, nó

(g) a chabhrós go fealltach leis an namhaid trí chomhartha aitheantais bréagach nó comhartha bréagach eile a thabhairt nó trí aon chomhartha d'athrú nó trí chur isteach ar aon chomhartha, nó

(h) a mhoilleos go mícheart aon bheart i gcoinne an namhad nó a spreagfas mí-mhisneach go fealltach nó go meata i dtaobh aon bhirt i gcoinne an namhad, nó

(i) nuair a hordófar dó oibríocht chogaidh a chur i gcrích nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, a shár-dhícheall chun na horduithe a chur in éifeacht, nó

(j) a thréigfeas nó a bhéarfas suas go fealltach nó gan leorchúis aon bhunaíocht chosanta, garastún, áit, long Stáit, aerárthach nó feithicil nó ainmhí seirbhíse, matériel, post nó garda, nó

(k) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a bhéarfas go ngabhfaidh an namhaid daoine nó go ngabhfaidh nó go scriosfaidh an namhaid matériel, nó

(l) a chabhrós go fealltach leis an namhaid in aon tslí nach bhfuil luaite go sonrach roimhe seo san alt seo, nó

(m) le linn dó bheith ag fónamh i long Stáit a bheas páirteach i gconbhuaidh árthach agus ina gcaomhnadh—

(i) nach gcosnóidh na hárthaigh agus na hearraí a bheas faoi chonbhuaidh, nó

(ii) a dhiúltós troid a dhéanamh chun na hárthaigh ina chonbhuaidh a chosaint má hionsaítear iad, nó

(iii) a thréigfeas nó a chuirfeas i nguais, go meata, na hárthaigh a bheas ina chonbhuaidh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Cionta lena ngabhann pionós níos troime más ar fianas a déantar iad.

126. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “garda dídin” aon mheitheal d'Óglaigh na hÉireann a dícheanglófar chun duine nó daoine éigin a chaomhaint nó chun aon áitreabh nó áit a chaomhaint nó chun dul isteach in aon áitreabh nó in aon áit a chosc nó a rialú, nó chun trácht ar aon bhóthar, iarnród nó uiscebhealach intíre a rialú agus folaíonn sí aon fhairtheoir is comhalta d'Óglaigh na hÉireann a postófar chun aon chríche acu sin.

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a fhágfas a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost sara ndéanfar uainíocht air go rialta, nó a chodlós nó a bheas ar meisce, le linn dó bheith ag gníomhú mar fhairtheoir nó mar fhear faire nó a bheith ar shlí eile ar faire nó ar garda, nó

(b) a fhágfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost, nó

(c) a nochtfas in aon tslí, gan údarás cuí, aon fhaisnéis maidir le líon, suíomh, matériel, gluaiseachtaí nó oibríochtaí Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó maidir lena n-ullmhúcháin i gcóir gluaiseachtaí nó oibríochtaí nó maidir le haon longa Stáit, aerárthaigh nó feithicli seirbhíse, nó

(d) a inseos an parúl, an focal cathaise, an focal faire, an fhrithshín nó an comhartha aitheantais d'aon duine nach mbeidh i dteideal é d'fháil, nó a bhéarfas, gan leorchúis mhaith, parúl, focal cathaise, focal faire, frithshín nó comhartha aitheantas nach ionann is an ceann a fuair sé, nó

(e) a dhéanfas, gan údarás cuí, athrú nó cur isteach ar aon chomhartha aitheantais nó ar aon chomhartha eile, nó

(f) a chuirfeas, gan leorchúis, gártha rabhaidh bréagacha á dtógáil, nó

(g) a imreos forneart ar gharda dídin nó a imreos forneart, nó a chuirfeas teampán, ar fhear faire nó a bhuailfeas fear faire, nó

(h) a dhéanfas sipiléireacht nó slad nó a bhrisfeas isteach in aon teach nó áit le hintinn sipiléireacht nó slad a dhéanamh, nó

(i) a dhéanfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, nó gan chúis réasúnach, aon mhaoin a dhíthiú nó a dhamáistiú go toiliúil, nó

(j) a dhéanfas foréigean ar aon duine a bheas ag tabhairt matériel chun Óglaigh na hÉireann, nó

(k) a choinneos nó a thógfas gan údarás cuí, le haghaidh an aonaid d'Óglaigh na hÉireann lena bhfuil sé féin ag fónamh, aon mhatériel a bheas á thabhairt chun aon aonaid eile d'Óglaigh na hÉireann, nó

(l) a choiscfeas an profast-mharascal nó aon oifigeach nó fear a bheas ag feidhmiú údaráis go dlíthiúil faoin bprofast-mharascal nó thar a cheann, nó a dhiúltós, nuair a glaoifear air, cabhrú leis an bprofast-mharascal, nó le haon oifigeach nó fear den tsórt sin, i ndéanamh a dhualgais, nó

(m) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a raghadh a dhéanamh nó a neamhdhéanamh chun aimhleasa do ghníomhaíocht Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó chun dochair do shlándáil Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(i) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, piantseirbhís a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt, nó

(ii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más oifigeach é, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(iii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta a bhaineas le príosúnaigh cogaidh.

127. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a gabhfar ina phríosúnach de dheasca gan é do ghlacadh cúraim chuí nó é a bheith neamhumhal d'orduithe nó é do dhéanamh faillí go toiliúil ina dhualgas, nó

(b) tar éis a ghafa ina phríosúnach, nach bhfillfidh ar Óglaigh na hÉireann nuair a bheas sin ar a chumas, nó

(c) tar éis a ghafa ina phríosúnach cogaidh, a bhéarfas seirbhís leis an namhaid nó a chabhrós leis an namhaid,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má thug sé seirbhís leis an namhaid nó má chabhraigh sé leis an namhaid, é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt agus, in aon chás eile, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Frithcheilg le foréigean.

128. —Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg lena ngabhfaidh foréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Frithcheilg gan foréigean.

129. —Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg nach ngabhfaidh foréigean léi, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta a bhaineas le frithcheilg.

130. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a tharraingeos frithcheilg nó a dhéanfas comhcheilg le haon duine eile chun frithcheilg a tharraingt, nó

(b) a fhéachfas lena áiteamh ar dhuine ar bith páirt a ghlacadh i bhfrithcheilg, nó

(c) nach ndéanfaidh, agus é i láthair, a shár-dhícheall chun frithcheilg a chur faoi chois, nó

(d) arb eol dó frithcheilg a bheith ar siúl nó a bheith beartaithe agus nach n-inseoidh sin gan mhoill dá oifigeach uachtarach,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamh-umhlóid d'oifigeach uachtarach.

131. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas neamh-umhal d'ordú dleathach oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Oifigeach uachtarach a bhualadh nó foréigean a bhagairt air.

132. —Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas oifigeach uachtarach nó a dhéanfas iarracht é a bhualadh, nó a imreos foréigean, nó a dhéanfas iarracht é d'imirt nó a bhagrós é d'imirt, ar oifigeach uachtarach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar easumhal.

133. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas caint bhagrach nó mhaslach le hoifigeach uachtarach nó a iomprós é féin go heasumhal i leith oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Mí-ord.

134. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh baint aige le hachrann, gráscar nó mí-ord agus a dhiúltós bheith umhal d'oifigeach, fiú más ísle i gcéim é, a ordós é a chur faoi ghabháil, nó a bhuailfeas aon oifigeach den tsórt sin, nó a imreos, nó a bhagrós foréigean air, nó

(b) a bhuailfeas aon duine eile a gcuirfear faoina choimeád é nó a imreos nó a bhagrós foréigean air, pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin ina oifigeach uachtarach aige nó pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin faoin dlí míleata, nó

(c) a chuirfeas i gcoinne coimhdire arb é a dhualgas é a ghabháil nó é a bheith faoina chúram, nó

(d) a bhrisfeas amach as beairic, stáisiún, campa, ceathrúna nó long,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Tréigean.

135. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a thréigfeas Óglaigh na hÉireann nó a dhéanfas iarracht iad a thréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(a) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(b) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air i gcás an chéad chiona nó, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo tréigeann duine Óglaigh na hÉireann—

(i) más rud é, ar bheith dhó ar dualgas guaiseach nó ar seirbhís thábhachtach nó ar rabhadh d'fháil dó lena aghaidh sin, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn an dualgas nó an tseirbhís sin a sheachaint, nó

(ii) más rud é, ar rabhadh d'fháil dó a árthach bheith faoi orduithe seolta, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn ligint don árthach imeacht gan é, nó

(iii) má fhanann sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

(iv) má bhíonn sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas agus má dhéanann sé intinn aon uair le linn dó bheith as láthair amhlaidh gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

(v) más rud é, le linn dó bheith as láthair le húdarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, go ndéanfaidh sé aon ghníomh nó go bhfágfaidh sé gan déanamh aon ní, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, arb é an iarmhairt is dual agus is dócha a theacht as an ngníomh sin a dhéanamh nó an ní sin d'fhágaint gan déanamh é a choinneáil ó fhilleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin san am is gá.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, aon duine a bheas as láthair gan údarás ar feadh sé mhí nó níos mó as a chéile, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, go raibh ar intinn ag an duine sin gan filleadh ar a aonad, ar a eagar nó ar an áit arb ann atá a dhualgas.

Tréigean a chúlcheadú.

136. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) arb eol dó duine a bheith tar éis tréigean a dhéanamh nó ar intinn é a dhéanamh agus, gan leathscéal réasúnach, nach n-inseoidh sin láithreach dá oifigeach uachtarach, nó

(b) nach ndéanfaidh aon bheart a bheas ar a chumas chun a thabhairt go ngabhfar duine is eol dó a bheith ina thréigtheoir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamhláithreacht gan cead.

137. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a fhanfas as láthair gan cead, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an Achta seo fanann duine as láthair gan cead—

(a) má fhágann sé, gan údarás, a aonad, a eagar nó an áit arb ann atá a dhualgas, nó

(b) má bhíonn sé as láthair, gan údarás, óna aonad, óna eagar, nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nó

(c) más rud é, arna údarú dhó bheith as láthair óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nach bhfillfidh sé ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin i ndeireadh na tréimhse dar húdaraíodh dó bheith as láthair,

agus san Acht seo forléireofar dá réir sin an abairt “fanacht as láthair gan cead”.

Ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair.

138. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair d'fhaidiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, coinneáil nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar scannalach ag oifigeach.

139. —Gach oifigeach faoin dlí míleata a iomprós é féin go scannalach, ar shlí nach cuí d'oifigeach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann.

Drochúsáid ar d'íochtaráin.

140. —Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas, de bhíthin a chéime nó a cheapacháin, ina íochtarán aige, nó a thabharfas drochúsáid dó ar shlí eile, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cúisimh bhréagacha in aghaidh oifigigh nó fir.

141. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas cúiseamh bréagach in aghaidh oifigigh nó fir agus a fhios aige an cúiseamh sin a bheith bréagach, nó

(b) a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach a bhainfeas de cháil oifigigh nó fir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Meisce.

142. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas ar meisce, pé acu ar dualgas dó nó nach ea, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(a) más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(b) más fear é agus gurb ar fianas nó ar dualgas a dhéanfas sé an cion, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(c) más fear é agus nach ar fianas ná ar dualgas a dhéanfas sé an cion, coinneáil go ceann tréimhse nach sia ná nócha lá nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Meathlóireacht nó ball-bhascadh.

143. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas meathlóireacht nó a ligfeas nó a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó

(b) a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó a fhorthromós é, nó a chuirfeas moill ar a leigheas, trí mhí-iompar nó neamhumhlóid go toiliúil d'orduithe, nó

(c) a bhall-bhascfas nó a dhíobhálfas go toiliúil é féin nó aon duine eile is comhalta d'Óglaigh na hÉireann, pé acu ar iarratas an duine sin é nó nach ea, le hintinn é féin nó an duine eile sin a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís, nó a bhéarfas go toiliúil ar aon duine eile é a bhall-bhascadh nó a dhíobháladh le hintinn é a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar leadránach maidir le triala.

144. —Gach duine faoin dlí míleata a choinneos duine ar bith eile faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú go neamhriachtanach gan é a thabhairt chun triala, nó nach gcuirfidh cás an duine eile sin faoi bhráid an údaráis chuí lena fhiosrú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cur isteach go faillitheach nó go toiliúil ar choimeád dleathach.

145. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas, gan údarás cuí, aon duine faoi choimeád a shaoradh, nó saoradh aon duine faoi choimeád d'údarú nó d'éascú ar shlí eile, nó

(b) a ligfeas go faillitheach nó go toiliúil d'aon duine éaló nuair a bheas sé curtha faoina chúram nó nuair a bheas sé de dhualgas air é a ghardáil nó é a bheith faoi choimeád aige, nó

(c) a chuideos le haon duine éaló, nó iarracht a dhéanamh ar éaló, as coimeád,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má rinne sé go toiliúil é, piantseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, in aon chás eile, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Éaló as coimeád.

146. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú nó i bpríosún nó faoi choimeád dleathach ar shlí eile agus a éalós nó a dhéanfas iarracht éaló, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cosc a chur ar oifigeach nó fear a bheas ag déanamh dualgas póilíneachta.

147. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a chuirfeas i gcoinne oifigigh nó fir, nó a choiscfeas go toiliúil oifigeach nó fear, a bheas ag déanamh aon dualgais a mbeidh údarás cuí aige é a dhéanamh agus is dualgas a bhainfeas le duine faoin dlí míleata a ghabháil, a choimeád nó a ghaibhniú, nó

(b) a dhiúltós nó a fhailleos, nuair a glaoifear air, cuidiú le hoifigeach nó fear i ndéanamh aon dualgais den tsórt sin,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cosc a chur ar an gcumhacht shíbhialta.

148. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a fhailleos nó a dhiúltós oifigeach nó fear a thabhairt suas don chumhacht shibhialta, de bhun barántais chuige sin, nó

(b) a fhailleos nó a dhiúltós cuidiú le hoifigeach nó fear a ghabháil go dleathach a cúisíodh i gcion is inphionóis ag cúirt shibhialta,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Longa Stáit a chailliúnt nó a ligean ar thalamh nó i nguais.

149. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go toiliúil nó trí fhaillí nó aon tsórt eile mainneachtana, aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, nó a fhulaingeos amhlaidh aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás.

150. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas i gceannas loinge Stáit nó aerárthaigh sheirbhíse agus a thógfas nó a ghlacfas ar bord, nó a cheadós go n-iomprófaí, earraí nó marsantas nach mbeidh údarás aige a thógaint ná a ghlacadh ar bord, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Gníomhartha éagóracha maidir le haerárthaigh.

151. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, in úsáid nó i leith aon aerárthaigh sheirbhíse nó aon ábhair aerárthaigh sheirbhíse, a mbeidh a dhéanamh nó a fhágaint gan déanamh ina chúis, nó ar dócha dhó bheith ina chúis, le haon duine d'fháil bháis nó le díobháil choirp a bhaint d'aon duine, nó

(b) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, arb é an iarmhairt a thiocfas as, nó is dócha a theacht as, aon aerárthach seirbhíse nó aon ábhar aerárthaigh sheirbhíse a dhamáistiú, a dhíthiú nó a chailliúint, nó

(c) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go nglacfaidh Stát neodrach, nó go nglacfar faoi údarás Stáit neodraigh, urlámhas ar aon aerárthach seirbhíse, nó

(d) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go ndítheofar i Stát neodrach aon aerárthach seirbhíse ar shlí seachas do réir rialachán, orduithe nó treoracha,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Deimhniú neamhchruinn maidir le haerárthach.

152. —Gach duine faoin dlí míleata a shíneos aon deimhniú maidir le haerárthach nó ábhar aerárthaigh gan a chinntiú go bhfuil an deimhniú sin cruinn, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Eiteall íseal.

153. —Gach duine faoin dlí míleata a eitleos aerárthach seirbhíse ar airde is lú ná an airde íosta a bheas údaraithe sna himthosca áirithe, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamhumhlóid d'orduithe captaein aerárthaigh.

154. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a bheas, le linn dó bheith in aerárthach seirbhíse, neamhumhal d'aon ordú dleathach a bhéarfas captaen an aerárthaigh agus a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen faoin dlí míleata nó nach mbeidh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) fad a bheas sé in aerárthach seirbhíse, beidh gach duine, pé céim a bheas aige, faoi cheannas captaein an aerárthaigh maidir le gach ní a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh;

(b) más sceideog an t-aerárthach seirbhíse agus go mbeidh sí á tarraingt ag aerárthach eile, beidh captaen na sceideoige, an fhaid a bheas a sceideog á tarraingt, faoi cheannas captaein an aerárthaigh a bheas ag déanamh na tarraingte maidir le gach ní a bhainfeas leis an sceideog d'eiteall nó a láimhsiú nó a bhainfeas le sábháltacht na sceideoige, pé acu a bheas an captaen deiridh sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh.

Calaois ag daoine a mbeidh maoin faoina gcúram.

155. —Gach duine faoin dlí míleata ar a gcuirfear cúram agus imdháil aon mhaoine poiblí nó aon mhaoine seirbhíse, nó a mbeidh baint aige lena cúram agus lena himdháil, agus a ghoidfeas, a chomhshós go calaoiseach, a chuirfeas chun mí-fheidhme nó a chlaonchasfas an mhaoin sin nó a mbeidh baint aige lena goid, lena comhshó go calaoiseach, lena cur chun mí-fheidhme nó lena chlaonchasadh, nó a chúlcheadós é, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Maoin a ghoid, a chlaonchasadh, etc.

156. —Gach duine faoin dlí míleata a ghoidfeas, a chlaonchasfas nó a chuirfeas chun mífheidhme go calaoiseach aon mhaoin le duine faoin dlí míleata nó aon mhaoin phoiblí nó aon mhaoin sheirbhíse, nó a ghlacfas í agus a fhios aige gur goideadh í nó go bhfuarthas ar chuma neamhdhleathach eile í, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Maoin a dhíthiú, a chailliúint nó a dhiúscairt go mícheart.

157. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a chaillfeas le faillí, a dhíolfas go mícheart nó a ídeos go diomaileach aon mhaoin—

(i) is maoin phoiblí, nó

(ii) is maoin sheirbhíse, nó

(iii) is maoin a fuarthas do bhialanna, forais nó ceaintíní seirbhíse, nó a bheas á riaradh acu nó tríothu, nó

(iv) is maoin a thug comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann ar mhaithe le tairbhe agus leas comhchoiteann na gcomhaltaí sin, nó

(v) is maoin a fuarthas de thoradh, nó a ceannaíodh as fáltais díola, nó a fuarthas ar malairt, maoine a luaitear i bhfo-mhír (iii) nó (iv) den mhír seo, nó

(b) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a dhíolfas nó a gheall-earbfas nó a chuirfeas i ngeall go mícheart aon mhaoin le duine eile atá faoin dlí míleata,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Breabaireacht, éilliú agus calaois.

158. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a chúlcheadós duine a bheas ag soláthar maoine nó seirbhísí d'Óglaigh na hÉireann do bhaint praghais ainmheasartha amach orthu, nó

(b) a éileos nó a ghlacfas go héagórach cúiteamh, comaoin nó buntáiste phearsanta i leith aon dualgas míleata a chomhlíonadh nó i leith aon ní a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

(c) a ghlacfas go díreach nó go neamhdhíreach, go pearsanta nó trí aon duine dá theaghlach nó aon duine faoina urláimh, nó chun a thairbhe, aon bhronntanas, iasacht, geallúint, cúiteamh nó comaoin, in airgead nó ar shlí eile, ó aon duine d'fhonn cabhair nó fábhar a thabhairt d'aon duine i ndéanamh aon ghnótha a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó le haon bhialann, foras nó ceaintín seirbhíse,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Feithiclí seirbhíse a thiomáint go faillitheach nó go fiáin.

159. —(1) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh cúram feithicle seirbhíse air agus a dhéanfas nó a bhéarfas go ndéanfar aon díobháil choirp d'aon duine nó aon damáiste d'aon mhaoin trí thiomáint mheargánta nó fhiáin nó trí rásáil nó trí mhí-iompar toiliúil eile nó trí fhaillí thoiliúil, nó

(b) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse ar shráid, bóthar nó bóthar poiblí nó in aon áit eile, poiblí nó príobháideach, i slí a bheas contúirteach d'aon duine nó d'aon mhaoin ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nó

(c) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse nó a dhéanfas iarracht í a thiomáint agus é ar meisce,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar duine a bheith ar meisce agus é ag tiomáint feithicle seirbhíse nó ag déanamh iarrachta í a thiomáint más deimhin leis an armchúirt nó leis an oifigeach a bheas ag imscrúdú an chúisimh faoi alt 177, 178 nó 179 nach raibh an duine sin inniúil ar an bhfeithicil sin a rialú go héifeachtach le linn di bheith ag gluaiseacht, de dheasca é a bheith tar éis deocha meisciúla nó druganna a chaitheamh.

Usáid feithiclí seirbhíse gan údarás.

160. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse chun críche neamhúdaraithe, nó

(b) a úsáidfeas, gan údarás cuí, feithicil sheirbhíse chun aon chríche, nó

(c) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse contrártha d'aon rialachán, ordú nó treoir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta maidir le harmchúirteanna, etc.

161. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “binse seirbhíse”—

(a) armchúirt,

(b) oifigeach údaraithe a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 177,

(c) oifigeach ceannais a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 178,

(d) oifigeach a bheas ag tógaint coimriú fianaise do réir rialachán faoi alt 184,

(e) cúirt fhiosrúcháin.

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a gheobhas toghairm nó ordú go cuí chun freastal os comhair binse sheirbhíse mar fhinné agus nach ndéanfaidh freastal, nó

(b) a dhiúltós mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh a gceanglóidh binse seirbhíse go dleathach air é a ghlacadh nó a dhéanamh, nó

(c) a dhiúltós aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a gceanglóidh binse seirbhíse air go dleathach é a thabhairt ar aird, nó

(d) a dhiúltós nuair is finné é aon cheist d'fhreagairt a bhféadfaidh binse seirbhíse a cheangal air go dleathach í d'fhreagairt, nó

(e) a dhéanfas caint mhaslach nó bhagrach nó a dhéanfas aon chur isteach nó aon challóid le linn imeachta binse sheirbhíse, nó,

(f) a dhéanfas aon dísbeagadh eile ar bhinse seirbhíse,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Fianaise bhréagach.

162. —Gach duine faoin dlí míleata a bhéarfas go feasach fianaise bhréagach nuair a beifear á cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta os comhair binse sheirbhíse, do réir bhrí ailt 161, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhileata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Clampar, etc., i gcoinmhí.

163. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a bhéarfas drochúsáid, trí fhoréigean, trí shracadh, nó trí chlampar a thógáil i gcoinmhí nó ar shlí eile, d'áititheoir aon tí ina mbeidh aon duine ar coinmheadh nó aon áitribh ina mbeidh cóiríocht le haghaidh matériel curtha ar fáil, nó,

(b) nach gcomhlíonfaidh rialacháin maidir le híoc éilithe córa an duine ag a bhfuil, nó ag a raibh, sé féin nó aon oifigeach nó fear faoina cheannas ar coinmheadh, nó éilithe córa áititheora áitribh ina dtugtar nó inar tugadh cóiríocht le haghaidh matériel,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Liostáil chalaoiseach.

164. —(1) Gach duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear agus a liostálfas go calaoiseach beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an Achta seo liostálann fear go calaoiseach—

(a) má liostálann sé sna Buan-Óglaigh, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh nó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca, gan é a bheith urscaoilte go rialta astu nó gan na coinníollacha a bheith comhlíonta thairis sin aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil, nó

(b) má liostálann sé sna hÓglaigh Cúltaca, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh, gan na coinníollacha a bheith comhlíonta aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil amhlaidh.

(3) Nuair a bheas ciontóir tar éis liostáil go calaoiseach ar roinnt ócáidí, féadfar, chun críocha an ailt seo, a mheas é a bheith ina chomhalta d'aon cheann nó cinn de na cóir sheirbhíse nó de na haonaid chun ar ceapadh nó chun ar haistríodh é, chomh maith le bheith ina chomhalta den chór seirbhíse nó den aonad lena mbaineann sé ó cheart.

Cionta gincarálta maidir le líostáil.

165. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh baint aige le haon fhear a liostáil le haghaidh seirbhíse sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige, chun a chreidiúint an fear sin a bheith sa chás gur cion in aghaidh an dlí mhíleata dó liostáil, nó

(b) a shárós go toiliúil aon achtachán nó rialachán maidir le haon ní a bhaineas le liostáil nó fianú fear sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Dualgais a dhéanamh go faillitheach.

166. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas go faillitheach dualgas míleata a cuirfear air, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta maidir le doiciméid.

167. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas nó a shíneos, go feasach nó go faillitheach, doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

(b) a ordós, go feasach nó go faillitheach, go ndéanfar nó go síneofar doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

(c) a fhágfas gan líonadh, nuair a bheas sé ag síniú doiciméid a theastós chun críocha oifigiúla, aon chuid ábhartha dhe a mbeidh a shíniú ina dheimhniú uirthi, nó

(d) a chaonfas, a aghloitfeas, a athrós nó a chuirfeas i gceal, go feasach agus le hintinn díobháil a dhéanamh d'aon duine nó le hintinn meabhlaireacht a dhéanamh, aon doiciméad nó comhad a bheas á choimeád, a rinneadh nó a heisíodh chun aon chríche a bhaineas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

(e) a dhiúltós tuarascáil nó tuairisceán a dhéanamh nó a chur ar aghaidh arb é a dhualgas é a dhéanamh nó a chur ar aghaidh nó, trí fhaillí inmhilleáin, a fhágfas sin gan déanamh nó gan cur ar aghaidh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

168. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas aon ghníomh, aon bheart mí-iompair nó mí-oird nó aon fhaillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2)  (a) Ní cúiseofar duine faoin alt seo i gcion is cion in aghaidh an dlí mhíleata de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo.

(b) Má cúisítear duine i gcion agus gur sárú ar an bhfo-alt seo é agus má ciontaítear an duine sin—

(i) ní bheidh an ciontú neamhbhailí de bhíthin an tsáruithe sin amháin mura meastar go ndearnadh, de bhíthin an tsáruithe sin, éagóir ar an duine a cúisíodh.

(ii) ní dhéanfaidh bailíocht an chiontuithe aon difir do fhreagarthacht oifigigh sa tsárú sin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh)—

(i) aon fhoráil den Acht seo, nó

(ii) aon rialacháin, orduithe nó treoracha a foilsíodh mar eolas agus treoir ghinearálta don chuid sin d'Óglaigh na hÉireann lena mbaineann an duine sin nó lena bhfuil sé ar ceangal, nó

(iii) aon orduithe ginearálta, aon orduithe garastúin nó aonaid nó stáisiúin nó aon bhuan-orduithe nó orduithe áitiúla,

is gníomh, beart mí-iompair nó mí-oird, nó faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht é sin;

(b) aon iarracht ar chion a dhéanamh atá, de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo, ina chion in aghaidh an dlí mhíleata, beidh sí, mura cion in aghaidh an dlí mhíleata faoin alt sin an iarracht sin inti féin, ina gníomh, ina beart mí-iompair nó mí-oird nó ina faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

(4) Ní forléireofar fo-alt (3) den alt seo mar ní a dhéanas difir do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo.

Cionta is inphionóis do-réir an ghnáth-dhlí.

169. —Faoi réir forál an Achta seo, gach duine a dhéanfas, le linn dó bheith faoin dlí míleata, aon chion dá dtagartar san alt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus má cúisítear é faoin alt seo in aon chion den tsórt sin (dá ngairmtear cion sibhialta san Acht seo) dlífear é a thriail ag armchúirt agus ar a chiontú pionós mar leanas a chur air, is é sin le rá:—

(a) más i dtréas a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

(b) más i ndúnmharú a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

(c) más i ndúnorgain a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(d) más i mbanéigean a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(e) más in aon chion nach sonraítear ar leithligh roimhe seo san alt seo a ciontófar é, agus más cion é is inphionóis do réir gnáthdhlí choiriúil an Stáit i gcás é a dhéanamh sa Stát, dlífear, pé acu sa Stát nó in áit eile a rinneadh an cion, aon phionós atá ceaptha ag dlí an Stáit don chion sin a chur air, nó, má tá sé faoin dlí míleata mar oifigeach, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, má tá sé faoin dlí míleata mar fhear, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Caibidil III.

Gabháil agus Cúirteanna Fiosrúcháin ar Fhir atá as láthair.

Profast-Mharascal.

170. —D'fhonn gach cion a chur faoi chois go grod, féadfar profast-mharascal de chéim choimisiúnta a cheapadh ó am go ham.

Gabháil.

171. —(1) Féadfar gabháil a chur ar aon duine faoin dlí míleata atá tar éis cion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh nó a gheofar á dhéanamh nó a mbeidh amhras air go bhfuil sé ar tí a dhéanta nó a mbeidh amhras air. nó cúiseamh faoin Acht seo ina choinne, go ndearna sé é.

(2) Sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon oifigeach a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

(b) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

(c) féadfaidh oifigeach gabháil a chur, nó a ordú gabháil a chur—

(i) ar aon fhear,

(ii) ar aon oifigeach de chéim níos ísle,

(iii) ar aon oifigeach de chomhchéim leis nó de chéim níos airde a bheas páirteach in aon achrann, gráscar, nó mí-ord;

(d) féadfaidh oifigeach neamhchoimisiúnta aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

(e) féadfaidh aon duine faoin dlí míleata a bheas údaraithe chuige sin ag aon oifigeach ceannais duine faoin dlí míleata, seachas oifigeach nó fear, a ghabháil nó a ordú é a ghabháil.

(3) Gach duine dá n-údaraítear le fo-alt (2) den alt seo gabháil a dhéanamh, féadfaidh sé chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid.

(4) Déanfar ordú a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, d'ainneoin nach leis an gcór seirbhíse céanna nó leis an aonad céanna a bhainfeas an duine a bhéarfas an t-ordú agus an duine dá dtabharfar é agus an duine ar ina leith a bhéarfar é.

Duine a gabhfar a chur faoi choimeád seirbhíse.

172. —Nuair a gabhfar duine faoi alt 171, féadfaidh oifigeach, fear nó duine eile ag a mbeidh údarás é a ghabháil, nó féadfar ar a ordú sin an duine sin a chur láithreach, ar é a gabháil, faoi choimeád seirbhíse, agus féadfar chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid.

Tuarascáil gharda.

173. —(1) Déanfaidh aon duine a chuirfeas aon duine eile faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172, nuair a chuirfeas sé faoi choimeád amhlaidh é nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus in aon chás tráth nach déanaí ná ceithre huaire fichead a chloig ina dhiaidh sin, cuntas i scríbhinn faoina shíniú féin ar an gcion inar cúisíodh an duine a cuireadh faoi choimeád amhlaidh a sheachadadh don oifigeach nó don fhear ar faoina choimeád a cuireadh an duine sin.

(2) Ní dhiúltóidh aon oifigeach ná fear i gceannas garda ná aon phrofast-mharascal ná aon duine dá chúntóirí, ná oifigeach ná fear ar bith, aon duine a cuirfear faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172 a ghlacadh ná a choimeád.

(3) Is é dualgas oifigigh nó fir a thógfas nó a ghlacfas aon duine (dá ngairmtear an príosúnach sa bhfo-alt seo) faoi choimeád, a luaithe a déanfar uainíocht gharda nó dhualgais air nó, mura ndéantar uainíocht air roimhe sin, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis dó an príosúnach a thógaint faoi choimeád—

(a) an t-eolas seo a leanas a thabhairt i scríbhinn dá oifigeach ceannais—

(i) ainm an phríosúnaigh agus, sa mhéid gurb eol dó é, an cion ina bhfuil an príosúnach á chúiseamh, agus

(ii) ainm agus céim (más aon chéim é) an duine a chuir an príosúnach faoi choimeád, agus

(b) má bhíonn sé tar éis an cuntas i scríbhinn a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo d'fháil, an cuntas sin a sheachadadh dá oifigeach ceannais.

Cúirt fhiosrúcháin ar fhear atá as láthair.

174. —(1) Má bhíonn fear de na Buan-Óglaigh as láthair gan cead óna dhualgas ar feadh lá agus fiche, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól a luaithe is féidir.

(2) Má bhíonn fear de na hÓglaigh Cúltaca faoin dlí míleata, toisc é a bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála bliantúla, agus go mbeidh sé as láthair go neamhdhlíthiúil óna dhualgas, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól tar éis lá agus fiche a bheith caite i ndiaidh dáta na neamhláithreachta sin, pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse a bhí an fear sin faoin dlí míleata níos giorra ná lá agus fiche nó pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse sin caite sara mbeidh lá agus fiche caite ó dháta na neamhláithreachta sin.

(3) Má tionóltar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh fir faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) déanfaidh an chúirt, sa tslí fhorordaithe, fiosrú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta (a n-údaraítear leis seo d'aon chomhalta den chúirt duine a chur faoi) maidir le neamhláithreacht an fhir sin agus maidir leis an easnamh (más ann) ina airm, ina lón lámhaigh, ina threalamh, ina oirnéisí, agus ina riachtanais agus a éadaí seirbhíse,

(b) más deimhin leis an gcúirt gur fhan an fear sin as láthair gan cead nó gan leor-chúis eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) dearbhóidh an chúirt an neamhláithreacht sin agus tréimhse na neamhláithreachta sin agus an t-easnamh sin (más ann);

(ii) taifeadfaidh a oifigeach ceannais an dearbhú sin sna leabhair sheirbhíse;

(iii) más fear de na Buan-Óglaigh an fear sin, nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís, beidh ag an taifead sin, mura dtabharfaidh an fear sin suas é féin ina dhiaidh sin nó mura ngabhfar é an éifeacht dlíthiúil a bheadh ag ciontú ag armchúirt i leith tréigin.

Caibidil IV.

Cúisimh d'Imscrúdú agus a Thriail go hAchomair, Athchur chun Armchúirte, agus Triail Armchúirte a Ligean thar Ceal.

Eigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar imeachta achomairc.

175. —(1) Más rud é—

(a) gur cúisíodh duine i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b)     (i) gur héigiontaíodh nó gur ciontaíodh é sa chion ag cúirt shibhialta, nó

(ii) gur héigiontaíodh é sa chion ag armchúirt, nó

(iii) go bhfuarthas ciontach é sa chion ag armchúirt agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte,

ní bheidh sé intriala go hachomair faoin gCaibidil seo sa chion.

(2) Más rud é—

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur déileáladh leis an gcion faoin gCaibidil seo trína dhíbhe nó trína thriail go hachomair,

ní bheidh an duine sin intriala go hachomair arís faoin gCaibidil seo i leith an chiona sin.

Cúiseamh d'imscrúdú gan mhoill.

176. —Déanfaidh an t-údarás míleata cuí an cúiseamh in aghaidh gach duine a tógfar faoi choimeád seirbhíse d'imscrúdú gan mhoill neamhriachtanach, agus a luaithe is féidir cuirfear imeachta ar siúl leis an duine sin a phionósú nó scaoilfear as coimeád é.

Cúisimh in aghaidh oifigeach.

177. —(1) Is é a oifigeach ceannais nó, má threoraíonn an tArd-Aidiúnach amhlaidh, oifigeach a cheapfas an tArd-Aidiúnach chuige sin, a dhéanfas cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach d'imscrúdú ar an gcéad ásc.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) má tá céim cheannfoirt nó lefteanant-cheannasaí nó aon chéim choimisiúnta is airde ná sin ag an oifigeach a cúisíodh, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

(ii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh;

(b) in aon chás eile, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

(ii) faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cúiseamh a tharchur chun a thriala ag oifigeach údaraithe,

(iii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh.

(3) I gcás oifigigh (dá ngairmtear an t-oifigeach a cúisíodh sa bhfo-alt seo) ag a mbeidh céim chaptaein airm, nó céim lefteanaint chabhlaigh nó céim choimisiúnta is ísle ná sin, a thabhairt chun a thriala os comhair oifigigh údaraithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a)     (i) déanfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht, nó gan an fhianaise d'éisteacht, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis nó, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, nó

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht nó, má thoilíonn an t-oifigeach a cúisíodh freastal finnéithe a ligean thar ceal, tar éis dó coimriú nó achomaireacht ar an bhfianaise a léamh, an cás a thriail go hachomair, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, agus ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh, eadhon—

(I) fíneáil nach mó ná cúig puint,

(II) dian-iomardú,

(III) iomardú;

(b) má éilíonn an t-oifigeach a cúisíodh é, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise ina choinne a tógfar os comhair an oifigigh údaraithe, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh an t-oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta;

(c) má bheartaíonn an t-oifigeach údaraithe an cás a thriail go hachomair faoi mhír (a) den fho-alt seo agus más é pionós a bheartós sé a ghearradh fíneáil nó pionós lena ngabhfaidh suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú faoi mhír (f) den fho-alt seo a dhéanamh, fiafróidh sé den oifigeach a cúisíodh cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó é a thriail ag armchúirt agus, más é rogha an oifigigh a cúisíodh é a thriail ag armchúirt, athchuirfidh an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair;

(d) má athchuireann an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo, ansin, murar ghlac an t-oifigeach a cúisíodh de rogha faoi mhír (c) den fho-alt seo a thriail ag armchúirt, féadfaidh aon oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte ginearálta a threorú an cúiseamh (le pé athruithe, leasuithe agus cúisimh bhreise is oiriúnach leis) a tharchur siar chun oifigigh údaraithe agus air sin déanfaidh an t-oifigeach údaraithe an cúiseamh nó na cúisimh arna dtarchur siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, a thriail go hachomair;

(e) más rud é—

(i) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo agus nach dtabharfar aon treoir faoi mhír (d) den fho-alt seo, nó

(ii) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (c) den fho-alt seo,

iarrfaidh an t-oifigeach d'athchuir an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt ar an údarás comórtha údaraithe armchúirt ghinearálta a chomóradh chun an t-oifigeach a cúisíodh a thriail;

(f) más rud é—

(i) go dtriailfidh an t-oifigeach údaraithe an cás go hachomair, agus

(ii) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó le mír (a) den fho-alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an t-oifigeach a cúisíodh, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim chúig punt déag, pé acu sin is lú) a threorós an t-oifigeach údaraithe.

Oifigigh ceannais do thriail cúiseamh i gcoinne fear.

178. —(1) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ar imscrúdú cúisimh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar fhear faoina cheannas go ndearna an duine sin cion in aghaidh an dlí mhíleata, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis ach, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis, féadfaidh sé an cúisí d'athchur chun a thriala ag armchúirt nó, más comhalta d'Óglaigh na hÉireann an ciontóir, féadfaidh sé, faoi réir an ailt seo agus faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cás a thriail go hachomair.

(2) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más oifigeach neamhchoimisiúnta an ciontóir, féadfaidh sé pionóis acu seo a leanas a ghearradh air—

(a) fíneáil nach mó ná trí puint,

(b) dian-iomardú nó iomardú.

(3) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más saighdiúir singil nó mairnéalach an ciontóir, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) féadfaidh an t-oifigeach ceannais pionós acu seo a leanas a ghearradh air—