36 1956


Uimhir 36 de 1956.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) (UIMH. 3), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [14 Samhain, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb’ usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú) (Uimh. 3), 1956 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Uimhir agus bliain na hIonstraime Reachtúla.

Teideal.

Abhar Ginearálta.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 62 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 371) (Snáth Caoláin). 1956.

An dleacht ar shnáth caoláin a chúlghairm.

Uimh. 63 de 1956.

An Ordú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 372), (Liathróidí Golf), 1956.

An dleacht ar liathróidí golf a chúlghairm.

Uimh. 64 de 1956.

An Ordú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 373) (Earraí d'Iarann Oibrithe Galbhánaithe agus de Chruach Galbhánaithe), 1956.

An dleacht ar fhras-photaí, araidí stórála, caibinéidí seascaíochta déirí nó uachtarlainne, folcadáin agus cuas-earraí áirithe eile tís, atá galbhánaithe, a chúlghairm.

Uimh. 65 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 374) (Feistí Speile), 1956.

An dleacht ar fheistí speile a chúlghairm.

Uimh. 66 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 375) (Bioráin Chniotála Ailimíne), 1956.

An dleacht ar bhioráin chniotála ailimíne a chúlghairm.

Uimh. 109 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 377) (Leabhair Lámhscríbhinne), 1956.

Dleacht ar leabhair lámhscríbhinne a choinneáil.

Uimh. 130 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 378) (Paidríní), 1956.

An dleacht ar phaidríní a mhéadú.

Uimh. 187 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 380) (Earraí Cré Neamhghlónraithe), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar chúla, leicne nó taobha do ghrátaí tine, etc.

Uimh. 191 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 381) (Toirisc agus Lanna Toirisc), 1956.

An dleacht ar thoirisc agus ar lanna toirisc a leasú agus sain-ráta breise d'fhorchur.

Uimh. 197 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 382) (Uigí Feisteacháin), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar uigí feisteacháin.