14 1959


Uimhir 14 de 1959.


AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1842 GO 1958, AGUS ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE hIASCACH. [8 Iúil, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin na forálacha iarchurtha) i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959.

(2) Tiocfaidh na forálacha iarchurtha i ngníomh cibé lá (nach luaithe ná an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959) a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den cineál sin.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forálacha iarchurtha” na forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, alt 16, fo-alt (3) d'alt 24, alt 39, alt 61, alt 72, ailt 79 go 84, ailt 185 go 191, fo-alt (1) d'alt 192, fo-alt (2) d'alt 194, ailt 195 agus 196, ailt 198 go 209, ailt 216, 218 agus 305.

Léiriú go ginearálta.

3. —(1) San Acht seo—

duánacht bradán nó breac.

forléireofar tagairtí do dhuánacht bradán nó breac mar thagairtí do dhuánacht bradán nó breac le slat agus ruaim;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 137;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 138;

séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann” an bhrí a thugtar di le halt 151;

séasúr coiscthe bliantúil na bpollán.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na bpollán” an bhrí a thugtar di le halt 148;

séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac” an bhrí a thugtar di le halt 126;

cochall iascaireachta.

folaíonn an abairt “cochall iascaireachta” inneall seasmhach ar aon-déanamh le cochall iascaireachta;

bá.

folaíonn an focal “bá” aon chuan nó ród;

bád.

folaíonn an focal “bád” báirse, coite, curach nó árthach eile;

bosca.

folaíonn an focal “bosca”, maidir le cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta, cruib nó cruibh;

séasúr coiscthe na n-oisrí.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe na n-oisrí” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 271;

damba.

ciallaíonn an focal “damba” (ach amháin in alt 115) damba, cora, díog, sliús, claífort nó déanmhas eile atá tógtha nó suite in aon abhainn nó i ndáil le haon abhainn chun uisce a choimeád nó i ndáil le huisce a choimeád chun críche ar bith;

trátha an lae.

ciallaíonn an abairt “trátha an lae” an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine;

ábhar díobhálach.

ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon substaint (lena n-áirítear ábhar pléascach) a fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc;

Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

líon tarraingthe.

folaíonn an abairt “líon tarraingthe” saighne;

eascann.

folaíonn an focal “eascann” liobhóga agus óg na n-eascann, ar a dtugtar mion-eascanna go coitianta;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” an bhliain 1961 agus gach tríú bliain as a chéile dá éis sin;

toghroinn.

ciallaíonn an abairt “toghroinn” uiscí a dhearbhaítear le fo-alt (2) d'alt 19 a bheith ina dtoghroinn chun críocha an Achta seo;

inbhear.

folaíonn an focal “inbhear” aon chuan nó ród;

iasc.

folaíonn an focal “iasc” gach crústach agus iasc sliogánach a fhaightear san fharraige, agus óg agus sceith éisc, agus forléireofar tagairtí d'iasc mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chuid den iasc sin;

bealach éisc.

ciallaíonn an abairt “bealach éisc” cainéal le haghaidh saorghabháil nó saor-imirce éisc i mbacainn nó thar bacainn nó i ndáil le bacainn in abhainn, loch nó sruthchúrsa agus folaíonn sí dréimire éisc nó aon deis eile a chabhraíonn le gluaiseacht éisc;

ceantar iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ceantar iascaigh” limistéar a dhearbhaítear le fo-alt (1) d'alt 19 a bheith ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo;

ráta iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ráta iascaigh” ráta—

(a) a ghearr bord coimeádaithe agus a dhaingnigh an tAire faoi alt 55, nó

(b) a ghearr an tAire faoin alt sin;

bliain iascaigh.

ciallaíonn an abairt “bliain iascaigh” an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain;

inneall iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta” aon inneall, líon nó uirlis eile de chineál ar bith is féidir a úsáid chun iasc a thógáil;

ceadúnas iascaireachta.

nuair a úsáidtear an abairt “ceadúnas iascaireachta” gan í a cháiliú, ciallaíonn sí ceadúnas arb éard é—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta, nó

(b) ceadúnas áitiúil speisialta;

damba muilinn iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “damba muilinn iascaireachta” damba a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid go páirteach chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil agus go páirteach chun uisce a choimeád le haghaidh muilleoireachta nó le haghaidh críocha eile;

cora iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “cora iascaireachta” aon tógáil, déanmhas nó bacainn—

(a) atá greamaithe sa talamh trasna abhann nó trasna cuid d'abhainn,

(b) a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil,

(c) ina bhfuil oscailt nó oscailtí inar féidir iasc a thógáil, agus

(d) nach ceann-chora é;

inneall seasmhach.

ciallaíonn an abairt “inneall seasmhach” aon inneall arb é atá ann—

(a) líon cuaillí, nó

(b) cochall iascaireachta, nó

(c) líon tarraingthe seasmhach, nó

(d) ceann-chora, nó

(e) aon líon, acra, inneall nó deis greamaithe sa talamh nó daingnithe le hancairí nó a choinnítear leis an láimh nó a choimeádtar dobhogtha in aon slí eile agus a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil, ach nach cora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta;

saor-bhearna.

ciallaíonn an focal “saor-bhearna” saor-bhearna i gcora iascaireachta de réir alt 107;

ceann-chora.

ciallaíonn an focal “ceann-chora” an t-inneall seasmhach ar a dtugtar go coitianta ceann-chora nó cora thrá agus tuile;

heic.

ciallaíonn an focal “heic” gráta atá feistithe ag an gceann béal le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus é déanta ar chuma go mbacann sé gluaiseacht éisc gan an rith uisce a chosc;

ionscálaí.

ciallaíonn an focal “ionscálaí” péire grátaí atá feistithe ag an gceann cúl le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus a chomhchlaonann i leith an láir sa treo béal le sruth chun bearna ingearach a dhéanamh idir an dá cheann béal le sruth ionas gurb é éifeacht an tsocraithe sin go ligean sé don iasc dul isteach sa bhosca agus go mbacann iad ar éalú amach as;

inneall iascaireachta dleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta dleathach” aon inneall iascaireachta nach dtoirmisctear leis an Acht seo ná le haon fhodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo é a úsáid (ach amháin le linn tráthanna áirithe, in áiteanna áirithe nó ar mhodh áirithe);

dleacht cheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais”—

(a) maidir le gnáth-cheadúnas iascaireachta, an dleacht cheadúnais is iníoctha ar an gceadúnas sin;

(b) maidir le ceadúnas áitiúil speisialta, i leith uiscí taoide speisialta, an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iníoctha ar an gceadúnas sin;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte;

béal abhann.

forléireofar tagairtí do bhéal abhann mar thagairtí do bhéal na habhann sin arna mhíniú le hordú faoi alt 10;

inneall neamhsceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall neamhsceidealta” inneall de chineál nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair.

ciallaíonn an abairt “séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair” an tréimhse dar tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair agus dar críoch an 31ú lá den mhí sin;

cion faoi aon fhoráil den Acht seo.

ciallaíonn an abairt “cion faoi aon fhoráil den Acht seo” cion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi;

cion faoi na hachtacháin aisghairthe.

folaíonn an abairt “cion faoi na hachtacháin aisghairthe” cion in aghaidh aon ionstraime arna déanamh faoi na hachtacháin aisghairthe;

oifigeach don Aire.

folaíonn an abairt “oifigeach don Aire” seirbhíseach don Aire;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959;

gnáth-cheadúnas iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas iascaireachta” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil I de Chuid VI;

dleacht ghnáthcheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht ghnáth-cheadúnais” an dleacht is iníoctha faoi Chaibidil I de Chuid VI ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta;

úinéir.

ciallaíonn an focal “úinéir” aon duine ag a bhfuil iarbhír seilbh nó úsáid agus sealúchas aon talún nó iascaigh (de réir mar a bheidh);

ceadúnas iascaireachta oisrí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iascaireachta oisrí” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil VI de Chuid XIV;

forordú.

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

achtacháin aisghairthe.

ciallaíonn an abairt “na hachtacháin aisghairthe” na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht seo;

aibhneacha.

folaíonn an focal “aibhneacha” craobhacha abhann agus gach uile shruthán agus sruthchúrsa eile;

slat agus ruaim.

ciallaíonn an abairt “slat agus ruaim” slat agus ruaim singil;

bradán.

folaíonn an focal “bradán” gach uile iasc de chineál an bhradáin, bric mhara agus a sceith agus a ngilidíní;

abhainn bradán.

ciallaíonn an abairt “abhainn bradán” aon abhainn a ghnáthaíonn bradáin;

ceadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán” ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán” gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán bliantúil.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail)” ceadúnas slaite bradán arna eisiúint de bhun na rialachán a rinneadh faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) , agus atá bailí ar feadh bliana;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach).

ciallaíonn an abairt “gnáth-ceadúnas slaite bradán (séasúr déanach)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun a úsáidte i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun úsáidte i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse seacht lá;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche;

inneall sceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall sceidealta” aon inneall de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

uiscí breac sceidealta.

ciallaíonn an abairt “uiscí breac sceidealta” aon abhainn nó loch nó aon chuid díobh a dhearbhaítear le hordú, arna dhéanamh faoi alt 79 agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire, a bheith ina n-uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo;

oifigeach cosanta iascaigh mhara.

ciallaíonn an abairt “oifigeach cosanta iascaigh mhara” duine a dhearbhaítear le halt 220 a bheith ina oifigeach cosanta iascaigh mhara;

iascach eisiatach.

ciallaíonn an abairt “iascach eisiatach” aon iascach atá ar sealúchas go dleathach faoi theideal ar bith, is teideal maith bailí de réir dlí, go heisiatach ar an bpobal, ag duine ar bith, cibé acu in uiscí inseolta é nó in uiscí nach inseolta, agus cibé acu sa duine sin nó in aon duine eile atá an ithir faoi na huiscí sin dílsithe;

ceadúnas áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas áitiúil speisialta” ceadúnas arna dheonú faoi alt 74 i leith uiscí taoide speisialta;

dleacht cheadúnais áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais áitiúil speisialta” an dleacht is iníoctha faoi alt 74 ar cheadúnas áitiúil speisialta arna dheonú i leith uiscí taoide speisialta;

uiscí taoide speisialta.

ciallaíonn an abairt “uiscí taoide speisialta” aon uiscí taoide a bhfuil ordú faoi alt 7 i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire;

líon cuaillí.

folaíonn an abairt “líon cuaillí” cora chuaillí agus aon inneall seasmhach ar aon-déanamh le líon cuaillí;

breac.

folaíonn an focal “breac”, nuair a úsáidtear é gan é a cháiliú—

(a) gach iasc de chineál an bhric rua,

(b) ach amháin i gCuid IX polláin nó scadáin fíoruisce, agus

(c) aon sceith bhric nó gilidíní bric,

ach ní fholaíonn sé breac geal;

ceadúnas slaite breac (ginearálta).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (ginearálta)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac (sóisear).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (sóisear)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (3) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac” ceadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), nó

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), nó

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear);

ceadúnas slaite breac (bruachúinéir).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (2) d'alt 83;

inneall iascaireachta neamhdhleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta neamhdhleathach” inneall iascaireachta nach inneall iascaireachta dleathach é;

bradán nó breac neamhshéasúrach.

ciallaíonn an abairt “bradán nó breac neamhshéasúrach” aon bhradán nó breac atá ar tí sceitheadh, nó atá tar éis sceitheadh agus nach bhfuil téarnaithe uaidh;

iascach dílsithe (Cuid XII).

ciallaíonn an abairt “iascach dílsithe (Cuid XII)” iascach—

(a) atá dílsithe san Aire faoi Chaibidil II de Chuid XII, nó

(b) atá aistrithe chun an Aire faoi Chaibidil III de Chuid XII;

screallach.

folaíonn an focal “screallach” gach talamh neamhshaothraithe nó neamh-thairbhiúil;

uiscí.

ciallaíonn an focal “uiscí” aon abhainn, loch, sruth-chúrsa nó inbhear nó aon chuid den fharraige;

tráth coiscthe seachtainiúil.

tá leis an abairt “tráth coiscthe seachtainiúil” an bhrí a thugtar di le halt 139;

(2) San Acht seo—

(a) is ionann tagairt uimhreach do Chuid nó d'alt agus tagairt don Chuid nó den alt san Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá ar intinn;

(b) forléireofar tagairtí d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán faoin Acht seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán a mheastar de réir alt 10 nó de réir alt 334 a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo.

(3) San Acht seo forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas chomh luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Caiteachas.

6. —An caiteachas go léir faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo íocfar é, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire.

Uiscí taoide speisialta.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú ó am go ham le hordú gur uiscí taoide speisialta chun críocha an Achta seo aon uiscí taoide áirithe lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Sonrófar agus míneofar i ngach ordú a dhéanfar faoin alt seo na huiscí taoide a n-airbheartaíonn an t-ordú go mbaineann sé leo agus beidh an t-ordú sin ina ordú críochnaitheach dochloíte maidir le limistéar na n-uiscí taoide sin d'ainneoin aon neamhréireachta idir limistéar na n-uiscí taoide mar a mhíneofar iad amhlaidh agus limistéar na n-uiscí taoide ina raibh iascach eisiatach ar sealúchas cheana.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cúlghairm nó leasú a dhéanamh tráth ar bith, le hordú, ar aon ordú a bheidh déanta roimhe sin faoin alt seo.

(4) Baineann an t-alt seo le huiscí taoide aon abhann nó inbhir áirithe ar creideadh, ar feadh fiche bliain ar a laghad roimh an lú lá d'Eanáir, 1933, go raibh iascach eisiatach iontu agus ar sealúchas mar cheart, ach ar tharla ina leith—

(a) go ndearnadh, tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1933 (cibé acu roimh an Acht seo a rith, nó dá éis sin é), cinneadh breithiúnach i gcúirt dlínse inniúla nach raibh aon iascach eisiatach sna huiscí taoide sin, nó

(b) nach bhfuil an duine d'fheidhmigh mar cheart, an lú lá d'Eanáir, 1933, an t-iascach eisiatach sin sna huiscí taoide sin á éileamh, ná nach bhfuil aon duine eile á éileamh, go bhfuil iascach eisiatach sna huiscí taoide aige ná ar sealúchas aige mar cheart.

Cumhacht an Aire chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le hiascaigh.

8. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham fiosrúchán a chur á dhéanamh in aon cheantar iascaigh maidir leis na hiascaigh sa cheantar sin nó le haon cheann acu agus féachaint cad é an tslí is fearr chun an t-iascach nó na hiascaigh sin a rialú, a fheabhsú nó a chosaint, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar, de réir alt 322, fógra a thabhairt faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin alt seo.

Cumhacht an Aire chun fodhlíthe a dhéanamh faoi rialú, bainistí, cosaint agus feabhsú iascach.

9. —(1) I dteannta na cumhachta chun fodhlíthe a dhéanamh a thugtar dó le haon alt eile den Acht seo, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, cibé fodhlíthe a dhéanamh is dóigh leis a bheith fóirsteanach chun gur éifeachtúla a dhéanfaí iascaigh an Stáit a stiúradh, a bhainistí, a chosaint agus a fheabhsú agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh sé fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) iascaigh an Stáit a rialú agus dea-ordúlacht a choimeád i measc na ndaoine a bhíonn ag gabháil dóibh,

(b) na tráthanna agus na séasúir chun tógáil na gcineálacha éagsúla éisc a thosú agus a chríochnú,

(c) na tráthanna agus na háiteanna nó an modh a bhféadfar feidhm a bhaint as aon inneall iascaireachta a úsáidfear sna hiascaigh sin,

(d) tuairisc agus déanamh na líonta a úsáidfear sna hiascaigh sin agus méid na mogall iontu,

(e) toirmeasc ar líonta a úsáid,

(f) toirmeasc ar inneall iascaireachta a úsáid tráth ar bith más dóigh leis an Aire an t-inneall sin a bheith díobhálach do na hiascaigh,

(g) toirmeasc ar chleachtas ar bith is dóigh leis an Aire a d'fhéadfadh a bheith ina bhac ar iasc a thógáil go dleathach nó a bheith in aon slí dochrach do na hiascaigh sin,

(h) aon ní nó rud eile a bhfuil baint aige in aon slí le stiúradh agus cosaint na n-iascach sin.

(2) Nuair nach bhforáiltear aon phionós eile le haon fhoráil san Acht seo mar gheall ar fhodhlí a shárú, féadfaidh an tAire a fhoráil leis an bhfodhlí sin go mbeidh duine ar bith a sháróidh é ciontach i gcion i gcoinne an fhodhlí sin agus ar a chiontú ann go hachomair go ndlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air agus go mbeidh gach inneall iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní dhéanfar faoin Acht seo aon fhodhlí a bheidh in aghaidh aon dlí atá i bhfeidhm sa Stát ná a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chumas éifeachtach oibre aon mhuilinn nó aon mhonarchan.

Míniú ar bhéil aibhneacha, na teorainneacha idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aibhneacha, na pointí i mbéil aibhneacha óna dtomhaisfear faid slí, etc.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú—

(a) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon abhann,

(b) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon chraobhabhann mar a dtéann sí amach in aon abhainn eile,

(c) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn,

(d) a mhíniú cad iad foircinn na bhfad slí dá dtagraítear in ailt 94 agus 103 agus na foircinn sin, agus an spás ina dtoirmisctear leis an alt sin modhanna áirithe iascaireachta a úsáid nó a chleachtadh, a thaispeáint le léarscáil nó ar mhodh eile,

(e) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad é an pointe nó na pointí i mbéal aon abhann óna dtomhaisfear faid slí faoin Acht seo.

(2) Má tá srutháin éagsúla ag rith amach san aon-bhéal amháin nó san aon-inbhear amháin, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur béal ar leith an bealach amach atá ag gach sruthán acu sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach míniú a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur ordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) (cibé acu is iomchuí) den alt seo an ionstraim lena ndearnadh an míniú sin.

Forálacha maidir le fodhlíthe a fhoilsiú agus a thaisceadh, etc., agus achomhairc i gcoinne fodhlíthe etc.

11. —(1) Bainfidh na forálacha seo a leanas le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo:—

(a) d'ainneoin aon achomharc a bheidh ar feitheamh, ach gan dochar d'aon ordú a dhéanfar de bharr an achomhairc sin, tiocfaidh an ionstraim sin i ngníomh an lá a shonraítear ann chuige sin, nó, mura sonraítear amhlaidh aon lá chuige sin, an t-ochtú lá is fiche tar éis lá a déanta;

(b) déanfar an ionstraim sin a fhoilsiú, chomh luath agus is féidir tar éis a déanta, san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar nó i bpáipéir nuachta a léitear sa cheantar lena mbainfidh sí;

(c) déanfar, laistigh de mhí tar éis teacht i ngníomh di, cóip den ionstraim sin a thaisceadh—

(i) le cláraitheoir contae gach contae nó contaebhuirge a mbainfidh an ionstraim sin leis nó léi nó le cuid de nó di, agus

(ii) le Cléireach Cúirte Dúiche gach Dúiche Cúirte a mbainfidh an ionstraim sin léi nó le cuid di, agus

(iii) i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbainfidh an ionstraim sin;

(d) aon duine arb ábhar éagóra leis an ionstraim sin, féadfaidh sé, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis a foilsithe san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne na hionstraime sin, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon achomharc den sórt sin—

(i) féadfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt nó níos mó ná breitheamh amháin di, de réir mar is caothúil, an t-achomharc a éisteacht,

(ii) féadfaidh an Ard-Chúirt de thoradh an achomhairc an ionstraim sin a dhaingniú nó a neamhniú, ach má neamhnítear an ionstraim sin, beidh an neamhniú sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoi réim nó de bhun na hionstraime sin roimh an neamhniú sin,

(iii) beidh breith na hArd-Chúirte ar an achomharc ina breith chríochnaitheach dochloíte;

(iv) déanfar ordú na hArd-Chúirte de thoradh an achomhairc sin a fhoilsiú amhail mar a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt seo an ionstraim sin a fhoilsiú agus taiscfear é amhail mar a cheanglaítear le mír (c) den fho-alt seo an ionstraim sin a thaisceadh.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim arb éard í—

(a) fodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, nó

(b) ordú arna dhéanamh faoi alt 10, nó

(c) ceadúnas arna dheonú faoi alt 245 nó 281, nó

(d) ordú arna dhéanamh faoi alt 251, 256, 266 nó 275.

Rialacháin faoi iascaireacht ag sealbhóirí ceadúnas áitiúila speisialta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní seo a leanas:—

(a) na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfaidh sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta iascaireacht a dhéanamh faoi na ceadúnais sin;

(b) ord a choimeád i measc sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta ag na huiscí taoide áirithe lena mbaineann na ceadúnais sin nó ar na huiscí sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ní (cibé acu gníomh nó neamhghníomh é) is sárú ar rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Tuairisceáin ó shealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta.

13. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) na tuairisceáin a bheidh le tabhairt uathu ag sealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna a bheidh na tuairisceáin sin le tabhairt;

(d) na foirmeacha ina mbeidh na tuairisceáin sin le tabhairt.

(2) Gach duine ar a mbeidh de cheangal faoi rialacháin faoin alt seo aon tuairisceán a thabhairt uaidh agus a fhailleoidh nó a dhiúltóidh an tuairisceán sin a thabhairt uaidh de réir na rialachán sin, nó a dhéanfaidh in aon tuairisceán den sórt sin aon ráiteas a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Cumhacht an Aire chun ceadanna díolúine a dheonú le haghaidh síolrú saorga, etc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú, le cead i scríbhinn agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh sé sa chead, d'aon duine a ainmneofar gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon séasúr den bhliain—

(a) aon chineál sonraithe éisc a ghabháil nó féachaint lena ngabháil agus iad a bheith ina sheilbh aige le haghaidh síolrú saorga nó athphlandú nó chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar le haghaidh aon iascaigh nó chun é a fheabhsú nó chun aon chríche eolaíochta, agus, chun an ghabháil sin a dhéanamh amhlaidh, aon inneall iascaireachta de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, a chur suas agus a úsáid,

(b) ubháin agus gilidíní aon chineál sonraithe éisc a dhíol nó a cheannach chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar nó chun aon chríche eolaíochta.

(2) Ní údaróidh cead faoi fho-alt (1) den alt seo aon ní a dhéanamh i ndáil le hiascach eisiatach ach amháin le toiliú úinéir an iascaigh sin.

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh duine dá ndeonófar cead faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon duine eile a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa chead, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gcead.

cumhacht an Aire chun ceadúnais liúna éisc a heonú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú le ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas éisc san alt seo), faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas, do dhuine a ainmneofar cibé oibríochtaí a shonrófar sa cheadúnas a dhéanamh in áit shonraithe maidir le hoiliúint éisc de chineál sonraithe.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon ionstraim arna déanamh faoi, féadfaidh duine dá ndeonófar ceadúnas oiliún éisc agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa cheadúnas, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas oiliúna éisc a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas oiliúna éisc a chúlghairm—

(a) má bhítear tar éis an ceadúnaí a chiontú i gcion faoi na hAchtanna aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(b) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll dá mbeidh sonraithe sa cheadúnas.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnas oiliúna éisc a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an ceadúnas a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige, leis an bpost, don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an cheadúnais, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar san fhógra freisin—

(i) más é leasú an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) más é cúlghairm an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh an ceadúnaí sin faoina bhráid roimh éag don fhógra.

Cumhacht an Aire chun iascaigh a thógáil ar léas le haghaidh taighde.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach a thógáil ar léas chun críocha aon scéime taighde i dtaobh saol agus nósanna bradán nó aon éisc fíoruisce agus na ndála eacnamaíochta a bhaineann le hiascaigh a fhorbairt ó thaobh tráchtála.

(2) Beidh feidhm maidir le haon iascach a thógfaidh an tAire ar léas faoin alt seo ag na forálacha de Chaibidil V de Chuid XII a bhaineann le hiascaigh dhílsithe.

(3) Má bhíonn iascach, is iascach inaistrithe de réir bhrí Chuid XII, tógtha ar léas de thuras na huaire faoin alt seo, beidh feidhm ag forálacha Chuid XII maidir leis an iascach sin d'ainneoin an léasa sin.

Cumhacht an Aire chun allmhairiú éisc bheo a shrianadh, etc.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, toirmeasc a chur, le hordú (dá ngairtear san alt seo ordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh), le hallmhairiú aon saghas earra a shonrófar agus lena mbainfidh an t-alt seo ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais chuige sin arna eisiúint faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Má allmhairíonn duine ar bith aon earra nó má thugann sé faoina allmhairiú agus gur earra é a bhfuil a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na cúig phunt is fiche a chur air.

(4) Ar dhuine ar bith dá iarraidh sin air, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas a eisiúint chun an duine sin chun uimhir áirithe a allmhairiú d'aon earra a mbeidh a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, agus féadfaidh sé cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin a chur leis an gceadúnas sin.

(5) Baineann an t-alt seo leis na hearraí seo a leanas, is é sin le rá, iasc nó ainmhithe eile uisce atá beo, agus uibheacha nó óg éisc nó ainmhithe eile uisce.

Tuarascáil bhliantúil ón Aire.

18. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Teach den Oireachtas ina dtabharfar in aghaidh na bliana sin—

(a) sonraí ar imeachtaí an Aire faoin Acht seo, agus

(b) chomh fada agus is féidir é, cuntas staidreamhach ar iascaigh an Stáit, arna eagrú agus arna aicmiú faoi cibé mírchinn éagsúla is dóigh leis an Aire is oiriúnaí chuige sin.

CUID III.

Ceantair Iascaigh agus Toghranna.

Ceantair iascaigh agus toghranna.

19. —(1) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach limistéar dá luaitear i gcolún (4) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo agus tabharfar air an uimhir agus an t-ainm a luaitear i gcolúin (2) agus (3) faoi seach den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach ceann de na huiscí éagsúla a luaitear i gcolún (6) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina thoghroinn, chun críocha an Achta seo, den cheantar iascaigh a luaitear a ainm i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus tabharfar ar gach toghroinn díobh sin an t-ainm a luaitear os a coinne i gcolún (5) den Sceideal sin.

(3) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscáileanna (dá ngairtear na léarscáileanna oifigiúla san fho-alt seo) a thaispeánfaidh, ar cibé modh is cuí leis an Aire agus a chuirfidh sé in iúl orthu, teorainneacha gach ceann de na ceantair iascaigh éagsúla.

(b) Cuirfear séala oifigiúil an Aire ar na léarscáileanna oifigiúla.

(c) Chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh na léarscáileanna oifigiúla ina bhfianaise dhochloíte ar theorainneacha (mar thaispeánfar sin orthu) gach ceantair iascaigh.

(d) Taiscfear na léarscáileanna oifigiúla in oifig an Aire i mBaile Atha Cliath agus beidh siad ar fáil ansin lena n-iniúchadh ag aon duine leasmhar in aisce cibé tráthanna a ordóidh an tAire.

(e) In aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh léarscáil a dheimhnigh oifigeach don Aire a bheith ina cóip dhílis de na léarscáileanna oifigiúla, nó d'aon chuid díobh, ina fianaise prima facie ar na léarscáileanna oifigiúla nó ar an gcuid sin díobh (de réir mar a bheidh) agus ní gá cruthúnas ar shíniú an duine a dheimhnigh an léarscáil sin ná cruthúnas gurbh oifigeach don Aire é.

Ceantair iascaigh nua agus toghranna nua a cheapadh.

20. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) ceantair iascaigh nua a cheapadh (trí chónascadh, foroinnt nó eile),

(b) toghranna nua a cheapadh (trí chónascadh, fo-roinnt nó eile),

(c) an líon coimeádaithe (nach mó ná naonúr agus nach lú na triúr) a cheapadh a bheidh le toghadh d'aon toghroinn nua a cheapfar faoin alt seo.

(2) Aon uair a cheapfaidh an tAire toghroinn nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé—

(a) socrú a dhéanamh leis an ordú chun daoine a thoghadh le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile, nó

(b) daoine a ainmniú le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile.

(3) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, ceapfaidh sé leis an ordú sin teorainneacha an cheantair iascaigh sin agus cuirfidh sé i gceangal leis an ordú sin léarscáil oiriúnach a thaispeánfaidh na teorainneacha sin.

(4) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar nua iascaigh le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, a ordú go ndéanfar an t-iomlán nó aon chuid shonraithe den airgead agus de na sócmhainní eile is le bord coimeádaithe aon cheantar iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, ar dháta an ordaithe, a dhiúscairt, faoi réir dhliteanais an bhoird sin, ar cibé cuma is cuí leis an Aire a ordú agus a shonrú san ordú sin, agus, nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin, déanfar an t-airgead agus na sócmhainní eile lena mbainfidh sé a dhiúscairt amhlaidh faoi réir na ndliteanas sin.

(5) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, socrú a dhéanamh chun an chéad chruinniú den bhord coimeádaithe don cheantar iascaigh nua sin a thionól.

(6) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, foilseofar gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo (gan an léarscáil (más ann) i gceangal leis, ach le ráiteas á insint cá bhféadfar an léarscáil sin (más ann) a iniúchadh) san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú sin agus den léarscáil a bheidh i gceangal léi (má bhíonn) a thaisceadh le Cláraitheoir Contae gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbainfidh an t-ordú leis nó léi nó le haon chuid de nó di, agus i gach stáisiún Garda Síochána sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú.

CUID IV.

Boird Choimeádaithe.

Comhdhéanamh bord coimeádaithe.

21. —(1) Beidh bord coimeádaithe ann do gach ceantar iascaigh chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Ar an mbord coimeádaithe do cheantar iascaigh beidh—

(a) comhaltaí tofa, is é sin, coimeádaithe de thuras na huaire do gach ceann de na toghranna atá sa cheantar iascaigh,

(b) coimeádaithe ex officio don cheantar iascaigh sin,

(c) comhaltaí ex officio (más ann) arna gceapadh faoi ailt 36, 37 nó 38, agus

(d) an uimhir ionadaithe (más aon ionadaí é) do shealbhóirí ceadúnas slaite breac a luaitear in alt 39.

Coimeádaithe do thoghranna.

Coimeádaithe do thoghranna a thoghadh gach bliain toghcháin.

22. —Gach bliain toghcháin déanfar toghchán coimeádaithe do gach toghroinn a chur ar siúl de réir an Achta seo.

An líon coimeádaithe do thorghanna.

23. —(1) Faoi réir ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, is é líon coimeádaithe a bheidh ann do gach toghroinn dá n-ainmnítear i gcolún (5) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon atá leagtha amach i gcolún (7) den Sceideal sin os coinne lua na toghroinne sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, an líon coimeádaithe d'aon toghroinn a athrú, le hordú, ach ní dhéanfar le haon ordú den sórt sin an líon coimeádaithe sin a mhéadú os cionn naonúr ná a laghdú faoi bhun triúir.

(b) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo i leith toghroinne tiocfaidh sé i ngníomh ag an gcéad toghchán tríbhliantiúil le haghaidh coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl tar éis dáta an ordaithe.

(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le dhá thoghroinn taoide Cheantar Uimh. 8 nó Cheantar Luimnigh.

An toghlach do thoghchán coimeádaithe do thoghroinn agus scála na vótaí.

24. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “ceadúnas eiscithe” aon cheadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas iascaireachta a eisíodh i mbliain toghcháin, ach tar éis an 31ú lá d'Iúil an bhliain sin, nó

(b) ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse nach giorra ná bliain, nó

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) atá bailí ar feadh na bliana sin, nó

(d) ceadúnas slaite bradán ar ráta laghdaithe dleachta ceadúnais is iníoctha ina leith faoi fho-alt (5) d'alt 74, nó

(e) ceadúnas slaite breac;

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais bharúlach”, maidir le ceadúnais áitiúil speisialta á údarú inneall iascaireachta de chineál áirithe a úsáid, an tsuim dob iníoctha mar dhleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin dá mba ghnáth-cheadúnas iascaireachta é á údarú inneall iascaireachta den chineál céanna a úsáid.

(2) Gach duine (seachas an tAire) is sealbhóir ar ghnáthcheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó nó ar cheadúnais iascaireachta oisrí amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta.

(3) (a) Má tá an tAire ina shealbhóir ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil, trí sheachvótalaí arna cheapadh aige, i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus in aghaidh gach ceadúnais den sórt sin beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú na trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais ina leith, trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht ceadúnais ina leith, ceithre vóta.

(b) Ní gá stampa ar ionstraim cheaptha seachvótálaí faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(4) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe i leith uiscí taoide speisialta i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige, nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta.

(5) Má bhíonn duine is áititheoir rátaithe ar iascach (ar lú ná caoga punt a luacháil inrátaithe) i dtoghroinn áirithe tar éis an ráta iascaigh a íoc ar an iascach sin in aghaidh na bliana iascaigh deiridh roimh an mbliain toghcháin sin agus gur punt nó níos mó méid an ráta iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) beidh an duine sin nó a ghníomhaire a bheidh ceaptha go cuí faoi alt 328 i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh sé i dteideal, i dteannta aon vóta nó vótaí chun a mbeidh teideal aige faoi fho-alt (2) den alt seo, vóta nó vótaí a bheith aige ann de réir an scála seo a leanas—

(i) más lú ná trí phunt méid an ráta iascaigh sin, vóta amháin,

(ii) más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an méid sin, dhá vóta,

(iii) más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an méid sin, trí vóta,

(iv) mura lú ná deich bpunt an méid sin, ceithre vóta,

(b) is leor-fhianaise ar cheart an duine sin nó a aturnae nó a ghníomhaire chun votáil sa toghchán sin admháil ar an dara leath den ráta iascaigh sin a thabhairt ar aird.

(6) Ní bheidh aon duine i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl bliain toghcháin áirithe do thoghroinn áirithe, ach amháin duine a bheidh i dteideal vótáil sa toghchán sin de bhua an ailt seo.

(7) San Acht seo, forléireofar tagairtí do thoghlach toghroinne do bhliain toghcháin mar thagairtí do na daoine a bheidh, de bhua an ailt seo, i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl an bhliain sin.

Cáilíocht chónaithe nó cáilíocht mhaoine coimeádaithe.

25. —Ní bheidh aon duine incheaptha chun oifig choimeádaí do thoghroinn mura bhfuil cónaí air nó maoin réadach aige sa cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin.

Dícháiliú chun duine a thoghadh mar choimeádaí.

26. —I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, beidh sé, ar a chiontú amhlaidh, dícháilithe chun a thofa ina chomhalta de bhord coimeádaithe go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe.

Toghcháin tríbhliantúla choimeádaithe.

27. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, gach bliain toghcháin, cibé lá i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain toghcháin sin agus cibé am agus áit is cuí leis, a cheapadh, i leith gach toghroinne is cuid dá cheantar iascaigh, chun cruinniú a thionól de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin, agus foilseoidh sé i dhá nuachtán nó níos mó a léitear ina cheantar iascaigh fógra ceithre lá dhéag ina n-inseofar an lá, an t-am agus an áit a cheapfaidh sé amhlaidh.

(2) Mura gceapfaidh bord coimeádaithe, de réir fho-alt (1) den alt seo, lá, am agus áit chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, féadfaidh an tAire an lá, an t-am agus an áit sin a cheapadh.

(3) An lá agus an t-am agus an áit a cheapfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, tionólfar an cruinniú sin agus toghfar aige an líon coimeádaithe is iomchuí don toghroinn sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le gach toghchán coimeádaithe do thoghroinn a chuirfear ar siúl, de bhun an Achta seo, bliain toghcháin ag cruinniú de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin:—

(a) san fho-alt seo ciallaíonn an focal “toghthóir” duine den toghlach sin agus, más toghthóir an tAire, folaíonn sé seachvótálaí don Aire,

(b) ní bheidh duine ar bith seachas an tAire i dteideal vótáil trí sheachvótálaí,

(c) toghfaidh na toghthóirí a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(d) beidh gach toghthóir a bheidh i láthair ag an gcruinniú i dteideal vótáil ann, de réir fhorálacha alt 24,

(e) a luaithe is féidir tar éis críochnú an toghcháin, comhairfidh an cathaoirleach na vótaí a fuarthas agus fogróidh sé toradh an toghcháin,

(f) déanfaidh an cathaoirleach ansin toghadh gach coimeádaí a dheimhniú faoina láimh agus deimhniú a thabhairt dó a bheidh ina leorfhianaise gur toghadh é,

(g) laistigh de cheithre lá tar éis an chruinnithe, cuirfidh an cathaoirleach cuntas chun an Aire ina dtaispeánfar ainm, áit chónaithe agus baile poist gach coimeádaí a toghadh,

(h) má fhaillíonn na toghthóirí freastal ar an gcruinniú sin nó mura dtoghfaidh siad coimeádaithe, féadfaidh coimeádaithe aon toghroinne nó toghranna eile sa cheantar iascaigh céanna dá dtoghfar coimeádaithe an bhliain toghcháin sin gníomhú, mar sin féin, i ngach ábhar agus ní a bhaineann leis an gceantar sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh cibé forálacha, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, is cuí leis maidir le toghcháin na gcoimeádaithe do thoghroinn agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin.

Athchoimeádaithe le gníomhú mura mbíonn toghchán ann.

28. —Más rud é go mbeidh an toghlach do na toghranna go léir i gceantar iascaigh gan coimeádaithe a thoghadh aon bhliain toghcháin faoi alt 27, fanfaidh na comhaltaí tofa a bheidh roimhe sin ar an mbord coimeádaithe don cheantar iascaigh sin i seilbh oifige agus measfar gurb í an bhliain toghcháin sin a toghadh iad mar chomhaltaí tofa den sórt sin.

Téarma oifige coimeádaithe.

29. —Beidh gach coimeádaí tofa toghroinne, murab éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó, i seilbh oifige ón gcéad lá i ndiaidh dáta a thofa go dtí meán oíche an lae ar a gcuirfear an chéad toghchán eile coimeádaithe don toghroinn iomchuí ar siúl de bhun alt 27.

Comhalta tofa de bhord coimeádaithe a bheith dícháilithe ar a chiontú i gcion.

30. —I gcás duine is comhalta tofa de bhord coimeádaithe a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, scoirfidh sé, ar a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den bhord sin.

Coimeádaí nach bhfreastalóidh ar chruinnithe a bheith dícháilithe.

31. —(1) Aon choimeádaí do thoghroinn a fhanfaidh as láthair ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile ó chruinnithe uile an bhoird don cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus ó chruinnithe uile na gcoimeádaithe don toghroinn sin, beidh sé dícháilithe chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin agus i gceann coicíse tar éis deireadh na tréimhse sin tiocfaidh a ionad ar an mbord sin chun bheith, agus beidh sé, folamh faoi réir an ailt seo.

(2) Aon uair a bheidh comhalta de bhord coimeádaithe ar thob, nó tar éis, a dhícháilithe faoi fho-alt (1) den alt seo chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin, féadfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná coicís tar éis deireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (1) agus más dóigh leis go mbeadh sé ceart aige mar gheall ar chúrsaí speisialta an cháis, cibé tréimhse bhreise is cuí leis a chur leis an tréimhse sin, agus air sin beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) sa chás áirithe sin ionann is dá gcuirfí an tréimhse fhadaithe sin in ionad na tréimhse sin de shé mhí as a chéile, ach ní dhéanfar aon tréimhse sé mhí as a chéile den sórt sin a fhadú níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

Coimeádaí toghroinne d'éirí as oifig.

32. —(1) Féadfaidh coimeádaí do thoghroinn éirí as oifig tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach bhord coimeádaithe an cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus sa chás sin measfar (mura ndéantar an fógra a tharraingt siar roimhe sin) a éirí as a theacht in éifeacht i dtosach an chéad chruinniú a bheidh ag an mbord sin tar éis an fógra sin a sheachadadh.

(2) Féadfar fógra éirí as faoin alt seo a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt agus é a sheachadadh dó roimh thosach an chéad chruinniú den bhord sin a thionólfar tar éis an fógra éirí as a sheachadadh.

(3) Féadfar fógra faoin alt seo a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt trína fhágáil dó ina oifig nó trína chur le litir-phost réamhíoctha i gclúdach faoi sheoladh an chléirigh ag a oifig.

Corrfholuntais i measc comhaltaí tofa.

33. —(1) Aon uair le linn téarma oifige aon bhoird choimeádaithe go dtarlóidh ionad aon chomhalta thofa den bhord a bheith folamh trí bhás, éirí as oifig, éagumas, nó dícháiliú, beidh sé dleathach do na comhaltaí eile den bhord nó cibé méid acu bheidh i láthair, trí rún a rithfear go cuí ag cruinniú den bhord, duine a thoghadh chun bheith ina chomhalta den bhord ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de théarma oifige an bhoird in ionad an chomhalta a mbeidh a ionad folamh amhlaidh, agus líonfar aon chorrfholúntas den chineál sin ag, nó roimh, an dara cruinniú a bheidh ag an mbord tar éis an folúntas sin tarlú.

(2) Nuair a tharlóidh ionad aon chomhalta de bhord coimeádaithe a bheith folamh mar a dúradh, féadfaidh na comhaltaí eile den bhord fanacht ag gníomhú, d'ainneoin an fholúntais sin, go dtí go líonfar an folúntas faoin alt seo.

Coimeádaithe ex officio.

Aititheoirí rátaithe áirithe a bheith ina gcoimeádaitheex officio.

34. —Faoi réir alt 35, is coimeádaí ex officio do cheantar iascaigh gach duine is áititheoir rátaithe ar cheart eisiatach iascaigh nó ar chearta eisiatacha iascaigh (ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe) sa cheantar iascaigh sin, ach má bhíonn beirt nó níos mó ná beirt áititheoir rátaithe den chineál sin ann ní bheidh thar duine amháin acu i dteideal gníomhú aon am áirithe mar choimeádaí ex officio i leith an iascaigh nó na n-iascach sin.

Dícháiliú chun gníomhú mar choimeádaí ex officio.

35. —(1) Ní mheasfar duine ar bith a bheith ina chomhalta ex officio de bhord coimeádaithe faoi alt 34 an fad a bheidh aon dliteanas a bheidh ar an duine sin i leith ráta iascaigh is iníoctha aige leis an mbord sin gan urscaoileadh ar feadh tréimhse is faide ná ceithre lá dhéag ó dháta an ráta iascaigh sin a theacht chun bheith iníoctha.

(2) I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) seilbh a bheith ag an duine sin ar dháta an chiontaithe sin, nó é a theacht dá éis sin chun bheith ina áititheoir rátaithe (ina aonar nó in éineacht le daoine eile), ar iascach eisiatach nó ar iascaigh eisiatacha ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe.

beidh an duine sin dícháilithe chun gníomhú mar choimeádaí ex officio faoi alt 34 go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin.

Comhaltaí ex officio

Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascaigh na Sionainne.

36. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a áirítear de thuras na huaire ar iascaigh na Sionainne (de réir bhrí Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ) agus ina ionad sin achtaítear leis seo—

(a) má bhíonn agus an fad a bheidh Bord Soláthair an Leictreachais mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, agus nár lú ná caoga punt a luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith an iascaigh sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar roinnt iascach den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascaigh eisiatach a iad an lú lá d'Eanáir, 1931, agus a bhí ar an dáta sin ar úinéireacht nó ar sealúchas nó ar áitiú ag an duine céanna agus nár lú ná caoga punt comhiomlán a luachálacha faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith na n-iascach sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin.

(2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal faoi fho-alt (1) den alt seo dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh an Bord sin, in ionad an dá chomhalta sin nó níos mó a ainmniú, gan ach comhalta amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin, agus i gcásanna den sórt sin beidh ag an duine amháin sin, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí a bheidh comhionann leis an líon comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a bheidh an Bord sin i dteideal de thuras na huaire a ainmniú faoin bhfo-alt sin.

Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascach eile a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais.

37. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a thógfaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo—

(a) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo a leanas, is é sin le rá, aon uair ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt luacháil an iascaigh sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith an iascaigh sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil an t-iascach sin, agus

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar dhá iascach nó níos mó den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascach eisiatach gach ceann ar leith díobh an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, aon uair, ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt comhiomlán luachálacha na n-iascach sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith na n-iascach sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil na hiascaigh sin.

(2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) beidh an Bord sin i dteideal cibé méid comhaltaí ex officio (cibé acu comhalta amháin nó níos mó ná sin é) den bhord coimeádaithe sin a ainmniú a mheasfaidh an Bord sin is ceart, ach gan dul thar an méid iomlán comhaltaí den sórt sin a bheidh an Bord sin i dteideal a ainmniú faoin bhfo-alt sin;

(b) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, ainmneofar é mar ionadaí d'aon iascach nó grúpa iascach amháin nó níos mó a shonrófar agus a mbeidh an Bord sin i dteideal, faoin bhfo-alt sin, comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith, ach sin i slí go mbeidh na comhaltaí ex officio sin a ainmneofar amhlaidh ina n-ionadaithe eatarthu do na hiascaigh nó na grúpaí iascach go léir a mbeidh an Bord sin i dteideal mar a dúradh comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith;

(c) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, beidh aige, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí is ionann agus an uimhir (cibé acu ceann amháin nó níos mó é) d'iascaigh nó de ghrúpaí iascach dá mbeidh sé ainmnithe faoi mhír (b) den fho-alt seo mar ionadaí.

Ainmniú comhaltaí ex officio ag an Aire.

38. —(1) Más rud é, ar an dáta a ngearrfaidh bord coimeádaithe an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt an luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar aon iascach dílsithe i gceantar iascaigh an bhoird sin, féadfaidh an tAire duine amháin a ainmniú mar ionadaí uaidh chun bheith, go dtí go ngearrfaidh an bord sin an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio den bhord sin i leith an iascaigh sin.

(2) I gcás—

(a) dhá iascach dhílsithe nó níos mó sa cheantar iascaigh céanna a dhílsiú san Aire ar an dáta céanna, agus

(b) na hiascaigh sin a bheith díreach roimh iad a dhílsiú amhlaidh ar úinéireacht nó ar áitiú ag an duine céanna,

ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb aon iascach amháin na hiascaigh sin agus gurb é a luacháil inrátaithe luacháil inrátaithe chomhiomlán na n-iascach sin go léir.

(3) I gcás aon iascach dílsithe a bheith ar léas de thuras na huaire nó a bheith ina iascach neamhúsáidte de thuras na huaire, ansin, chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, measfar gur neamhní luacháil inrátaithe an iascaigh sin.

(4) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, comhaltaí ex officio de dhá bhord coimeádaithe nó níos mó a ainmniú, féadfaidh sé an duine céanna a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio de gach bord ar leith acu sin.

(5) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh sé gan ach duine amháin a ainmniú, agus, sa chás sin, beidh ag an duine amháin sin agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord sin, uimhir vótaí is ionann agus an uimhir de na comhaltaí ex officio den bhord sin a bheidh an tAire i dteideal a ainmniú de thuras na huaire.

(6) San alt seo tá leis na habairtí “iascach dílsithe” agus “iascach neamhúsáidte” na bríonna chéanna atá leo faoi seach i gCuid XII.

Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe.

Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe.

39. —(1) Más rud é go mbeidh in aon cheantar iascaigh an uimhir de cheadúnais slaite breac a eiseofar aon bhliain ina mbeidh toghchán do bhord coimeádaithe don cheantar sin comhionann le caoga faoin gcéad ar a laghad den uimhir de cheadúnais slaite bradán a eisíodh sa cheantar sin i gcaitheamh na bliana sin agus ar ar íocadh dleacht cheadúnais dhá phunt, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) i gcás nach mbeidh uimhir na gceadúnas slaite breac sin níos mó ná seachtó a cúig faoin gcéad d'uimhir na gceadúnas slaite bradán sin, féadfaidh sealbhóirí na gceadúnas slaite breac sin duine dá líon a thoghadh mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe sin;

(b) i gcás ar bith eile, féadfaidh na sealbhóirí sin beirt dá líon a thoghadh mar ionadaithe chun suí ar an mbord coimeádaithe sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon duine a thoghfar faoi fho-alt (1) den alt seo aon bhliain mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe do cheantar:—

(a) faoi réir fhorálacha an Achta seo, suífidh an duine sin agus gníomhóidh sé mar choimeádaí ar an mbord sin agus beidh sé ina dhuine breise ar an líon coimeádaithe a bheidh le toghadh don cheantar sin faoin Acht seo;

(b) beidh an duine sin i seilbh oifige, mura dtarlóidh roimhe sin é d'fháil bháis nó é d'éirí as oifig nó é d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht, ar feadh tréimhse oifige na ngnáth-choimeádaithe a thoghfar don cheantar sin an bhliain a thoghfar an duine sin;

(c) más rud é, le linn a thréimhse oifige, go bhfaighidh an duine sin bás, go n-éireoidh sé as oifig nó go n-éireoidh sé éagumasach, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun gníomhú mar choimeádaí, féadfaidh an bord sin ag an dara cruinniú tar éis é d'fháil bháis, nó d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, nó roimh an gcruinniú sin, duine eile, is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac a d'eisigh an bord sin, a chomhthoghadh ina ionad chun an folúntas, a tharla de dheasca é d'fháil bháis, d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, a líonadh ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de thréimhse oifige an bhoird sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé forálacha a dhéanamh is cuí leis maidir le toghcháin faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin.

(4) In aon toghchán faoi fho-alt (1) den alt seo beidh duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac i dteideal vóta amháin agus sin an méid, cibé acu is sealbhóir é ar níos mó ná ceadúnas slaite breac amháin nó nach ea.

(5) San alt seo ní fholóidh an abairt “ceadúnais slaite breac” ceadúnais slaite breac (sóisear).

Oifigigh agus Seirbhísigh.

Oifigigh bhord coimeádaithe.

40. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfaidh bord coimeádaithe cléireach nó cléirigh a cheapadh agus cibé líon cigirí agus maor uisce is dóigh leis an mbord a bheith riachtanach chomh fada is a bheidh sin d'acmhainn ag na cistí a bheidh faoina réir ag an mbord, ach sin an méid, chun na hiascaigh ina gceantar a chosaint agus chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm go ginearálta sa cheantar sin.

(2) Beidh gach ceapachán cléirigh nó oifigigh nó seirbhísigh eile a dhéanfaidh bord coimeádaithe agus tuarastal, liúntais agus seilbh oifige gach duine a cheapfar amhlaidh faoi réir fhormheas an Aire, agus ní thiocfaidh aon cheapachán den sórt sin in éifeacht mura gcuirfear agus go dtí go gcuirfear formheas an Aire air in iúl i scríbhinn don bhord.

(3) Tógfaidh bord coimeádaithe ó aon chléireach agus ó aon oifigeach nó duine eile a bheidh ag fáil airgid don bhord leor-urrús go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go cuí agus go dtabharfaidh sé cuntas cuí san airgead sin.

(4) Ní fhoirceannfar tréimhse oifige chléirigh ná aon oifigigh nó seirbhísigh eile do bhord coimeádaithe ar an aonchúis gur scoir comhaltaí an bhoird sin dá n-oifig nó gur cuireadh as oifig iad.

(5) Féadfaidh bord coimeádaithe ó am go ham aon oifigeach nó seirbhíseach a chur as oifig.

(6) Féadfaidh an tAire tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar bhord coimeádaithe aon chléireach nó oifigeach nó seirbhíseach eile don bhord a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú agus más rud é go bhfailleoidh bord coimeádaithe ar fead tréimhse míosa fógra faoin alt seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire féin, le hordú, an cléireach nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile a luafar sin fhógra a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú.

(7) Déanfar gach ionstraim lena gceapfaidh bord coimeádaithe aon chisteoir, cléireach, cigire, maor uisce nó oifigeach eile—

(a) a ullmhú agus a chló san fhoirm fhorordaithe,

(b) a shéalú le séala an bhoird, agus

(c) a shíniú ag triúr comhaltaí ar a laghad den bhord.

(8) Beidh gach ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala an bhoird ina leorfhianaise ar an gceapachán sin.

(9) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe.

(10) Ní bheidh aon chomhalta de bhord coimeádaithe incháilithe le haghaidh aon oifig íoctha faoin mbord.

Dualgais chléireach bhord coimeádaithe.

41. —(1) Déanfaidh cléireach bhord coimeádaithe—

(a) freastal ar chruinnithe uile an bhoird,

(b) cuntas fíor a bhreacadh agus a choimeád, i leabhar nó i leabhair a sholáthrófar chuige sin, ar an airgead a fuair an bord agus ar a úsáid, agus ar ghníomhartha, imeachtaí agus idirbhearta uile an bhoird,

(c) cibé dualgais eile a chomhlíonadh a ordóidh an bord,

(d) cuntas a thabhairt don Aire gach bliain nó a mhinice a iarrfaidh an tAire é ar an airgead uile a fuarthas agus a íocadh i leith cheantar iascaigh an bhoird.

(2) Aon uair a thairgfear ag cruinniú de bhord coimeádaithe aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh a mbeidh íocaíocht neamhdhleathach le déanamh dá dhroim as cistí an bhoird sin, nó ar dóigh easnamh sna cistí sin nó caillteanas dóibh a theacht dá chionn, beidh de dhualgas ar chléireach an bhoird sin agóid a dhéanamh i gcoinne an gníomh, an ní nó an rud sin a dhéanamh agus forais na hagóide sin a lua, agus déanfar an agóid sin agus a forais agus, má thugtar cinneadh ar an tairiscint sin, ainmneacha na gcomhaltaí den bhord sin a bhí i láthair agus na gcomhaltaí díobh a vótáil ar thaobh an chinnte sin nó ina choinne agus na gcomhaltaí díobh nár vótáil ar an gcinneadh sin a thaifeadadh ar mhiontuairiscí an chruinnithe sin,

Forálacha Airgeadais.

Cisteoir an bhoird.

42. —Féadfaidh bord coimeádaithe banc a cheapadh chun ghíomhú mar chisteoir dó.

Dleachtanna ceadúnais, etc., a íoc leis an gcisteoir.

43. —Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh bord coimeádaithe nó a gheofar thar a cheann faoin Acht seo a íoc le cisteoir an bhoird.

Iocaíochtaí ón gcisteoir.

44. —Déanfaidh cisteoir bord coimeádaithe, as airgead a bheidh de thuras na huaire i gcreidiúint don bhord, na suimeanna go léir a bheidh le híoc ag an gcisteoir a íoc ar dhréacht nó ordú arna shíniú ag an gcathaoirleach ag aon ghnáth-chruinniú den bhord agus ag dhá chomhalta eile den bhord.

Iocaíochtaí ó bhoird choimeádaithe leis an Aire i leith ceadúnas áitiúla speisialta.

45. —(1) I gcás ina n-eiseoidh bord coimeádaithe aon cheadúnais áitiúla speisialta aon mhí, íocfaidh an bord sin, tríocha lá ar a dhéanaí tar éis deireadh na míosa sin, leis an Aire, i leith gach ceadúnais áitiúil speisialta a d'eisigh an bord sin an mhí sin, suim is comhionann leis an difríocht idir—

(a) an dleacht cheadúnais a íocfaí ina leith dá mba ghnáthcheadúnas é á údarú úsáid a bhaint as inneall iascaireachta den chineál céanna leis an gceann lena mbaineann an ceadúnas áitiúil speisialta sin, agus

(b) an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta a íocadh i leith an cheadúnais sin.

(2) Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Bord coimeádaithe le meastachán bliantúil a thabhairt.

46. —(1) Beidh de dhualgas ar gach bord coimeádaithe meastachán a thabhairt don Aire, an 30ú lá de Shamhain nó roimhe sin gach bliain iascaigh, ar an airgead go léir a bheidh le fáil aige an bhliain iascaigh sin agus ar a mbeidh beartaithe a dhéanamh leis an airgead sin agus ar chaiteachas eile a bheidh beartaithe a dhéanamh an bhliain iascaigh sin.

(2) Féadfaidh an tAire aon mheastachán ar chaiteachas a bheidh beartaithe a thabharfar dó de bhun fo-alt (1) den alt seo a cheadú gan leasú nó le cibé leasuithe (trí athrú nó breisiú nó fágáil ar lár) is oiriúnach leis.

Srian le caiteachas ag boird choimeádaithe.

47. —Ní rachaidh bord coimeádaithe aon bhliain iascaigh faoi aon chaiteachas taobh amuigh de cibé caiteachas a bheidh luaite sa mheastachán ar chaiteachas don bhliain iascaigh sin mar a cheadóidh an tAire é faoi alt 46 agus aon chaiteachas breise a cheadóidh an tAire go speisialta (má cheadaíonn).

Cuntais bhord coimeádaithe.

48. —Beidh feidhm maidir le cuntais bhord coimeádaithe agus le hiniúchadh agus le hiniúchóir na gcuntas sin ag na forálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

An Ciste Caomhnaithe Bradán.

49. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1954” an t Acht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 (Uimh. 4 de 1954) (a aisghaireadh le hAcht 1958);

ciallaíonn “Acht 1958” an t Acht Iascaigh (Leasú), 1958 (Uimh. 15 de 1958) (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caomhnaithe Bradán a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1954 agus a choimeádtar ar marthain le fo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1958;

ní fholaíonn “bradáin” bradáin leasaithe i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach codanna d'iasc nó táirgí éisc;

(2) Leanfaidh an tAire den Chiste a chothabháil.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhaireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird tráth an onnmhuirithe fianaise, i cibé foirm a fhorordófar, gur íocadh tobhach de réir an ráta fhorordaithe ar na bradáin sin.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm.

(4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a bheidh le híoc ar bhradáin a bheidh le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, a fhorordú le rialacháin.

(b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh a fhorordú do thréimhsí éagsúla.

(c) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain.

(d) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a fhorordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den sórt sin mura ndaingnítear agus go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas.

(5) Déanfaidh gach bord coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileoidh tobhaigh faoin alt seo na suimeanna uile a bhaileofar amhlaidh a íoc leis an Aire a luaithe is féidir.

(6) (a) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná dhá phunt an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

(b) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá) a bheith bailí ar feadh tréimhse áirithe seacht lá, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(c) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe lá agus fiche, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(d) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(e) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 68, gur mó ná deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (is ceadúnas a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin), déanfaidh gach bord coimeádaithe maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

(7) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (5) nó (6) den alt seo a íoc isteach sa Chiste.

(8)    (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna is gá chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (a) d'fho-alt (9) den alt seo a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(b) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar mhodh deontais nó ar mhodh airleacan is inaisíoctha ar cibé téarmaí a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(9) (a) Féadfaidh an tAire na suimeanna seo a leanas a íoc as an gCiste—

(i) cibé suimeanna a mheasfaidh sé is cuí chun cur le hioncam aon bhoird choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam aon bhliain áirithe faoi chomhair caiteachas an bhoird choimeádaithe sin ag comhlíonadh a dhualgas.

(ii) cibé suimeanna is cuí leis an Aire i leith an chaiteachais faoina rachfar maidir le haon scéim chun iascaigh intíre a fheabhsú.

(b) Déanfaidh an tAire costas riartha an Chiste a íoc as an gCiste.

(c) Íocfaidh an tAire as an gCiste na híocaíochtaí uile a bheidh dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi fho-alt (8) den alt seo.

(10) Ullmhófar cuntas ar an gCiste do gach bliain airgeadais i bhfoirm a cheadóidh an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(11) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhaoine ag ar iníoctha tobhach faoin alt seo, nó ar aon aicme daoine den sórt sin, clárú sa tslí, taifid a choimeád agus saoraidí a thabhairt chun a n-iniúchta, agus tuairisceáin a thabhairt mar a fhorordófar.

(b) Aon duine a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(12) Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an ailt seo agus nach bhfuil soláthar dó in aon áit eile, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(13) Aon ordú nó rialachán a rinneadh faoi Acht 1954 agus a bheidh i bhfeidhm de bhua fho-alt (14) d'alt 8 d'Acht 1958, díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm d'ainneoin Acht 1958 a aisghairm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe agus díscaoileadh na mbord sin.

Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe.

50. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis é, a ordú fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag aon bhord coimeádaithe agus féadfaidh sé duine ar bith a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(2) Nuair a cheapfar duine (nach oifigeach don Aire) chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo, íocfar leis an duine sin cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Nuair a dhéanfar fiosrúchán maidir le bord coimeádaithe faoin alt seo, deimhneoidh an tAire méad an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire maidir leis an bhfiosrúchán sin, agus déanfaidh an tAire an méad a dheimhneofar amhlaidh a ghnóthú as ioncam an bhoird sin.

(4) Déanfar aon suim a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (3) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cumhacht chun boird choimeádaithe a dhíscaoileadh.

51. —(1) Má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoin Acht seo i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag bord coimeádaithe, nach bhfuil dualgais an bhoird sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil ag an mbord sin, nó

(b) go bhfailleoidh bord coimeádaithe go toiliúil déanamh de réir aon ordaithe nó treorach nó rialacháin atá dleathach ón Aire, nó go bhfailleoidh sé déanamh de réir aon bhreithiúnais, ordaithe nó fhoraithne ó aon chúirt,

féadfaidh an tAire, le hordú, an bord coimeádaithe sin a dhíscaoileadh agus toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a ordú (faoin gcumhacht a thugtar dó anseo ina dhiaidh seo) nó cistí, leabhair agus maoin eile agus cumhachtaí, dualgais agus dliteanais éagsúla an bhoird sin a aistriú chun aon chomhlachta nó duine is cuí leis.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ag díscaoileadh boird choimeádaithe féadfaidh sé cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun dualgais an bhoird choimeádaithe sin a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ó am go ham gach duine nó aon duine díobh sin a chur as oifig agus daoine eile a cheapadh ina n-ionad, agus féadfaidh sé sealbhaíocht oifige, dualgais agus luach saothair gach duine den chineál sin agus an t-urrús (más ann) a bheidh le tabhairt aige a shocrú.

(3) Déanfar luach saothair gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh a íoc as ioncam an bhoird choimeádaithe sin mar chuid den chaiteachas a ghabhann le comhlíonadh dhualgais an bhoird.

(4) I gcás duine atá ag fónamh sa Státseirbhís a cheapadh faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh, aisíocfar as ioncam an bhoird choimeádaithe sin leis an Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin maraon le cibé muirir a chinnfidh an tAire sin a bheith ceart i leith aoisliúntais, agus liúntais agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin nó ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) Tráth ar bith tar éis bord coimeádaithe a dhíscaoileadh faoin alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, más cuí agus nuair is cuí leis é, a chur faoi deara toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a chur ar siúl, agus ar an toghchán nua sin a bheith críochnaithe dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh, d'ainneoin an céanna a bheith aistrithe ag an Aire faoin alt seo chun aon chomhlachta nó duine eile.

(6) Cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar toghchán nua do chomhaltaí de bhord coimeádaithe a chur ar siúl de bhun ordú faoi fho-alt (5) den alt seo, déanfar an chéad toghchán eile ina dhiaidh sin do chomhaltaí den bhord coimeádaithe sin a chur ar siúl ar an gcéad ócáid eile ar ghá de réir dlí toghchán do na comhaltaí sin a chur ar siúl dá mba rud é nár díscaoileadh an bord sin, agus air sin dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán a dhéanamh is dóigh leis is gá chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon ordú a dhéanfaidh sé faoin alt seo.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le boird choimeádaithe.

Séala boird choimeádaithe.

52. —Soláthróidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh séala dó féin.

Imeachtaí boird choimeádaithe.

53. —(1) Déanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham na tráthanna agus na hionaid a shocrú agus a chinneadh do ghnáth-chruinnithe an bhoird, agus fógra ina dtaobh a fhoilsiú go cuí.

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ag aon ghnáth-chruinniú an tráth agus an t-ionad a shocrú chun gnáthchruinniú den bhord a thionól agus féadfaidh sé cruinnithe atrátha a thionól.

(3) Féadfaidh aon trí chomhalta de bhord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham cruinniú speisialta den bhord a ghairm ar choinníoll—

(a) go ndéanfar fógra faoi ionad agus tráth gach cruinniú speisialta den sórt sin, arna shíniú ag trí chomhalta nó níos mó nó ag cléireach an bhoird ar iad á fhor-éileamh sin air, a chur isteach dhá uair ar a laghad i dhá nuachtán éigin a léitear sa chontae nó sna contaetha ina bhfuil an ceantar iascaigh sin, deich lá ar a laghad sula dtionólfar an cruinniú sin, nó

(b) go ndéanfaidh cléireach an bhoird, arna fhoréileamh air mar atá ráite, fógra deich lá i scríbhinn a thabhairt i dtaobh an chruinnithe sin do gach comhalta den bhord.

(4) Ag gach cruinniú den bhord coimeádaithe beidh córam ann má bhíonn trí chomhalta i láthair.

(5) Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú de bhord coimeádaithe a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an tAire nó oifigeach don Aire a mbeidh údarás aige ón Aire freastal ar aon chruinniú de bhord coimeádaithe agus dul i gcomhairle leis an mbord agus comhairle a thabhairt dó nó a ghlacadh uaidh faoi rialú, bainistí agus feabhsú na n-iascach, agus féadfaidh sé gach tráth réasúnach teacht a bheith aige ar na leabhair agus na cuntais a choimeádtar chun críocha aon cheantair iascaigh agus iad a bhreithniú.

Cosaint ar bhradáin ag sceitheadh i dTuaisceart Éireann.

54. —Más rud é gur uiscí taoide speisialta atá i gcuid d'abhainn agus gur i dTuaisceart Éireann atá an chuid eile (ar cuid í ina sceitheann bradáin) den abhainn sin, féadfaidh an bord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin, le haontú an Aire, cibé comhshocraíochtaí nó comhaontuithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar bradáin agus bric, agus a n-uibheacha agus a ngilidíní, sa chuid den abhainn sin atá i dTuaisceart Éireann agus chun críche na gcomhshocraíochtaí nó na gcomhaontaithe sin íocaíochtaí a dhéanamh as cistí an bhoird.

CUID V.

Rátaí ar Iascaigh.

Rátaí ar iascaigh.

55. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin gach bliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan ar gach iascach laistigh dá cheantar iascaigh (a thaispeáinfear sna Liostaí Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin agus nach bhfuil idirdhealaithe iontu ag an gCoimisinéir Luachála de bhun alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854) de réir cibé méid faoi gcéad dá luachálacha is leor, i dteannta an mhéid a mheastar d'ioncam eile, faoi chomhair an chaiteachais a mheastar a bheidh ar an mbord an bhliain iascaigh sin.

(2) Beidh gach ráta a leagfaidh bord coimeádaithe faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é a dhaingniú gan mhodhnú nó le cibé modhnú (cibé acu trí mhéadú nó laghdú é) is cuí leis.

(3) Mura ndéanfaidh bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin aon bhliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan don bhliain iascaigh sin, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ráta a leagan do cheantar an bhoird choimeádaithe sin don bhliain iascaigh sin agus sa chás sin déanfaidh an bord coimeádaithe sin an ráta a leagfaidh an tAire amhlaidh a thobhach, a bhailiú, agus a ghnóthú ionann is dá mbeadh an ráta sin leagtha ag an mbord agus daingnithe ag an Aire faoin alt seo.

(4) Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi fho-alt (1) den alt seo nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoi fho-alt (3) den alt seo do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, féadfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire athrú, nach gcuirfidh as don luach, a dhéanamh ar na sonraí, maidir le hiascach sa cheantar iascaigh sin, sna liostaí luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, más gá an t-athrú sin, an tráth a leagfar an ráta, chun a chumasú don bhord coimeádaithe nó don Aire rátú bailí a dhéanamh.

(5) Gach ráta a leagfar faoin alt seo déanfaidh na daoine éagsúla a bheidh rátaithe ina leith é a íoc ina dhá leath an lú lá d'Aibreán agus an 1ú lá de Lúnasa an bhliain iascaigh dár leagadh an ráta, agus íocfar é amhlaidh de bhreis agus de bharr ar gach dleacht cheadúnais nó aon dleacht cheadúnais a íocfaidh na daoine sin faoin Acht seo in aghaidh na bliana iascaigh sin nó aon bhliana iascaigh eile.

(6) Gach duine a dhlitear a rátú faoin Acht seo i leith iascaigh beidh sé díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ráta is intoibhithe ag comhairle aon chontae, contae-bhuirge nó ceantair uirbigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, agus ní dhéanfaidh aon chomhairle den sórt sin aon ráta a thobhach ná a bhailiú i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil den sórt sin.

(7) Má dheimhníonn an tAire Rialtais Áitiúil go ndearnadh, mar gheall ar an díolúine a thugtar le fo-alt (6) den alt seo ó dhliteanas rátaí i leith iascach, méad an ráta ba ghá do chomhairle chontae nó contae-bhuirge nó ceantair uirbigh a leagan agus a thobhach, mura mbeadh an fo-alt seo, ar aon limistéar agus in aon limistéar chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, a mhéadú de shuim is mó ná pingin sa phunt, íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthróikh an tOireachtas ó am go ham, leis an gcomhairle sin roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla sin, méad is comhionann leis an tsuim a thiocfadh as ráta ar an limistéar sin agus sa limistéar sin ionann agus an méad sa phunt a bheidh an méadú sin os cionn pingin sa phunt.

(8) Baineann an t-alt seo le gach bliain iascaigh a thosóidh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1964.

Na luachálacha a leagfar rátaí iascaigh dá réir agus forálacha maidir le hachomhairc i gcoinne luachálacha ar iascaigh.

56. —Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi alt 55 nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoin alt sin, do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, leagfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire an ráta de réir na luachálacha a thaispeáinfear sa Liosta Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, agus féadfaidh an bord coimeádaithe aon suim a bheidh dlite mar gheall ar aon ráta a leagadh amhlaidh a thobhach, a bhailiú agus a ghnóthú, d'ainneoin aon achomharc nó fógra achomhairc faoi na hAchtanna Luachála a bheidh ar feitheamh i leith luachála, ach má dhéantar luacháil aon iascaigh a athrú ar achomharc ansin—

(a) má laghdaítear an luacháil, aisíocfaidh an bord coimeádaithe aon suim a íocadh i leith an ráta de bhreis ar an tsuim ab iníoctha dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc, agus

(b) má mhéadaítear an luacháil, féadfaidh an bord coimeádaithe suim a ghnóthú, mar riaráistí ráta, is ionann agus an difríocht idir an tsuim ab iníoctha i leith a ráta a leagadh agus an tsuim ab iníoctha i leith an ráta dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc.

Leasú ar rátaí iascaigh.

57. —(1) I gcás ráta iascaigh ar iascach a leagan faoi alt 55 bliain iascaigh áirithe, féadfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach cibé leasuithe a dhéanamh ar an ráta is gá chun go gceartófar ainmneacha áititheoirí, míthuairiscí, agus earrádí cléireachais, áirimh agus eile ann, ach ní fhéadfaidh siad sin a dhéanamh tar éis deireadh na bliana iascaigh dá éis sin.

(2) Aon uair a bheartóidh bord coimeádaithe ráta ar iascach a leasú faoin alt seo—

(a) déanfaidh an bord coimeádaithe fógra faoin leasú a bheidh beartaithe a sheirbheáil leis an bpost ar aon duine arb é áititheoir an iascaigh é,

(b) cuirfear in iúl san fhógra go bhféadfar agóidí i scríbhinn i gcoinne an leasaithe a bheidh beartaithe a chur go dtí an bord coimeádaithe laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a chur sa phost,

(c) sula ndéanfar an leasú a bheidh beartaithe, breithneoidh an bord coimeádaithe aon agóidí a fuarthas de thoradh an fhógra.

(3) Aisíocfaidh bord coimeádaithe suimeanna nó tabharfaidh sé creidmheasa (de réir mar is gá sa chás) i leith ráta iascaigh, agus beidh sé i dteideal rátaí iascaigh a ghnóthú de réir mar is iomchuí ó am go ham de thoradh aon leasaithe faoin alt seo.

Dliteanas i leith ráta iascaigh.

58. —Is é duine a dhlífidh ráta iascaigh a íoc i leith iascaigh an duine is áititheoir ar an iascach sin.

Ráta iascaigh a bhailiú agus a ghnóthú.

59. —(1) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham an ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta.

(2) Féadfar ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a ghnóthú ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má mhainníonn duine ar bith (dá ngairtear an duine rátaithe san fho-alt seo) atá rátaithe i leith iascaigh le haghaidh ráta iascaigh aon leath den ráta iascaigh sin a íoc laistigh de mhí tar éis an dáta a gceanglaítear le fo-alt (5) d'alt 55 an leath sin a íoc, beidh an leath sin inghnóthaithe (mar is rogha leis an duine atá i dteideal de réir dlí é a bhailiú agus a ghnóthú) ón duine rátaithe nó ó aon duine a raibh, tráth an ráta iascaigh sin a leagan nó tráth ar bith dá éis sin, an t-iascach sin ar sealúchas nó á úsáid nó ar áitiú aige, agus, más tionónta ag an duine rátaithe an duine deiridh sin, féadfaidh sé, mura bhforálann an conradh tionóntachta gurb é an tionónta a íocfaidh an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a ghnóthófar uaidh amhlaidh a bhaint as aon chíos is iníoctha leis an duine rátaithe.

Íocaíochtaí ón Aire in ionad ráta iascaigh.

60. —(1) Ní bheidh aon ráta iascaigh iníoctha ag an Aire i leith aon iascaigh dhílsithe (Cuid XII).

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire más cuí leis é, i gcás gach iascaigh dhílsithe (Cuid XII), amhail ar an gcéad lá íoca tar éis an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, suim leathbhliantúil a íoc aon bhliain iascaigh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin in ionad ráta iascaigh, agus ríomhfar an tsuim sin mar leath an ráta iascaigh don bhliain iascaigh reatha ar an luacháil inrátaithe a bheidh ann dáta an ráta iascaigh a leagan.

(3) I gcás iascach dílsithe (Cuid XII) a bheith de thuras na huaire ina iascach neamhúsáidte (de réir bhrí Chuid XII) ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin tar éis tosach na céad bhliana iascaigh i ndiaidh an dáta ar a dtabharfaidh an tAire fógra don bhord coimeádaithe ar ina gceantar iascaigh atá an t-iascach sin go bhfuil beartaithe aige gan an t-iascach sin a úsáid.

(4) I gcás ina scoirfidh an tAire d'iascach dílsithe (Cuid XII) a oibriú agus go n-oibreoidh sé é ina dhiaidh sin, féadfar íocaíocht in ionad ráta iascaigh a dhéanamh an chéad lá íoca agus ón gcéad lá íoca tar éis an dáta ar a n-oibreofar an t-iascach sin ina dhiaidh sin.

(5) I gcás ina léasóidh an tAire faoi Chuid XII iascach dílsithe (Cuid XII), ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon tréimhse a bheidh aon duine faoi oibleagáid ráta iascaigh a íoc i leith an iascaigh sin.

(6) Chun críocha an ailt seo is lá íoca gach dáta acu seo a leanas gach bliain—

(a) an lú lá d'Aibreán;

(b) an lú lá de Lúnasa.

Rátaí iascaigh ar iascaigh léasaithe.

61. —(1) Aon uair a dheonóidh an tAire léas ar iascach faoi Chuid XII, féadfaidh sé, más cuí leis é, a thabhairt go gcuirfear sa léas sin cúnant ón Aire sa chéill seo a leanas, eadhon, má bhíonn breis ar an méad ceaptha ag an méad a íocfaidh an léasaí mar ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana iascaigh sa téarma a dheonóidh an léas sin, go n-íocfaidh an tAire leis an léasaí suim is comhionann leis an mbreis.

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “an méad ceaptha”, maidir le hiascach is ábhar do léas faoi Chuid XII, suim na méideanna seo a leanas:—

(a) an méad (dá ngairtear “an méad caighdeánach” anseo feasta) is iníoctha ag an áititheoir mar ráta iascaigh nó ag an Aire in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh na bliana iascaigh a bheidh ag rith ar an dáta ar a ndeonófar an léas sin nó, mura ndearnadh an ráta iascaigh don bhliain iascaigh sin don cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin a leagan roimh an data sin, in aghaidh na bliana iascaigh díreach roimhe sin, agus

(b) an fichiú cuid den mhéad caighdeánach.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh breithiúnas ó chúirt inniúil faighte ag bord coimeádaithe in aghaidh léasaí iascaigh, is ábhar do léas faoi Chuid XII, i leith aon ráta iascaigh a bheidh dlite i leith an iascaigh sin, agus

(b) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil aon earraí ag an léasaí sin a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis ón gcúirt sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) féadfaidh an tAire, más cuí leis é, suim a íoc leis an mbord coimeádaithe sin nach mó ná méad an ráta iascaigh sin agus aon chostais agus caiteachais faoina ndeachaigh an bord coimeádaithe sin i ndáil leis an mbreithiúnas sin a fháil agus le hiarracht a dhéanamh ar é a chur i bhfeidhm,

(ii) aon suim a íocfar amhlaidh beidh sí ina fhiach a bheidh dlite don Aire ón léasaí sin agus féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Deontais do bhoird choimeádaithe áirithe.

62. —(1) Gach bliain iascaigh, íocfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach bord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda di, méad is comhionann le cibé céatadán den tsuim ba luacháil inrátaithe iomlán ar na hiascaigh sna huiscí taoide sin, an lú lá d'Eanáir, 1933, a ceapadh chun críche an ráta ab intoibhithe in aghaidh na bliana sin ar na hiascaigh eile sa cheantar sin faoi alt 55.

(2) Más deimhin leis an Aire go dtarlóidh, aon bhliain iascaigh, nach leor na fáltais (lena n-áirítear an t-airgead is iníoctha an bhliain sin faoi fho-alt (1) den alt seo) a gheobhaidh aon bhord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda de, chun íoc as an gcaiteachas a bheidh ar an mbord sin an bhliain sin, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná an t-easnamh measta a íoc leis an mbord sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Forálacha ar fionraí maidir le rátaí ar iascaigh.

63. —(1) Ní bheidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (4), agus (5) den alt seo i gcaitheamh aon bhliana iascaigh lena mbaineann alt 55 de bhua fho-alt (8) den alt sin.

(2) Íocfaidh an t-áititheoir ar gach iascach i gceantar iascaigh, atá taifeadtha mar oidhreachtán inrátaithe ar an Liosta Luachála a ullmhaíodh faoi na hAchtanna Luachála, gach bliain le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin mar ráta bliantúil, ina dhá ghála chothroma leathbhliantúla, an lú lá d'Fheabhra agus an 1ú lá d'Iúil an bhliain sin, cibé suim, i dteannta na ndleachtanna ceadúnais is iníoctha ar innill iascaireachta a úsáidfear ag iascaireacht an iascaigh sin, a bheidh cothrom le méid na difríochta idir na suimeanna a íocfaidh sé ar na dleachtanna ceadúnais sin agus suim bhliantúil deich faoi gcéad de luacháil inrátaithe an iascaigh sin, faoi réir cibé laghdú ar an gcéadatán sin a dhéanfaidh an bord coimeádaithe sin, ó am go ham, faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, le ceadú an Aire, an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a laghdú i leith an cheantair iascaigh sin, agus beidh éifeacht ag aon laghdú den sórt sin an lú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin agus uaidh sin amach.

(4) Féadfar ráta is iníoctha le bord coimeádaithe faoin alt seo a ghnóthú, ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham ráta is iníoctha le bord comeádaithe faoin alt seo a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta.

CUID VI.

Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna a Iascaireacht.

Caibidil I.

Gnáth-Cheadúnais Iascaireachta.

Gan feidhm a bheith ag an gCaibidil seo i gcás uiscí taoide speisialta.

64. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inneall iascaireachta a úsáid in aon uiscí taoide speisialta le bradáin nó bric a thógáil.

Pionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, a úsáid.

65. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta a úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a thógáil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire á údarú an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le slat agus ruaim a úsáid.

Pionós mar gheall ar bhradáin a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

66. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine ar bith bradáin a iascaireacht nó a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim i gceantar iascaigh, agus

(b) nach bhfuil an duine sin ina shealbhóir ar ghnáthcheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus atá ar fáil le haghaidh úsáide sa cheantar iascaigh sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an tslat agus an ruaim a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le gnáthcheadúnais iascaireachta.

67. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, de réir an ailt seo, ceadúnais iascaireachta (dá ngairtear gnáth-cheadúnais iascaireachta san Acht seo) a eisiúint i leith inneall sceidealta.

(2) (a) Ní dhéanfaidh bord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint mura mbeidh ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don bhord coimeádaithe sin ceadúnais den aicme sin a eisiúint.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, (uaidh féin nó ar iarratas ón mbord coimeádaithe) a údarú do bhord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint.

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a chúlghairm.

(3) (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáth-cheadúnais iascaireachta le heisiúint ina n-aghaidh—

(i) i gcás gnáth-cheadúnas slaite bradán—seacht lá, lá agus fiche, bliain, agus tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil,

(ii) i gcás gnáth-cheadúnas iascaireachta eile—bliain.

(b) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (seacht lá) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh seacht lá, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(c) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh lá agus fiche, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(d) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(e) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) (ceantar) a thabharfar ar gnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(f) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(g) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(4) (a) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse seacht lá dar tosach an dáta a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(b) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(c) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach an dáta (ar chéad lá d'Iúil é) a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(d) Beidh gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá), gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na bliana a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(5) Eiseofar gnáth-cheadúnas iascaireacht ar leithligh i leith gach innill iascaireachta ar leithligh.

(6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseoidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an tréimhse ar ar a feadh a bheidh sé bailí agus i bhfeidhm,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) mura gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) é, nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68 nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin 68—ainm na toghroinne (ar toghroinn í den cheantar iascaigh sin) inar eisíodh é,

(iv) an cineál innill iascaireachta lena mbaineann sé.

(7) Má iarrtar ceadúnas slaite bradán ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh, eiseofar an ceadúnas sin—

(a) i gcás an t-iarratasóir a bheith ina úinéir nó ina áititheoir ar shlat-iascach bradán sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn den cheantar iascaigh sin ina bhfuil an t-iascach sin, nó

(b) in aon chás eile—

(i) mura bhfuil ach aon toghroinn fíoruisce amháin sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn fíoruisce sin, nó

(ii) má tá dhá thoghroinn fíoruisce nó níos mó sa cheantar iascaigh sin, i cibé ceann de na toghranna sin a iarrfaidh an t-iarratasóir.

(8) Má dhéantar iarratas chun bord coimeádaithe ar cheadúnas d'inneall iascaireachta (arb éard é inneall seasmhach, bosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó súil, bearna nó cliabh chun eascanna a thógáil i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó orthu sin), eiseofar an ceadúnas sin sa toghroinn ina bhfuil an t-inneall sin.

(9) Gach gnáth-cheadúnas a eiseofar i leith innill iascaireachta (seachas slat agus ruaim) beidh ar a aghaidh—

(a) i gcás innill a bheidh le húsaid in iascach eisiatach, ainm an duine (dá ngairtear an t-úinéir san alt seo) a bheidh de thuras na huaire i dteideal an t-inneall sin a úsáid chun a thairbhe féin nó, má iarrann an t-úinéir é trí fhógra i scríbhinn chun an bhoird choimeádaithe lena mbainfidh, ainm cibé duine eile a shonróidh an t-úinéir san fhógra, nó

(b) i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine a íocfaidh an dleacht cheadúnais ar an inneall sin.

(10) Séalófar gach gnáth-cheadúnas iascaireachta le séala an bhoird chiomeádaithe a eiseoidh é.

(11) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán),

(b) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar),

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

(12) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh.

(13) Inseofar i ngach gnáth-cheadúnas slaite bradán ainm agus seoladh an duine chun ar eisíodh é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil le húsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheidh ainmnithe ann ná ní aistreofar é chun aon duine eile.

(14) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán) chun údarás a thabhairt inneall iascaireachta den chineál a shonrófar ann a úsáid i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a shonrófar ann, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(15) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáthcheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i ngach ceantar iascaigh, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(16) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(17) Ní fhorléireofar gnáth-cheadúnas iascaireachta mar ní a thugann nó a bhronnann aon cheart chun iascaireacht a dhéanamh nó aon inneall a úsáid le hiasc a thógáil ar bhealach ar bith ná in áit ar bith sa chás nach mbeadh an ceart sin ag an duine a bhfuil an ceadúnas aige nó a úsáideann é dá mba nár ritheadh an tAcht seo ná mar ní a athraíonn cearta aon duine eile nó a dhéanann difir dóibh.

Dleachtanna ar ghnáthcheadúnais iascaireachta.

68. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas slaite bradán den aicme a shonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6), nó (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i cibé colún acu sin a bhaineann le gnáth-cheadúnas slaite bradán den aicme sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán d'aicme áirithe a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shocraítear ina leith le mír (a) den fho-alt seo.

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo leis an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith—

(i) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, nó

(ii) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil), féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantuil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha an tsuim atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais a athrú i leith gnáthcheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, ach sin i slí nach n-athrófar a dleacht ghnáth-cheadúnais sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(5) Má bhíonn an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun inneall (nach inneall sceidealta) a úsáid socraithe faoi alt 69 maidir le ceantar iascaigh áirithe, ansin, i gcás an cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas—

(a) chun críocha an Achta seo tiocfaidh an t-inneall sin chun bheith, agus beidh sé, ina inneall sceidealta,

(b) faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid an dleacht a bheidh socraithe amhlaidh faoin alt sin 69,

(c) féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, athrú a dhéanamh ar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadunais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a bheidh socraithe ina leith faoin alt sin 69.

(6) Má athraítear an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas iascaireachta faoi aon cheann de na forálacha seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta den chineál a bheidh bailí ar feadh tréimhse a thosóidh an 1ú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis an t-ordú a dhéanamh a d'athraigh an dleacht sin amhlaidh.

Dleachtanna ceadúnais ar innill nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal agus srianta le húsáid na n-inneall sin.

69. (1) Má bheartaíonn duine úsáid a bhaint in aon cheantar iascaigh as inneall (nach inneall sceidealta chun bradán, bric nó eascanna a iascaireacht, agus nach bhfuil aon dleacht ghnáthcheadúnais socraithe ina leith faoin alt seo ag bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh de réir an ailt seo ar an mbord coimeádaithe sin an dleacht ghnáthcheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid, agus ar an iarratas sin a fháil, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, le ceadú an Aire an dleacht cheadúnais sin a shocrú, ag tabhairt aird chomh fada agus is féidir é ar an gcumas gabhála a mheastar don inneall sin i gcomparáid le hinnill sceidealta.

(2) I ngach iarratas faoin alt seo maidir le hinneall tabharfar tuairisc ar an inneall, an cumas gabhála a mheastar dó i gcomparáid le hinnill sceidealta, agus an t-ainm atá le bheith air.

(3) Má dhéanann bord coimeádaithe cheantair iascaigh, faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht ghnáth-cheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar i nuachtán éigin a léitear sa cheantar iascaigh sin fógra faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht cheadúnais a shocrú i leith ceadúnas chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine eile arb éagóir leis méad na dleachta ceadúnais a shocrófar amhlaidh, má thugann sé, laistigh de dheich lá tar éis fógra a fhoilsiú faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin, do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge a bhfuil sé beartaithe an t-inneall sin a úsáid ann agus don bhord coimeádaithe sin, fógra go bhfuiltear chun an t-achomharc sin a dhéanamh i gcoinne méad na dleachta sin.

(b) déanfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta don Chuaird ina bhfuil an contae nó an chontae-bhuirg sin, an t-achomharc sin a éisteacht,

(c) féadfaidh an Breitheamh sin, tar éis dó an t-achomharcóir agus an bord coimeádaithe sin a éisteacht, méad na dleachta sin a laghdú, a dhaingniú nó a mhéadú, de réir mar is cuí leis, agus is breith chríochnaitheach a bhreith,

(d) gabhfaidh an bhreith ar an achomharc sin siar go dtí an dáta ar ar shocraigh an bord coimeádaithe sin an dleacht sin, agus dá réir sin—

(i) má laghdaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, aisíocfaidh an bord coimeádaithe sin an bhreis a íocadh,

(ii) má mhéadaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, beidh an íocaíocht a rinneadh cheana ina urscaoileadh pro tanto.

(5) Má dhéanann aon duine (seachas an tAire) aon inneall neamhsceidealta a úsáid in aon cheantar iascaigh, gan fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a chomhlíonadh roimh ré agus gan an tsuim a thaisceadh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin a éileoidh an bord sin i leith na dleachta ceadúnais a bheidh le socrú ina dhiaidh sin i leith an innill sin, ansin beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach lú ná caoga punt in aghaidh gach lae a d'úsáid an duine sin an t-inneall sin amhlaidh.

Gníomhairí chun gnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint.

70. —(1) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina ngníomhairí don bhord le gnáth-cheadúnais iascaireachta a eisiúint, agus beidh gach duine a cheapfaidh bord coimeádaithe amhlaidh ina ghníomhaire údaraithe don bhord sin chun na críche sin.

(2) Glacfaidh an bord coimeádaithe ó gach duine is gníomhaire údaraithe don bhord sin leor-urrús go dtabharfaidh sé cuntas cuí in aon dleacht cheadúnais a íocadh leis agus go gcomhlíonfaidh sé a dhualgas go cuí, agus beidh costas aon liúntais a thabharfar i leith ceadúnas a eisiúint ina chuid de chaiteachas an bhoird choimeádaithe sin.

(3) Déanfaidh gach gníomhaire údaraithe do bhord coimeádaithe cuntas ar na dleachtanna ceadúnais go léir a fuair sé a thabhairt don bhord coimeádaithe sin gach mí nó a mhinice a iarrfaidh an bord é agus leagfaidh sé amach sa chuntas sin—

(a) na suimeanna a fuair sé i leith ceadúnas do gach inneall ar leith chun iasc a thógáil, agus

(b) ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine ar eisíodh ceadúnais chucu, agus

(c) an toghroinn dár eisíodh gach ceadúnas díobh sin.

Ceart chun gnáthcheadúnais iascaireachta a fháil.

71. —Más rúd é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord coimeádaithe sin gnáth-cheadúnas iascaireachta a eisiúint chuige chun inneall sonraithe a úsáid chun iasc a thógáil, agus

(b) go ndéanfaidh an duine sin an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin a thairiscint don bhord coimeádaithe sin nó don ghníomhaire údaraithe sin,

déanfaidh an bord coimeádaithe sin nó an gníomhaire údaraithe sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

Dleachtanna gnáthcheadúnais ar líonta tarraingthe agus ar shruth-líonta a íoc ina dtráthchodanna.

72. —Más rud é—

(a) tráth nach déanaí ná an chéad lá den séasúr oscailte le haghaidh iascaireachta le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain do cheantar iascaigh, go n-iarrfar ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le líon tarraingthe nó le sruth-líon ar bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, agus

(b) go dtairgfidh an t-iarratasóir i dteannta a iarratais leath na dleachta ceadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) eiseoidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas sin chun an iarratasóra ach sin faoi réir an choinníll (a fhormhuineofar ar an gceadúnas sin) go n-íocfar iarmhéid na dleachta ceadúnais sin tráth nach déanai ná an tríochadú lá tar éis an chéad lá den séasúr oscailte sin,

(ii) mura ndéantar de réir an choinníll sin scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm an tríochadú lá sin agus uaidh sin amach.

Caibidil II.

Ceadúnais chun Iascaireacht a Dhéanamh in Uiscí Taoide Speisialta.

Pionós mar gheall ar iascaireacht ag duine neamhcheadúnaithe in uiscí taoide speisialta.

73. —(1) Ní dleathach d'aon duine úsáid a bhaint in aon uiscí taoide speisialta as aon chineál innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, mura bhfuil an duine sin ina shealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta atá i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don duine sin inneall iascaireachta den chineál áirithe sin a úsáid sna huiscí taoide sin.

(2) Má úsáideann duine ar bith, contrártha don alt seo, in aon uiscí taoide speisialta aon inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás inar údaraigh an tAire ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil is inneall den chineál a d'úsáid na daoine sin amhlaidh, fíneáil a chur air nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais áitiúla speisialta is cuí i leith na gceadúnas áitiúla speisialta sin agus, in aon chás eile, fíneáil nach mó ná caoga punt.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Ceadúnais áitiúla speisialta agus an dleacht cheadúnais orthu.

74. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a údarú don bhord coimeádaithe a bhfuil uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar ceadúnais (dá ngairtear ceadúnais áitiúla speisialta san Acht seo) a eisiúint chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as aon chineál sonrach innill iascaireachta (ar inneall iascaireachta é de chineál a bhfuil gnáth-cheadúnais ineisithe ina leith) chun bradáin nó bric a thogáil, agus ní eiseofar aon cheadúnas áitiúil speisialta chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as aon chineál innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil mura ndearnadh ordú faoin alt seo á údarú don bhord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun inneall iascaireachta den chineál sin a úsáid sna huiscí taoide sin.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú á údarú ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, déanfaidh sé leis an ordú céanna, le toiliú an Aire Airgeadais, an dleacht cheadúnais a shocrú a bheidh le híoc i leith na gceadúnas sin.

(3) Féadfar dleachtanna ceadúnais éagsúla a shocrú faoin alt seo i leith ceadúnais áitiúla speisialta chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as cineálacha éagsúla inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, agus féadfar dleachtanna ceadúnais éagsúla a shocrú faoin alt seo i leith uiscí taoide speisialta éagsúla.

(4) Ní bheidh an dleacht cheadúnais a shocrófar faoin alt seo i leith ceadúnais áitiúla speisialta chun úsáid a bhaint as cineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil níos lú in aon chás ná an dleacht cheadúnais is iníoctha faoin Acht seo i leith gnáth-cheadúnais chun inneall iascaireachta den chineál céanna a úsáid.

(5) Féadfaidh aon ordú faoin alt seo a fhoráil go ndéanfar, i gcás ina ndeonófar ceadúnas áitiúil speisialta chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim in aghaidh aon bhliana do dhuine dar deonaíodh gnáth-cheadúnas de chineál dá shamhail in aghaidh na bliana sin, an dleacht cheadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais áitiúil speisialta sin a laghdú cibé suim a shonrófar san ordú le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ag leasú ordú ar bith a bheidh déanta aige roimhe sin faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) sa mhéid go mbainfidh an t-ordú sin le dleachtanna ceadúnais.

Foirm cheadúnas áitiúla speisialta agus a n-éifeacht.

75. —(1) Gach ceadúnas áitiúil speisialta a eiseofar i leith uiscí taoide speisialta—

(a) is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an tAire;

(b) séalófar é le séala boird choimeádaithe an cheantair ina bhfuil na huiscí taoide sin;

(c) sonróidh sé an bhliain ar ina haghaidh a eisíodh an ceadúnas sin.

(2) Eiseofar ceadúnas áitiúil speisialta ar leith in aghaidh gach inneall iascaireachta ar leith chun bradáin nó bric a thógáil.

(3) Déarfar i ngach ceadúnas áitiúil speisialta i leith uiscí taoide speisialta go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, don duine a n-eiseofar an ceadúnas sin chuige úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin, i rith na bliana ar ina haghaidh a eiseofar an ceadúnas sin, as inneall iascaireachta den chineál áirithe a shonrófar ann chun bradáin nó bric a thógáil, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime a dhéanfar faoin Acht seo.

Ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint.

76. —Má údaraítear do bhord coimeádaithe le hordú ón Aire faoin Acht seo ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint, in uisci taoide speisialta i gceantar iascaigh an bhoird, as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a ghabháil, déanfaidh an bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar dhuine ar bith dá iarraidh ar an mbord ceadúnas áitiúil speisialta a eisiúint chuige chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil agus nuair a íocfaidh an duine sin leis an mbord an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí, an ceadúnas áitiúil speisialta sin a eisiúint trína gcléireach chun an duine sin.

Dleacht cheadúnais áitiúil speisialta a íoc ina tráthchodanna.

77. —(1) Má údaraítear do bhord coimeádaithe le hordú ón Aire faoin Acht seo ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint, in uiscí taoide speisialta i gceantar iascaigh an bhoird, as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú gur tréimhsí eisiúna chun críocha an ordaithe sin cibé trí thréimhse gach bliain is cuí leis an Aire agus shonróidh sé san ordú sin;

(b) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith na céad tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsaid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dtrí thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar, gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(c) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an dara tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dhá thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(d) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an tríú tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin tráth nach déanaí ná an dáta a bheidh sonraithe san ordú sin chun a íoctha.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le cineálacha éagsúla inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, agus sa chás sin féadfaidh forálacha éagsúla a bheith ann maidir le gach cineál ar leith innill iascaireachta chun bradán nó bric a thógáil lena mbainfidh an t-ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a bheidh déanta faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) Má eisíonn bord coimeádaithe ceadúnas áitiúil speisialta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don bhord sin le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) má sháraítear an coinníoll a bheidh formhuinithe ar an gceadúnas sin de réir an ordaithe sin, scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm láithreach ar an sárú sin a dhéanamh, agus

(b) nuair a íocfar aon tráthchuid, nó, i gcás ceadúnais áitiúil speisialta a eiseofar i rith aon tríú tréimhse eisiúna faoin ordú sin, an t-iarmhéid a bheidh fágtha, den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí de réir an choinníll sin, déanfaidh cléireach an bhoird sin, ar an gceadúnas sin a thabhairt ar aird, deimhniú a fhormhuiniú ar an gceadúnas sin go ndearnadh an íocaíocht sin.

Ceadúnais áitiúla speisialta a fhorghéilleadh.

78. —(1) I gcás sealbhóir ceadúnais áitiúil speisialta a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an Chúirt a chiontaigh an duine sin a ordú, i dteannta aon phionóis eile, an ceadúnas sin a fhorghéilleadh.

(2) I gcás ina n-ordófar ceadúnas áitiúil speisialta a fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin, air sin, de bheith i bhfeidhm.

Caibidil III.

Ceadúnais chun Bric a Iascaireacht le Slat agus Ruaim in Uiscí Áirithe.

Uiscí breac sceidealta.

79. —(1) Féadfaidh bord coimeádaithe ó am go ham, le hordú, a dhearbhú gur uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo aon abhainn nó loch nó aon chuid d'abhainn nó de loch i gceantar iascaigh an bhoird sin.

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe, le hordú, aon ordú a bheidh déanta aige faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus foilseofar é i cibé slí, a ordóidh an tAire.

Pionós ar dhuine neamhcheadúnaithe mar gheall ar bhric a iascaireacht in uiscí breac sceidealta le slat agus ruaim.

80. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bric a iascaireacht le slat agus ruaim in aon uiscí breac sceidealta i gceantar iascaigh, mura rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (ginearálta) atá i bhfeidhm de thuras na huaire, nó

(b) gur áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil sé i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(c) gur ball an duine sin de theaghlach áititheoir talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear an duine sin ag iascaireacht agus go bhfuil an t-áititheoir sin i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(d) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (sóisear) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord coimeádaithe sin, nó

(e) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord coimeádaithe sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith aon ghníomh contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná punt a chur air.

Cineálacha ceadúnas slaite breac agus dleachtanna ceadúnais orthu.

81. —(1) Beidh trí chineál ceadúnas slaite breac ann, eadhon—

(a) ceadúnais slaite breac (ginearálta),

(b) ceadúnais slaite breac (bruach-úinéir), agus

(c) ceadúnais slaite breac (sóisear).

(2) Beidh dleacht mar a leanas iníoctha ar na ceadúnais sin—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), dleacht cheadúnais cúig scilling,

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), dleacht cheadúnais sé phingin,

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear), dleacht cheadúnais sé phingin.

Limistéar bailíochta ceadúnas slaite breac.

82. —(1) Beidh ceadúnas slaite breac (ginearálta) bailí ar fud an Stáit.

(2) Ní bheidh ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) bailí ach amháin sa chuid sin d'uiscí breac sceidealta—

(a) ina bhfuil sealbhóir an cheadúnais i dteideal cearta iascaireachta, agus

(b) atá ag síneadh le talamh atá ar áitiú ag an sealbhóir.

(3) Ní bheidh ceadúnas slaite breac (sóisear) bailí ach amháin i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é.

Ceart chun ceadúnais slaite breac a fhail.

83. —(1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine an bhord coimeádaithe cheantair iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chuige, agus

(b) go dtairgfidh an duine sin suim cúig scilling,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chun an duine sin.

(2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe a bhfuil aon uiscí breac sceidealta laistigh dá cheantar iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a eisiúint chuige, agus

(b) go ndeimhneoidh an duine sin don bhord sin nó don ghníomhaire sin gur áititheoir é ar thalamh atá tadhlach le haon chuid de na huiscí breac sceidealta sin agus go bhfuil teideal aige chun cearta iascaigh sna huiscí breac sceidealta sin, agus

(c) go dtairgfidh an duine sin suim sé phingin,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a eisiúint chun an duine sin.

(3) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe a bhfuil aon uiscí breac sceidealta ar leith laistigh dá cheantar iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (sóisear) a eisiúint chuige, agus

(b) go ndeimhneoidh an duine sin don bhord sin nó don ghníomhaire sin go bhfuil sé de thuras na huaire faoi bhun seacht mbliana déag d'aois, agus

(c) go dtairgfidh an duine sin suim sé phingin,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (sóisear) a eisiúint chun an duine sin.

Forálacha maidir le ceadúnais slaite breac.

84. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnais slaite breac:—

(a) eiseofar ceadúnas slaite breac i leith gach slaite;

(b) beidh gach ceadúnas slaite breac bailí ar feadh bliana amháin agus sin an méid agus is í bliain í sin an bhliain a eiseofar é,

(c) gach ceadúnas slaite breac a eiseofar—

(i) ullmhófar agus clófar é i cibé foirm a ordóidh an tAire,

(ii) clófar air tréimhse a bhailíochta agus cibé sonraí eile a ordóidh an tAire,

(iii) séalófar é le séala an bhoird choimeádaithe ar laistigh dá cheantar iascaigh a eiseofar é.

(d) sonróidh gach ceadúnas slaite breac ainm agus seoladh an duine chun ar eisíodh é agus ní dhéanfar é a aistriú chun aon duine eile.

(2) Ní fhorléireofar ceadúnas slaite breac mar ní a thugann nó a bhronnann ar a shealbhóir aon cheart iascaireachta in aon áit nach mbeadh ag an duine a bhfuil an ceadúnas ar seilbh nó á úsáid aige dá mba nár ritheadh an tAcht seo ná ní fhorléireofar é mar ní a athraíonn nó a bhaineann le cearta aon duine eile.

CAIBIDIL IV.

Srianta le Ceadúnais Iascaireachta a Eisiúint.

Toirmeasc ar ghnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint i leith uisci taoide speisialta.

85. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta i leith aon uiscí taoide speisialta.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do sciob-líonta sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

86. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas chun iascaireacht a dhéanamh le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do scioblíonta sa chuid taoidmhear d'aibhneacha (seachas Abhainn na Sionainne) ina bhfuil iascach nó ceart iascaireachta faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais.

87. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é ar iarratas ó Bhord Soláthair an Leictreachais, toirmeasc a chur, le hordú, le gnáthcheadúnais a eisiúint le haghaidh iascaireachta le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag an mBord sin faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) .

(2) Aon uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas contrártha don ordú sin.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do shruth-líonta agus do líonta tarraingthe i gcodanna taoidmheara d'aibhneacha ina bhfuil iascach nó cearta iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.

88. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an chuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) an chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne,

(b) an chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III d'Acht 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ).

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh maidir leis an gcuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo—

(a) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le sruth-líonta ann (nach rachaidh thar seachtó ceadúnas i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(b) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le líonta tarraingthe ann (nach rachaidh thar cúig cheadúnas is fiche i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(c) rialacháin a dhéanamh maidir le ceadúnais a eisiúint den sórt a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo d'fhonn go dtabharfar do dhaoine ag a raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin sa bhliain roimh dháta na rialachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo ceart tosaíochta chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin a cheannach roimh thosach aon séasúir oscailte le haghaidh iascaireachta faoi na ceadúnais sin a gcuireann na rialacháin deiridh sin a luaitear teorainn leis an méad ceadúnas den sórt sin ina leith.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoin alt seo, rialacháin a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas d'aon chineál áirithe is cead a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear d'aon abhainn áirithe in aon séasúr oscailte áirithe, ní dhéanfar níos mó de na ceadúnais sin a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear sin in aon séasúr oscailte den sórt sin ná an méid uasta a fhorordófar amhlaidh.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtachain aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.

(5)   (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1935” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1956” An t Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1956 (Uimh. 28 de 1956) .

(b) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, forálacha fho-alt (1) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le halt 1956) i bhfeidhme de bhua fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na forálacha sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh le rialacháin faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(c) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, Rialacháin Uiscí Taoide Abhann na Sionainne (Ceadúnais Iascaigh a Thabhairt Amach), 1935 (R. & O.R. Uimh. 664 de 1935), a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le hAcht 1956), i bhfeidhm de bhua fho-alt (6) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na Rialacháin sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo.

Srianta le ceadúnais a eisiúint i leith líonta le haghaidh iascaireachta in iascaigh áirithe.

89. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcás aon iascaigh phoiblí, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú go mbeidh cibé tréimhse (nach giorra ná trí bliana agus nach faide ná deich mbliana) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú sin ina tréimhse cheaptha chun críocha an ordaithe sin;

(b) toirmeasc a chur le ceadúnais a eisiúint i leith aon chineál líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin ach amháin líonta de chineál a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí;

(c) maidir le líonta de gach cineál ar leith a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí—

(i) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh gach ceann de na blianta (seachas an bhliain deiridh) sa tréimhse cheaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú amhlaidh in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná céad faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(ii) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana deiridh den tréimhse cheaptha agus i gcaitheamh gach bliana a thosóidh tar éis n >tréimhse ceaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná ochtó faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(iii) toirmeasc a chur le huimhir ceadúnas a eisiúint i leith líonta den chineál sin in aghaidh aon bhliana de bhreis ar an uas-uimhir a bheidh socraithe amhlaidh don bhliain sin,

(iv) toirmeasc a chur le níos mó ná ceadúnas amháin a eisiúint chun aon duine amháin i leith líon den chineál sin in aghaidh aon bhliana;

(d) lá a cheapadh roimh gach bliain chun bheith ina lá deiridh le ceadúnais a iarraidh do líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon iascach poiblí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnais a eisiúint do gach cineál lín (ar líon é de chineál nach dtoirmisctear leis an ordú sin ceadúnas a eisiúint ina leith) le haghaidh iascaireachta san iascach sin in aghaidh gach bliana lena mbainfidh an t-ordú sin:—

(a) ní eiseofar aon cheadúnas i leith líon den chineál sin le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin chun aon duine mura n-iarrtar an ceadúnas sin tráth nach déanaí ná an dáta (dá ngairtear an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh san fho-alt seo) a cheapfar leis an ordú sin ina lá deiridh chun ceadúnais i leith líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a iarraidh;

(b) ní bheidh aon duine i dteideal níos mó ná ceadúnas amháin a iarraidh i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin, agus má iarrann aon duine níos mó ná ceadúnas amháin den chineál sin, áireofar an t-iarratas sin mar iarratas ar cheadúnas amháin den chineál sin;

(c) i gcás uimhir na n-iarratas ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a dhéanfaidh daoine (dá ngairtear daoine fabhraithe san fho-alt seo)—

(i) a raibh ceadúnais acu i leith líonta den chineál sin le haghaidh iascaireachta i gcaitheamh na bliana caighdeánaí agus a bhí iarbhír ag gabháil d'iascaireacht faoi na ceadúnais sin sa bhliain chaighdeánach, nó

(ii) a bhí, i gcaitheamh iomlán, nó beagnach iomlán, gach séasúir de na trí shéasúr iascaireachta díreach roimh an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh, ar fostú go buan agus go rialta ag iascaireacht san iascach sin,

a bheith comhionann le huasuimhir na gceadúnas den chineál sin a shonrófar san ordú sin don bhliain sin, ansin ní dhéanfar aon cheadúnais den sórt sin a dheonú d'aon duine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(d) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos mó ná an uasuimhir sin—

(i) ní dheonófar aon cheadúnais den sórt sin d'aon daoine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(ii) eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine fabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur;

(e) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos lú ná an uasuimhir sin—

(i) eiseofar ceadúnas i leith an chineáil sin lín chun gach duine de na daoine fabhraithe sin,

(ii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha tar éis na heisiúna chun daoine fabhraithe comhionann le huimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine (dá ngairtear daoine neamhfhabhraithe san fho-alt seo) nach daoine fabhraithe iad nó níos mó ná uimhir na n-iarratas sin, eiseofar ceadúnas amháin den chineál sin chun gach duine de na daoine neamhfhabhraithe sin,

(iii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha amhlaidh níos lú ná uimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine neamh-fhabhraithe, eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine neamhfhabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “iascach poiblí” an chuid taoidmhear d'aon abhainn ina bhfuil ceart iascaireachta poiblí agus inbhear na habhann sin agus an fharraige laistigh de thrí mhíle ó bhéal an inbhir sin nó, i gcás muir-theorainn an inbhir a bheith sonraithe, muirtheorainn an inbhir sin, ach ní fholaíonn sé codanna taoidmheara Abhainn na Sionainne nó a chraobh-aibhneacha lastuas dá béal nó dá mbéil;

ciallaíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach”—

(a) maidir le hAbhainn na hÉirne agus le hAbhainn an Fhia agus lena n-inbhir, an bhliain 1934,

(b) maidir le haon iascach poiblí eile, an bhliain 1935.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.

Caibidil V.

Ceadúnais a Fhorghéilleadh.

Ceadúnais a fhorghéilleadh.

90. —(1) I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) an duine sin a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas nó ceadúnais chun bradáin nó bric a iascaireacht,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas nó na ceadúnais sin a fhorghéilleadh.

(2) I gcás ina n-ordófar ceadúnas a fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin air sin de bheith i bhfeidhm.

CUID VII.

Rialacháin i dTaobh Líonta.

Srianta le líonta a úsáid.

91. —(1) Aon duine—

(a) a úsáidfidh aon líon, nó a dhéanfaidh iascaireacht le haon líon, a mbeidh tóin bhréige ann (seachas líonta chun eascanna a thógáil), nó

(b) a chuirfidh dhá líon nó níos mó ar chúl a chéile, nó

(c) a úsáidfidh aon líonta faoi chlúdach can bháis, seithe, nó ábhair eile chun éisc róbheaga a thógáil, nó

(d) a fheisteoidh, nó a choimeádfaidh, líonta as a chéile ar síneadh trasna aon abhann,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Mogaill líonta, d'ábhar solúbtha, chun bradáin a thógáil san fharraige nó i sruthanna taoide.

92. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “líon lena mbaineann an t-alt seo” aon líon nó inneall eile nach bhfuil déanta as ábhair dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon líon lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill atá ann níos lú ná orlach agus trí cheathrú ó shnaidhm go snaidhm, arna dtomhas ar feadh taobh na cearnóige, nó seacht n-orlach, arna dtomhas mórthimpeall gach mogaill acu sin, agus an tomhas sin a dhéanamh ar an taobh istigh agus an líon fliuch, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Féadfaidh an tAire, le fo-dhlí, athrú a dhéanamh, maidir le haon cheantar nó áit ar leith, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus a cheadú go n-úsáidfí, sa cheantar nó san ait sin, líonta lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh a mogaill níos lú ná mar a shonraítear san fho-alt sin (2).

(5) Má dhéanann fo-dhlí faoi fho-alt (4) den alt seo athrú, maidir le haon cheantar nó áit, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus go gceadóidh sé úsáid a bhaint, sa cheantar nó san áit sin, as líonta lena mbaineann an t-alt seo agus a mbeidh a mogaill níos lú ná sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo, ina fheidhm maidir leis an gceantar nó an áit sin, ionann is dá mba rud é, in ionad na tagartha do mhogall den mhéid a shonraítear san fho-alt sin (2), gur cuireadh tagairt do mhogall den mhéid a cheadófar a údáid leis an bhfo-dhlí sin.

Mogaill nó oscailtí inneall d'ábhar dolúbtha chun bradáin a thógáil san fharraige agus i sruthanna taoide.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “inneall lena mbaineann an t-alt seo” aon inneall atá déanta d'ábhar dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon inneall lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill nó na hoscailtí ann níos lú ná trí orlach ar gach taobh den chearnóg, agus, i gcás nach n-úsáidtear aon mhogaill ná aon oscailtí mogallacha, níos cúinge idir na barraí ná dhá orlach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Gan líonta bradán a úsáid ag béal abhann ná i bhfogas leath-mhíle chun farraige ná isteach ó bhéal abhann.

94. —(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha an iascaigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a úsáid chun bradáin a thógáil i mbéal aon abhann ná i bhfogas leathmhíle chun farraighe ná leathmhíle isteach ná ar feadh an chósta ó bhéal aon abhann.

(2) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh san abhainn ar fad agus ina craobh-aibhneacha laistigh de theorainneacha an iascaigh eisiataigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a shíneadh go híomlán trasna béal abhann ná trasna aon chuid eile d'abhainn.

(3) Má sháraíonn aon duine aon fho-alt acu sin roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air agus fíneáil bhreise chúig scilling i leith gach éisc a thógfar le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona.

(4) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh gach líon ar ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar tagairtí sna hailt sin roimhe seo den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhéal na craobh-abhann sin.

Srian le líonta a úsáid i bhfíoruisce.

95. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon líon a úsáid chun iasc a ghabháil sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, mura rud é—

(a) go n-úsáidtear an líon sin faoi réim agus de réir fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, nó

(b) gur bradóg an líon sin agus nach n-úsáidtear é ach mar chabhair chun iascaireacht a dhéanamh go dleathach le slat agus ruaim, nó

(c) nach n-úsáidtear an líon sin ach amháin chun iasc a bhaint as gaistí i gcora, nó

(d) gur chun eascanna a ghabháil atá an líon sin déanta.

(2) Má úsáideann aon duine aon líon contrártha don alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(3) Féadfaidh an tAire, le fodhlí, a údarú go n-úsáidfí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, in aon limistéar sonraithe sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, aon chineál nó cineálacha lín a fhéadfaí a úsáid go dleathach chun iasc, seachas bradáin, bric nó eascanna, a ghabháil faoin Acht seo.

(4) (a) Más rud é—

(i) go ndéanfar iarratas chun an Aire ar chead chun líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil i loch fíoruisce sonraithe a bhfuil a achar os cionn tríocha míle cearnach, agus

(ii) go dtabharfaidh an t-iarratasóir don Aire toiliú i scríbhinn ó úinéir gach iascaigh eisiataigh sa loch, agus

(iii) go gcruthóidh an t-iarratasóir don Aire go raibh, taobh istigh d'fhiche bliain roimh an lú lá d'Eanáir, 1948, líonta á n-úsáid de cheart sa loch chun bric a ghabháil ag daoine den phobal a bhí ag brath ar an líontóireacht sin mar shlí mhaireachtála,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, fodhlíthe a dhéanamh á cheadú líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil amhlaidh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(b) I gcás fodhlíthe faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le huiscí atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais, ní fhorléireofar aon ní in aon achtachán mar ní a thoirmisceann ar an mBord cead a thabhairt chun líonta tarraingthe a úsáid sna huiscí sin de réir na bhfodhlíthe.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh a inmhianaithe a bheadh sé fodhlí áirithe a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(d) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin bhfo-alt seo.

Srian le líonta a shealbhú, etc.

96. —(1) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh n aon uiscí nó ar bhruach, nó in aice le bruach, aon uiscí—

(a) aon líon a bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil (seachas alt 95) den Acht seo nó le haon fhodhlí faoin gcéanna é a úsáid sna huiscí sin chun iasc a thógáil, nó

(b) aon uirlis (seachas líon) nó mealladh nó baoite a bhfuil sé toirmiscthe, le haon fhoráil den Acht seo, nó le haon fhodhlí faoin gcéanna, é a úsáid chun iasc a thógáil sna huiscí sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh, i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó ina aice sin, aon líon a bheidh déanta nó gléasta i gcaoi gur féidir é a úsáid chun iasc a ghabháil, le hintinn é a úsáid contrártha d'alt 95, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh an líon, nó an uirlis eile, nó an mealladh nó an baoite eile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le líon a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh, agus

(b) go gcruthófar go bhfuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aice sin,

toimhdeofar go raibh an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh le hintinn é a úsáid sa loch fíoruisce sin nó sa chuid fíoruisce den abhainn sin contrártha d'alt 95, mura sásóidh sé, agus go dtí go sásóidh sé, an Chúirt gurb amhlaidh a bhí, an tráth a líomhantar a rinneadh an cion,—

(i) go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid ar mhodh a thagann faoi réim eisceachta a luaitear, maidir le líon dá shamhail, i bhfo-alt (1) d'alt 95 nó más líon tarraingthe é, ar mhodh a cheadaítear le fodhlíthe arna ndéanamh faoi fho-alt (4) d'alt 95, nó

(ii) má fuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh in aice leis an teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce den abhainn sin, gur shealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin a úsáid sa cheantar iascaigh ina bhfuil an abhainn sin agus go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid sa chuid taoidmhear den abhainn sin.

CUID VIII

Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc.

Caibidil I.

Toirmeasc ar Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta, le hEisceachtaí Áirithe

Pionós mar gheall ar inneall seasmhach a úsáid, etc., chun bradáin a ghabháil gan é a bheith deimhnithe faoin Salmon Fishery (Ireland) Act,1863.

97. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil ná ní úsáidfidh ná ní chuirfidh suas é murar deonaíodh deimhniú i leith an innill sin faoin Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1923, agus go raibh sé ar marthain gan cúlghairm an lá sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil, nó a úsáidfidh nó a chuirfidh suas é, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a ndearnadh iascaireacht leis an inneall seasmhach sin, nó a úsáideadh é nó a bhí sé curtha suas.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Éifeacht na ndeimhnithe faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland)Act, 1863.

98. —Beidh deimhniú faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, ina fhianaise dhochloíte gurb é an duine atá ainmnithe ann an duine ag a bhfuil teideal chun an ceart a thugtar ann a fheidhmiú, ach ní dhéanfaidh sé dleathach aon inneall seasmhach a bheadh, mura mbeadh sin, neamhdhleathach, toisc é a bheith díobhálach do loingseoireacht, ina núis choiteann don cheart iascaireachta poiblí nó ar shlí eile ina sharú ar an dlí coiteann nó ar aon achtachán.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a chur suas sa chuid fíoruisce d'aibhneacha.

99. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta ná inneall seasmhach a chur suas sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó loch.

(2) Má dhéanann duine ar bith cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má dhéantar aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin a scartáil, agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite don Aire ó áititheoir na cora iascaireachta, an damba mhuilinn iascaireachta nó an innill sheasmhaigh sin agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a údarú, le hordú, do dhuine ainmnithe cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil a chur suas, de réir phleananna a cheadóidh an tAire, in áit shonraithe sa chuid fíoruisce d'abhainn nó loch sonraithe.

(6) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais—

(i) cora iascaireachta a chur suas chun eascanna a ghabháil, nó

(ii) cora iascaireachta a chur suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, nó

(b) le duine a mbeidh údarás aige le hordú faoi fho-alt (5) den alt seo cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a chur suas chun eascanna a ghabháil, do chur suas an chineáil sin innill iascaireachta faoi réim agus de réir an ordaithe sin.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a úsáid i bhfíoruisce.

100. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith úsáid a bhaint sa chuid fíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch as aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach chun iasc a ghabháil mura rud é go raibh an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin ann agus á úsáid go dleathach i gcaitheamh an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938.

(2) Má rinneadh bosca nó boscaí i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938, measfar, chun críocha fo-alt (1) den alt seo, go ndearnadh an chora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta sin.

(3) Má úsáideann duine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus i gcás ciona leanúnaigh fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfaidh an cion sin tar éis an duine sin a chiontú ann.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás (dá ngairtear údarás iascaigh eascanna san alt seo) a dheonú d'áititheoir innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil á údarú dó an t-inneall iascaireachta sin a úsáid chun eascanna a ghabháil.

(b) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníoll ag teorannú na tréimhse a bheidh an t-údarás i bhfeidhm) is cuí leis a chur ag gabháil le húdarás iascaigh eascanna.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás iascaigh eascanna a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an t-údarás.

(d) Féadfaidh an tAire údarás iascaigh eascanna a chúlghairm—

(i) má bhíonn a shealbhóir arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo,

(ii) más deimhin leis go ndearnadh sarú ar aon choinníoll a ghabhann leis an údarás.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le húdarás iascaigh eascanna a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an t-údarás a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost do shealbhóir an údaráis sin á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an údaráis, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar freisin san fhógra—

(i) má deir sé gurb é leasú an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) má deir sé gurb é cúlghairm an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh sealbhóir an údaráis faoina bhráid sula rachaidh an fógra in éag.

(7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais do bhaint úsaide as—

(i) cora iascaireachta chun eascanna a ghabháil a chuir an Bord sin suas, nó

(ii) cora iascaireachta a chuir an Bord sin suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, ná

(b) le hinneall iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a úsáid má tá údarás iascaigh eascanna i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus gur de réir an údaráis sin a úsáidtear é.

Coraí iascaireachta a dhéanamh ag Bord Soláthair an Leictreachais.

101. —(1) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) gach iascach (má tá ann) agus gach ceart iascaigh (má tá ann) in abhainn, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, cora iascaireachta a dhéanamh san abhainn sin chun críocha gach ceann nó aon cheann de na hiascaigh (má tá ann) agus de na cearta iascaigh (má tá ann) a gheofar amhlaidh agus féadfaidh an Bord sin, dá éis sin, an chora iascaireachta a dhéanfar amhlaidh a choimeád i treo.

(2) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais, faoi réim nó de bhua an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , cora iascaireachta, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, ceachtar ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) an chora iascaireachta sin a choimeád i dtreo agus, chun críocha a coimeádta i dtreo, an chora iascaireachta sin a athdhéanamh nó a dheisiú, nó

(b) cora iascaireachta nua a dhéanamh ar láthair na cora iascaireachta sin nó ar láthair eile in ionad na cora iascaireachta a fuarthas amhlaidh agus an chora iascaireachta nua sin a choimeád i dtreo dá éis sin.

Caibidil II.

Srian le Láithreacha Inneall Seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i gcaol inbhir.

102. —(1) Más rud é in aon chuid d'inbhear aon abhann, nó den chuid taoidmhear d'aon abhainn, ina bhfuil leithead an chainéil le linn diathrá gnáth-rabhartaí níos lú ná trí cheathrú míle, go ndéanfaidh aon duine seachas dílseánach iascaigh eisiataigh in iomlán an inbhir agus na habhann sin iascaireacht le haon inneall seasmhach nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear nach mó ná tríocha punt a chur air.

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás aon líonta cuaillí, agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh a bhí bunaithe le fiche bliain nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, ná

(b) i gcás aon líonta cuaillí, ceann-choraí agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh nó a chur suas, a bhí bunaithe le deich mbliana nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, laistigh de theorainneacha iascaig eisiataigh ag aon duine a raibh teideal dleathach aige chun an iascaigh eisiataigh sin trí chairt, deontas, paitinn, rúradh, nó Acht, a shonraigh na teorainneacha sin go cruinn, ná

(c) i gcás aon cheann-chora, nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i mbéal abhann is lú ná leath-mhíle ar leithead.

103. —(1) Más rud é laistigh de mhíle chun farraige, chun cósta nó isteach ó bhéal aon abhann nó ar cheachtar taobh de bhéal aon abhann (arb abhainn í a ngnáthaíonn bradáin an chuid intíre di agus ar lú na leath-mhíle ar leithead a béal le linn diathrá gnáth-rabhartaí) go ndéanfaidh aon duine, seachas dílseánach iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha na habhann sin, iascaireacht le haon inneall seasmhach, nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná tríocha punt a chur air, agus

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhéal na craobh-abhann sin.

Toirmeasc ar chochaill iascaireachta in áiteanna áirithe.

104. —(1) Ní shuífear ná ní choinneofar aon chochalliascaireachta in aon abhainn ná inbhear nó laistigh de thrí mhíle ó bhéal aon abhann.

(2) Má dhéantar aon chochall iascaireachta a shuíomh nó a choinneáil contrártha don alt seo—

(a) measfar gur núis choiteann é agus féadfar seilbh a ghlacadh air nó é a dhíothú,

(b) beidh úinéir an chochaill iascaireachta sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a shuífear nó a choinneofar an cochall iascaireachta sin amhlaidh.

(3) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo, beidh an cochall iascaireachta ar ina leith a rinneadh an cion agus aon bhradán a tógadh leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le cochall iascaireachta a bhí ann go dleathach an 28ú lá d'Iúil, 1863, a shuíomh nó a choinneáil, laistigh de thrí mhíle ó bhéal abhann, má bhíonn ag úinéir an chochaill iascaireachta sin ceart eisiatach chun bradáin a ghabháil san abhainn sin ar fad agus gach craobhabhainn agus gach loch ar chúrsa na habhann sin a áireamh.

Gan líon cuaillí a shíneadh níos faide nó ó bharr láin go diathrá.

105. —(1) Duine ar bith—

(a) a shuífidh nó a chuirfidh suas aon líon cuaillí nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile de chineál nó tuairisc ar bith i ndáil le líon cuaillí nó ina chóngar i gcaoi go sínfidh sé níos faide ná ó mharc barr láin go marc diathrá gnáth-rabhartaí, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí, nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile den sórt sin a shuífear nó a chuirfear suas amhlaidh,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon cheann-chora nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.

Caibidil III.

Rialacháin maidir le Déanamh Inneall Seasmhach agus lena nÚ sáid.

Rialacháin maidir le déanamh líonta cuaillí agus cochall iascaireachta agus lena n-úsáid.

106. —Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh, a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí a fhéadfadh iasc róbheag nó gilidíní bradán nó aon éisc eile a thógáil, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí gan mogaill na líonta sin a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(c) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí atá déanta ar chuma nach féidir glan-oscailt ceithre throigh ar leithead ar an gcuid is lú de a dhéanamh i bpócaí, gaistí agus cuasa an lín chuaillí sin óna uachtar go dtí a íochtar, nó

(d) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta gan mogaill na líonta in aon treoire ann a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(e) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta atá déanta ar chuma nach féidir a threoirí a ardú agus a choinneáil as an uisce,

beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

Caibidil IV

Rialacháin maidir le Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta.

Saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta

107. —(1) I ngach cora iascaireachta beidh saor-bhearna nó oscailt de réir na bhforálacha seo a leanas:—

(a) is sa chuid is doimhne den sruth a bheidh an saor-bhearna,

(b) beidh taobhanna na saor-bhearna ar aonlíne, agus comhthreormhar, le treo an tsrutha ag an gcora,

(c) beidh íochtar na saor-bhearna ar aonchothrom le grinneall aiceanta an tsrutha lastuas agus laistíos den bhearna,

(d) ní bheidh leithead na saor-bhearna san áit is cúinge í níos lú ná trí throigh in aon chás agus, faoi réir na teorann sin, ní bheidh sí níos cúinge ná an deichiú cuid de leithead an tsrutha nó caoga troigh, cibé acu is lú,

(e) ní laghdófar leithead aon saor-bhearna atá ann cheana in aon chora iascaireachta ná ní chuirfear bearna is lú leithead ina hionad ná ní dhéanfar aon athrú uirthi chun an rith uisce tríd an gcora sin a laghdú.

(2) (a) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon chora iascaireachta a ndearnadh ordú ina leith faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Má tá leithead na habhann, i gcás ina bhfuil cora iascaireachta cairte nó paitinne (ar cora iascaireachta í a bhí ann an 28ú lá d'Iúil, 1863) gan bheith os cionn daichead troigh agus go mb'fhéidir go mbeadh sé mífhóirsteanach a chur faoi deara saor-bhearna a dhéanamh inti, féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú ina ionad sin go sínfear an tráth coiscthe seachtainiúil go dtí ceithre huaire is fiche.

(3) I gcás saor-bhearna a bheith déanta i gcora iascaireachta ach gan í a bheith á coimeád i dtreo de réir fho-alt (1) den alt seo, beidh úinéir na cora iascaireachta ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé mainneachtain amhlaidh.

Cora iascaireachta leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saorbhearna.

108. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a údarú cora iascaireachta shonraithe leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha, i dtaobh leorlíon de na héisc a thagann isteach sa chora a ligean suas an sruth, is cuí leis a fhorchur chun leorstoic de na héisc sin a chothabháil, agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(2) Sula ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara fógra, ina mbeidh dréacht den ordú beartaithe, go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú agus a scaipeadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus breithneoidh sé aon agóidí i gcoinne an ordaithe sin a dhéanfar leis laistigh de mhí tar éis an fógra a fhoilsiú.

(3) Chun críocha an ailt seo measfar gur cora iascaireachta aon deis chun iasc a thógáil, nó chun cabhrú lena thógáil, a bhaineann le hoibreacha hidrileictreachais a rinne Bord Soláthair an Leictreachais.

(4) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar fógra i dtaobh a dhéanta a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar lena mbaineann an t-ordú, agus taiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbaineann an t-ordú leis nó le haon chuid de, agus i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbaineann sé.

(7) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh féachaint an mbeadh sé inmhianaithe ordú áirithe a dhéanamh faoin alt seo agus chun na críche sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar fógra de réir alt 322, go bhfuiltear chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo.

Coraí iascaireachta eascannaa oibriú gan saor-bhearna.

109. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú, le hordú, cora iascaireachta eascanna shonraithe a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) (a) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, cúlghairm a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú, faoi réir coinníollacha, gan saor-bhearna, más rud é—

(i) má bhíonn áititheoir na cora sin arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(ii) gur mhainnigh áititheoir na cora sin déanamh de réir na gcoinníollacha sin.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna—

(i) ní chúlghairfidh an tAire an t-ordú mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost d'áititheoir na cora sin á rá go bhfuil cúlghairm an ordaithe á bhreithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an chúlghairm á bhreithniú amhlaidh,

(ii) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an gcúlghairm sin a chuirfidh an t-áititheoir faoinabhráid sula rachaidh an fógra sin in éag.

(3) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna, ansin, fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, beidh gach foráil den Acht seo a bhaineann le saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta gan feidhm i gcás na cora sin sa mhéid gur chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin a úsáidtear í.

Saor-bhearnaí a dhéanamh i gcoraí iascaireachta.

110. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, d'ainneoin aon bhreithe a thug na Coimisinéirí Speisialta faoi fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, nó a thug aon chúirt dlínse inniúla roimh an 14ú lá d'Iúil, 1939, nach bhfuil bearna de réir alt 107 i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara go seirbheálfar ar áititheoir na cora iascaireachta sin fógra á cheangal ar an áititheoir sin saor-bhearna a dhéanamh sa chora iascaireachta sin, de réir an ailt sin 107 agus laistigh den tréimhse (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil ar áititheoir cora iascaireachta, féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí tar éis an fógra sin a sheirbheáil, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá dlínse atá an chora iascaireachta sin ordú a dhéanamh ag neamhniú an fhógra sin ar an bhforas go bhfuil saor-bhearna de réir alt 107 san chora iascaireachta sin cheana agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) tabharfaidh an t-áititheoir sin fógra don Aire i dtaobh an iarratais;

(b) beidh an t-áititheoir sin agus an tAire i dteideal láithriú nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) más deimhin leis an mBreitheamh sin go bhfuil saorbhearna de réir alt 107 sa chora iascaireachta sin cheana, cuirfidh sé an t-ordú sin ar neamhní agus ordóidh sé don Aire an costas a bheidh ar an áititheoir de dhroim agus i leith an iarratais a íoc leis an áititheoir sin, agus measfar nár seirbheáladh an fógra sin;

(d) mura deimhin leis an mBreitheamh sin an méid sin diúltóidh sé don iarratas agus ordóidh sé don áititheoir sin an costas a bheidh ar an Aire de dhroim agus i leith an iarratais sin a íoc leis an Aire, agus féadfaidh sé freisin an fógra sin a leasú tríd an tréimhse a fhadú a shonraítear san fhógra sin chun déanamh dá réir;

(e) beidh breith an Bhreithimh sin ar an iarratas ina breith chríochnaiteach dochloíte nach féidir achomharc a dhéanamh ina coinne.

(3) Más rud é—

(a) gur seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir cora iascaireachta, agus

(b)     (i) nach ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(ii) go ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoin bhfo-alt sin, ach gur diúltaíodh don iarratas, agus

(c) nach ndearna an t-áititheoir de réir cheanglais an fhógra,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(I) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(II) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí i gcoinne an áititheora sin faoi mhír (I) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an gcora iascaireachta sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an gcora iascaireachta sin agus saor-bhearna a dhéanamh sa chora sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire saor-bhearna i gcora iascaireachta faoin alt seo beidh sé i dteideal an costas faoina ndeachaigh sé ag déanamh na saor-bhearna sin a ghnóthú ó áititheoir na cora iascaireachta sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Má thagann aon damáistí iarmartacha as an Aire do dhéanamh saor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh áititheoir na cora iascaireachta sin faoi dhliteanas i leith na ndamáistí sin.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107.

Pionós mar gheall ar an rith uisce trí shaor-bhearna a laghdú toisc leaba abhann a athrú.

111. —Má dhéantar aon athrú ar leaba abhann ar chuma go laghdófar an rith uisce trí shaor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh an duine a dhéanfaidh an t-athrú ciontach i gcion faoi alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise punt sa ló go dtí go gcuirfidh sé leaba na habhann ar ais ina riocht bunaidh.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh i saorbhearnaí i gcoraí iascaireachta nó ina gcóngar agus mar gheall ar bhacainn a chur i saor-bhearnaí.

112. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta i saor-bhearna, nó

(b) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta (nach slat agus ruaim) laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos d'aon chuid de chora iascaireachta, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn i saor-bhearna chora iascaireachta, nó

(d) a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh a scanródh, a bhacfadh nó a choiscfeadh iasc in aon slí ó dhul isteach i saor-bhearna agus gabháil suas síos ann go saoráideach gach tráth den bhliain, nó

(e) a chuirfidh aon droichead, clár, éadach nó ní ar bith eile i saor-bhearna i gcora iascaireachta, nó thairsti nó trasna uirthi, ach amháin droichead nó clár sealadach le linn an trátha sin amháin a bheidh na daoine a bheidh ag iascaireacht na cora sin ag dul thar an saor-bhearna,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Más rud é—

(a) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir cora iascaireachta faoi fho-alt (1) den alt seo sa chion sin bacainn a chur sa tsaor-bhearna sa chora iascaireachta sin, agus

(b) go gcruthófar gur cuireadh an bhacainn sin sa tsaorbhearna sin,

toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb eisean a chuir an bhacainn sin sa tsaor-bhearna sin.

(3) I gcás duine a chiontú sa chion sin bacainn a chur sa tsaorbhearna i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an bhacainn sin a aistriú agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite ón duine sin don Aire agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacha maidir le boscaí i gcoraí iascaireachta bradán agus i ndambaí muilinn iascaireachta.

113. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora is—

(a) cora iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil, nó

(b) damba muilinn iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le boscaí a dhéanamh agus a úsáid i gcóraí bradán—

(a) beidh foréadan urláir an bhosca ar aonchothrom le leaba aiceanta na habhann,

(b) beidh ionscálaí agus heic an bhosca inaistrithe agus inoscailte,

(c) is go hingearach a bheidh barraí heice an bhosca,

(d) beidh ionscálaí agus heic an bhosca déanta ar chuma nach mbeidh aon bharra ná aon chuid de bharra níos cóngaraí ná dhá orlach d'aon bharra eile nó d'aon chuid de bharra eile,

(e) ní chuirfear aon ní os cionn an bhosca ná ní chuirfear i bhfolach é in aon slí eile ó amharc an phobail.

(3) Más deimhin leis an Aire gur bric mhara formhór an éisc a ghabhtar i gcora bradán, féadfaidh sé, más cuí leis, a dhearbhú, le hordú, go mbeidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, maidir leis an gcora bradán sin, ionann is dá gcuirtí na focail “orlach agus ceathrú” in ionad “dhá orlach”.

(4) Má úsáideann nó má dhéanann duine ar bith aon bhosca i gcora bradán contrártha d'fho-alt (2) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo i leith aon bhosca i gcora bradán, féadfaidh an tAire a chur faoi deara codanna an bhosca sin a ndearnadh an cion ina leith a aistriú agus féadfaidh sé an costas faoina ndeachthas á n-aistriú a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanamh treoirbhallaí a ghabhann le coraí iascaireachta agus le dambaí muilinn iascaireachta.

114. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “treoir-bhalla” aon spor nó sál-bhalla, treoire, nó scothchlár.

(2) (a) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta in abhainn aon treoir-bhalla (ach amháin ceann ó bhoscaí na cora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin go bruach na habhann) is faide ná fiche troigh arna thomhas ó éadan aghaidh-le-sruth nó cúl-le-sruth na cora iascaireachta nó an damba mhuilinn iascaireachta sin ar feadh lárlíne an treoir-bhalla sin.

(b) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta aon treoirbhalla a chúngódh nó a choiscfeadh teacht agus imeacht an uisce isteach is amach an saor-bhearna sa chora iascaireachta sin.

(c) Má bhíonn aon treoir-bhalla curtha le haon chora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta contrártha do mhír (a) den fho-alt seo nó aon treoirbhalla curtha le haon chora iascaireachta contrártha do mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) beidh áititheoir an chéanna ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fós fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a fhágfar an treoir-bhalla sin ann;

(ii) féadfaidh an tAire a chur faoi deara an treoirbhalla sin a athrú nó a aistriú agus, má dhéanann sé amhlaidh, féadfar an costas faoina rachaidh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má dhéanann áititheoir cora iascaireachta nó damba mhuilinn iascaireachta in abhainn aon oileán nó bacainn aiceanta san abhainn a úsáid ar chuma a thabharfaidh dó an buntáiste a bheadh aige as treoir-bhalla a chur leis an gcora iascaireacht nó leis an damba muilinn iascaireachta sin contrártha do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé úsáid den oileán nó den bhacainn aiceanta sin.

(4) Má úsáidtear aon damba muilinn iascaireachta go páirteach chun uisce a choinneáil le haghaidh muilinn nó monarchan nó le haghaidh loingseoireachta, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a bhaineann leis an damba muilinn iascaireachta sin i slí a dhéanfadh dochar don soláthar uisce atá riachtanach don mhuileann, don mhonarcha nó don loingseoireacht sin.

Caibidil V.

Dambaí agus Bacainní Aiceanta.

Déanamh iascbhealaí i ndambaí chun uisce a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin, etc., in aibhneacha bradán.

115. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “damba” aon damba, cora, díog nó déanmhas eile atá curtha in abhainn bradán, nó trasna abhann bradán, chun uisce na habhann sin a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin nó cuspóirí eile.

(2) Gach damba a rinneadh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, nó dá éis, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, ní foláir é a bheith foirgnithe nó déanta ar chuma a bhéarfaidh agus a fhágfaidh, i gcuid amháin nó níos mó den damba sin, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain agus is ar chostas an duine a rinne an damba sin agus i cibé slí a cheadóidh an tAire a dhéanfar an socrú sin le haghaidh gluaiseacht shaoráideach éisc tríd an damba sin.

(3) I gcás aon damba a rinneadh roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, féadfaidh an tAire más dóigh leis gur gá é ar mhaithe le hiascaigh na habhann sin, ar iarratas ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine ag a bhfuil leas in iascach na habhann sin agus ar chostas agus muirir chuí na ndaoine ag a bhfuil leas san iascach sin, a chur faoi deara suirbhéireacht a dhéanamh ar an damba sin agus a ordú cibé athruithe a dhéanamh ann nó cibé obair bhreise a chur leis is dóigh leis an Aire is gá agus is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chose ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin gan dochar don loingseoireacht nó gan díth gan dochar do chumhacht éifeachtach oibrithe an mhuilinn nó na monarchan lena mbaineann an damba sin.

(4) Féadfaidh an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh ó am go ham feidhm a bhaint as aon chuid is cuí leis dá chistí chun bealaí a dhéanamh i ndambaí nó thar dambaí in aon abhainn ina cheantar iascaigh faoi réir cheadú an Aire, faoi fho-alt (3) den alt seo, agus, ar a gceadú sin a fháil, féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a chur chun creidiúna don Aire a bheidh an tAire tar éis a fhormheas agus a cheadú chuige sin agus air sin is dleathach don Aire a ordú agus a chur faoi deara de bhun chumhachtaí agus fhorálacha fho-alt (3) den alt seo cibé athruithe a dhéanamh in aon damba a bheidh curtha suas in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán chun gluaiseacht shaoráideach gan chosc a bheith ag iasc.

Iasc-bhealaí i ndambaí agus deisiú dambaí.

116. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a cuireadh (cibé acu roimh an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma nach dtugann sé agus nach bhfágann sé, i gcuid nó i gcodanna de, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athruithe nó breisithe) a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, is dóigh leis an Aire is gá nó is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chosc ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir damba a úsáidtear i ndáil le muileann nó monarcha agus go gcuirfidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí ó dháta na seirbheála sin, uiríoll i scríbhinn chun an Aire go dtiocfadh den fhógra sin a chomhlíonadh go ndéanfaí dochar d'oibriú an mhuilinn nó na monarcha sin, cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfaidh duine ceart cuí fiosrúchán i dtaobh na huiríolla sin agus go dtabharfaidh sé tuarascáil don Aire ina taobh agus ar an tuarascáil a thabhairt beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(a) má léiríonn an tuarascáil go dtiocfadh den deisiú a sonraíodh san fhógra sin laghdú ba mhó ná cúig faoin gcéad san each-chumhacht oibrithe a bhí ar fáil don mhuileann nó don mhonarcha sin anuas go dtí dáta an fhógra sin a sheirbheáil (arna thomhas le linn cothrom an uisce ag an damba sin a bheith ar meán-chothrom chíor an damba sin), tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar agus cuirfidh sé sin in iúl don áititheoir sin,

(b) má léiríonn an tuarascáil nach dtiocfadh laghdú mar sin den deisiú sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) seirbheálfaidh an tAire cóip den tuarascáil sin ar an áititheoir sin,

(ii) féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de cheithre lá déag ó dháta na cóipe sin a sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn a chur chuig an Aire ag déanamh agóide i gcoinne na tuarascála agus ag lua forais a agóide,

(iii) má chuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, ansin—

(I) cuirfidh an tAire an scéal faoi bhráid Uachtarán Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann nó faoi bhráid duine éigin a cheapfaidh an tUachtarán sin, agus féadfaidh seisean, tar éis an scéal a fhiosrú, aontú nó easaontú leis an tuarascáil de réir mar is cuí leis,

(II) má aontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, seirbheálfaidh an tAire ráiteas ar an áititheoir sin á chur sin in iúl dó, agus beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirfí ann tréimhse míosa, dar tosach lá an ráitis sin a sheirbheáil, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta,

(III) má easaontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar,

(IV) íocfar leis an duine a fhiosróidh an scéal cibé táille a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, i gcás an duine sin d'aontú leis an tuarascáil, íocfaidh an t-áititheoir sin leis an Aire suim is comhionann leis an táille sin agus féadfaidh an tAire an tsuim sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla, agus ar í a íoc leis an Aire, nó ar a gnóthú aige amhlaidh, íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais,

(iv) mura gcuirfear agóid chun an Aire amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirtí ann tréimhse sé sheachtain, dar tosach an dáta a seirbheáladh cóip den tuarascáil ar an áititheoir sin, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta.

(3) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh (cibé acu roimh an dáta feidhme, ar an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma go bhfuil uisce, a bheadh ar fáil le haghaidh gluaiseacht agus imirce éisc go saoráideach thar an damba sin nó thart leis, ag sileadh nó ag éalú amach tríd an damba sin nó thar an damba sin (ar shlí seachas trína úsáid chun na críche dá gcoinníonn an damba sin é) agus, dá dheasca sin, nach bhfuil sé ar fáil le haghaidh na gluaiseachta agus na himirce saoráidí sin, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athnuachain agus athchóiriú) a fheictear don Aire is gá agus a shonrófar san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(4) I gcás fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo a tharraingt siar faoi fho-alt (2) den alt seo, measfar nár seirbheáladh an fógra sin.

(5) I gcás inar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo ar áititheoir damba, agus nach ndearna an t-áititheoir sin de réir cheanglas an fhógra sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(b) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí in aghaidh an áititheora sin faoi mhír (a) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis agus an deisiú a sonraíodh san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon deisiú ar dhamba faoin alt seo, beidh sé i dteideal an costas faoina rachaidh sé á dheisiú amhlaidh a ghnóthú ó áititheoir an damba sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine a thiocfaidh as é do dhéanamh aon deisithe ar dhamba faoin alt seo.

(8) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal deisiú a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal dul isteach chun na críche sin gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis.

(9) Na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo is cumhachtaí iad i dteannta cumhachtaí an Aire faoi alt 115 agus ní cumhachtaí ina n-ionad sin iad.

Dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine a athrú.

117. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh in aon abhainn a bheith tréigthe nó díomhaoin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana nó nár úsáideadh go héifeachtúil é i gcaitheamh na tréimhse sin chun na críche chun a ndearnadh é agus go bhfuil sé go díreach nó go neamhdhíreach ag cur cosc, nó ag cabhrú chun cosc a chur, le gluaiseacht agus imirce saoráideach éisc nó ag tabhairt áiseanna chun iasc a dhíothú go neamhdhleathach, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar aon duine a bhfeictear dó gurb é úinéir nó áititheoir an damba sin é á cheangal ar an duine sin go ndéanfaidh sé, laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, cibé athruithe (lena n-áirítear breisithe agus lán-aistriú nó páirtaistriú) ar an damba sin a fheicfear don Aire a bheith riachtanach chun go bhféadfaidh iasc gluaiseacht agus imirce a dhéanamh go saoráideach nó chun deireadh a chur leis na háiseanna chun iasc a dhíthiú go neamhdhleathach (cibé acu é) agus a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach mbeidh na hathruithe a sonraíodh san fhógra sin déanta laistigh den tréimhse a sonraíodh chuige sin san fógra sin, féadfaidh an tAire dul isteach ar an damba lena mbaineann an fógra sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an damba sin agus na hathruithe sin a dhéanamh ar an damba sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon athruithe ar dhamba faoin alt seo agus gur deimhin leis gur tharla na hathruithe sin a bheith riachtanach de dheasca faillí thoiliúil úinéir nó áititheoir an damba sin, féadfaidh an tAire an costas faoina rachaidh an tAire ag déanamh na n-athruithe sin a ghnóthú ón úinéir nó ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal athruithe a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal chun na críche sin dul isteach, gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh dtadhal leis.

(5) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon mhuirir chun aon damba a choimeád i dtreo a cheanglóidh sé a athrú nó a athróidh sé faoin alt seo, ná i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine de dheasca an athraithe sin nó de dheasca é a dhéanamh.

(6) Aon uair a bheartóidh an tAire, maidir le haon damba tréigthe nó díomhaoin a rinneadh nó a suíodh in abhainn chun uisce a choinneáil, nó i ndáil le huisce a choinneáil, le haghaidh loingseoireachta, fógra a sheirbheáil nó aon athruithe a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála sula seirbheálfaidh sé an fógra sin nó sula ndéanfaidh sé na hathruithe sin.

Bacainní aiceanta in aibhneacha a athrú nó a aistriú ionas go bhféadfaidh iasc imirce a dhéanamh go saoráideach.

118. —(1) Más rud é go gcuireann sceireacha, scarbha, oitreacha nó bacainní aiceanta eile stop nó cosc, in aon abhainn, le gluaiseacht agus imirce shaoráideach éisc, agus go mbacann sé iasc ar dhul suas go dtí na codanna uachtaracha den abhainn sin nó go dtí aon lochanna a bhfuil bealach chucu ón abhainn sin agus a scéith a chur ann, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige in iascach na habhann nó an locha sin agus a thaiscfidh nó a uróidh suim airgid is leor chuige sin, oibreacha agus athruithe a dhéanamh nó a údarú, nó dul i gconradh le haon duine ag a bhfuil leas in iascaigh na habhann sin chun a ndéanta, i leaba na habhann sin de chineál a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc gach séasúr den bhliain.

(2) Beidh na pleananna, na léaráidí trasghearrtha, na sonraíochtaí agus na conarthaí do na hoibreacha nó na hathruithe go léir a údarófar faoin alt seo faoi réir a gceadaithe roimh ré ag an Aire.

(3) Chun aon obair a dhéanamh faoin alt seo agus chun an cúiteamh uile i leith damáiste agus nithe eile i ndáil leis a chinneadh, beidh ag an Aire agus ag a oifigigh agus a sheirbhísigh na cumhachtaí agus na húdaráis atá dílsithe i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi réim agus de bhua na reachtanna a rinneadh agus a foráladh chuige sin.

(4) Ní dhéanfar aon obair ná athrú faoin alt seo ar leaba aon abhann ar chuma a dhéanfadh díobháil do chumhacht éifeachtach aon mhuilinn nó monarchan ná a choiscfeadh ná a bhacfadh in aon slí draenáil tailte atá tadhlach leis an abhainn sin.

(5) Déanfaidh na páirtithe arb ar a n-iarratas a údarófar aon oibreacha faoin alt seo cúiteamh réasúnach a thabhairt in aon damáiste nó díobháil a rinneadh nó a dhéanfar nó a thiocfaidh go hiarmartach nó ar dhóigh eile i ndéanamh na n-oibreacha sin.

(6) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantar iascaigh ó am go ham aon chuid is cuí leis dá chistí a úsáid chun bacainní aiceanta in aon abhainn ina cheantar iascaigh a chur as nó bealaí a dhéanamh sna bacainní sin nó tharstu, faoi réir cheadú an Aire, faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo, agus ar cheadú an Aire a fháil féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a bheidh aontaithe agus ceadaithe ag an Aire chun na críche sin a chur chun creidiúna don Aire agus air sin is dleathach don Aire cibé oibreacha agus cibé athruithe a dhéanamh ar leaba aon abhann a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc, de bhun cumhachtaí agus forálacha na bhfo-alt roimhe sin den alt seo.

Cionta i leith iasc-bhealaí a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries(Ireland) Act,1842, nó faoi alt 115 nó 118.

119. —(1) San alt seo ciallaíonn “iasc-bhealach” iasc-bhealach a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, nó faoi alt 115 nó 118.

(2) Duine ar bith—

(a) a thógfaidh, a mharóidh, nó a dhíothóidh aon iasc in iasc-bhealach, nó

(b) a chrochfaidh, a fheisteoidh, a úsáidfidh nó a chuirfidh aon inneall iascaireachta in iasc-bhealach, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn, a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh lena bhféadfaí iasc a scanrú, nó drogall a chur orthu nó iad a chosc in aon slí ó ghluaiseacht go saoráideach suas agus síos trí iascbhealach gach tráth den bhliain.

(d) nach gcoinneoidh iasc-bhealach glan ó gach bacainn,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus, más é a bheidh sa chion aon bhacainn nó deis a chur in iascbhealach, ordóidh an Chúirt í a aistriú as ar chostas an chiontóra.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúnt—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarcha a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid laistigh de dhá chéad slat ó dhambaí áirithe.

120. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) chun iasc a thógáil laistigh de dhá chéad slat lastuas nó laistíos d'aon damba a úsáidtear chun uisce a sholáthar do mhuilte nó monarchana nó le haghaidh loingseoireacht a beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon inneall iascaireachta a úsáid in aon áit laistigh de dhá chéad slat ó aon damba den chineál a luaitear san fho-alt sin, i gcás ina raibh an ceart chun úsáid a bhaint as an inneall iascaireachta sin á fheidhmiú san áit sin ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, ag aon duine ag a raibh seilbh dleathach ar iascach eisiatach ann.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid ag damba muilinn nach ngabhann iascbhealach leis nó laistigh de chaoga slat ó dhamba den sórt sin.

121. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 120, ní dleathach do dhuine ar bith, bíodh go bhfuil seilbh aige ar iascach eisiatach a raibh ceart chun inneall iascaireachta a úsáid ina leith aon áit laistigh de dhá chéad slat ó dhamba muilinn á fheidhmiú ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) a úsáid caoga slat, ná laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos den damba muilinn sin mura rud é—

(a) go bhfuil ag gabháil leis an damba muilinn sin iascbhealach de cibé saghas agus tomhais a bheidh ceadaithe ag an Aire, agus

(b) go bhfuil an oiread sin uisce ag rith i gcónaí tríd an iascbhealach sin gur féidir le bradáin gluaiseacht síos suas ann.

(2) Má sháraíonn duine ar bith fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mo ná fiche punt a chur air.

Forálacha maidir le roth-chomhlaí, etc., i muilte, etc., a fhaigheann uisce ó aibhneacha bradán.

122. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muileann” aon mhonarcha, meaisín, foirgneamh nó obair eile a dhéanann nó dá ndéantar uisce a thógáil nó a úsáid chun aon chríche, ach ní fholaíonn sé aon obair chun leictreachas a ghiniúint, trí chumhacht hiodrálach, lena dháileadh agus lena sholáthar don phobal;

ciallaíonn an focal “roth-shliúsanna”, maidir le muileann, na sliúsanna a ligeann uisce chun rothaí an mhuilinn sin.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach muileann a fhaigheann a sholáthar uisce ó abhainn bradán—

(a) má tá iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann, coimeádfar na roth-shliúsanna agus na scéith-gheataí nó na brúcht-bhealaí dúnta—

(i) ar feadh ceithre huaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(b) mura bhfuil iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann agus má tá an scéith-gheata ar an taobh aghaidh le sruth de na roth-shliúsanna curtha suas i gcainéal atá oiriúnach do ghluaiseacht éisc, coimeádfar na roth-shliúsanna dúnta agus an scéith-gheata sin oscailte—

(i) ar feadh ceithre uaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(c) mura gcomhlíonfar forálacha mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, beidh áititheoir an mhuilinn ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná trí phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás ina gcúiseofar áititheoir muilinn i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go dtiocfadh de mhír (a) nó mír (b) (cibé acu is iomchuí) d'fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh go gcuirfí as go dochrach in aon slí d'innealra nó d'uisce-chumhacht an mhuilinn.

Grátaí i sruthchúrsaí as aibhneacha ionas nach rachaidh bradáin ná bric isteach iontu.

123. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús a chun uisce a thabhairt ó aon abhainn bradán, lena sholáthar do bhailte nó talamh a uisciú nó mar chumhacht tiomána innealra nó chun aon chríche eile, seachas uisce a sholáthar le haghaidh loingseoireachta nó linnte éisc:—

(a) ní foláir gráta (nach mó ná dhá orlach in áit ar bith an spás idir a bharraí) a shínfidh trasna leithead iomlán an sruthchúrsa, na claise, an chainéil nó an tsliúis sin agus ó íochtar a leaba nó a urláir go dtí cothrom na n-uiscí is airde sa gheimhreadh nó le linn tuile, a bheith feistithe ag na pointí mar a scarann agus mar a n-athcheanglaíonn an sruthchúrsa, an chlais an cainéal nó an sliús sin leis an abhainn sin agus laistíos agus laistuas den sliús sin,

(b) i gcaitheamh mí Márta, Aibreáin agus Bealtaine agus na dtréimhsí eile den bhliain a mbeidh álach bradán nó breac ag dul síos an abhainn sin, ní foláir cliathrach nó líonra sreangach de cibé tomhais a choiscfidh go héifeachtúil gilidíní bradán nó mion-éisc eile ó dhul isteach sa sruthchúrsa, sa chlais, sa chainéal nó sa sliús sin, a bheith feistithe nó sínte trasna dhromchla iomlán gach gráta acu sin,

(c) ní foláir gach gráta, cliathrach nó líonta den tsórt sin a bheith daingnithe agus socraithe ar chuma nach féidir é a aistriú ná é a oscailt agus coimeádfar i ndeisriocht é i gcónaí.

(2) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfar forálacha an fho-ailt sin, beidh úinéir, léasaí nó áititheoir aon áitribh chun a dtéann an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin nó aon duine eile a dhéanfaidh nó a úsáidfidh an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin, nó a mbeidh a chúram agus a chnthabháil air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus a rinneadh chun uisce a thabhairt mar chomhacht tiomána d'innealra, go gcruthófar chun sástachta an Aire gur gá díolúine a thabhairt ar feadh aon tréimhse ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear ina leith leis an bhfo-alt sin (1) chun an t-innealra sin a oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire an díolúine sin a dheonú.

(4) Féadfaidh an tAire díolúine a deonaíodh faoi alt 4 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869, nó faoi fho-alt (3) den alt seo a chúlghairm.

Oibleagáidí úinéirí meaisíní hiodrálacha a fhaigheann soláthar ó aibhneacha bradán.

124. —(1) Más ó abhainn bradán a fhaigheann tuirbín nó meaisín hiodrálach dá shamhail, a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do bhradáin ar a mbealach síos chun na farraige, soláthar uisce ó abhainn bradán, beidh sé de dhualgas ar an duine a bhfuil an meaisín sin ar úinéireacht nó ar úsáid aige gráta nó cóir éifeachtach eile a chur ar fáil, le linn na tréimhse a bheidh bradáin ar a mbealach síos chun na farraige amhlaidh, chun na bradáin sin a chosc ó dhul isteach sa mheaisín sin.

(2) Má fhaillíonn aon duine ar a gcuirtear dualgas le fo-alt (1) den alt seo an dualgas sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a mhairfidh an fhaillí sin.

Pionós mar gheall ar iasc a thógáil, etc., in oibreacha nó i sruthchúrsaí atá ag gabháil le muilte nó monarchana.

125. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon séasúr den bhliain, in aon linn muilinn nó damba muilinn nó in aon oibreacha atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nó in aon cheann de na sruthchúrsaí a thugann an t-uisce isteach i aon mhuileann nó monarcha nó amach as, aon inneall iascaireachta a úsáid (seachas slat agus ruaim a úsáidfear go dleathach) nó deis ar bith a úsáid chun aon bhradán nó iasc eile a thógáil, a dhíothú nó a bhac, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Nuair a chiontófar duine i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo trí aon sliús-gheata atá faoi chumhacht eisiatach áititheoir muilinn nó monarchan a dhúnadh anuas nó a dhruid, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sin sa chion sin.

measfar an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar píonós a ghearradh air dá réir.

(4) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarchan a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion agus nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin faoin alt seo,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.

CUID IX.

Srianta maidir le Tráthanna Iascaireachta Bradán, Breac, Pollán, agus Eascann, agus Forálacha Foghabhálacha.

Caibidil I.

Bradáin agus Bric.

Roinn I.

Séasúr Coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

Séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

126. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric”, maidir le háit ar bith, an tréimhse a mbeidh sé dearbhaithe le fodhlí, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis an áit sin, arna dhéanamh faoin Acht seo, é a bheith neamhdhleathach lena linn bradáin nó bric a thógáil nó a iascaireacht le hinnill seachas slat agus ruaim.

(2) Beidh feidhm maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh, ar shlí seachas le slat agus ruaim, le haghaidh bradán nó breac le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

127. —(1) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon bhradán nó breac a iascaireacht nó a thógáil nó cabhair nó cuidiú a thabhairt le haon bhrádán nó breac a thógáil nó a iascaireacht le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradán nó breac a thóg sé amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán agus breac a thóg sé agus gach inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le bradáin nó bric a iascaireacht nó a thógáil go dleathach le slat agus ruaim.

Innill sheasmhacha a dhíchóimeáil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus brio.

128. —(1) Sa séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric—

(a) bainfear gach cochall iascaireachta agus líon cuaille de na cleitheanna nó na daingneáin ar a bhfuil siad ceangailte agus tabharfar chun bealaigh iad,

(b) déanfar agus coimeádfar i ngach inneall seasmhach (seachas cochall iascaireachta nó líon cuaille) oscailt ghlan ceithre throigh ar leithead sna foircinn, sna gaistí, sna súile nó sna bearnaí óna mbarr go dtína mbun ionas go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht go saoráideach tríothu agus go gcoiscfear go héifeachtúil iasc a thógáil iontu.