40 1956


Uimhir 40 de 1956.


AN tACHT PLÚIR AGUS MINE CRUITHNEACHTAN, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO RIALÚ TÁIRGEADH, DÍOL AGUS ÚSÁID PHLÚIR AGUS MHINE CRUITHNEACHTAN, DO RIALÚ PRAGHSANNA MUILLEOIRÍ AR NA hEARRAÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [4 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Plúir agus Mine Cruithneachtan, 1956 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit Cúnta” Ceimiceoir Stáit Cúnta na Saotharlainne Stáit;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfas an tAire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “plúr” plúr a gheibhtear ar fad nó go formhór as cruithneacht;

ciallaíonn “cruithneacht dúchais” cruithneacht d'fhás sa Stát;

ciallaíonn “muileann ceadúnaithe” muileann ar deonadh ceadúnas muilleoireachta ina leith;

ciallaíonn “cead muilleoireachta (cruithneacht dúchais)” cead a deonadh faoi alt 36 den Acht Toradh Talmhíaochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) , arna leasú le halt 16 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) ;

ciallaíonn “ceadúnas muilleoireachta” ceadúnas a deonadh faoi alt 21 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “cead” cead a dheoin na tAire faoi alt 13;

ciallaíonn “muileann ceadaithe” muileann ar deonadh cead muilleoireachta (cruithneacht dúchais) ina leith;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin faoin Acht seo;

ciallaíonn “min chruithneachtan chaighdeánach” min chruithneachtan a táirgeadh sa Stát trí chruithneacht a mheilt í slí nach ndeighiltear aon tsubstaintí sa mhuilleoireacht mar throscar cruithneachtan agus gurb ionann an mhin chruithneachtan a táirgtear amhlaidh agus 100 faoin gcéad den chruithneacht as a bhfaightear í;

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit;

ciallaíonn “plúr comhrite” plúr a táirgtear sa Stát trí chomhrith sruthanna plúir uile gléasra mhuilleoireachta atá inneallta chun an céatadán forordaithe den chruithneacht a táltar ar na rollaí briste a tháirgeadh ina phlúr;

folaíonn “mín chruithneachtan” min chruithneachtan agus caiscín a gheibhtear as cruithneacht.

(2) Forléireofar na tagairtí san Acht seo d'earraí a dhíol mar thagairtía fholaíos tagairtí do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun earraí a dhíol nó tairiscint a lorg chun iad a cheannach.

Forála ginearálta maidir le rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Ní féadfar rialacháin chun críocha ailt 6 a dhéanamh ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta.

(3) Aon rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

CUID II.

Táirgeadh, Praghsanna, etc., a Rialú.

Táirgeadh plúir agus mine cruithneachtan.

6. —(1) Is plúr comhrite an plúr go léir a táirgfear i muileann ceadúnaithe, ach amháin plúr a táirgfear do réir cheada.

(2) Is min chruithneachtan chaighdeánach an mhin chruithneachtan go léir a táirgfear i muileann ceadúnaithe, ach amháin min chruithneachtan a táirgfear do réir cheada.

(3) Sa phlúr nó sa mhin chruithneachtan go léir a táirgfear i muileann ceadaithe, ach amháin plúr nó min chruithneachtan a táirgfear do réir cheada, beidh, ar a laghad, an céatadán forordaithe den chruithneacht as ar táirgeadh é.

(4) Féadfaidh an tAire na cionúireachtaí de chruithneacht dúchais agus de chruithneacht allmhuirithe a bheas sa ghránmheilt chun plúr nó min chruithneachtan a tháirgeadh d'fhorordú agus, sa chás sin, is ó ghrán-mheilt ina mbeidh, ar a laghad, an chionúireacht fhorordaithe de chruithneacht dúchais a gheofar an plúr nó an mhin chruithneachtan uile a táirgfear i muileann ceadúnaithe ach amháin plúr nó min chruithneachtan a táirgfear do réir cheada.

(5) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas muilleoireachta nó ar chead muilleoireachta (cruithneacht dúchais) i leith muilinn cinnteoidh sé go ndéanfar do réir an ailt seo maidir leis an muileann.

Criathairtí, síolta agus deannach a bhaint as cruithneacht agus í á glanadh.

7. —Ach amháin do réir cheada, ní dhéanfaidh duine ar bith, le linn dó builce chruithneachtan a ghlanadh chun a meilte, níos mó ná an céatadán forordaithe de mheáchan iomlán na builce a bhaint aisti mar chriathairtí, síolta agus deannach.

Toirmeascfar an eithne a bhaint as cruithneacht.

8. —Ní dhéanfaidh duine a bhfuil gnó á sheoladh aige aon chuid den eithne chruithneachtan a bhaint, ar mhodh ar bith chun críocha nó i gcúrsa an ghnótha sin, as plúr nó min chruithneachtan, ná as aon mheascán de phlúr, nó de mhin chruithneachtan, agus aon earra eile.

Toirmeasc ar phlúr agus bran a mheascadh chun arán a dhéanamh.

9. —Ní dhéanfaidh duine a bhfuil gnó déanta aráin lena dhíol á sheoladh aige arán as cumasc de phlúr agus bran.

Srian le plúr agus min chruithneachtan a dhíol.

10. —Ach amháin do réir cheada, ní dhíolfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas muilleoireachta aon phlúr seachas plúr comhrite, ná ní dhíolfaidh aon mhin chruithneachtan seachas min chruithneachtan chaighdeánach.

Praghas plúir agus mine cruithneachtan.

11. —Ach amháin do réir cheada, ní bheidh na praghsanna a éileos duine is sealbhóir ar cheadúnas muilleoireachta i leith muilinn ar phlúr comhrite agus ar mhin chruithneachtan chaighdeánach a táirgfear sa mhuileann níos mó ná pé praghsanna a forordófar; agus féadfar praghsanna éagsúla d'fhorordú do límistéirí éagsúla agus do shaghsanna éagsúla plúir chomhrite agus mine cruithneachtan caighdeánaí.

Déanamh milseoga plúir agus earraí eile.

12. —(1) San alt seo ciallaíonn “milseoga plúir” aon táirge plúir inar cuireadh siúcra nó ábhar milsithe eile, agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin, folaíonn sé brioscaí.

(2) Féadfaidh an tAire an céatadán cruithneachtan d'fhorordú atá le bheith i bplúr a húsáidfear i milseoga plúir nó in aon earra shonraithe eile agus, sa chás sin, ní úsáidfidh duine ar bith i gcúrsa aon ghnótha, ach amháin do réir cheada, aon phlúr seachas plúr den chéatadán forordaithe chun milseoga plúir nó aon earra shonraithe den tsórt sin a dhéanamh.

(3) Ach amháin do réir cheada, ní úsáidfidh duine ar bith, i gcúrsa aon ghnótha, min chruithneachtan chun milseoga plúir nó aon earra shonraithe den tsórt sin a dhéanamh.

(4) Ní bheidh an praghas a éileos sealbhóir ceadúnais mhuilleoireachta ar phlúr den chéatadán arna fhorordú faoin alt seo a táirgfear sa mhuileann níos mó ná pé praghas a sonraíodh i gcead a deonadh don duine sin chun an plúr sin a tháirgeadh.

(5) Ní bheidh an praghas a éileos sealbhóir ceadúnais mhuilleoireachta, ar mhin chruithneachtan chaighdeánach a táirgfear sa mhuileann lena húsáid chun milseoga plúir nó earraí sonraithe eile a dhéanamh do réir cheada, níos mó ná pé praghas a sonraíodh i gcead a deonadh don duine sin chun min chruithneachtan a tháirgeadh.

Ceada a dheonadh.

13. —Féadfaidh an tAire, chun críocha an Achta seo, ceada a dheonadh ó am go ham do shealbhóirí ceadúnas muilleoireachta, nó do shealbhóirí ceada muilleoireachta (cruithneacht dúchais) nó do dhaoine a úsáideas plúr nó min chruithneachtan chun críocha a ngnótha, agus féadfaidh pé coinníollacha is cuí leis a chur le haon chead a dheonfas sé.

CUID III.

Feidhmiú, Fianaise agus Pionóis.

Cumhachta oifigigh údaraithe chun dul isteach in áitreabh agus é d'iniúchadh agus samplaí a thógaint.

14. —(1) Má bhíonn cúis réasúnach ag oifigeach údaraithe chun a chreidiúint go bhfuil in aon áitreabh aon phlúr nó min chruithneachtan á tháirgeadh, á stóráil, á dhíol nó á úsáid in ndéanamh aon earra a beartaítear a dhíol—

(a) féadfaidh sé, gach tráth réasúnach, dul isteach san áitreabh agus é d'iniúchadh;

(b) féadfaidh sé aon phlúr nó min chruithneachtan, nó aon earra eile a mbeidh plúr nó min chruithneachtan ann, a scrúdú a gheobhas sé i gcúrsa aon iniúchta den tsórt sin agus féadfaidh sé samplaí díobh a thógaint gan íoc astu;

(c) ceanglaítear leis seo ar dhílseánach an áitribh, agus ar aon duine a bheas ar fostú aige ann, aon leabhair, doiciméid nó taifid a bheas faoina urláimh, ina sheilbh nó ar fáil aige, agus a bhainfeas le haon phlúr, min chruithneachtan nó earra eile den tsórt sin, a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe ar é dá n-iarraidh, agus a cheadú don oifigeach na leabhair, na dociméid nó na taifid sin d'iniúchadh agus sleachta a thógaint astu agus aon eolas a thabhairt dó a theastós uaidh, go réasúnach, maidir le haon nithe sna leabhair, sna doiciméid nó sna taifid.

(2) Duine ar bith a chuirfeas bac nó cosc le hoifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a bheirtear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(3) Féadfar sampla a thógaint faoin alt seo ar an modh forordaithe nó ar aon mhodh eile.

(4) I gcás—

(a) ina dtógfar sampla faoin alt seo ar an modh forordaithe, agus

(b) ina gcuirfidh an Ceimiceoir Stáit nó an Ceimiceoir Stáit Cúnta sampla á thaifeach ar an modh forordaithe ag aon duine ag gníomhú faoi stiúradh an Cheimiceorar Stáit nó an Cheimiceora Stáit Chúnta, agus

(c) ina dtabharfaidh an Ceimiceoir Stáit nó an Ceimiceoir Stáit Cúnta deimhniú sa bhfoirm fhorordaithe ar thoradh an taifigh,

féadfar fianaise ar thoradh an taifigh a thabhairt in aon imeachta dlíthiúla, ach ní déanfar, ach amháin mar adúradh, fianaise ar thoradh taifigh i gcás sampla a tógadh faoin alt seo a thabhairt in aon imeachta dlíthiúla.

(5) In aon imeachta dlíthiúla, má tugtar ar aird deimhniú a airbheartós a bheith faoin alt seo agus a bheith sínithe ag an gCeimiceoir Stáit nó ag an gCeimiceoir Stáit Cúnta, beidh sin na leor-fhianaise ar na fíorais a bheas luaite sa deimhniú agus go ndearnadh an taifeach go cuí, mura n-éilí ceachtar de na páirtithe an duine a rinne an taifeach a ghlaoch mar fhinné.

Baint go calaoiseach le samplaí.

15. —Duine ar bith—

(a) a bhainfeas go calaoiseach le haon earra chun a thabhairt nach sampla ceart d'earra aon tsampla di a tógfar faoin Acht seo, nó

(b) a bhainfeas le haon tsampla a tógadh faoin Acht seo nó a chuirfeas isteach air, go calaoiseach,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

Deimhniú ceapacháin oifigigh údaraithe.

16. —Bhéarfaidh an tAire d'oifigeach údaraithe deimhniú a cheaptha mar oifigeach údaraithe agus, nuair a bheas aon chumhacht a bheirtear leis an Acht seo á feidhmiú aige, bhéarfaidh an t-oifigeach údaraithe an deimhniú ar aird d'aon duine lena mbainfidh má iarrann an duine sin air é.

Cionta.

17. —Aon duine a shárós aon fhoráil den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis.

18. —Duine ar bith a dhéanfas cion faoin Acht seo nach bhforáltar aon phionós speisialta dhó dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Inchúiseamh i leith cionta.

19. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a thionscnamh i leith ciona faoin Acht seo.