33 1963

<

Uimhir 33 de 1963.


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963.

[An tiontú oifigiúil].


ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ MARAON LE LEASUITHE AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN LE CUIDEACHTAÍ AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS AN NÍ SIN. [23 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Forálacha ginearálta maidir le léiriú

1856, c. 47.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

1857, c. 60.

1872, c. 58.

1872, c. 26.

1888, c. 44.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

1856, c. 47.

1857, c. 14.

1857, c. 80.

1857, c. 49.

1858, c. 91.

1872, c. 58.

2. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “cuntais” grúpchuntais chuideachta cibé acu i bhfoirm chuntas a ullmhaíodh iad nó nach ea;

ní fholaíonn “gníomhaire” abhcóide duine ag gníomhú dó i gcáil abhcóide;

ciallaíonn “tuairisceán bliantúil” an tuairisceán is gá a thabhairt i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, faoi alt 125 agus, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, faoi alt 126;

ciallaíonn “airteagail” airteagail chomhlachais chuideachta, mar a cumadh iad i gcéaduair nó mar a athraíodh iad le rún speisialta, lena n-áirítear, sa mhéid go mbaineann siad leis an gcuideachta, na rialacháin atá (cibé acu é) i dTábla B sa Sceideal a ghabhann leis an Joint Stock Companies Act, 1856, nó i dTábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies Act, 1862, nó sa Tábla sin arna athrú de bhun alt 71 den Acht deiridh sin a luaitear, nó i dTábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies (Consolidation) Act, 1908;

ciallaíonn “lá saoire bainc” lá is lá saoire bainc faoi na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924;

ciallaíonn “na hAchtanna Féimheachta” an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, an Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, an Debtors Act (Ireland), 1872, agus an Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888;

folaíonn “leabhar agus páipéar” agus “leabhar nó páipéar” cuntais, gníomhais, scríbhinní agus doiciméid;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo, nó cuideachta láithreach;

tá le “cuideachta faoi theorainn ráthaíochta” agus le “cuideachta faoi theorainn scaireanna” na bríonna a thugtar dóibh faoi seach le fo-alt (2) d'alt 5;

tá le “ranníocóir” an bhrí a thugtar dó le halt 208;

nuair a úsáidtear “an chúirt” maidir le cuideachta ciallaíonn sé an Ard-Chúirt;

tá le “foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (7) d'alt 256;

folaíonn “bintiúr” stoc bintiúir, bannaí agus aon urrúis eile chuideachta cibé acu is muirear ar shócmhainní na cuideachta iad nó nach ea;

folaíonn “stiúrthóir” aon duine i bpost stiúrthóra cibé ainm a thugtar air;

folaíonn “doiciméad” toghairm, fógra, ordú agus próis dhlíthiúil eile, agus cláir;

ciallaíonn “cuideachta láithreach” cuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh i gclár a choimeádtar sa Stát faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908; tá le “fógra fadtréimhse” an bhrí a thugtar dó le halt 142;

ciallaíonn “bliain airgeadais”, maidir le haon chomhlacht corpraithe, an tréimhse a ndéantar amach ina leith aon chuntas sochair agus dochair leis an gcomhlacht corpraithe a leagtar faoina bhráid i gcruinniú ginearálta, cibé acu is bliain an tréimhse sin nó nach ea;

tá le “grúpchuntais” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 150;

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta shealbhaíochta mar a mhínítear sin le halt 155;

ciallaíonn “arna eisiúint go ginearálta”, maidir le réamheolaire, arna eisiúint chun daoine nach comhaltaí ná bintiúraigh láithreacha de chuid na cuideachta;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic” an Joint Stock Companies Act, 1856, na Joint Stock Companies Acts, 1856, 1857, an Joint Stock Banking Companies Act, 1857, agus an tAcht á chumasú Cuideachtaí Comhstoic Baincéireachta a fhoirmiú ar phrionsabal an dliteanais theoranta, nó aon cheann nó cinn de na hAchtanna sin, de réir mar is gá sa chás, ach ní fholaíonn sé Acht 7 agus 8 Victoria, Caibidil 110;

tá le “foirceannadh toilteanach ag comhaltaí” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (7) d'alt 256;

tá le “an suibscríobh íosta” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 53;

ciallaíonn “meabhrán” meabhrán comhlachais cuideachta, mar a cumadh i gcéaduair é nó mar a athraíodh é de bhun aon reachta (lena n-áirítear an tAcht seo);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn “oifigeach”, maidir le comhlacht corpraithe, stúirthóir nó rúnaí;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a theacht i ngníomh;

ciallaíonn an briathar “forordú”, maidir leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le cuideachtaí a fhoirceannadh, forordú le rialacha cúirte, agus maidir le forálacha eile an Achta seo, forordú le hordú ón Aire;

folaíonn “clóite” atáirgthe in aon fhoirm inléite bhuan a cheadóidh cláraítheoir na gcuideachtaí;

tá le “cuideachta phríobháideach” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 33;

ciallaíonn “réamheolaire” aon réamheolaire, fógra, ciorclán, fógrán nó cuireadh eile a thairgeann aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta don phobal lena suibscríobh nó lena gceannach;

ciallaíonn “stocmhargadh aitheanta” stocmhargadh a bheidh forordaithe ag an Aire chun críocha gach forála ina bhfuil na focail sin;

ciallaíonn “cláraitheoir na gcuideachtaí” nó, nuair a úsáidtear é maidir le clárú cuideachtaí, “an cláraitheoir”, an t-oifigeach a mbeidh clárú cuideachtaí á dhéanamh de dhualgas aige faoin Acht seo;

tá le “rún chun scairchaipiteal a laghdú” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 72;

tá le “rún le haghaidh foirceannadh toilteanach” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 251;

ciallaíonn “scair” scair i scairchaipiteal cuideachta, agus folaíonn sé stoc ach amháin i gcás ina bhfuil idirdhealú sainráite nó intuigthe idir stoc agus scaireanna;

tá le “barántas scaire” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 88;

ciallaíonn “cruinniú reachtúil” an cruinniú is gá a thionól de réir fho-alt (1) d'alt 130;

tá le “tuarascáil reachtúil” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 130;

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a mhínítear sin le halt 155;

ciallaíonn “Table A” Table A sa Chéad Sceideal;

ciallaíonn “Tábla A” Tábla A sa Chéad Sceideal;

tá le “tráth oscailte na liostaí suibscríofa” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 56;

folaíonn “féimheach neamh-urscaoilte”—

(a) féimheach nach bhfuair an deimhniú comhlíonta a luaitear in alt 56 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872;

(b) duine a breithníodh ina fhéimheach i dTuaisceart Éireann agus nach bhfuair an deimhniú comhlíonta a luaitear in alt 56 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872;

(c) duine is féimheach neamh-urscaoilte faoi dhlí Shasana nó faoi dhlí na hAlban;

ach ní fholaíonn sé duine ar neamhníodh a fhéimheacht;

tá le “cuideachta neamhtheoranta” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 5.

(2) Ní mheasfar duine a bheith, de réir bhrí aon fhorála den Acht seo, ina dhuine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, ar an aonchúis go ngníomhaíonn stiúrthóirí cuideachta ar chomhairle a thugann sé i gcáil ghairmiúil.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo do chomhlacht corpraithe nó do chorparáid a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn corparáid aonair, ach a fholaíonn cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát.

(4) Aon fhoráil san Acht seo a sháraíonn nó a léiríonn airteagail chuideachta, bainfidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo, le hairteagail a bheidh i bhfeidhm ar an dáta feidhme chomh maith le hairteagail a thiocfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin, agus bainfidh sí freisin le meabhrán cuideachta faoi mar a bhaineann sí lena hairteagail.

(5) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

(6) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar do Chuid, d'alt nó do sceideal, is tagairt í do Chuid, d'alt nó do sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist.

(7) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do roinn eile, is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist.

Aisghairm agus cosaint.

1908, c. 69.

1871, c. 31.

1862, c. 89.

1856, c. 47.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

3. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dóú Sceideal Déag a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon Ordú i gComhairle, ordú, riail, rialachán, ceapachán, tíolacas, morgáiste, gníomhas nó comhaontú a rinneadh, d'aon rún a ritheadh, d'aon treoir a tugadh, d'aon imeacht a tionscnaíodh, d'aon ionstraim a eisíodh nó d'aon ní a cuireadh i gcrích faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, ach beidh feidhm i gcónaí ag aon Ordú i gComhairle, ordú, riail, rialachán, ceapachán, tiolacas, morgáiste, gníomhas, comhaontú, rún, treoir, imeacht, ionstraim nó ní den sórt sin, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, agus sa mhéid go bhféadfaí é a dhéanamh, a rith, a thabhairt, a thionscnamh, a eisiúint nó a chur i gcrích faoin Acht seo, beidh éifeacht aige ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh, a ritheadh, a tugadh, a tionscnaíodh, a eisíodh nó a cuireadh i gcrích é.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'oibriú ailt 109 agus 110 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le cigirí a ceapadh roimh an dáta feidhme, ná maidir le leanúint de chigireacht ar ar thosaigh cigirí a ceapadh roimh an dáta feidhme, agus bainfidh alt 172 le tuarascáil ó chigirí a ceapadh faoi na hailt sin faoi mar a bhaineann sé le tuarascáil ó chigirí a ceapadh faoi alt 165 agus 166.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear—

(a) d'fhorálacha alt 5 den Trade Union Act, 1871 (a neamhníonn clárú ceardchumainn faoi na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí);

(b) don achtachán atá leagtha amach sa Tríú Sceideal Déag, is é sin, achtachán a coimeádadh i bhfeidhm le halt 205 den Companies Act, 1862,

ná ní fhorléireofar é mar ní a aisghaireann aon fhoráil de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961.

(5) Faoi réir forálacha fho-alt (4), déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí a fhorléiriú mar dhoiciméad a thagraíonn don achtachán comhréire san Acht seo.

(6) Aon duine a ceapadh chun aon oifige faoi réim nó de bhua aon achtacháin roimhe seo maidir le cuideachtaí, agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh an dáta feidhme, measfar é a bheith arna cheapadh chun na hoifige sin faoi réim nó de bhua an Achta seo.

(7) Aon chlár a choimeádtar faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, measfar gur cuid é den chlár atá le coimeád faoi fhorálacha comhréire an Achta seo.

(8) Gach ciste agus cuntas a bhunófar faoin Acht seo, measfar iad a bheith leanúnach ar na cistí agus na cuntais chomhréire a bunaíodh faoi na hachtacháin roimhe seo maidir le cuideachtaí.

(9) Ní dhéanfaidh aisghairm leis an Acht seo ar aon achtachán difear—

(a) do chorprú aon chuideachta a cláraíodh faoi aon achtachán a aisghairtear leis seo;

(b) do Thábla B sa Sceideal a ghabhann leis an Joint Stock Companies Act, 1856, ná d'aon chuid de, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme;

(c) do Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies Act, 1862, ná d'aon chuid de, mar a bhí sé i gcéaduair sa Sceideal sin nó mar a athraíodh é de bhun alt 71 den Acht sin, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme;

(d) do Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies (Consolidation) Act, 1908, ná d'aon chuid de, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme.

(10) I gcás aon chion, is cion ar foráladh pionós mar gheall ar leanúint de, a bheith déanta faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo i leith leanúint den chion tar éis an dáta feidhme, ionann is dá mba faoi fhorálacha comhréire an Achta seo a rinneadh an cion.

(11) San alt seo ciallaíonn “achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí” aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus aon achtachán a aisghaireadh leis an Companies (Consolidation) Act, 1908.

Forléiriú tagairtí in Achtanna eile do chuideachtaí a cláraíodh faoin Companies (Consolidation) Act, 1908.

1937, Uimh. 38 .

1908, c. 69.

4. —D'ainneoin fho-alt (1) d'alt 20 den Acht Léiriúcháin, 1937 (a fhorálann i gcás ina ndéanann Acht aisghairm agus athachtú, le modhnú nó gan mhodhnú, ar aon fhorálacha d'Acht roimhe sin, go ndéanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, tagairtí in aon Acht eile do na forálacha a aisghairtear amhlaidh a fhorléiriú mar thagairtí do na forálacha a athachtaítear amhlaidh), déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, tagairtí in aon Acht seachas an tAcht seo do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh, nó a cláraíodh, faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, a fhorléiriú mar thagairtí do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh, nó a cláraíodh, faoin Acht sin nó faoin Acht seo.

CUID II.

Corprú Cuideachtaí agus nithe a ghabhann leis sin

Meabhrán Comhlachais.

Cuideachta chorpraithe a fhoirmiú.

5. —(1) Aon seachtar nó níos mó nó, más cuideachta phríobháideach atá le foirmiú, aon bheirt nó níos mó, a bheidh i bpáirt le chéile chun aon chuspóra dhleathaigh, féadfaidh siad, trína n-ainmneacha a shíniú le meabhrán comhlachais agus ceanglais an Achta seo maidir le clárú a chomhlíonadh thairis sin, cuideachta chorpraithe, le dliteanas teoranta nó gan dliteanas teoranta, a fhoirmiú.

(2) Féadfaidh cuideachta den sórt sin—

(a) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn an mhéid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna a shealbhóidh siad faoi seach (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn scaireanna”); nó

(b) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn cibé méid a gheallfaidh na comhaltaí faoi seach, leis an meabhrán sin, a ranníoc le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn ráthaíochta”); nó

(c) bheith ina cuideachta gan aon teorainn le dliteanas a comhaltaí (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta neamhtheoranta”).

Ceanglais maidir leis an meabhrán.

6. —(1) Ní foláir na nithe seo a leanas a lua i meabhrán gach cuideachta—

(a) ainm na cuideachta, agus “limited” nó “teoranta” mar fhocal deiridh an ainm i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta;

(b) cuspóirí na cuideachta.

(2) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta go bhfuil teorainn le dliteanas a comhaltaí.

(3) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta go ngeallann gach comhalta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn é a bheith ina chomhalta, nó taobh istigh de bhliain tar éis éis é a scor de bheith ina chomhalta, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu sular scoir sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, táillí agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun cearta na ranníocóirí eatarthu féin a choigeartú, cibé méid is gá, gan dul thar mhéid sonraithe.

(4) I gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal—

(a) ní foláir a lua freisin sa mheabhrán, mura cuideachta neamhtheoranta í, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú i leith na cuideachta, agus conas a roinntear ina scaireanna de mhéid socraithe é;

(b) ní fhéadfaidh aon duine de shínitheoirí an mheabhráin cuid is lú ná scair amháin a thógáil;

(c) ní foláir do gach sínitheoir an méid scaireanna atá sé a thógáil a scríobh síos os coinne a ainm.

Cló, stampa agus síniú an mheabhráin.

7. —Ní foláir an meabhrán a bheith clóite, agus stampa a bheith air ionann is dá mba ghníomhas é, agus ní foláir do gach sínitheoir é a shíniú i láthair finné amháin ar a laghad agus caithfidh an finné sin an síniú a fhianú.

Modhnú ar an riail ultra vires.

8. —(1) Aon ghníomh nó ní a dhéanfaidh cuideachta agus a bheadh déanta go dleathach agus go héifeachtach dá mbeadh cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh, beidh sé, d'ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcuideachta an gníomh nó an ní sin a dhéanamh, éifeachtach i bhfabhar aon duine a raibh a sheasamh ar an ngníomh nó an ní sin agus nach suífear go raibh a fhios aige iarbhír, an tráth a bhí sé ag seasamh air amhlaidh, nach raibh an gníomh nó an ní sin faoi réim cumhachtaí na cuideachta, ach aon stiúrthóir nó oifigeach de chuid na cuideachta a bhí freagrach sa chuideachta do dhéanamh an ghnímh nó an ní sin, beidh sé faoi dhliteanas ag an gcuideachta i leith aon chaillteanais nó damáiste a bhain don chuideachta dá dheasca.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon chomhalta nó bintiúrach de chuid cuideachta, an chuideachta sin a shrianadh ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh.

Srian le hathrú ar an meabhrán.

9. —Ní cead do chuideachta na forálacha ina meabhrán a athrú ach amháin sna cásanna, ar an modh agus sa mhéid dá bhforáiltear go sainráite san Acht seo.

An tslí a bhféadfar, agus a mhéid is féidir, cuspóirí cuideachta a athrú

1908, c.69.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh cuideachta, le rún speisialta, forálacha a meabhráin a athrú trí aon chuspóir láithreach a thréigean, a shrianadh nó a leasú, nó trí chuspóir nua a ghabháil chuici, agus beidh aon athrú a dhéanfar amhlaidh chomh bailí agus dá mbeadh sé sa mheabhrán i gcéaduair, agus beidh sé faoi réir a athraithe ar an dóigh chéanna.

(2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte de réir an ailt seo á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht leis an athrú ach sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh siad seo a leanas iarratas faoin alt seo a dhéanamh—

(a) sealbhóirí 15% ar a laghad san iomlán de réir luach ainmniúil de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó d'aon chineál de nó, mura bhfuil an chuideachta faoi theorainn scaireanna, 15% ar a laghad de chomhaltaí na cuideachta; nó

(b) sealbhóirí 15% ar a laghad de bhintiúir na cuideachta, a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar a cuspóirí.

(4) Ní cead d'aon duine a thoiligh nó a vótáil leis an athrú iarratas a dhéanamh faoin alt seo.

(5) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de 21 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún ag athrú cuspóirí na cuideachta, agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn.

(6) Ar iarratas a dhéanamh chuici faoin alt seo, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag cealú an athraithe nó ag daingniú an athraithe go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé tearmaí agus coinníollacha is cuí léi, agus féadfaidh sí, más cuí léi, na himeachtaí a chur ar athráth ionas go bhféadfar socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte chun leasanna comhaltaí easaontacha a cheannach, agus féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is dóigh léi a bheith fóirsteanach chun aon socrú den sórt sin a éascú nó a chur in éifeacht, sa dóigh, áfach, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal na cuideachta ar aon cheannach den sórt sin.

(7) Is iad na bintiúir a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar chuspóirí cuideachta, aon bhintiúir a bheidh urraithe le muirear foluaineach agus a eisíodh nó a céadeisíodh roimh an dáta feidhme nó is cuid d'aon sraith amháin le haon bhintiúir a eisíodh amhlaidh, agus le haghaidh rúin speisialta ag athrú cuspóirí cuideachta ní foláir fógra a thabhairt do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin mar a thugtar do chomhaltaí na cuideachta, sa dóigh, áfach, go dtabharfar fógra 10 lá ar a laghad do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin.

Mura bhfuil aon fhorálacha ann i dtaobh fógra a thabhairt d'aon bhintiúraigh den sórt sin, beidh feidhm ag na forálacha d'airteagail na cuideachta a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhaltaí.

(8) I gcás cuideachta a bheidh, de bhua ceadúnais ón Aire, díolmhaithe ón oibleagáid chun an focal “limited” nó “teoranta” a úsáid mar chuid dá hainm, ní foláir freisin fógra a thabhairt don Aire mar a thugtar do bhintiúraigh i dtaobh rún ag athrú cuspóirí na cuideachta.

(9) Nuair a rithfidh cuideachta rún ag athrú a cuspóirí—

(a) mura ndéanfar aon iarratas ina leith faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 15 lá ó dheireadh na tréimhse chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, cóip chlóite dá meabhrán arna athrú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí; agus

(b) má dhéantar iarratas den sórt sin, déanfaidh an chuideachta—

(i) fógra go ndearnadh é a thabhairt láithreach don chláraitheoir; agus

(ii) laistigh de 15 lá ó dháta aon ordaithe a chealaigh nó a dhaingnigh an t-athrú, cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir, agus, i gcás ordú a dhaingnigh an t-athrú, cóip chlóite den mheabhrán arna athrú.

Féadfaidh an chúirt am ar bith, le hordú, an tréimhse chun doiciméid a sheachadadh don chláraitheoir faoi mhír (b) a fhadú mar is cuí leis an gcúirt.

(10) Má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt nó aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir mar a cheanglaítear le fo-alt (9), dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) Maidir le rún ag athrú na bhforálacha de mheabhrán cuideachta a bhaineann le cuspóirí na cuideachta a ritheadh roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad fho-ailt (2) go (10), gur achtaíodh fo-ailt (2) go (7) d'alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

Airteagail Chomhlachais.

Airteagail ag forordú rialachán do chuideachtaí.

11. —Féadfar, i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, agus déanfar, i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nó cuideachta neamhtheoranta, airteagail chomhlachais, a bheidh sínithe ag sínitheoirí an mheabhráin agus a fhorordóidh rialacháin don chuideachta, a chlárú maraon leis an meabhrán.

Rialacháin is gá i gcás cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta.

12. —(1) I gcás cuideachta neamhtheoranta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta agus, má tá scairchaipiteal ag an gcuideachta, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú don chuideachta.

(2) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta.

(3) Má tá cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta tar éis líon a comhaltaí a mhéadú thar an líon cláraithe, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis cinneadh, le rún, ar an méadú nó tar éis an méadú a tharlú, fógra faoin méadú a thabhairt don chláraitheoir, agus taifeadfaidh seisean an méadú.

Má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Table A nó Tábla A a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

13. —(1) Féadfar sna hairteagail chomhlachais glacadh le gach ceann nó aon cheann de na rialacháin atá in Table A, nó de na rialacháin chomhionanna i nGaeilge atá i dTábla A.

(2) I gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna a chlárófar tar éis an dáta feidhme, mura gcláraítear airteagail nó, má chláraítear airteagail, sa mhéid nach n-eisiann na hairteagail nó nach modhnaíonn siad na rialacháin atá in Table A, is iad na rialacháin sin, chomh fada agus is infheidhme iad, rialacháin na cuideachta sa dóigh chéanna agus sa mhéid ceánna is dá mbeidís in airteagail a cláraíodh go cuí.

(3) Más i nGaeilge atá meabhrán na cuideachta, déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) do Table A a fhorléiriú mar thagairtí do Thábla A.

Cló, stampáil agus síniú na n-airteagal.

14. —Ní foláir airteagail a bheith—

(a) clóite;

(b) roinnte ina míreanna a mbeidh uimhreacha i ndiaidh a chéile leo;

(c) stampáilte leis an stampa céanna a bheadh le cur orthu dá mba i ngníomhas a bhí siad;

(d) sínithe ag gach duine de shínitheoirí an mheabhráin i láthair finné amháin ar a laghad a chaithfidh an síniú a fhianú.

Airteagail a athrú le rún speisialta.

15. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo agus na gcoinníollacha a bheidh ina meabhrán, féadfaidh cuideachta a hairteagail a athrú nó a bhreisiú, le rún speisialta.

(2) Aon athrú nó breisiú a dhéanfar amhlaidh ar na hairteagail, beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, chomh bailí is dá mbeadh sé iontu i gcéaduair, agus beidh sé, sa dóigh chéanna, faoi réir a athraithe le rún speisialta.

Foirm an Mheabhráin agus na nAirteagal.

Foirmeacha reachtúla an mheabhráin agus na n-airteagal.

16. —Is de réir na bhfoirmeacha atá leagtha amach i dTáblaí B, C, D agus E sa chéad Sceideal, nó i bhfoirmeacha chomh gar dóibh agus a cheadóidh na himthosca, a bheidh na foirmeacha seo a leanas, faoi seach—

(a) meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna;

(b) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici;

(c) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici;

(d) meabhrán agus airteagail chuideachta neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici.

Clárú

Clárú an mheabhráin agus na n-airteagal.

17. —Déanfar an meabhrán agus na hairteagail, más ann, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus coinneoidh seisean iad agus cláróidh sé iad.

Éifeacht an chláraithe.

18. —(1) Ar mheabhrán cuideachta a chlárú, deimhneoidh an cláraitheoir faoina láimh gur corpraíodh an chuideachta agus, i gcás cuideachta theoranta, gur cuideachta theoranta í.

(2) Ón dáta corpraithe a luafar sa deimhniú corpraithe, beidh sínitheoirí an mheabhráin, maraon le cibé daoine eile a thiocfaidh ó am go ham chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, ina gcomhlacht corpraithe, faoin ainm a bheidh sa mheabhrán, a bheidh inniúil feasta ar fheidhmeanna uile cuideachta corpraithe a fheidhmiú, agus ag a mbeidh comharbas suthain agus comhshéala, ach ar a mbeidh dliteanas i bpáirt na gcomhaltaí chun ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh mar atá luaite san Acht seo.

Deimhniú corpraithe ina fhianaise dhochloíte.

19. —(1) Beidh deimhniú corpraithe, a thabharfaidh an cláraitheoir i leith aon chomhlachais, ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le clárú agus le nithe roimh an gclárú agus ag baint leis, agus go bhfuil an comhlachas ina chuideachta ar údaraíodh í a chlárú agus ar cláraíodh í go cuí faoin Acht seo.

(2) Déanfar dearbhú reachtúil ó aturnae atá ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta, nó ó dhuine atá ainmnithe sna hairteagail mar stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta, gur comhlíonadh gach ceann nó aon cheann de na ceanglais sin, a thabhairt ar aird don chláraitheoir, agus féadfaidh seisean glacadh le dearbhú den sórt sin mar leorfhianaise gur comhlíonadh.

Cuideachta neamhtheoranta a chlárú mar chuideachta theoranta.

20. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta a cláraíodh mar chuideachta neamhtheoranta clárú faoin Acht seo mar chuideachta theoranta, nó féadfaidh cuideachta a cláraíodh cheana mar chuideachta theoranta athchlárú faoin Acht seo, ach ní dhéanfaidh clárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta theoranta difear do chearta nó dliteanais na cuideachta i gcás aon fhiach nó oibleagáid, nó conradh faoina ndeachaigh an chuideachta, nó faoina ndeachthas léi nó thar a ceann, roimh an gclárú, agus féadfar na cearta nó na dliteanais sin a chur i bhfeidhm mar a fhoráiltear le Cuid IX den Acht seo i gcás cuideachta a cláraíodh de bhun na Coda sin.

(2) Ar chuideachta a chlárú de bhun an ailt seo, dúnfaidh an cláraitheoir an clárú a rinneadh roimhe sin ar an gcuideachta, agus féadfaidh sé seachadadh cóipeanna d'aon doiciméid a bhfuair sé cóipeanna díobh nuair a cláraíodh an chuideachta i gcéaduair a ligean thar ceal, agus, ach amháin mar a dúradh, déanfar an clárú ar an modh céanna agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba é an chéad chlárú ar an gcuideachta faoin Acht seo é, agus ionann is dá mbeadh na forálacha de na hAchtanna faoinar cláraíodh agus faoinar rialaíodh an chuideachta roimbe sin in Achtanna seachas na cinn faoina bhfuil an chuideachta cláraithe mar chuideachta theoranta.

Forálacha maidir le hAinmneacha Cuideachtaí.

Toirmeasc ar chuideachtaí a chlárú faoi ainmneacha míchuibhiúla.

21. —Ní dhéanfar aon chuideachta a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith míchuibhiúil, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na cúirte i gcoinne diúltú cuideachta a chlárú.

Ainm gnó a chlárú.

22. —(1) Gach cuideachta a bheidh ag seoladh gnó faoi ainm seachas a hainm corpraithe, cláróidh sí ar an modh a ordaítear le dlí chun ainmneacha gnó a chlárú.

(2) Ní bheidh úsáid an ghiorraithe “Ltd.” in ionad “Limited” nó “Teo.” in ionad “Teoranta” ina chúis, ann féin, le gur gá clárú amhlaidh.

Ainm a athrú.

23. —(1) Féadfaidh cuideachta, le rún speisialta agus le haontú an Aire arna chur in iúl i scríbhinn, a hainm a athrú.

(2) Má tharlaíonn, trí neamhaire nó eile, go ndéanfar, ar chuideachta a chéadchlárú, nó ar a clárú faoi ainm nua, í a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith róchosúil leis an ainm a bhfuil cuideachta atá ar marthain cláraithe faoi cheana féin, féadfaidh an chuideachta chéadluaite a hainm a athrú le ceadú an Aire agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh laistigh de 6 mhí tar éis a cláraithe faoin ainm sin, athróidh sí é laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an ordaithe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil.

Má mhainníonn cuideachta ordú faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur uirthi.

(3) Má athraíonn cuideachta a hainm faoin alt seo, taifeadfaidh an cláraitheoir an t-ainm nua sa chlár in ionad an tseanainm, agus eiseoidh sé deimhniú corpraithe arna athrú chun go bhfreagróidh sé d'imthosca an cháis.

(4) Ní dhéanfaidh athrú ainm ag cuideachta faoin alt seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanainm, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina hainm nua.

(5) Aon chuideachta a cláraíodh faoi ainm a sonraíodh le reacht, féadfaidh sí, d'ainneoin aon ní sa reacht sin, a hainm a athrú de réir fho-alt (1), ach más dóigh leis an Aire go bhfuil baint ag aon Aire eile le riaradh an reachta a shonraigh ainm na cuideachta, ní aontóidh sé leis an ainm a athrú ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile sin.

(6) Má thosaítear ar chuideachta a fhoirceannadh laistigh de bhliain tar éis don chuideachta a hainm a athrú, foilseofar seanainm na cuideachta chomh maith lena hainm i láthair na huaire ar gach fógra agus fógrán a bhainfidh leis an bhfoirceannadh.

Cumhacht chun “limited” nó “teoranta” a fhágáil as ainm cuideachtaí carthanais agus cuideachtaí eile.

24. —(1) Má chruthaítear chun sástacht an Aire go bhfuil comhlachas atáthar ar tí a fhoirmiú ina chuideachta theoranta le foirmiú chun an tráchtáil, an ealaín, an eolaíocht, an reiligiún, an charthanacht nó aon chuspóir fóinteach eile a chur ar aghaidh, agus go bhfuil ar intinn aige a bhrabúis, más ann, nó a ioncam eile, a úsáid chun a chuspóirí a chur ar aghaidh, agus íoc aon díbhinne lena chomhaltaí a thoirmeasc, féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a ordú go bhféadfar an comhlachas a chlárú ina chuideachta faoi dhliteanas teoranta, gan an focal “limited” nó an focal “teoranta” a chur lena ainm, agus féadfar an comhlachas a chlárú dá réir sin agus, ar bheith cláraithe dó, tairbheoidh sé de na pribhléidí go léir atá ag cuideachtaí teoranta agus (faoi réir forálacha an ailt seo) beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí go léir atá orthu.

(2) Má chruthaítear chun sástacht an Aire—

(a) nach bhfuil de chuspóirí ag cuideachta atá cláraithe mar chuideachta theoranta ach na cinn a shonraítear i bhfo-alt (1) agus cuspóirí a ghabhann nó a chuideodh leo sin; agus

(b) de réir a bunreachta, go bhfuil de cheangal ar an gcuideachta a brabúis, más ann, nó a hioncam eile, a úsáid chun a cuspóirí a chur ar aghaidh, agus go bhfuil toirmeasc uirthi aon díbhinn a íoc lena comhaltaí;

féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a údarú don chuideachta athrú a dhéanamh, le rún speisialta, ar a hainm, lena n-áirítear nó arb é a bheidh ann an focal “limited” nó “teoranta” a fhágáil ar lár, agus bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo amhail mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin.

(3) Féadfar ceadúnas ón Aire faoin alt seo a dheonú ar cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, agus beidh na coinníollacha sin ina gceangal ar an gcomhlacht dá ndeonófar an ceadúnas, agus (más faoi fho-alt (1) a dheonófar an ceadúnas) déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, iad a chur isteach sa mheabhrán agus sna hairteagail nó i gceann de na doiciméid sin.

(4) Beidh comhlacht a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith díolmhaithe ó na forálacha den Acht seo a bhaineann le húsáid na bhfocal “limited” nó “teoranta” mar chuid ar bith dá ainm, agus le foilsiú a ainm.

(5) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm agus, ar é a chúlghairm, taifeadfaidh an cláraitheoir an focal “limited” nó “teoranta” ag deireadh an ainm a bheidh sa chlár ar an gcomhlacht dár deonaíodh an ceadúnas.

(6) Sula gcúlghairfear ceadúnas de bhua fho-alt (5), tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don chomhlacht go bhfuil sin ar intinn aige, agus tabharfaidh sé caoi dó éisteacht a fháil i gcoinne an chúlghairthe.

(7) Má dhéanann comhlacht, a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith, athrú ar na forálacha dá mheabhrán a bhaineann lena chuspóirí, féadfaidh an tAire (mura bhfeictear dó gur cuí an ceadúnas a chúlghairm) an ceadúnas a athrú trína chur faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, in ionad nó i dteannta na gcoinníollacha, más ann, a raibh an ceadúnas faoina réir roimhe sin.

(8) Má chúlghairtear ceadúnas a deonaíodh faoin alt seo do chomhlacht a bhfuil na focail “cumann lucht tráchtála” ina ainm, déanfaidh an comhlacht, laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an chúlghairthe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil, a ainm a athrú go hainm nach mbeidh na focail sin ann, agus—

(a) san fhógra a thabharfar faoi fho-alt (6) don chomhlacht sin, beidh ráiteas ar éifeacht na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, agus

(b) bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin.

Má mhainníonn an comhlacht ceanglais an fho-ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Forálacha Ginearálta maidir leis an Meabhrán agus leis na hAirteagail.

Éifeacht an mheabhráin agus na n-airteagal.

25. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh an meabhrán agus na hairteagail, ar iad a bheith cláraithe, ina gceangal ar an gcuideachta agus ar a comhaltaí ionann is dá mbeidís faoi seach sínithe agus séalaithe ag gach comhalta, agus go mbeadh cúnaint iontu ó gach comhalta go n-urramódh sé forálacha uile an mheabhráin agus na n-airteagal.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha ag aon chomhalta leis an gcuideachta faoin meabhrán nó faoi na hairteagail, beidh sé ina fhiach a bheidh dlite uaidh don chuideachta.

(3) Ní thionscnófar caingean chun fiach a bhunaítear leis an alt seo a ghnóthú tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.

Forálacha maidir le meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.

26. —(1) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici, agus a cláraíodh an lú lá d'Eanáir, 1901, nó ina dhiaidh sin, beidh gach foráil sa mheabhrán nó sna hairteagail, nó in aon rún ón gcuideachta, a airbheartóidh ceart a thabhairt do dhuine ar bith chun bheith rannpháirteach i mbrabúis inroinnte na cuideachta, ar dhóigh seachas mar chomhalta, ar neamhní.

(2) Chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus chun críocha an ailt seo, déanfar gach foráil i meabhrán nó airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a cláraíodh ar an dáta a dúradh nó ina dhiaidh sin, nó in aon rún uaithi, a airbheartóidh gnóthas na cuideachta a roinnt ina scaireanna nó ina leasanna, a áireamh mar fhoráil le haghaidh scairchaipitil, d'ainneoin nach sonraítear leis an bhforáil sin méid nó uimhir ainmniúil na scaireanna nó na leasanna.

Gan comhaltaí áithreacha a bheith faoi cheangal, mura dtoilíonn siad chuige, i gcás athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail a mhéadódh an dliteanas chun ranníoc a dhéanamh i leith scairchaipitil.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus d'ainneoin aon ní i meabhrán nó airteagail chuideachta, ní bheidh aon chomhalta den chuideachta faoi cheangal ag athrú a dhéanfar ar an meabhrán nó ar na hairteagail tar éis an dáta a tháinig sé chun bheith ina chomhalta, má cheanglaíonn agus sa mhéid go gceanglóidh an t-athrú air scaireanna a thógáil nó a shuibscríobh de bhreis ar an méid a bheidh aige ar dháta an athraithe a dhéanamh, nó má mhéadaíonn sé ar dhóigh ar bith a dhliteanas amhail ar an dáta sin chun ranníoc a dhéanamh le scairchaipiteal na cuideachta nó airgead a íoc léi ar dhóigh eile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) in aon chás ina gcomhaontóidh an comhalta i scríbhinn, roimh an athrú a dhéanamh nó ina dhiaidh sin, bheith faoi cheangal aige.

Cumhacht chun forálacha atá sa mheabhrán agus a d'fhéadfadh a bheith in airteagail a athrú.

28. —(1) Faoi réir fho-alt (2) agus ailt 27 agus 205, má bhíonn aon fhoráil i meabhrán cuideachta agus gurbh fhéidir go dleathach í a bheith in airteagail chomhlachais in ionad í a bheith sa mheabhrán, féadfaidh an chuideachta, faoi réir forálacha an ailt seo, í a athrú le rún speisialta.

(2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht aige ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás foráil a bheith sa mheabhrán féin chun athrú a dhéanamh, nó é a bheith toirmiscthe ann athrú a dhéanamh, ar gach ceann nó aon cheann de na forálacha sin, agus ní údaróidh sé aon athrú ná aisghairm ar chearta speisialta aon aicme comhaltaí.

(4) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5), (6), (9) agus (10) d'alt 10 (ach amháin mír (b) den fho-alt sin (3)) le haon athrú agus le haon iarratas a dhéanfar faoin alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathruithe agus le hiarratais faoin alt sin.

(5) Bainfidh an t-alt seo le meabhrán cuideachta, cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó ina dhiaidh sin a cláraíodh é.

Cóipeanna den mheabhrán agus de na hairteagail a thabhairt do chomhaltaí

29. —(1) Arna iarraidh sin uirthi d'aon chomhalta, cuirfidh cuideachta chuige cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, más ann, agus cóip d'aon Acht ón Oireachtas a athraionn an meabhrán ach, i gcás cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, 5/- nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc, agus, i gcás cóip den Acht sin, cibé suim, nach mó ná an praghas ar ar foilsíodh é, a éileoidh an chuideachta a íoc.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £5 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Athruithe a bheith sna cóipeanna a eiseofar den mheabhrán.

30. —(1) Má dhéantar athrú i meabhrán cuideachta, ní foláir gach cóip den mheabhrán a eiseofar i ndiaidh dáta an athraithe a bheith de réir an athraithe.

(2) Más rud é, tar éis aon athrú den sórt sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an chuideachta, tráth ar bith i ndiaidh dáta an athraithe, aon chóip den mheabhrán a eisiúint chun duine ar bith gan í a bheith de réir an athraithe, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur uirthi, agus dlífear an píonós céanna a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Comhaltas Cuideachta.

Miniú ar chomhalta.

31. —(1) Measfar sínitheoirí meabhráin chuideachta a bheith tar éis comhaontú a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, agus, ar an gcuideachta a chlárú, taifeadfar iad mar chomhaltaí i gclár a comhaltaí.

(2) Gach duine eile a chomhaontóidh bheith ina chomhalta de chuideachta, agus a dtaifeadfar a ainm i gclár a comhaltaí, beidh sé ina chomhalta den chuideachta.

Comhaltas cuideachta sealbhaíochta.

32. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní féidir le comhlacht corpraithe bheith ina chomhalta de chuideachta arb í a cuideachta shealbhaíochta í, agus má dhéantar aon scaireanna i gcuideachta a leithroinnt ar a fochuideachta nó a aistriú chuici, beidh an leithroinnt nó an t-aistriú sin ar neamhní.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo má bhíonn cúram ar an bhfochuideachta mar ionadaí pearsanta, nó má bhíonn cúram uirthi mar iontaobhaí, mura rud é go bhfuil leas tairbhiúil faoin iontaobhas ag an gcuideachta shealbhaíochta nó ag fochuideachta di agus nach i modh urrúis chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáthchúrsa gnó ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht agus sa mhodh sin amháin atá leas aici amhlaidh.

(3) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta a bhí, ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1959, ina comhalta dá cuideachta shealbhaíochta, leanúint de bheith ina comhalta.

(4) Ní choiscfidh an t-alt seo ar chuideachta a bheidh, ar an dáta a thiocfaidh sí chun bheith ina fochuideachta do chuideachta eile, ina comhalta den chuideachta eile sin, leanúint de bheith ina comhalta.

(5) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta scaireanna breise a ghlacadh agus a shealbhú i gcaipiteal a cuideachta sealbhaíochta más de chionn caipitiliú ag an gcuideachta shealbhaíochta sin a leithroinntear na scaireanna breise sin uirthi agus má tá téarmaí an chaipitlithe sin de chineál nach gcuireann an fhochuideachta faoi aon oibleagáid chun aon íocaíocht a dhéanamh nó aon chomaoin eile a thabhairt i leith na scaireanna breise sin.

(6) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh ceart ar bith ag fochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta chun vótáil ag cruinnithe den chuideachta shealbhaíochta nó d'aon aicme comhaltaí di.

(7) Faoi réir fho-alt (2), bainfidh an t-alt seo le hainmnitheach do chomhlacht corpraithe is fochuideachta faoi is dá bhfolódh tagairtí ann do chomhlacht corpraithe den sórt sin tagairtí d'ainmnitheach dó.

(8) Má dhéanann cuideachta shealbhaíochta scaireanna a thairiscint dá comhaltaí, féadfaidh sí, thar ceann fochuideachta, aon scaireanna acu sin a dhíol a bhféadfadh an fhochuideachta, murach an t-alt seo, iad a thógáil de bhua scaireanna a bhí aici cheana féin sa chuideachta shealbhaíochta, agus fáltais an díola a íoc leis an bhfochuideachta.

(9) Maidir le cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, nó le cuideachta neamhtheoranta, is cuideachta shealbhaíochta, déanfar an tagairt san alt seo do scaireanna, cibé acu atá scairchaipiteal aici nó nach bhfuil, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do leasanna a comhaltaí, i gcáil chomhaltaí dóibh, cibé saghas leasa é.

Cuideachtaí Príobháideacha.

An bhrí atá le “cuideachta phríobháideach.”

33. —(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal agus a dhéanann lena hairteagail—

(a) srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, agus

(b) teorainn caoga a chur le líon a comhaltaí, gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis an fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta, agus

(c) toirmeasc a chur le haon chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir sa chuideachta.

(2) I gcás scair nó scaireanna i gcuideachta a bheith á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, déanfar, chun críocha an ailt seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin.

Iarmairtí a leanfaidh as neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a dhéanann cuideachta phríobháideach de chuideachta.

34. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má bhíonn in airteagail chuideachta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, ach go mainneofar aon fhoráil acu sin a chomhlíonadh, scoirfidh an chuideachta de bheith i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí a thugtar do chuideachtaí príobháideacha faoi alt 36, faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 128, faoi mhír (d) d'alt 213, agus faoi fhomhír (i) de mhír (a) d'alt 215, agus air sin bainfidh ailt 36, 128, 213 agus 215 leis an gcuideachta amhail is nár chuideachta phríobháideach í.

(2) Má shásaítear an chúirt gur de thionóisc nó de neamhaire nó ar chúis leormhaith eile a tharla neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha nó go bhfuil sé ceart agus cothromasach faoiseamh a thabhairt ar fhorais eile, féadfaidh sí, ar iarratas ón gcuideachta, nó ó aon duine leasmhar eile, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fheicfear don chúirt a bheith cóir agus fóirsteanach, a ordú faoiseamh a thabhairt don chuideachta ó na hiarmairtí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Ráiteas in ionad réamheolaire a bheith le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachta ar í a scor de bheith ina cuideachta phríobháideach.

35. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má dhéanann cuideachta, is cuideachta phríobháideach, a hairteagail a athrú ar dhóigh nach mbeidh iontu feasta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, scoirfidh an chuideachta, ar dháta an athraithe, de bheith ina cuideachta phríobháideach agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta sin, seachadfaidh sí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, ráiteas in ionad réamheolaire, a bheidh san fhoirm, agus ina luafar na sonraí, atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, a leagfar amach ann na tuarascálacha a shonraítear sa Chuid sin II, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(2) Ní gá ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh faoi fho-alt (1) más rud é, laistigh den tréimhse sin 14 lá, go n-eiseofar agus go seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí, mar a cheanglaítear le halt 47, réamheolaire maidir leis an gcuideachta a bheidh, nó a measfar de bhua deimhniú díolúine faoi alt 45 den Acht seo é a bheith, de réir an Tríú Sceideal.

(3) I gcás gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (1), má bhíonn na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin tar éis aon choigeartuithe a dhéanamh inti nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Dara Sceideal, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, faoi shíniú na ndaoine sin, a mbeidh na coigeartuithe sin leagtha amach ann agus na fáthanna a bhí leo luaite ann.

(4) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar don chláraitheoir faoi fho-alt (1), dlífear aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon;

mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, gur ráiteas fírinneach an ráiteas neamhfhírinneach.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé, agus

(b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan, nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha.

Laghdú Líon na gComhaltaí faoi bhun an Líon fosta Dhlithiúil.

Comhaltaí a bheith faoi dhliteanas go leithleach i leith fiacha i gcás gnó a sheoladh le líon is lú ná seacht gcomhalta, nó, i gcás cuideachta phríobháideach, dhá chomhalta.

36. —Más rud é tráth ar bith go mbeidh líon comhaltaí cuideachta laghdaithe, i gcás cuideachta príobháidí, faoi bhun beirte, nó, i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair, agus go mbeidh gnó á sheoladh aici ar feadh níos mó ná 6 mhí le linn a líon a bheith laghdaithe amhlaidh, beidh gach duine is comhalta den chuideachta ar feadh na haimsire a bheidh gnó á sheoladh aici amhlaidh i ndiaidh na 6 mhí sin agus a mbeidh a fhios aige go bhfuil gnó á sheoladh aici le níos lú ná dhá chomhalta, nó seacht gcomhalta, cibé acu é, faoi dhliteanas go leithleach chun íoc as na fiacha go léir de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu i rith na haimsire sin, agus féadfar é a agairt go leithleach ina leith.

Conarthaí, Gníomhais agus Cumhachtaí Aturnae.

Conarthaí roimh chorprú.

37. —(1) Aon chonradh nó idirbheart eile a airbheartóidh a bheith déanta ag cuideachta sular foirmíodh í nó ag duine ar bith thar ceann na cuideachta sular foirmíodh í, féadfaidh an chuideachta é a dhaingniú tar éis a foirmithe agus air sin beidh an chuideachta faoi cheangal aige agus i dteideal a thairbhe ionann is dá mbeadh sí ann ar dháta an chonartha nó an idirbhirt eile sin agus go raibh sí ina páirtí ann.

(2) Sula ndéanfaidh an chuideachta an daingniú, beidh an duine nó na daoine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in ainm nó thar ceann na cuideachta, murar comhaontaíodh go sainráite ar a mhalairt, faoi cheangal go pearsanta ag an gconradh nó ag an idirbheart eile agus i dteideal a thairbhe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta a corpraíodh roimh an dáta feidhme.

Foirm chonarthaí.

38. —(1) Féadfar conarthaí thar ceann cuideachta a dhéanamh mar a leanas:

(a) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn agus faoi shéala dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn faoi ghnáthshéala na cuideachta;

(b) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn, faoi shíniú na bpáirtithe a mbeadh sé le bheith de mhuirear orthu, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn, faoi shíniú aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe;

(c) conradh a bheadh bailí, bíodh gur ó bhéal a rinneadh é agus nár cuireadh i scríbhinn é, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh ó bhéal thar ceann na cuideachta ag aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe.

(2) Beidh conradh a dhéanfar de réir an ailt seo ina cheangal ar an gcuideachta agus ar a comharbaí agus ar gach páirtí eile sa chonradh.

(3) Féadfar conradh a dhéanfar de réir an ailt seo a athrú nó a urscaoileadh ar an modh céanna ar a n-údraítear é sin a dhéanamh leis an alt seo.

Billí malairte agus nótaí gealltanais.

39. —Measfar bille malairte nó nóta gealltanais a bheith déanta, glactha nó formhuinithe thar ceann cuideachta má rinneadh, má glacadh nó má formhuiníodh é in ainm nó thar ceann’ nó ar son na cuideachta ag duine ar bith ag gníomhú dó faoina húdarás.

Forghníomhú gníomhas lasmuigh den Stát.

40. —(1) Féadfaidh cuideachta, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a chumhachtú do dhuine ar bith, go ginearálta nó i leith aon nithe a shonrófar, mar aturnae di, gníomhais a fhorghníomhú thar a ceann in aon áit lasmuigh den Stát.

(2) Beidh gníomhas a bheidh sínithe ag an aturnae sin thar ceann na cuideachta agus a bheidh faoina shéala ina cheangal ar an gcuideachta agus beidh éifeacht aige ionann is dá mbeadh sé faoi ghnáthshéala na cuideachta.

Cumhacht don chuideachta chun séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid lasmuigh den Stát.

41. —(1) Aon chuideachta a n-éileoidh a cuspóirí nó a n-áireofar orthu gnó a dhéanamh lasmuigh den Stát, féadfaidh sí, má údaraítear sin lena hairteagail, séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit nach bhfuil sa Stát, agus beidh an séala oifigiúil sin ina mhacasamhail de ghnáthshéala na cuideachta agus ainm gach críche, ceantair nó áite a mbeidh sé le húsáid ann curtha ar a aghaidh.

(2) Aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh séala oifigiúil greamaithe air go cuí, beidh sé ina cheangal ar an gcuideachta ionann is dá mbeadh sé séalaithe le gnáthshéala na cuideachta.

(3) Aon chuideachta a mbeidh séala oifigiúil aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit den sórt sin, féadfaidh sí, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a údarú d'aon duine a cheapfar chuige sin sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin an séala oifigiúil a ghreamú d'aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh an chuideachta ina páirtí ann sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin.

(4) Mairfidh údarás aon ghníomhaire den sórt sin, amhail idir an chuideachta agus aon duine a mbeidh déileáil aige leis an ngníomhaire, ar feadh na tréimhse, más ann, a bheidh luaite san ionstraim a thabharfaidh an t-údarás, nó, mura mbíonn aon tréimhse luaite inti, go dtí go ndéanfar an fógra gur cealaíodh nó gur foirceannadh údarás an ghníomhaire a thabhairt don duine a bheidh ag déileáil leis.

(5) Déanfaidh an duine a ghreamóidh aon séala oifigiúil den sórt sin, le scríbhinn faoina láimh, dáta agus áit a ghreamaithe a dheimhniú ar an ngníomhas nó ar an ionstraim eile ar a ngreamófar an séala.

Fíordheimhniú Doiciméad.

Fíordheimhniú doiciméad.

42. —In aon chás inar gá go ndéanfadh cuideachta fíordheimhniú ar dhoiciméad nó imeacht, féadfaidh stiúrthóir, rúnaí nó oifigeach údaraithe eile de chuid na cuideachta an doiciméad nó an imeacht a shíniú, agus ní gá é a bheith faoina gnáthshéala.

CUID III.

Scairchaipiteal agus Bintiúir.

Réamheolaire.

Dátú an réamheolaire.

43. —Cuirfear dáta ar réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann nó a eiseofar i ndáil le cuideachta atá beartaithe, agus, mura gcruthófar a mhalairt, glacfar leis gurb é an dáta sin dáta foilsithe an réamheolaire.

Nithe a bheidh le lua agus tuarascálacha a bheidh le tabhairt sa réamheolaire.

44. —(1) Faoi réir forálacha alt 45, ní foláir na nithe a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a lua, agus na tuarascálacha a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin a leagan amach, i ngach réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann, nó a eiseoidh aon duine, nó a eiseofar thar ceann aon duine, atá nó a bhí ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta nó a bhfuil nó a raibh leas aige ina foirmiú, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(2) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar iarratasóir ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, nó a airbheartóidh éifeacht air a thabhairt d'fhógra maidir le haon chonradh, doiciméad nó ní nach ndéantar tagairt go sonrach dó sa réamheolaire, beidh sé ar neamhní.

(3) Faoi réir fho-alt (4) agus alt 45, ní dleathach aon fhoirm iarratais ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a eisiúint, mura n-eiseofar an fhoirm i dteannta réamheolaire a chomhlíonann ceanglais na Coda seo agus nach sárú ar fhorálacha alt 46 é an fhoirm sin a eisiúint.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) má shuitear gur eisíodh an fhoirm iarratais—

(a) i ndáil le cuireadh bona fide do dhuine chun dul faoi chomhaontú frithghealltanais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir; nó

(b) maidir le scaireanna nó bintiúir nár tairgeadh don phobal.

(5) Faoi réir fho-alt (6), má tharlaíonn neamhchomhlíonadh nó sárú ar aon cheann de cheanglais an ailt seo, ní bheidh stiúrthóir ná aon duine eile a bheidh freagrach sa réamheolaire faoi aon dliteanas mar gheall ar an neamhchomhlíonadh nó an sárú, más rud é—

(a) go gcruthóidh sé maidir le haon ní nár nochtadh nach raibh a fhios aige é; nó

(b) go gcruthóidh sé gur trí dhearmad macánta fíorais aige a tharla an neamhchomhlíonadh nó an sárú; nó

(c) gur neamhchomhlíonadh nó sárú é maidir le nithe arb é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás gur nithe neamhábhartha iad, nó go raibh siad ar shlí eile de shórt gurb é tuairim na cúirte, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur cóir de réir réasúin é a mhaitheamh.

(6) Mura ndéantar ráiteas maidir leis na nithe a shonraítear i mír 16 den Tríú Sceideal a chur isteach i réamheolaire, ní bheidh aon stiúrthóir ná aon duine eile faoi aon dliteanas i leith na faillí, mura gcruthófar go raibh fios aige ar na nithe nár nochtadh.

(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a bhaineann le scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a eisiúint chuig comhaltaí nó bintiúraigh láithreacha den chuideachta, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh ceart ag iarratasóir ar na scaireanna nó na bintiúir tréigean a dhéanamh i bhfabhar daoine eile; ná

(b) maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a eisiúint a bhaineann le scaireanna nó bintiúir atá, nó atá le bheith, ar aon réim ar gach slí le scaireanna nó bintiúir a eisíodh laistigh den 2 bhliain roimhe sin agus a bhfuiltear, de thuras na huaire, ag déileáil iontu nó á lua ar stocmhargadh aitheanta;

ach, faoi réir a bhfuil ráite, beidh feidhm ag an alt seo maidir le réamheolaire nó foirm iarratais cibé acu ar chuideachta a fhoirmiú nó i ndáil lena foirmiú nó dá éis sin a eiseofar iad.

(8) Má ghníomhaíonn aon duine contrártha d'fho-ailt (1) nó (3), dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo teorannú ná laghdú ar aon dliteanas a bheidh ar aon duine faoin dlí ginearálta nó faoin Acht seo ar leithligh ón alt seo.

Alt 44 a eisiamh agus an Tríú Sceideal a mhaolú i gcás réamheolairí áirithe

45. —(1) I gcás—

(a) ina mbeartófar aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a thairiscint don phobal trí réamheolaire arna eisiúint go ginearálta (is é sin, arna eisiúint chun daoine nach comhaltaí ná bintiúraigh láithreacha den chuideachta); agus

(b) ina ndéanfar iarratas chun stocmhargadh aitheanta ag iarraidh cead déileáil sna scaireanna nó sna bintiúir sin nó iad a lua ar an stocmhargadh sin;

féadfaidh an stocmhargadh sin, nó féadfar thar a cheann, ar an iarratasóir dá iarraidh sin, deimhniú díolúine a thabhairt, is é sin, deimhniú á rá go mbeadh sé ródhian ceanglais an Tríú Sceideal a chomhlíonadh, ag féachaint do na tograí (mar a bheidh siad luaite san iarratas) maidir le méid agus imthosca eile na heisiúna scaireanna nó bintiúr agus maidir le haon teorainneacha ar líon agus aicme na ndaoine a bhfuil an tairiscint le tabhairt dóibh.

(2) Má thugtar deimhniú díolúine, agus má chloítear leis na tograí a dúradh agus go ndéanfar na sonraí agus an t-eolas is gá a fhoilsiú i ndáil leis an iarratas ar chead a rinneadh chun an stocmhargaidh a fhoilsiú amhlaidh, ansin—

(a) measfar ceanglais an Tríú Sceideal a bheith comhlíonta ag réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú;

(b) faoi réir mhír (c), ní bhainfidh alt 44 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a thabhairt, ar réamheolaire maidir leis na scaireanna nó na bintiúir; agus

(c) bainfidh fo-alt (3) d'alt 44 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a thabhairt, ar fhoirm iarratais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do réamheolaire tagairt do réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú.

Toiliú saineolaí le heisiúint réamheolaire ina mbeidh ráiteas uaidh.

46. —(1) Ní eiseofar réamheolaire ag tabhairt cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a mbeidh ráiteas ann a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh ag saineolaí mura rud é—

(a) gur thug sé, agus nár tharraing sé siar, sular seachadadh cóip den réamheolaire lena chlárú, a thoiliú i scríbhinn lena eisiúint agus an ráiteas istigh ann san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé istigh ann;

(b) go mbeidh ráiteas sa réamheolaire gur thug sé an toiliú sin agus nár tharraing sé siar é mar a dúradh.

(2) Má eisítear aon réamheolaire contrártha don alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach duine ba pháirtí go bhfios dó ina eisiúint.

(3) San alt seo folaíonn “saineolaí” innealtóir, luachálaí, cuntasóir agus aon duine eile a dtugann a ghairm údarás do ráiteas uaidh.

Clárú an réamheolaire.

47. —(1) Ní eiseoidh cuideachta aon réamheolaire ná ní eiseofar aon réamheolaire thar a ceann ná maidir le cuideachta atá beartaithe mura rud é go ndearnadh, ar dháta a fhoilsithe nó roimhe sin, cóip den réamheolaire a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú agus í sínithe ag gach duine atá ainmnithe ann mar stiúrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ag gníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn, agus go mbeidh formhuinithe uirthi nó ag gabháil léi—

(a) aon toiliú le heisiúint an réamheolaire is gá de réir alt 46 ó aon duine mar shaineolaí; agus

(b) ina theannta sin, i gcás réamheolaire arna eisiúint go ginearálta,—

(i) cóip d'aon chonradh is gá de réir mhír 14 den Tríú Sceideal a lua sa réamheolaire nó, i gcás conradh nár cuireadh síos i scríbhinn, meabhrán ina dtabharfar sonraí iomlána ina thaobh nó, más rud é, i gcás réamheolaire a measfar, de bhua deimhniú a deonaíodh faoi alt 45, ceanglais an Sceidil sin a bheith comhlíonta ina leith, gur gá go mbeadh conradh nó cóip de nó meabhrán conartha ar fáil lena scrúdú i ndáil leis an iarratas faoin alt sin chun stocmhargaidh aitheanta, cóip nó, de réir mar a bheidh, meabhrán den chonradh sin; agus

(ii) i gcás ina mbeidh na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil is gá a thabhairt de réir Chuid II den Sceideal sin tar éis aon choigeartuithe mar atá luate i mír 29 den Sceideal sin a dhéanamh sa tuairascáil sin nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, ráiteas i scríbhinn faoi shíniú na ndaoine sin ina leagfar amach na coigeartuithe agus ina dtabharfar na fáthanna a bhí leo.

Na tagairtí atá i bhfomhír (i) de mhír (b) den fho-alt seo don chóip de chonradh is gá dá réir a fhormhuiniú ar chóip den réamheolaire nó a chur ag gabháil leis, measfar, i gcás conradh atá go hiomlán nó go páirteach i dteanga iasachta, gur tagairtí iad do chóip de thiontú Béarla nó Gaeilge ar an gconradh sin nó do chóip ina bhfuil tiontú Béarla nó Gaeilge ar na Codanna atá i dteanga iasachta, de réir mar a bheidh, agus ar tiontú é a mbeidh sé deimhnithe sa tslí fhorordaithe gur tiontú ceart é, agus folóidh an tagairt do chóip de chonradh is gá a bheith ar fáil lena scrúdú tagairt do chóip de thiontú ar an gconradh sin nó do chóip ina bhfuil tiontú ar chodanna de.

(2) Ar éadan gach réamheolaire—

(a) luafar gur seachadadh cóip lena clárú de réir mar a cheanglaítear leis an alt seo;

(b) sonrófar, nó déanfar tagairt do ráitis sa réamheolaire a shonraíonn, aon doiciméid is gá de réir an ailt seo a fhormhuiniú ar an gcóip a seachadadh amhlaidh nó a chur ag gabháil léi.

(3) Ní chláróidh an cláraitheoir réamheolaire mura rud é go mbeidh dáta air agus go mbeidh an chóip de sínithe mar a cheanglaítear leis an alt seo agus go mbeidh na doiciméid (más ann) a sonraíodh mar a dúradh formhuinithe air nó ag gabháil leis.

(4) Má eisítear réamheolaire gan cóip de a sheachadadh faoin alt seo don chláraitheoir nó gan na doiciméid is gá a bheith formhuinithe ar an gcóip a seachadadh amhlaidh nó ag gabháil léi, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach duine is páirtí go bhfios dó in eisiúint an réamheolaire.

Srian le hathrú ar théarmaí a luaitear sa réamheolaire nó sa ráiteas in ionad réamheolaire.

48. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna ná cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal athrú, roimh an gcruinniú reachtúil, ar théarmaí conartha dá dtagraítear sa réamheolaire, nó sa ráiteas in ionad réamheolaire, ach amháin le haontú an chruinnithe reachtúil.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach.

Dliteanas sibhialta mar gheall ar mhíráitis i réamheolaire.

49. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má thugann réamheolaire cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta, dlífidh na daoine seo a leanas cúiteamh a íoc le gach duine a dhéanfaidh suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir, ar iontaoibh an réamheolaire, i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain dóibh mar gheall ar aon ráiteas neamhfhírinneach sa réamheolaire—

(a) gach duine is stiúrthóir ar an gcuideachta tráth an réamheolaire a eisiúint;

(b) gach duine a thug údarás é féin a ainmniú agus atá ainmnithe sa réamheolaire mar stiúrthóir nó mar dhuine a chomhaontaigh bheith ina stiúrthóir, láithreach bonn nó tar éis aga aimsire;

(c) gach duine is tionscnóir ar an gcuideachta;

(d) gach duine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint.

(2) Más rud é, faoi alt 46, gur gá toiliú duine le réamheolaire a eisiúint agus gur thug sé an toiliú sin, ní bheidh sé, mar gheall ar an toiliú sin a thabhairt, faoi dhliteanas faoi fho-alt (1) mar dhuine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint ach amháin maidir le ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh aon duine faoi dhliteanas faoi fho-alt (1) má chruthaíonn sé—

(a) go ndearna sé, tar éis dó toiliú chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, an toiliú sin a tharraingt siar sular eisíodh an réamheolaire, agus gur eisíodh é gan a údarás ná a thoiliú; nó

(b) gur eisíodh an réamheolaire gan fhios dó nó gan a thoiliú, agus ar fios a eisiúna a fháil dó go ndearna sé láithreach fógra poiblí réasúnach a thabhairt gur eisíodh é gan fhios dó nó gan a thoiliú; nó

(c) go ndearna sé, tar éis an réamheolaire a eisiúint agus sula ndearnadh leithroinnt faoi, a thoiliú leis a tharraingt siar ar fios a fháil i dtaobh aon ráitis neamhfhírinnigh ann, agus gur thug sé fógra poiblí réasúnach faoina tharraingt siar agus faoin bhfáth a bhí aige leis; nó

(d) (i) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach nach n-airbheartóidh a bheith déanta ar údarás saineolaí nó doiciméid nó ráitis oifigiúil phoiblí, go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, cibé acu é, go raibh an ráiteas fíor; agus

(ii) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith ina ráiteas ó shaineolaí, nó a bheidh i gcóip a airbheartóidh a bheith ina cóip de thuarascáil nó luacháil ó shaineolaí nó ina shliocht as an gcéanna, gur léiriú cothrom ar an ráiteas é, nó gur chóip cheart dhílis é den tuarascáil nó den luacháil nó sliocht ceart dílis as an gcéanna, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a eisíodh an réamheolaire, go raibh an duine a rinne an ráiteas inniúil ar é a dhéanamh, agus gur thug an duine sin an toiliú is gá de réir alt 46 le heisiúint an réamheolaire agus nár tharraing sé an toiliú sin siar sula ndearnadh cóip den réamheolaire a sheachadadh lena clárú, nó, go bhfios don chosantóir, sula ndearnadh leithroinnt faoi; agus

(iii) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith ina ráiteas ó dhuine oifigiúil, nó a bheidh i scríbhinn a airbheartóidh a bheith ina cóip de dhoiciméad oifigiúil poiblí nó ina sliocht as, gur léiriú ceart dílis é ar an ráiteas nó ar an gcóip den doiciméad nó ar an sliocht as.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás duine a bheidh faoi dhliteanas, mar gheall ar thoiliú a thabhairt a cheanglaítear air a thabhairt leis an alt sin 46, mar dhuine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint maidir le ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí.

(5) Duine a bheadh, murach an fo-alt seo, faoi dhliteanas faoi fho-alt (1), mar gheall ar thoiliú a thabhairt a cheanglaítear air a thabhairt le halt 46, mar dhuine a d'údaraigh réamheolaire a eisiúint maidir le ráiteas neamhfhírinneach a arbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí, ní bheidh sé faoi dhliteanas amhlaidh má chruthaíonn sé—

(a) go ndearna sé, tar éis dó a thoiliú a thabhairt faoin alt sin 46 le heisiúint an réamheolaire, an toiliú sin a tharraingt siar i scríbhinn sular seachadadh cóip den réamheolaire lena clárú; nó

(b) go ndearna sé, tar éis cóip den réamheolaire a sheachadadh lena clárú agus sula ndearnadh leithroinnt faoin réamheolaire, a thoiliú a tharraingt siar i scríbhinn ar fios a fháil dó i dtaobh an ráitis neamhfhírinnigh, agus gur thug sé fógra poiblí réasúnach faoina tharraingt siar agus faoin bhfáth a bhí aige leis; nó

(c) go raibh sé inniúil ar an ráiteas a dhéanamh agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, cibé acu é, go raibh an ráiteas fíor.

(6) Faoi réir fho-alt (7), i gcás—

(a) ina mbeidh ainm duine sa réamheolaire mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó mar dhuine a chomhaontaigh bheith ina stiúrthóir uirthi, agus nár thoiligh sé bheith ina stiúrthóir, nó gur tharraing sé siar a thoiliú sular eisíodh an réamheolaire, agus nár údaraigh sé an réamheolaire a eisiúint nó nár thoiligh sé lena eisiúint; nó

(b) inar gá faoi alt 46 toiliú duine le heisiúint an réamheolaire agus nár thug sé an toiliú sin, nó gur tharraing sé siar é sular eisíodh an réamheolaire;

dlífidh stiúrthóirí na cuideachta, ach amháin aon duine acu a ndearnadh an réamheolaire a eisiúint gan fhios dó nó gan a thoiliú, agus aon duine eile a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint, an duine a bheidh ainmnithe mar a dúradh nó ar ghá toiliú uaidh mar a dúradh, cibé acu é, a shlánú in aghaidh gach damáiste, costas agus caiteachas a mbeidh sé curtha faoi dhliteanas ina leith, mar gheall ar a ainm a bheith curtha isteach sa réamheolaire nó ráiteas a bheith istigh ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí, cibé acu é, nó á chosaint féin in aghaidh aon chaingean nó imeacht dhlíthiúil a tugadh ina aghaidh maidir leis an gcéanna.

(7) Ní mheasfar chun críocha fho-alt (6) gur údaraigh duine réamheolaire a eisiúint de bhíthin amháin gur thug sé an toiliú is gá de réir alt 46 chun ráiteas a chur isteach ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí.

(8) Chun críocha an ailt seo—

(a) ciallaíonn “tionscnóir” tionscnóir ba pháirtí in ullmhú an réamheolaire, nó in ullmhú na coda de ina raibh an ráiteas neamhfhírinneach, ach ní fholaíonn sé aon duine mar gheall ar é a bheith ag gníomhú i gcáil ghairmiúil do dhaoine a bhí ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta a thabhairt chun críche; agus

(b) tá le “saineolaí” an bhrí atá leis in alt 46.

Dliteanas coiriúil mar gheall ar mhíráitis i réamheolaire.

50. —(1) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i réamheolaire a eiseofar tar éis an dáta feidhme, dlífear aon duine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon; nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon;

mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a eisíodh an réamheolaire, go raibh an ráiteas fíor.

(2) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo gur údaraigh duine réamheolaire a eisiúint de bhíthin amháin gur thug sé an toiliú is gá de réir alt 46 chun ráiteas a chur isteach ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí.

Measfar gur réamheolaire doiciméad ina mbeidh tairiscint chun scaireanna nó bintiúir a dhíol.

51. —(1) Má dhéanann nó má chomhaontaíonn cuideachta aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt d'fhonn gach ceann nó aon cheann de na scaireanna nó na bintiúir sin a thairiscint chun a ndíolta leis an pobal, measfar chun gach críche gur réamheolaire arna eisiúint ag an gcuideachta aon doiciméad lena ndéantar an tairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag gach achtachán agus riail dlí maidir le hábhair réamheolairí agus le dliteanas i leith ráiteas i réamheolairí agus easnaimh orthu agus maidir le foirmeacha iarratais le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta nó a bhaineann thairis sin le réamheolairí, ionann is dá mba rud é go ndearnadh na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint don phobal lena suibscríobh agus go mbeadh na daoine a ghlacfaidh leis an tairiscint i leith aon scaireanna nó bintiúir ina suibscríobhaithe le haghaidh na scaireanna nó na bintiúir sin, ach sin gan dochar don dliteanas, más ann, a bheidh ar na daoine a rinne an tairiscint, i leith míráiteas sa doiciméad nó ar dhóigh eile i leith an doiciméid.

(2) Chun críocha an Achta seo, is fianaise é, mura gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh nó gur comhaontaíodh scaireanna nó bintiúir a leithroinnt d'fhonn na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, má shuitear—

(a) go ndearnadh scaireanna nó bintiúir nó aon chuid díobh a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal laistigh de 2 bhliain tar éis iad a leithroinnt nó comhaontú ar iad a leithroinnt; nó

(b) nach rabhthas ar dháta na tairisceana a dhéanamh tar éis an chomaoin iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta i leith na scaireanna nó na mbintiúr a fháil amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag alt 44, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gceanglódh sé go luafaí i réamheolaire, de bhreis ar na hábhair a cheanglaítear leis an alt sin a lua i réamheolaire—

(a) méid glan na comaoine a fuair an chuideachta, nó a bheadh le fáil aici, i leith na scaireanna nó na bintiúir lena mbaineann an tairiscint, agus

(b) an áit agus an t-am ina bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar an gconradh faoinar leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir sin nó faoina bhfuil siad le leithroinnt

agus beidh éifeacht ag alt 47, mar a chuirtear chun feidhm é leis an alt seo, ionann is dá mba dhaoine atá ainmnithe i réamheolaire mar stiúrthóirí ar chuideachta na daoine a rinne an tairiscint.

(4) Más cuideachta nó gnólacht an duine a dhéanfaidh tairiscint lena mbaineann an t-alt seo, is leor an doiciméad réamhráite a bheith sínithe thar ceann na cuideachta nó an ghnólachta ag dhá stiúrthóir ar an gcuideachta nó cuid nach lú ná leath na gcomhpháirtithe, cibé acu é, agus féadfaidh aon stiúrthóir nó comhpháirtí den sórt sin síniú trí ghníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn.

Forléiriú forálacha a bhaineann le réamheolairí.

52. —Chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo—

(a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé mithreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé; agus

(b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha nó má eisíodh é leis an réamheolaire.

Leithroinnt.

An suibscríobh íosta agus an méid is iníoctha tráth an iarratais.

53. —(1) Ní dhéanfar leithroinnt ar aon scairchaipiteal de chuid cuideachta a thairgfear don phobal lena suibscríobh murar suibscríobhadh an méid a mbeidh sé luaite sa réamheolaire gurb é an méid íosta é is dóigh leis na stiúrthóirí nach foláir a chruinniú trí scairchaipiteal a eisiúint chun soláthar a dhéanamh do na nithe a shonraítear i mír 4 den Tríú Sceideal, agus gur íocadh leis an gcuideachta, agus go bhfuair sí, an tsuim ab iníoctha tráth an iarratais ar an méid sin a bheidh luaite amhlaidh.

Chun críocha an fho-ailt seo, measfar suim a bheith íoctha le cuideachta agus faighte aici má fuair an chuideachta de mheon macánta seic ar an tsuim sin agus mura bhfuil aon chúis ag stiúrthóirí na cuideachta chun bheith in amhras nach n-íocfar an seic.

(2) Déanfar an méid a bheidh luaite amhlaidh sa réamheolaire a ríomh ar leithligh ó aon mhéid is iníoctha ar dhóigh seachas in airgead agus gairtear “an suibscríobh íosta” de san Acht seo.

(3) Ní bheidh an méid is iníoctha tráth an iarratas ar gach scair níos lú ná 5 faoin gcéad de mhéid ainmniúil na scaire.

(4) Mura mbeidh na coinníollacha réamhráite comhlíonta i gceann 40 lá tar éis an réamheolaire a éisiúint don chéad uair, déanfar an t-airgead go léir a fuarthas ó iarratasóirí ar scaireanna a aisíoc leo láithreach gan ús, agus, mura n-aisíocfar amhlaidh aon airgead den sórt sin laistigh de 48 lá tar éis an réamheolaire a eisiúint, dlífidh stiúrthóirí na cuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an t-airgead sin a aisíoc le hús de réir 5 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh an ochtú lá is daichead, sa dóigh, áfach, nach mbeidh stiúrthóir faoi dhliteanas má chruthaíonn sé nach aon mhí-iompar ná faillí dá chuid féin ba chúis leis an mainneachtain san airgead a aisíoc.

(5) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar aon iarratasóir ar scaireanna comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, beidh sé ar neamhní.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo, ach amháin fo-alt (3) de, le haon leithroinnt ar scaireanna i ndiaidh na chéad leithroinnte ar scaireanna a thairgfear don phobal lena suibscríobh.

Toirmeasc ar leithroinnt i gcásanna áirithe murar seachadadh ráiteas in ionad réamheolaire don chláraitheoir.

54. —(1) Aon chuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal nach n-eiseoidh réamheolaire ar í a fhoirmiú nó maidir lena foirmiú, nó a d'eisigh réamheolaire den sórt sin ach nach ndeachaigh i gceann leithroinnt aon scaireanna dár tairgeadh don phobal lena suibscríobh, ní dhéanfaidh sí aon scaireanna ná bintiúir dá cuid a leithroinnt murar seachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, 3 lá ar a laghad roimh an gcéad leithroinnt ar scaireanna nó ar bhintiúir, ráiteas in ionad réamheolaire, arna shíniú ag gach duine a bheidh ainmnithe ann mar stiúrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ag gníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn, agus an ráiteas sin san fhoirm agus na sonraí sin ann atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, na tuarascálacha sin a shonraítear sa Chuid sin II, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(2) Gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (1), agus a mbeidh na daoine a bheidh ag tabhairt aon tuarascála den sórt a dúradh tar éis aon choigeartuithe den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Cheathrú Sceideal a dhéanamh ann nó, gan na fáthanna a thabhairt, a chur in iúl ann, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, faoi shíniú na ndaoine sin, ina leagfar amach na coigeartuithe agus ina luafar na fáthanna a bhí leo.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach.

(4) Má ghníomhaíonn cuideachta contrártha d'fho-alt (1) nó (2), dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach stiúrthóir de chuid na cuideachta a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an sárú a údarú nó a cheadú.

(5) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí faoi fho-alt (1), dlífear aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon; nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon;

mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, go raibh an ráiteas neamhfhírinneach fíor.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé;

(b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha.

An éifeacht a bheidh ag leithroinnt neamhrialta.

55. —(1) Aon leithroinnt a dhéanfaidh cuideachta ar iarratasóir contrártha d'alt 53 nó 54, beidh sí inchurtha ar neamhní ar thionscnamh an iarratasóra laistigh de mhí tar éis cruinniú reachtúil na cuideachta a thionól, agus ní bheidh tráth is déanaí ná sin, nó, in aon chás nach gceanglaítear ar an gcuideachta cruinniú reachtúil a thionól, nó más tar éis an cruinniú reachtúil a thionól a dhéanfar an leithroinnt, laistigh de mhí tar éis dáta na leithroinnte, agus ní bheidh tráth is déanaí ná sin, agus beidh sí inchurtha ar neamhní amhlaidh d'ainneoin an chuideachta a bheith i gcúrsa a foirceanta.

(2) I gcás ina gcuirfear leithroinnt ar neamhní faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, laistigh de mhí ina dhiaidh sin, fógra sa chéill sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 58 maidir leis an bhfo-alt seo faoi mar atá feidhm acu maidir leis an alt sin.

(3) Aon stiúrthóir cuideachta a dhéanfaidh nó a cheadóidh nó a údaróidh, go feasach, sárú ar aon cheann d'fhorálacha na n-alt sin 53 agus 54 maidir le leithroinnt, dlífidh sé cúiteamh a dhéanamh leis an gcuideachta agus leis an leithroinní faoi seach in aon chaillteanas nó damáistí nó costais a bhain don chuideachta nó don leithroinní nó faoina ndeachaigh an chuideachta nó an leithroinní dá dheasca, sa dóigh, áfach, nach dtionscnófar imeachtaí chun aon chaillteanas, damáistí nó costais den sórt sin a ghnóthú tar éis 2 bhliain a bheith caite ó dháta na leithroinnte.

Iarratais ar scaireanna agus bintiúir, agus a leithroinnt.

56. —(1) Ní dhéanfar aon leithroinnt ar aon scaireanna ná bintiúir de chuid cuideachta de bhun réamheolaire arna eisiúint go ginearálta agus ní thionscnófar aon imeachtaí ar iarratais a dhéanfar de bhun réamheolaire a eisíodh amhlaidh go dtí tús an ceathrú lá tar éis an lae a eiseofar an réamheolaire amhlaidh don chéad uair nó cibé tráth is déanaí ná sin a shonrófar, má shonraítear, sa réamheolaire.

Gairtear “tráth oscailte na liostaí suibscríofa” san Acht seo feasta de thús an ceathrú lá sin nó de cibé tráth is déanaí ná sin mar a dúradh.

(2) I bhfo-alt (1) déanfar an tagairt don lá a bheidh an réamheolaire arna eisiúint go ginearálta don chéad uair a fhorléiriú mar thagairt don lá a eiseofar amhlaidh é don chéad uair mar fhógrán nuachtáin, sa dóigh, áfach, mura n-eiseofar é amhlaidh mar fhógrán nuachtáin roimh an gceathrú lá tar éis an lae a eiseofar é amhlaidh ar aon mhodh eile, go bhforléireofar an tagairt sin mar thagairt don lá a eiseofar é amhlaidh don chéad uair ar mhodh ar bith.

(3) Ní dhéanfaidh aon sárú ar fho-alt (1) nó fo-alt (2) difear do bhailíocht leithroinnte ach, i gcás aon sáraithe den sórt sin, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Maidir le feidhm an ailt seo i gcás réamheolaire a thairgfidh scaireanna nó bintiúir lena ndíol, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) go (3) trí thagairt do dhíol a chur in ionad tagairtí do leithroinnt agus trí thagairt d'aon duine a dhéanfaidh, nó trína ndéanfar, an tairiscint agus a údaróidh nó a cheadóidh an sárú go feasach agus go toiliúil a chur in ionad na tagartha don chuideachta agus do gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Ní fhéadfar iarratas de bhun réamheolaire arna eisiúint go ginearálta ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a chúlghairm go dtí go mbeidh 9 lá caite tar éis an lae a eisíodh an réamheolaire amhlaidh don chéad uair nó go dtí go ndéanfaidh duine éigin a bheidh freagrach faoi alt 49 sa réamheolaire, sula mbeidh na 9 lá sin caite, fógra poiblí a thabhairt a mbeidh d'éifeacht aige faoin alt sin freagracht an duine a thabharfaidh é a eisiamh nó a theorannú.

(6) Nuair a bheidh an ceathrú lá tar éis lae eile á ríomh chun críocha an ailt seo, fágfar as an áireamh aon lá idir eatarthu ar Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc é agus, más Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc den sórt sin an ceathrú lá féin (arna ríomh amhlaidh), déanfar, chun na gcríocha sin, an chéad lá eile nach lá ar bith acu sin é a chur ina ionad.

Leithroinnt ar scaireanna agus bintiúir a mbeifear le déileáil iontu ar stoomhargadh.

57. —(1) Má luaitear i réamheolaire, cibé acu réamheolaire arna eisiúint go ginearálta é nó nach ea, go ndearnadh nó go ndéanfar iarratas ar chead déileála ar aon stocmhargadh sna scaireanna nó sna bintiúir a bheidh á dtairiscint leis an réamheolaire sin, beidh aon leithroinnt a dhéanfar ar iarratas de bhun an réamheolaire, cibé uair a dhéanfar é, ar neamhní murar iarradh an cead roimh an tríú lá tar éis an réamheolaire a eisiúint don chéad uair nó murar tugadh an cead laistigh de 6 sheachtain ó dháta dúnta na liostaí suibscríofa.

(2) Murar iarradh an cead mar a dúradh nó murar tugadh an cead, déanfaidh an chuideachta an t-airgead go léir a fuarthas ó iarratasóirí de bhun an réamheolaire a aisíoc láithreach gan ús, agus, mura n-aisíocfar aon airgead den sórt sin laistigh de 8 lá tar éis don chuideachta teacht faoi dhliteanas a aisíoctha, dlífidh stiúrthóirí na cuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an t-airgead sin a aisíoc le hús de réir 5 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh an ochtú lá, sa dóigh, áfach, nach mbeidh stiúrthóir faoi dhliteanas má chruthaíonn sé nach aon mhí-iompar ná faillí dá chuid féin ba chúis leis an mainneachtain san airgead a aisíoc.

(3) Déanfar an t-airgead go léir a gheofar mar a dúradh a choimeád i gcuntas bainc ar leith fad a d'fhéadfadh an chuideachta teacht faoi dhliteanas a aisíoctha faoi fho-alt (2); agus, má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar aon iarratasóir ar scaireanna nó bintiúir comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, beidh sé ar neamhú.

(5) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) maidir le haon scaireanna nó bintiúir a mbeidh comhaontaithe iad a thógáil ag duine a rinne frithghealladh ar thairiscint ina leith trí réamheolaire, ionann is dá mba de bhun an réamheolaire a d'iarr sé iad, agus

(b) maidir le réamheolaire a thairgfidh scaireanna nó bintiúir lena ndíol, leis na modhnuithe seo a leanas,—

(i) déanfar tagairtí do dhíol a chur in ionad tagairtí do leithroinnt,

(ii) is iad na daoine a dhéanfaidh an tairiscint, agus ní hí an chuideachta, a dhlífidh faoi fho-alt (2) airgead a fuarthas ó iarratasóirí a aisíoc, agus déanfar tagairtí do dhliteanas na cuideachta faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú dá réir sin, agus

(iii) in ionad na tagartha atá i bhfo-alt (3) don chuideachta agus do gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, cuirfear tagairt d'aon duine a dhéanfaidh, nó trína ndéanfar, an tairiscint agus a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an mhainneachtain a údarú nó a cheadú.

(6) Nuair a bheidh an tríú lá tar éis lae eile á ríomh chun críocha an ailt seo, fágfar as an áireamh aon lá idir eatarthu ar Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc é, agus, más Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc den sórt sin an tríú lá féin (arna ríomh amhlaidh), déanfar, chun na gcríocha sin, an chéad lá eile nach lá ar bith acu sin é a chur ina ionad.

Tuairisceán maidir le leithroinnt.

1891, c. 39.

58. —(1) Aon uair a dhéanfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal aon leithroinnt ar a scaireanna, seachadfaidh an chuideachta laistigh de mhí dá éis sin do cláraitheoir na gcuideachtaí, lena gclárú—

(a) tuairisceán ar gach leithroinnt, ina luafar uimhir agus méid ainmniúil na scaireanna sa leithroinnt, ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na leithroinnithe agus an méid, más ann, a íocadh nó atá dlite agus iníoctha ar gach scair; agus

(b) i gcás scaireanna a leithroinnfear mar scaireanna láníoctha nó páirtíochta ar dhóigh seachas in airgead, conradh i scríbhinn a bhunóidh teideal an leithroinní chun na leithroinnte maraon le haon chonradh díolacháin, nó i gcomhair seirbhísí nó comaoine eile a ndearnadh an leithroinnt sin ina leith, agus na conarthaí sin stampáilte go cuí, agus tuairisceán ina luafar líon agus méid ainmniúil na scaireanna a leithroinneadh amhlaidh, a mhéid atá siad le háireamh mar scaireanna íoctha, agus an chomaoin ar a ndearnadh iad a leithroinnt,

ar choinníoll nach gá, nuair a dhéanfar scaireanna a leithroinnt ar chomhaltaí cuideachta i gcás caipitliú a dhéanamh nó iad a leithroinnt go sealadach i gcás eisiúint de cheart, tuairisceán a thabhairt ar na leithroinnithe áirithe, d'ainneoin go bhféadfadh ceart tréigin a bheith ann i gceachtar cás.

(2) I gcás nach gcuirfear síos i scríbhinn conradh mar atá luaite thuas, seachadfaidh an chuideachta, laistigh de mhí tar éis na leithroinnte, do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena gclárú, sonraí forordaithe an chonartha arna stampáil leis an dleacht stampa a bheadh iníoctha dá mba rud é gur cuireadh an conradh síos i scríbhinn, agus measfar gurb ionstraim de réir bhrí an Stamp Act, 1891, na sonraí sin, agus féadfaidh an cláraitheoir, mar choinníoll chun na sonraí a chomhadú, a cheangal go ndéanfar breithniú faoi alt 12 den Acht sin ar an dleacht is iníoctha ar an gcéanna.

(3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) I gcás inar gá de réir an ailt seo aon doiciméad a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí agus go mainneofar an doiciméad sin a sheachadadh dó laistigh de mhí tar éis na leithroinnte, féadfaidh an chuideachta, nó aon oifigeach a bheidh faoi dhliteanas maidir leis an mainneachtain, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ag iarraidh faoisimh, agus más deimhin leis an gcúirt gur de thionóisc nó de neamhaire a tharla nár seachadadh an doiciméad nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a thabhairt, féadfaidh sí ordú a dhéanamh ag fadú na tréimhse chun an doiciméad a sheachadadh mar is cuí leis an gcúirt.

Coimisiúin agus Lascainí agus Cúnamh Airgeadais chun Scaireanna a Cheannach.

Cumhacht chun coimisiúin áirithe a íoc, agus toirmeasc ar aon choimisiúin nó lascainí eile a íoc.

59. —(1) Is dleathach do chuideachta coimisiún a íoc le haon duine i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontú ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, más rud é—

(a) go mbeidh íoc an choimisiúin údaraithe leis na hairteagail; agus

(b) nach mbeidh an coimisiún a ndéanfar nó a gcomhaontófar é a íoc níos mó ná 10 faoin gcéad den phraghas ar a n-eiseofar na scaireanna, nó an méid nó an ráta a bheidh údaraithe leis na hairteagail, cibé acu sin is lú; agus

(c) go ndéanfar an méid agus an ráta faoin gcéad a bheidh sa choimisiún a ndéanfar nó a gcomhaontófar é a íoc—

(i) i gcás scaireanna a thairgfear don phobal lena suibscríobh, a nochtadh sa réamheolaire, nó

(ii) i gcás scaireanna nach dtairgfear don phobal lena suibscríobh, a nochtadh sa ráiteas in ionad réamheolaire, nó i ráiteas san fhoirm fhorordaithe a shíneofar ar an dóigh chéanna le ráiteas in ionad réamheolaire agus a sheachadfar, sula n-íocfar an coimisiún, do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú, agus, i gcás ina n-eiseofar ciorclán nó fógra nach réamheolaire ag tabhairt cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh na scaireanna, a nochtadh sa chiorclán nó san fhógra sin freisin; agus

(d) go ndéanfar an méid scaireanna ar chomhaontaigh daoine suibscríobh lena n-aghaidh go hiomlán ar coimisiúin a nochtadh ar an modh a dúradh.

(2) Ach amháin mar a dúradh, ní úsáidfidh aon chuideachta aon chuid dá scaireanna ná dá hairgead caipitil go díreach ná go neamhdhíreach chun aon choimisiún, lascaine ná liúntas a íoc le haon duine i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontú ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, cibé acu a úsáidfear na scaireanna nó an t-airgead amhlaidh tríd an gcéanna a chur le hairgead ceannaigh aon mhaoine a gheobhaidh an chuideachta nó le praghas conartha aon oibre a bheidh le déanamh don chuideachta, nó a íocfar an t-airgead as an airgead ceannaigh nó an praghas conartha ainmniúil, nó ar dhóigh eile.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do chumhacht aon chuideachta chun bróicéireacht a íoc a bhí sé dleathach ag cuideachta a íoc go dtí seo.

(4) Beidh ag díoltóir le cuideachta, ag tionscnóir cuideachta, nó ag duine eile a gheobhaidh íocaíocht in airgead nó i scaireanna ó chuideachta, agus measfar go raibh aige riamh, cumhacht chun aon chuid den airgead nó de na scaireanna a gheobhaidh sé amhlaidh a úsáid chun aon choimisiún a íoc a mbeadh sé dleathach, faoin alt seo, é a íoc dá ndéanfadh an chuideachta é sin go díreach.

(5) Má mhainnítear na forálacha den Acht seo a chomhlíonadh a bhaineann le seachadadh an ráitis san fhoirm fhorordaithe don chláraitheoir, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cúnamh airgeadais ó chuideachta chun a scaireanna a cheannach.

60. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (12) agus (13), ní dleathach do chuideachta aon chúnamh airgeadais a thabhairt, go díreach ná go neamhdhíreach, cibé acu trí iasacht, ráthaíocht, urrús a sholáthar nó eile é, le haghaidh ná i leith ceannach nó suibscríobh a bheidh déanta nó le déanamh ag duine ar bith ar aon scaireanna nó le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó, más fochuideachta í, ina cuideachta shealbhaíochta.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le cuideachta do thabhairt cúnamh airgeadais más rud é—

(a) gur faoi údarás rúin speisialta ón gcuideachta a ritheadh tráth nach faide ná 12 mhí roimhe sin a thugtar an cúnamh airgeadais sin; agus

(b) gur chuir an chuideachta ar aghaidh, le gach fógra faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta le breithniú, cóip de dhearbhú reachtúil a bheidh de réir fho-ailt (3) agus (4), agus go ndéanfaidh sí freisin, an lá céanna a eiseofar na fógraí sin, cóip den dearbhú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(3) Déanfar an dearbhú reachtúil ag cruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tráth nach luaithe ná 24 lá roimh an gcruinniú sin, agus is iad na stiúrthóirí nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, a dhéanfaidh é.

(4) Luafar sa dearbhú reachtúil—

(a) an fhoirm ina mbeidh an cúnamh sin le tabhairt;

(b) na daoine a mbeidh an cúnamh sin le tabhairt dóibh;

(c) an cuspóir a bhfuil sé d'intinn ag an gcuideachta an cúnamh sin a bheith le húsáid chuige ag na daoine sin;

(d) go ndearna na dearfóirí fiosrú iomlán ar chúrsaí na cuideachta agus, tar éis a dhéanta dóibh, go bhfuil siad tagtha ar an tuairim go mbeidh ar chumas na cuideachta, ar an idirbheart trína bhfuil an cúnamh sin le tabhairt a bheith curtha i gcrích, a fiacha a íoc go hiomlán de réir mar a thiocfaidh siad chun a bheith dlite.

(5) Aon stiúrthóir cuideachta a dhéanfaidh an dearbhú reachtúil gan cúis réasúnach a bheith aige leis an tuairim go mbeidh ar chumas na cuideachta, ar an idirbheart trína bhfuil an cúnamh sin le tabhairt a bheith curtha i gcrích, a fiacha a íoc go hiomlán de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite, dlífear príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon; agus má fhoirceantar an chuideachta laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis an dearbhú reachtúil a dhéanamh agus nach n-íocfar a fiacha nó nach soláthrófar dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis tosach an fhoirceanta, toimhdeofar go dtí go gcruthófar a mhalairt nach raibh bun réasúnach ag an stiúrthóir lena thuairim.

(6) D'ainneoin aon ní in airteagail chomhlachais na cuideachta, beidh sé de cheart ag gach comhalta den chuideachta fógra a fháil faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta le tairiscint agus bheith i láthair ag an gcruinniú sin.

(7) Mura rud é go ndéanfaidh gach comhalta den chuideachta atá i dteideal vótáil ag cruinnithe ginearálta na cuideachta vóta a thabhairt i bhfabhar an rúin speisialta, ní dhéanfar an idirbheart trína mbeidh an cúnamh sin le tabhairt a chur i gcrích go ceann 30 lá tar éis an rún speisialta sin a rith nó, má dhéantar iarratas faoi fho-alt (8), go dtí go mbeidh an chúirt tar éis déileáil leis an iarratas sin.

(8) Má dhéantar iarratas chun na cúirte de réir an ailt seo á iarraidh an rún speisialta a chealú, ní bheidh éifeacht ag an rún speisialta sin ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é.

(9) Faoi réir fho-alt (10), féadfaidh na sealbhóirí ar chion nach lú ina chomhiomlán ná 10 faoin gcéad de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó aon chineáil den scairchaipiteal sin, iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (8).

(10) Ní dhéanfaidh duine ar bith iarratas faoi fho-alt (8) má thoiligh sé leis an rún speisialta nó má vótáil sé ina fhabhar.

(11) Ní foláir iarratas faoi fho-alt (8) a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún speisialta agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal a dhéanta ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn.

(12) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag cur toirmisc le híoc díbhinne a dhearbhaigh cuideachta go cuí ná le hurscaoileadh dliteanais faoina ndeachaigh sí go dleathach.

(13) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag cur toirmisc—

(a) ar an gcuideachta airgead a thabhairt ar iasacht i ngnáthchúrsa a gnó, más cuid de ghnáthghnó na cuideachta é airgead a thabhairt ar iasacht;

(b) ar chuideachta airgead a sholáthar, de réir aon scéime a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, chun scaireanna láníoctha sa chuideachta féin nó ina cuideachta shealbhaíochta a cheannach nó suibscríobh lena n-aghaidh, is é sin, ceannach nó suibscríobh scaireanna atá le sealbhú ag fostaithe nó iarfhostaithe de chuid na cuideachta nó de chuid aon fhochuideachta don chuideachta nó chun tairbhe dóibh sin, agus áirítear orthu aon duine atá nó a bhí ina stiúrthóir agus fostaíocht nó oifig thuarastail aige sa chuideachta nó in aon fhochuideachta don chuideachta;

(c) ar chuideachta iasachtaí a thabhairt do dhaoine, seachas stiúrthóirí, atá ar fostú bona fide ag an gcuideachta nó ag an fhochuideachta don chuideachta d'fhonn a chumasú do na daoine sin scaireanna láníoctha sa chuideachta féin nó ina cuideachta shealbhaíochta a cheannach, nó suibscríobh lena n-aghaidh, lena bheith á sealbhú acu féin mar úinéirí tairbhiúla orthu.

(14) Beidh aon idirbheart a sháróidh an t-alt seo inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta in aghaidh aon duine (cibé acu páirti san idirbheart é ná nach ea) a raibh fógra aige i dtaobh na bhfíoras arb iad an sárú sin iad.

(15) Má ghníomhaíonn cuideachta contrártha don alt seo, dlífear gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain:

(a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon.

(16) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'fhorálacha alt 72.

Forléiriú tagairtí do Scaireanna nó Bintiúir a thairiscint don Phobal.

Forléiriú tagairtí do scaireanna nó bintiúir a thairiscint don phobal.

61. —(1) Déanfar aon tagairt san Acht seo do scaireanna nó bintiúir a thairiscint don phobal a fhorléiriú, faoi réir aon fhorála contrártha dó sin san Acht seo, mar thagairt a fholaíonn tagairt do na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint d'aon dream den phobal, cibé acu mar chomhaltaí nó bintiúraigh de chuid na cuideachta nó mar chliaint ag an duine a eiseoidh an réamheolaire nó ar dhóigh ar bith eile a roghnófar iad, agus déanfar tagairtí san Acht seo nó in airteagail chuideachta do chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr a fhorléiriú ar an gcuma chéanna, faoi réir a bhfuil ráite.

(2) Ní mheasfar fo-alt (1) a bheith á cheangal go mbeidh aon tairiscint nó cuireadh le háireamh mar thairiscint nó cuireadh don phobal más inmheasta go cuí, sna himthosca go léir, nár ceapadh go mbeadh de thoradh ar an tairiscint nó ar an gcuireadh, go díreach ná go neamhdhíreach, go mbeadh na scaireanna nó na bintiúir ar fáil lena suibscríobh nó lena gceannach ag daoine seachas iad siúd a gheobhaidh an tairiscint nó an cuireadh, nó gur cúram thairis sin é a bhaineann go dlúth leis na daoine a thabharfaidh agus a gheobhaidh an tairiscint nó an cuireadh, agus go háirithe—

(a) ní mheasfar foráil in airteagail chuideachta á thoirmeasc cuireadh a thabhairt don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr a bheith á thoirmeasc cuireadh is inmheasta go cuí mar a dúradh a thabhairt do chomhaltaí nó bintiúraigh, agus

(b) forléireofar dá réir sin na forálacha den Acht seo a bhaineann le cuideachtaí príobháideacha.

Eisiúint Scaireanna faoi Phréimh agus faoi Lascaine agus Scaireanna Tosaíochta Infhuascailte.

Úsáid na bpréimheanna a gheofar as eisiúint scaireanna.

62. —(1) Nuair a eiseoidh cuideachta scaireanna faoi phréimh, cibé acu ar airgead nó eile é, déanfar suim is ionann agus méid iomlán nó luach iomlán na bpréimheanna ar na scaireanna sin a aistriú chun cuntais, dá ngairfear “an cuntas scair-phréimhe”, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, ionann is da mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cuntas scair-phréimhe.

(2) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), an cuntas scair-phréimhe a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha, chun go ndíscríobhfar—

(a) réamhchaiteachais na cuideachta, nó

(b) na caiteachais a bhainfidh le haon eisiúint scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, nó an coimisiún a íocfar nó an lascaine a lamhálfar ar aon eisiúint den sórt sin;

nó chun soláthar don phréimh is iníoctha ar aon scaireanna tosaíochta infhuascailte nó aon bhintiúir de chuid na chuideachta a fhuascailt.

(3) I gcás aon scaireanna a bheith eisithe faoi phréimh ag cuideachta roimh an dáta feidhme, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba tar éis an dáta feidhme a eisíodh na scaireanna, sa dóigh, áfach, go ndéanfar aon chuid de na préimheanna a cuireadh chun feidhme ar bhealach nach mbeidh sí ar an dáta feidhme ina cuid inaitheanta de chúlchistí na cuideachta de réir bhrí an Séú Sceideal a fhágáil as an áireamh nuair a bheidh an tsuim atá le cur sa chuntas scair-phréimhe á cinneadh.

Cumhacht chun scaireanna a eisiúint faoi lascaine.

63. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is dleathach do chuideachta scaireanna sa chuideachta de chineál a eisíodh cheana a eisiúint faoi lascaine, sa dóigh, áfach—

(a) nach foláir eisiúint na scaireanna faoi lascaine a bheith údaraithe le rún speisialta ón gcuideachta, agus nach foláir é a bheith ceadaithe ag an gcúirt;

(b) nach foláir ráta uasta na lascaine faoina mbeidh na scaireanna le heisiúint a bheith sonraithe sa rún;

(c) i gcás cuideachta nach cuideachta phríobháideach, nach foláir ar dháta a n-eisithe 2 bhliain ar a laghad a bheith caite ón dáta a bhí an chuideachta i dteideal gnó a thosú, agus i gcás cuideachta phríobháideach nach foláir 2 bhliain ar a laghad a bheith caite ón dáta a corpraíodh an chuideachta;

(d) nach foláir na scaireanna a bheidh le heisiúint faoi lascaine a eisiúint laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a cheadóidh an chúirt an eisiúint nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a lamhálfaidh an chúirt.

(2) Nuair a bheidh cuideachta tar éis rún a rith á údarú scaireanna a eisiúint faoi lascaine, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú ag ceadú na heisiúna, agus, ar aon iarratas den sórt sin a fháil di, féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur ceart é sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis, ordú a dhéanamh ag ceadú na heisiúna ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(3) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip den ordú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(4) I gcás gach réamheolaire a bhainfidh le heisiúint na scaireanna, ní foláir sonraí a bheith sa réamheolaire i dtaobh na lascaine a lamháiltear ar eisiúint na scaireanna nó i dtaobh an méid den lascaine sin nach raibh díscríofa ar dháta an réamheolaire a eisiúint.

(5) Má mhainnítear fo-alt (3) nó (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cumhacht chun scaireanna tosaíochta infhuascailte a eisiúint.

64. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, scaireanna tosaíochta a eisiúint a bheidh le fuascailt, nó a bhféadfar de rogha na cuideachta iad a fhuascailt, sa dóigh, áfach—

(a) nach ndéanfar aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt ach amháin as brabúis de chuid na cuideachta a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne nó as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a rinneadh chun críocha na fuascailte;

(b) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura scaireanna láníoctha iad;

(c) nach foláir soláthar don phréimh, más ann, is iníoctha ar na scaireanna a fhuascailt, a bheith déanta as brabúis na cuideachta nó as cuntas scair-phréimhe na cuideachta sula bhfuasclaítear na scaireanna;

(d) má fhuasclaítear aon scaireanna den sórt sin ar dhóigh seachas as na fáltais ó eisiúint úr, go ndéanfar, as na brabúis a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne, aistriú chun cúlchiste, dá ngairfear “an cúlchiste fuascailte caipitil”, ar shuim is ionann agus méid ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear, agus, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta ionann is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo ar cibé téarmaí agus ar cibé modh a fhoráiltear le hairteagail na cuideachta.

(3) Nuair a dhéanfaidh cuideachta scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar mhéad a scairchaipitil údaraithe.

(4) Faoi réir fho-alt (5), má bhíonn cuideachta tar éis nó ar tí aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun an ailt seo, beidh cumhacht aici scaireanna a eisiúint go feadh luach ainmniúil na scaireanna a fuasclaíodh nó a bheidh le fuascailt ionann is dá mba nár eisíodh na scaireanna sin riamh, agus dá réir sin ní mheasfar, chun críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa, scairchaipiteal na cuideachta a bheith méadaithe leis an eisiúint scaireanna de bhun an fho-ailt seo.

(5) Má eisítear scaireanna nua sula bhfuasclaítear na seanscaireanna, ní mheasfar, chomh fada is a bhaineann le dleacht stampa, na scaireanna nua a bheith arna n-eisiúint de bhun fho-alt (4), mura bhfuasclaítear na seanscaireanna laistigh de mhí tar éis na scaireanna nua a eisiúint.

(6) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní san alt seo, an cúlchiste fuascailte caipitil a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha.

Cumhacht chun scaireanna tosaíochta a eisíodh roimh an 5 Bealtaine, 1959, a fhuascailt.

65. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, aon scaireanna tosaíochta a d'eisigh sí roimh an 5ú lá de Bhealtaine, 1959, a fhuascailt, sa dóigh, áfach—

(a) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura scaireanna láníoctha iad;

(b) nach ndéanfar aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt ach amháin as brabúis de chuid na cuideachta a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne nó as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a rinneadh chun críocha na fuascailte;

(c) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin ar shuim is mó ná praghas eisiúna na scaireanna sin;

(d) nach foláir fuascailt na scaireanna sin agus téarmaí agus modh a bhfuascailte a bheith údaraithe le rún speisialta ón gcuideachta;

(e) nach foláir fógra faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta dá dtagraítear i mír (d) le tairiscint, agus cóip den rún sin, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, 14 lá ar a laghad agus 30 lá ar a mhéad roimh dháta an chruinnithe;

(f) nach mbeidh sé d'oibleagáid ar aon sealbhóir scaireanna den sórt sin glacadh le fuascailt orthu;

(g) i gcás cuideachta phríobháideach, nach foláir an fhuascailt a bheidh ceadaithe ag an gcúirt.

(2) Ní fhéadfar leas a bhaint as na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo ach amháin trí thairiscint a thabhairt do shealbhóirí uile na scaireanna tosaíochta a bheidh i gceist.

(3) Má fhuasclaítear aon scaireanna den sórt sin ar dhóigh seachas as na fáltais ó eisiúint úr, déanfar, as na brabúis a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne, aistriú chun cúlchiste, dá ngairfear “an cúlchiste fuascailte caipitil”, ar shuim is ionann agus méid ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear, agus, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta ionann is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil.

(4) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo ar cibé téarmaí agus ar cibé modh a fhoráiltear leis an rún speisialta dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1).

(5) Nuair a dhéanfaidh cuideachta scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar mhéad a scairchaipitil údaraithe.

(6) Faoi réir fho-alt (7), má bhíonn cuideachta tar éis nó ar tí aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun an ailt seo, beidh cumhacht aici scaireanna a eisiúint go feadh luach ainmniúil na scaireanna a fuasclaíodh nó a bheidh le fuascailt ionann is dá mba nár eisíodh na scaireanna sin riamh, agus dá réir sin ní mheasfar, chun críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa, scairchaipiteal na cuideachta a bheith méadaithe leis an eisiúint scaireanna de bhun an fho-ailt seo.

(7) Má eisítear scaireanna nua sula bhfuasclaítear na seanscaireanna, ní mheasfar, chomh fada is a bhaineann le dleacht stampa, na scaireanna nua a bheith arna n-eisiúint de bhun fho-alt (6), mura bhfuasclaítear na seanscaireanna laistigh de mhí tar éis na scaireanna nua a eisiúint.

(8) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní san alt seo, an cúlchiste fuascailte caipitil a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na chuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha.

Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Scairchaipiteal.

Cumhacht chuideachta chun a shocrú go n-íocfar suimeanna éagsúla ar scaireanna.

66. —Féadfaidh cuideachta, má údaraítear sin di lena hairteagail, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) socrú a dhéanamh ar scaireanna a eisiúint le haghaidh idirdhealú ar na scairshealbhóirí ó thaobh méid na nglaochanna a bheidh le híoc acu ar a scaireanna agus tráthanna a n-íoctha;

(b) an t-iomlán nó cuid den mhéid a bheidh fágtha gan íoc aige ar aon scaireanna a shealbhóidh sé a ghlacadh ó aon chomhalta, bíodh nár glaodh ar aon chuid den mhéid sin;

(c) díbhinn a íoc i gcoibhneas leis an méid a bheidh íoctha ar gach scair i gcás inar íocadh níos mó ar chuid de na scaireanna ná mar a íocadh ar chuid eile díobh.

Dliteanas cúltaca cuideachta teoranta.

67. —Féadfaidh cuideachta theoranta, le rún speisialta, a chinneadh nach mbeidh aon chuid dá scairchaipiteal nár glaodh uirthi cheana féin inghlaoite ach amháin i gcás an chuideachta a bheith á foirceannadh agus chun críocha a foirceanta, agus air sin ní bheidh an chuid sin dá scairchaipiteal inghlaoite ach amháin sa chás agus chun na gcríocha a dúradh.

Cumhacht chuideachta chun a scairchaipiteal a athrú.

68. —(1) Féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, má údaraítear sin di lena hairteagail, athrú a dhéanamh, i gcruinniú ginearálta, ar choinníollacha a meabhráin mar a leanas, is é sin, féadfaidh sí—

(a) a scairchaipiteal a mhéadú le scaireanna nua de cibé méid is fóirsteanach léi;

(b) an t-iomlán nó aon chuid dá scairchaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha;

(c) an t-iomlán nó aon chuid dá scaireanna íoctha a chomhshó ina stoc, agus an stoc sin a ath-chomhshó ina scaireanna íoctha d'ainmniúcháin ar bith;

(d) a scaireanna, nó aon chuid díobh, a fhoroinnt ina scaireanna de mhéid is lú ná mar a socraíodh leis an meabhrán, sa dóigh, áfach, go ndéanfar san fhoroinnt an coibhneas idir an méid a bheidh íoctha agus an méid, más ann, a bheidh gan íoc ar gach scair laghdaithe a choimeád mar a bhí sé i gcás na scaire as a bhfaightear an scair laghdaithe;

(e) scaireanna a chealú nach mbeidh, ar dháta an rúin chuige sin a rith, tógtha, nó comhaontaithe ar iad a thógáil, ag duine ar bith, agus méid a scairchaipitil a laghdú de mhéid na scaireanna a chealófar amhlaidh.

(2) Má dhéantar scaireanna a chealú de bhun an ailt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar scairchaipiteal de réir bhrí an Achta seo.

Fógra don chláraitheoir faoi athruithe áirithe ar scairchaipiteal.

69. —(1) Má bhíonn cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal tar éis—

(a) a scairchaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha; nó

(b) aon scaireanna a chomhshó ina stoc; nó

(c) stoc a ath-chomhshó ina scaireanna; nó

(d) a scaireanna nó aon chuid díobh a fhoroinnt; nó

(e) aon scaireanna tosaíochta infhuascailte a fhuascailt; nó

(f) aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt; nó

(g) aon scaireanna a chealú, ar dhóigh seachas i ndáil le laghdú ar scairchaipiteal faoi alt 72;

déanfaidh sí, laistigh de mhí tar éis di é sin a dhéanamh, fógra ina thaobh a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, ina sonrófar, de réir mar a bheidh, na scaireanna a comhdhlúthaíodh, a roinneadh, a comhshódh, a foroinneadh, a fuasclaíodh, nó a cealaíodh, nó an stoc a ath-chomhshódh.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fineáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Fógra faoi mhéadú ar scairchaipiteal.

70. —(1) Má bhíonn cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, cibé acu a comhshódh nó nár comhshódh a scaireanna ina stoc, tar éis a scairchaipiteal a mhéadú os cionn an chaipitil chláraithe, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis an rún ag méadú a scairchaipitil a rith, fógra faoin méadú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus taifeadfaidh an cláraitheoir an méadú.

(2) San fhógra a bheidh le tabhairt mar a dúradh, tabharfar cibé sonraí a bheidh forordaithe maidir leis na cineálacha scaireanna lena mbainfidh an méadú, agus na coinníollacha faoina ndearnadh nó faoina ndéanfar na scaireanna nua a eisiúint.

(3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cumhacht chuideachta neamhtheoranta chun soláthar do scairchaipiteal cúltaca ar í a athchlárú.

71. —Féadfaidh cuideachta neamhtheoranta ag a bhfuil scairchaipiteal, lena rún chun í a chlárú mar chuideachta theoranta de bhun an Achta seo, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) méid ainmniúil a scairchaipitil a mhéadú trí luach ainmniúil gach ceann dá scaireanna a mhéadú, ach sin faoi réir an choinníll nach mbeidh aon chuid den chaipiteal méadaithe inghlaoite, ach amháin i gcás an chuideachta a bheith á foirceannadh agus chun críocha a foirceanta;

(b) a fhoráil nach inghlaoite cuid shonraithe dá scairchaipiteal neamhghlaoite ach amháin i gcás an chuideachta a fhoirceannadh agus chun críocha a foirceanta.

Laghdú ar Scairchaipiteal.

Cumhacht chuideachta chun a scairchaipiteal a laghdú.

72. —(1) Ach amháin sa mhéid go gceadaíonn an tAcht seo é go sainráite, ní dleathach do chuideachta faoi theorainn scaireanna, ná do chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, aon chuid dá scaireanna a cheannach ná a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh a bith.

(2) Faoi réir a dhaingnithe ag an gcúirt, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, má údaraítear sin di lena hairteagail, a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh ar bith le rún speisialta, agus, go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta sin roimhe seo, féadfaidh sí—

(a) an dliteanas ar aon scaireanna dá cuid i leith scairchaipitil nár íocadh a mhúchadh nó a laghdú; nó

(b) i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scaireanna dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, cealú a dhéanamh ar aon scairchaipiteal íoctha atá caillte nó nach bhfuil sócmhainní ar fáil á ionannú; nó

(c) i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scaireanna dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, aon scairchaipiteal íoctha de bhreis ar riachtanais na cuideachta a eisíoc;

agus féadfaidh sí, más gá agus chomh fada agus is gá é, a meabhrán a athrú trí mhéid a scairchaipitil agus a scaireanna a laghdú dá réir sin.

(3) San Acht seo, gairtear “rún chun scairchaipiteal a laghdú” de rún speisialta faoin alt seo.

Iarratas chun na cúirte ar ordú daingniúcháin, agóidí ó chreidiúnaithe agus liosta de chreidiúnaithe agóideacha a shocrú.

73. —(1) Nuair a bheidh rún chun scairchaipiteal a laghdú rite ag cuideachta, féadfaidh sí ordú ag daingniú an laghdaithe a iarraidh ar an gcúirt.

(2) Má thagann as an laghdú a bheartaítear ar scairchaipiteal go mbeadh an dliteanas i leith scairchaipitil neamhíoctha á laghdú nó go mbeadh aon scairchaipiteal íoctha á íoc le haon scairshealbhóir, agus in aon chás eile má ordaíonn an chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, ach ar a shon sin faoi réir fho-alt (3);

(a) gach creidiúnaí de chuid na cuideachta a mbeidh ceart aige, ar an dáta a shocróidh an chúirt, chun aon fhiach nó éileamh a bheadh, dá mba ar an dáta sin a thosódh foirceannadh na cuideachta, inghlactha faoi chruthúnas i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe.

(b) socróidh an chúirt liosta de chreidiúnaithe a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh amhlaidh, agus chuige sin cinnteoidh sí, chomh fada agus is féidir sin gan iarratas a lorg ar aon chreidiúnaí, ainmneacha na gcreidiúnaithe sin agus cad é an saghas iad a bhfiacha nó a n-éilimh agus cad é a méid, agus féadfaidh sí fógraí a fhoilsiú ag socrú lá nó laethanta ar laistigh de nó díobh a bheidh ar chreidiúnaithe nár cuireadh ar an liosta éileamh a dhéanamh chun iad a chur air amhlaidh nó a bheidh siad le heisiamh ón gceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe;

(c) i gcás creidiúnaí a bheith ar an liosta nach mbeidh a fhiach nó a éileamh glanta nó foirceanta agus nach dtoileoidh sé leis an laghdú, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, toiliú an chreidiúnaí sin a ligean thar ceal, má urraíonn an chuideachta go n-íocfar a fhiach nó a éileamh tríd an méid seo a leanas a leithreasú, de réir mar a ordóidh an chúirt:—

(i) má admhaíonn an chuideachta méid iomlán an fhéich nó an éilimh, nó, gan é a admháil, má tá sí toilteanach soláthar dó, ansin méid iomlán an fhéich nó an éilimh;

(ii) mura n-admhaíonn an chuideachta méid iomlán an fhéich nó an éilimh agus nach bhfuil sí toilteanach soláthar dó, nó má tá a mhéid teagmhasach nó gan bheith cinntithe, ansin méid a shocróidh an chúirt tar éis fiosrú agus breithniú a dhéanamh ionann is dá mbeadh an chuideachta á foirceannadh ag an gcúirt.

(3) Má thagann as laghdú a bheartaítear ar scairchaipiteal go mbeadh aon dliteanas i leith scairchaipitil neamhíoctha á laghdú, nó go mbeadh aon scairchaipiteal íoctha á íoc le haon scairshealbhóir, féadfaidh an chúirt, más rud é, ag féachaint d'aon imthosca speisialta a bhainfidh leis an gcás, gur cuí léi é sin a dhéanamh, a ordú nach mbeidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon aicme, nó le haon aicmí, creidiúnaithe.

Ordú ag daingniú an laghdaithe agus cumhachtaí na cúirte ar an ordú sin a dhéanamh.

74. —(1) Má shásaítear an chúirt, maidir le gach creidiúnaí de chuid na cuideachta a bheidh, faoi alt 73, i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe, go bhfuarthas a thoiliú leis an laghdú nó go bhfuil a fhiach nó a éileamh glanta nó foirceanta, nó go bhfuil sé urraithe, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag daingniú an laghdaithe ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(2) Nuair a dhéanfaidh an chúirt aon ordú den sórt sin, féadfaidh sí—

(a) más dóigh léi ar aon chúis speisialta gur cóir sin, ordú a dhéanamh á ordú go ndéanfaidh an chuideachta, i rith cibé tréimhse, dar tosach dáta an ordaithe nó tráth ar bith tar éis a dháta, a shonrófar san ordú, na focail “and reduced” nó, i gcás an focal “teoranta” a bheith ina chuid dá hainm, na focail “agus laghdaithe,” a chur lena hainm mar fhocail dheireanacha an ainm sin,

(b) ordú a dhéanamh á cheangal ar an gcuideachta foilsiú a dhéanamh, de réir mar a ordóidh an chúirt, ar fháthanna an laghdaithe nó ar cibé eolas eile ina thaobh is dóigh leis an gcúirt a bheith fóirsteanach, d'fhonn eolas ceart a thabhairt don phobal, agus, más cuí leis an gcúirt é, ar na cúiseanna ba chionsiocair leis an laghdú.

(3) Nuair a ordófar do chuideachta na focail “and reduced”, nó na focail “agus laghdaithe”, a chur lena hainm, measfar, go dtí deireadh na tréimhse a shonrófar san ordú, gur cuid d'ainm na cuideachta na focail sin.

An t-ordú agus miontuairisc an laghdaithe a chlárú.

75. —(1) Déanfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, ar ordú ón gcúirt ag daingniú an laghdaithe ar scairchaipiteal na cuideachta a thabhairt ar aird dó, agus ar chóip a sheachadadh dó den ordú agus de mhiontuairisc lenar aontaigh an chúirt a thaispeánfaidh, maidir le scairchaipiteal na cuideachta mar a athraíodh é leis an ordú, méid an scairchaipitil, an líon scaireanna a bhfuil sé le roinnt iontu, agus méid gach scaire, agus an méid, más ann, a mheastar ar dháta an chláraithe a bheith íoctha ar gach scair, an t-ordú agus an mhiontuairisc a chlárú.

(2) Ar an ordú agus an mhiontuairisc a chlárú, beidh éifeacht ag an rún chun scairchaipiteal a laghdú mar a daingníodh é leis an ordú a chlárófar amhlaidh, agus ní bheidh éifeacht aige roimhe sin.

(3) Déanfar fógra i dtaobh an chláraithe a fhoilsiú ar cibé modh a ordóidh an chúirt.

(4) Déanfaidh an cláraitheoir clárú an ordaithe agus na miontuairisce a dheimhniú faoina láimh, agus beidh a dheimhniú ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le laghdú ar scairchaipiteal, agus go bhfuil scairchaipiteal na cuideachta mar atá luaite sa mhiontuairisc.

(5) Nuair a bheidh an mhiontuairisc cláraithe, measfar í a bheith curtha in ionad na coda comhréire den mheabhrán, agus beidh sí bailí agus inathraithe ionann is dá mbeidh sí ann i gcéaduair.

(6) Measfar gurb athrú ar an meabhrán, de réir bhrí alt 30, aon mhiontuairisc mar a dúradh a chur in ionad cuid de mheabhrán na cuideachta.

Dliteanas comhaltaí i leith scaireanna laghdaithe.

76. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás laghdú ar scairchaipiteal, ní bheidh duine ba chomhalta den chuideachta, nó is comhalta di, faoi dhliteanas maidir le haon scair i leith aon ghlaoch nó ranníoc de bhreis ar an difríocht, más ann, idir méid na scaire mar a socraíodh sin leis an miontuairisc agus an méid a íocadh, nó an méid laghdaithe, más ann, a measfar é a bheith íoctha, ar an scair, cibé acu é.

(2) Más rud é, i gcás aon chreidiúnaí a mbeidh teideal aige, i leith aon fhéich nó éilimh, chun agóid a dhéanamh in aghaidh laghdú an scairchaipitil, nach bhfuil sé, toisc é a bheith aineolach ar na himeachtaí chun é a laghdú, nó ar a saghas agus a n-éifeacht maidir lena fhiach nó lena éileamh, curtha ar liosta na gcreidiúnaithe, agus, tar éis an laghdaithe, go mbeidh an chuideachta éagumasach, de réir bhrí na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le foirceannadh ag an gcúirt, ar mhéid a fhéich nó a éilimh a íoc, ansin—

(a) dlífidh gach duine ba chomhalta den chuideachta ar an dáta a cláraíodh an t-ordú don laghdú, agus an mhiontuairisc, méid a ranníoc, chun íoctha an fhéich nó an éilimh sin, nach mó ná an méid a dhlífeadh sé a ranníoc dá dtosófaí ar an gcuideachta a fhoirceannadh an lá roimh an dáta sin, agus

(b) má fhoirceantar an chuideachta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, ar iarratas ó aon chreidiúnaí den sórt sin agus ar a chruthú go raibh sé aineolach mar a dúradh, liosta de dhaoine a dhlífidh ranníoc amhlaidh a shocrú dá réir sin, agus glaochanna agus orduithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar na ranníocóirí a shocrófar ar an liosta, ionann is dá mba ghnáthranníocóirí i bhfoirceannadh iad.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do chearta na ranníocóirí eatarthu féin.

Pionós mar gheall ar nithe áirithe a cheilt in imeachtaí chun scairchaipiteal a laghdú.

77. —Má dhéanann aon oifigeach don chuideachta go toiliúil—

(a) ceilt ar ainm aon chreidiúnaí atá i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe; nó

(b) mífhaisnéis ar shaghas nó méid an fhéich nó an éilimh i gcás aon chreidiúnaí,

dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Athrú ar Chearta Scairshealbhóirí.

Cearta sealbhóiri cineálacha speisialta scaireanna.

78. —(1) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh a scairchaipiteal roinnte ina scaireanna de chineálacha éagsúla, go mbeidh foráil déanta leis an meabhrán nó leis na hairteagail chun athrú ar na cearta a ghabhann le haon chineál scaireanna sa chuideachta a údarú, le toiliú ó aon chionúireacht a shonrófar de shealbhóirí na scaireanna eisithe den chineál sin nó le ceadú faoi rún a ritheadh ag cruinniú leithleach de shealbhóirí na scaireanna sin, agus go ndéanfar de bhun na forála sin na cearta a ghabhann le haon chineál scaireanna den sórt sin a athrú tráth ar bith, féadfaidh sealbhóirí 10 faoin gcéad ar a laghad san iomlán de na scaireanna eisithe den chineál sin, is é sin, daoine nár thoiligh leis an rún chun an t-athrú a dhéanamh nó nár vótáil i bhfabhar an rúin sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh an t-athrú a chealú agus, má dhéantar aon iarratas den sórt sin, ní bheidh éifeacht leis an athrú mura ndaingneoidh ná go dtí go ndaingeoidh an chúirt é.

(2) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de 28 lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a lamhálfaidh an chúirt, ar iarratas a fháil di ó aon scairshealbhóir roimh dheireadh na 28 lá sin) tar éis an dáta a tugadh an toiliú nó a ritheadh an rún, cibé acu é, agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na scairshealbhóirí a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn.

(3) Ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, féadfaidh an chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt don iarratasóir agus d'aon daoine eile a iarrfaidh ar an gcúirt éisteacht a thabhairt dóibh agus a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas acu san iarratas, má shásaítear an chúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, go ndéanfadh an t-athrú dochar míchuí do na scairshealbhóirí den aicme a bhfuil an t-iarratasóir ag feidhmiú ar a son, an t-athrú a dhícheadú agus, mura sásaítear í amhlaidh, daingneoidh sí an t-athrú.

(4) Is breith chríochnaitheach breith na cúirte ar aon iarratas den sórt sin, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh na cúirte ar cheist dlí.

(5) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis don chúirt ordú a dhéanamh de bhun aon iarratais den sórt sin, cóip den ordú a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus, má mhainnítear an fhoráil seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) San alt seo folaíonn “athrú” aisghairm agus forléireofar é dá réir sin.

Uimhriú agus Aistriú Scaireanna agus Bintiúr agus Fianaise ar Theideal chucu.

Nádúr scaireanna.

79. — Is eastát pearsanta, a bheidh inaistrithe mar a fhoráiltear in airteagail na cuideachta, na scaireanna nó an leas eile a bheidh ag aon chomhalta i gcuideachta, agus ní de nádúr eastáit réadaigh iad.

Uimhriú scaireanna.

80. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar gach scair i gcuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal a idirdhealú lena huimhir iomchuí.

(2) Más rud é, tráth ar bith, go mbeidh na scaireanna eisithe go léir i gcuideachta, nó na scaireanna eisithe go léir de chineál áirithe inti, láníoctha agus ar chéim pari passu chun gach críche, ní gá uimhir idirdhealaitheach a bheith ar aon scair acu sin ina dhiaidh sin fad a bheidh an scair láníoctha agus ar chéim pari passu chun gach críche leis na scaireanna go léir den chineál céanna a bheidh eisithe agus láníoctha de thuras na huaire.

(3) Nuair a eiseoidh cuideachta scaireanna nua ar théarmaí go mbeidh siad, laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí, ar chéim pari passu chun gach críche leis na scaireanna láithreacha go léir, nó leis na scaireanna láithreacha go léir de chineál áirithe, sa chuideachta, ní gá uimhreacha idirdhealaitheacha a bheith ar na scaireanna nua ná ar na scaireanna láithreacha comhréire fad a bheidh siad go léir láníoctha agus ar chéim pari passu ach, mura n-uimhrítear iad, déanfar na scairdheimhnithe do na scaireanna nua a fhoclú, nó éadanscript a chur orthu, mar is iomchuí.

Gan aistriú a chlárú mura seachadtar ionstraim aistrithe don chuideachta.

81. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus d'ainneoin aon ní in airteagail chuideachta, ní dleathach don chuideachta aistriú scaireanna ná bintiúr de chuid na cuideachta a chlárú murar seachadadh ionstraim aistrithe chuí don chuideachta.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) dochar d'aon chumhacht de chuid na cuideachta chun aon duine a chlárú mar scairshealbhóir nó bintiúrach más duine é ar tarchuireadh chuige le hoibriú dlí an ceart chun aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta.

Aistriú ag ionadaí pearsanta.

82. —Beidh aistriú a dhéanfaidh a ionadaí pearsanta ar scair nó leas eile le comhalta marbh de chuideachta, bíodh nach comhalta den chuideachta an t-ionadaí pearsanta é féin, ina aistriú chomh bailí agus dá mba chomhalta di é tráth na hionstraime aistrithe a fhorghníomhú.

Aistriú a chlárú ar iarratas ón aistreoir.

83. —Ar iarratas a fháil ó aistreoir aon scaire nó leasa i gcuideachta, déanfaidh an chuideachta ainm an aistrí a thaifeadadh i gclár a comhaltaí ar an modh céanna, agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, ina ndéanfaí sin dá mba é an t-aistrí a d'iarr é a thaifeadadh.

Fógra gur diúltaíodh aistriú a chlárú.

84. —(1) Má dhiúltaíonn an chuideachta aistriú aon scaireanna nó bintiúr a chlárú, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a taisceadh an t-aistriú leis an gcuideachta, fógra i dtaobh an diúltaithe a chur go dtí an t-aistrí.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Deimhníocht ar aistriú.

85. —(1) Measfar deimhníocht ó chuideachta ar aon ionstraim aistrithe scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta a bheith ina faisnéis ón gcuideachta d'aon duine a bheidh ag gníomhú i muinín na deimhníochta gur tugadh ar aird don chuideachta na doiciméid a thaispeánann ar a n-éadan go bhfuil teideal prima facie chun na scaireanna nó na mbintiúr san aistreoir a ainmnítear san ionstraim aistrithe, ach gan í a bheith ina faisnéis go bhfuil aon teideal ag an aistreoir chun na scaireanna nó na mbintiúr.

(2) Má ghníomhaíonn aon duine i muinín deimhníochta falsa a rinne cuideachta go faillíoch beidh an chuideachta faoin dliteanas céanna ag an duine sin agus dá mba go calaoiseach a rinneadh an deimhníocht.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar deimhníocht a bheith déanta ar ionstraim aistrithe má bhíonn uirthi na focail “taisceadh deimhniú” nó focail sa chiall chéanna;

(b) measfar deimhníocht a bheith déanta ag cuideachta ar ionstraim aistrithe más rud é—

(i) go bhfuil an duine a d'eisigh an ionstraim ina dhuine a bhfuil údarás aige ionstraimí aistrithe faoi dheimhníocht a eisiúint thar ceann na cuideachta, agus

(ii) go bhfuil an deimhníocht sínithe ag duine a bhfuil údarás aige deimhníocht a dhéanamh ar aistrithe thar ceann na cuideachta nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta nó do chomhlacht corpraithe a bhfuil údarás aige amhlaidh;

(c) measfar deimhníocht a bheith sínithe ag aon duine más rud é—

(i) go n-airbheartaíonn sí a bheith fíordheimhnithe lena shíniú nó lena thúslitreacha (cibé acu i lámhscríbhneoireacht é nó nach ea), agus

(ii) nach suífear nach é féin, ná aon duine a bhfuil údarás aige an síniú nó na túslitreacha a úsáid chun deimhníocht a dhéanamh ar aistrithe thar ceann na cuideachta, a chuir an síniú nó na túslitreacha ar an deimhníocht.

Dualgais chuideachta maidir le deimhnithe a eisiúint.

86. —(1) Comhlánóidh gach cuideachta, agus beidh réidh aici lena seachadadh, laistigh de 2 mhí tar éis aon scaireanna, bintiúir nó stoc bintiúir dá chuid a leithroinnt, agus laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a thaiscfear leis an gcuideachta aistriú ar aon scaireanna nó bintiúir nó stoc bintiúir den sórt sin, na deimhnithe ar na scaireanna go léir, na bintiúir agus na deimhnithe ar gach stoc bintiúir, a leithroinneadh nó a aistríodh, mura bhforáiltear a mhalairt leis na coinníollacha ar ar eisíodh na scaireanna, na bintiúir nó an stoc bintiúir.

Chun críche an fho-ailt seo, ciallaíonn “aistriú” aistriú a bheidh stampáilte go cuí agus a bheidh bailí thairis sin, agus ní fholaíonn sé aistriú de shórt a mbeidh an chuideachta i dteideal, ar chúis ar bith, diúltú é a chlárú agus nach ndéanfaidh sí é a chlárú.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Má sheirbheáiltear ar aon chuideachta fógra á cheangal uirthi aon mhainneachtain i gcomhlíonadh forálacha fho-alt (1) a shlánú, agus nach slánóidh sí an mhainneachtain laistigh de 10 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón duine a bhfuil teideal aige chun go seachadfaí na deimhnithe nó na bintiúir dó, ordú a dhéanamh á ordú don chuideachta agus d'aon oifigeach don chuideachta an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil go mbeidh na costais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas de mhuirear ar an gcuideachta nó ar aon oifigeach don chuideachta a bheidh freagrach sa mhainneachtain.

Fianaise ar theideal, probháid agus litreacha riaracháin.

87. —(1) Beidh deimhniú faoi ghnáthshéala na cuideachta a shonróidh aon scaireanna a shealbhaíonn aon chomhalta ina fhianaise prima facie ar theideal an chomhalta chun na scaireanna.

(2) Má thugtar ar aird do chuideachta aon doiciméad is fianaise leormhaith, de réir dlí, go ndearnadh probháid uachta nó litreacha riaracháin eastáit duine mhairbh a dheonú do dhuine éigin, glacfaidh an chuideachta leis sin, d'ainneoin aon ní in airteagail na cuideachta, mar fhianaise leormhaith go ndearnadh an deonú.

Eisiúint barántas scaire chuig iompróir, agus a n-éifeacht.

88. —(1) Féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, barántas maidir le haon scaireanna láníoctha, a eisiúint faoina gnáthshéala á rá go bhfuil iompróir an bharántais i dteideal na scaireanna a shonrófar ann, agus féadfaidh sí socrú a dhéanamh trí chúpóin nó eile chun na díbhinní todhchaí ar na scaireanna a bheidh ar áireamh sa bharántas a íoc.

(2) Gairtear “barántas scaire” san Acht seo de bharántas den sórt a dúradh.

(3) Tabharfaidh barántas scaire teideal dá iompróir chun na scaireanna a bheidh sonraithe ann, agus féadfar na scaireanna a aistriú tríd an mbarántas a sheachadadh.

Eisiúint scaireanna atá neamhbhailí a dhéanamh bailí.

89. —Má bhíonn cuideachta tar éis scaireanna ina caipiteal a bhunú nó a eisiúint agus go bhfuil cúis ann chun go gceapfaí gur bunaíodh nó gur eisíodh na scaireanna sin go neamhbhailí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta, ó aon sealbhóir scaireanna den sórt sin nó ó aon chomhalta nó creidiunaí de chuid na cuideachta, nó óna leachtaitheoir, a dhearbhú go mbeidh an bunú nó an eisiúint sin bailí chun gach críche más deimhin leis an gcúirt go mbeadh sé cóir chothromasach é sin a dhéanamh, agus air sin measfar na scaireanna sin a bheith, ón uair a bunaíodh nó a eisíodh iad, cibé acu é, arna mbunú nó arna n-eisiúint go bailí.

Pionós mar gheall ar scairshealbhóir a phearsanú.

90. —Má dhéanann aon duine go falsa agus go meabhlach pearsanú ar aon duine is úinéir ar aon scair nó leas in aon chuideachta, nó ar aon bharántas scaire nó cúpón, a eisíodh de bhun an Achta seo, agus dá bharr sin go bhfaighidh sé, nó go ndéanfaidh sé iarracht chun go bhfaighidh sé, aon scair nó leas nó barántas scaire nó cúpón den sórt sin, nó go bhfaighidh sé, nó go ndéanfaidh sé iarracht chun go bhfaighidh sé, aon airgead a bheidh dlite d'aon úinéir den sórt sin, nó go vótálfaidh sé ag aon chruinniú, ionann is dá mba é an ciontóir an t-úinéir dílis dleathach, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air.

Forálacha Speisialta maidir le Bintiúir.

Forálacha maidir le clárú bintiúrach.

91. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár de bhintiúraigh na cuideachta agus taifeadfaidh sí ann ainmneacha agus seoltaí na mbintiúrach agus an méid bintiúr atá ag gach bintiúrach acu i láthair na huaire.

Chun críocha an fho-ailt seo, ní fholaíonn bintiúir aon bhintiúr nach ceann de shraith atá ar chéim pari passu ná aon bhintiúr atá inaistrithe trína sheachadadh.

(2) Coimeádfaidh cuideachta an clár sin in oifig chláraithe na cuideachta, in aon oifig eile leis an gcuideachta a gcuirtear le chéile ann é, nó, má dhéanann an chuideachta comhshocrú le duine éigin eile chun go ngabhfaidh an duine eile sin air féin thar ceann na cuideachta an clár a chur le chéile, san oifig leis an duine eile sin a gcuirtear le chéile ann é.

(3) Faoi réir fho-alt (4), cuirfidh gach cuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra faoin áit a gcoimeádtar an clár ann, agus faoi aon athrú ar an áit sin.

(4) Ní bheidh sé de cheangal ar chuideachta fógra a chur chuig an gcláraitheoir faoi fho-alt (3) má tá an clár á choimeád in oifig chláraithe na cuideachta i gcónaí riamh ó tháinig sí chun bheith ann nó, i gcás cuideachta a tháinig chun bheith ann tar éis an dáta feidhme, i gcónaí riamh ó shin i leith.

(5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh, nó má mhainníonn sí ar feadh 14 lá fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cearta chun clár na mbintiúrach a scrúdú, agus chun cóipeanna den chlár agus de ghníomhas iontaobhais a fháil

92. —(1) Beidh gach clár de bhintiúraigh chuideachta, ach amháin le linn é a bheith dúnta go cuí (ach, faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe), ar oscailt chun a scrúdaithe ag sealbhóir cláraithe aon bhintiúr dá cuid nó ag aon sealbhóir scaireanna dá cuid gan táille a íoc, agus ag aon duine eile ar é d'íoc táille scillinge nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta.

(2) Féadfaidh aon bhintiúrach cláraithe nó aon scairshealbhóir cláraithe den sórt a dúradh, nó aon duine eile, cóip de chlár bintiúrach na cuideachta nó d'aon chuid de a éileamh, ar shé phingin a íoc in aghaidh gach 100 focal a bheidh le cóipeáil.

(3) Déanfar cóip d'aon ghníomhas iontaobhais chun aon eisiúint bintiúr a urrú a chur ar aghaidh chuig gach sealbhóir ar aon bhintiúir den sórt sin ar iarratas uaidh, má íocann sé i gcás gníomhas iontaobhais clóite suim 5 scilling nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, nó, murar clódh an gníomhas iontaobhais, má íocann sé sé phingin in aghaidh gach 100 focal a bheidh le cóipeáil.

(4) Má dhiúltaítear cead scrúdaithe, nó má dhiúltaítear cóip a thabhairt nó mura gcuirtear ar aghaidh í, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Má dhéanann cuideachta mainneachtain mar a dúradh, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú láithreach nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig an duine a d'éiligh iad.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar clár a bheith dúnta go cuí má dhúntar é de réir forálacha sna hairteagail nó sna bintiúir nó, i gcás stoc bintiúir, sna deimhnithe stoic, nó sa ghníomhas iontaobhais nó sa doiciméad eile lena n-urraítear na bintiúir nó an stoc bintiúir, ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí, nach mó ná 30 lá ar fad in aon bhliain, a bheidh sonraithe sna forálacha sin.

Dliteanas iontaobhaithe i leith bintiúrach.

93. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), beidh aon fhoráil i ngníomhas iontaobhais chun eisiúint bintiúr a urrú, nó in aon chonradh le bintiúraigh a bheidh urraithe le gníomhas iontaobhais, ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht leis iontaobhaí faoin ngníomhas sin a dhíolmhú ó dhliteanas mar gheall ar shárú iontaobhais nó a shlánú ina aghaidh i gcás nach léireoidh sé go raibh sé chomh cúramach díograiseach agus ba cheart dó a bheith mar iontaobhaí, ag féachaint do na forálacha sa ghníomhas iontaobhais a thugann aon chumhachtaí, údaráis nó roghanna dó.

(2) Ní chuirfidh fo-alt (1) ó bhail—

(a) aon scaoileadh a tugadh go bailí ar dhóigh eile i leith aon ní a rinne nó nach ndearna iontaobhaí sular tugadh an scaoileadh; ná

(b) aon fhoráil á chumasú scaoileadh den sórt sin a thabhairt—

(i) ar chomhaontú chuige sin a fháil ó thromlach nach lú ná trí cheathrú de réir luacha de na bintiúraigh a bheidh i láthair agus a vótálfaidh go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú a gaireadh chun na críche sin, agus

(ii) i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha sonracha nó ar an iontaobhaí d'fháil bháis nó ar é a scor de bheith ag ghníomhú.

(3) Ní oibreoidh fo-alt (1)—

(a) chun aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm ar an dáta feidhme a chur ó bhail fad a fhanfaidh aon duine a bheidh an uair sin i dteideal tairbhe na forála sin, nó a dtabharfar a tairbhe dó ina dhiaidh sin faoi fho-alt (4), ina iontaobhaí faoin ngníomhas a bheidh i gceist; ná

(b) chun aon díolúine nó ceart chun a shlánaithe i leith aon ní a rinne sé nó nach ndearna sé fad a bhí an fhoráil sin i bhfeidhm a bhaint de dhuine.

(4) Fad a bheidh aon iontaobhaí faoi ghníomhas iontaobhais i dteideal tairbhe forála ar a ndéantar cosaint le fo-alt (3), féadfar tairbhe na forála sin a thabhairt—

(a) do gach duine is iontaobhaí faoin ngníomhas, faoi láthair agus feasta; nó

(b) d'aon iontaobhaithe, nó d'aon iontaobhaithe beartaithe, faoin ngníomhas sin, a ainmneofar;

le rún arna rith ag tromlach nach lú ná trí cheathrú de réir luacha de na bintiúraigh a bheidh i láthair go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú a gaireadh chuige sin de réir forálacha an ghníomhais nó, mura bhfuil aon fhoráil sa mheabhrán chun cruinnithe a ghairm, ag cruinniú a gaireadh chuige sin in aon slí a cheadóidh an chúirt.

Bintiúir shuthaine

94. —Ní bheidh coinníoll in aon bhintiúir nó in aon ghníomhas chun aon bhintiúir a urrú, cibé acu roimh an dáta feidhme nó ina dhiaidh a eisíodh nó a forghníomhaíodh é, neamhbhailí de bhíthin amháin go dtugann sé go mbeidh na bintiúir dofhuascailte nó nach mbeidh siad infhuascailte ach amháin ar theagmhas, dá chianda é, a tharlú, nó ar thréimhse, dá fhad í, a bheith caite, d'ainneoin aon rialach dlí contrártha dó sin.

Cumacht chun bintiúir fhuascailte a atheisiúint.

95. —(1) I gcás ina ndearna cuideachta, roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, aon bhintiúir a fhuascailt, ansin—

(a) mura rud é go bhfuil aon fhoráil, sainráite nó intuigthe, contrártha dó sin sna hairteagail nó in aon chonradh a rinne an chuideachta; nó

(b) mura rud é gur chuir an chuideachta in iúl, trí rún sa chiall sin a rith nó trí ghníomh éigin eile, go bhfuil sé d'intinn aici na bintiúir a chealú;

beidh sé de chumhacht ag an gcuideachta, agus measfar go raibh sé de chumhacht aici riamh, na bintiúir a atheisiúint, trí na bintiúir chéanna a atheisiúint nó trí bhintiúir eile a eisiúint ina n-ionad.

(2) Faoi réir alt 96, i gcás bintiúir fhuascailte a atheisiúint, beidh ag an duine a bhí i dteideal na mbintiúr, agus measfar go raibh aige riamh, na tosaíochtaí céanna a bheadh aige dá mba nach ndearnadh na bintiúir a fhuascailt ar chor ar bith.

(3) I gcás ina ndearna cuideachta, roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, aon bhintiúir dá cuid a thaisceadh chun airleacain a urrú ó am go ham ar chuntas reatha nó eile, ní mheasfar na bintiúir a bheith fuascailte de bhíthin amháin gur scoir cuntas na cuideachta de bheith fiachach le linn na bintiúir a bheith ar taisceadh amhlaidh.

(4) Faoi réir fho-alt (5), déanfar atheisiúint bintiúir nó eisiúint bintiúir eile ina ionad faoin gcumhacht a thugtar do chuideachta leis an alt seo, nó a mheastar a bheith aici dá réir, cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis a rinneadh an atheisiúint nó an eisiúint, a áireamh mar eisiúint bintiúir nua chun críocha dleachta stampa, ach ní áireofar amhlaidh é chun críocha aon fhorála a chuireann teorainn le méid nó líon na mbintiúr a bheidh le heisiúint.

(5) Aon duine a thabharfaidh airgead ar iasacht ar urrús bintiúir a atheiseofar faoin alt seo, agus a dhealróidh a bheith stampáilte go cuí, féadfaidh sé an bintiúr a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí chun a urrús a chur i bhfeidhm, gan an dleacht stampa ná aon phionós ina leith sin a íoc, mura rud é go raibh fógra aige nó, murach a fhaillí féin, go mbeadh sé faighte amach aige, nach raibh an bintiúr stampáilte go cuí, ach in aon chás den sórt sin dlífidh an chuideachta an dleacht stampa cuí agus an pionós a íoc.

Cosaint do chearta morgáistithe áirithe i gcás bintiúr atheisithe.

1908, c. 69.

96. —I gcás aon bhintiúir a fuasclaíodh roimh an dáta feidhme a atheisiúint ar an dáta sin nó ina dhiaidh, ní dhéanfaidh atheisiúint na mbintiúr, ná ní mheasfar go ndearna sé riamh, dochar d'aon cheart nó tosaíocht a bheadh ag aon duine faoi réim nó de bhua aon mhorgáiste nó muirir a bunaíodh roimh an dáta feidhme, dá mbeadh alt 104 den Companies (Consolidation) Act, 1908, achtaithe san Acht seo in ionad alt 95.

Sainchomhlíonadh conarthaí chun suibscríobh le haghaidh bintiúr.

97. —Féadfar conradh le cuideachta chun aon bhintiúir de chuid na cuideachta a thógáil, agus íoc astu, a chur i bhfeidhm le hordú le haghaidh sainchomhlíonadh.

Íocaíochtaí tosaíochta má cheaptar glacadóir faoi mhuirear foluaineach.

98. —(1) Má cheaptar glacadóir thar ceann sealbhóirí aon bhintiúr de chuid cuideachta a bheidh urraithe le muirear foluaineach, nó má ghlacann na bintiúraigh sin, nó má ghlactar thar a gceann, seilbh ar aon mhaoin a bheidh ar áireamh sa mhuirear nó a bheidh faoina réir, ansin, mura mbeidh an chuideachta i gcúrsa a foirceanta ag an am, déanfar na fiacha a bheidh i ngach foirceannadh, faoi na forálacha de Chuid VI a bhaineannle híocaíochtaí tosaíochta, le híoc i dtosach ar gach fiach eile, a íoc as aon sócmhainní a thiocfaidh ar láimh an ghlacadóra nó an duine eile a ghlacfaidh seilbh mar a dúradh i dtosach ar aon éileamh ar phríomhshuim nó ús i leith na mbintiúr.

(2) Nuair a bheidh na forálacha sin á gcur chun feidhme, forléireofar alt 285 den Acht seo ionann is dá mba é a bhí san fhoráil le haghaidh íoc luach saothair fhaibhrithe in aghaidh saoire is iníoctha ar dheireadh a theacht le fostaíocht roimh an ordú nó an rún foirceanta, nó de bharr a éifeachta, foráil le haghaidh íoc luach saothair den sórt sin is iníoctha ar dheireadh a theacht le fostaíocht roimh cheapadh an ghlacadóra nó roimh sheilbh a ghlacadh mar a dúradh, nó de bharr a éifeachta sin.

(3) Déanfar na tréimhsí ama a luaitear sna forálacha sin de Chuid VI a áireamh ón dáta a ceapadh an glacadóir nó a glacadh seilbh mar a dúradh, cibé acu é.

(4) Má ba thúisce an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ná an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (3), ach tagairtí do na forálacha a mheastar, de bhua fho-alt (12) den alt sin 285, a fhanacht i bhfeidhm sa chás a luaitear san fho-alt sin a chur in ionad tagairtí do na forálacha sin de Chuid VI, agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo.

(5) Aon íocaíochtaí a íocfar faoin alt seo, aisíocfar iad a mhéid is féidir sin as na sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh ar fáil chun creidiúnaithe ginearálta a íoc.

CUID IV.

Clárú Muirear.

Muirir a Chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtai.

Clárú muirear a bhunóidh cuideachtaí

99. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, gach muirear a bhunóidh cuideachta tar éis an dáta shocraithe agus is muirear lena mbaineann an t-alt seo, beidh sé, sa mhéid go dtabharfar leis aon urrús ar mhaoin nó gnóthas na cuideachta, ar neamhní in aghaidh an leachtaitheora agus aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta, mura ndéanfar sonraí forordaithe an mhuirir, agus iad fíoraithe sa tslí fhorordaithe, a sheachadadh do cláraitheoir na gcuideachtaí, nó mura bhfaighidh sé iad, lena gclárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo, laistigh de 21 lá tar éis dáta a bhunaithe, ach sin gan dochar d'aon chonradh nó oibleagáid chun an t-airgead a urrófar leis a aisíoc, agus nuair a thiocfaidh muirear chun bheith ar neamhní faoin alt seo beidh an t-airgead a urraíodh leis iníoctha láithreach.

(2) Baineann an t-alt seo leis na muirir seo a leanas:

(a) muirear chun aon eisiúint bintiúr a urrú;

(b) muirear ar scairchaipiteal neamhghlaoite de chuid na cuideachta;

(c) muirear a bunaíodh nó a fianaíodh le hionstraim ba ghá a chlárú mar bhille díolacháin dá mba phearsa aonair a d'fhorghníomhódh é.

(d) muirear ar thalamh, cibé áit a bhfuil a shuíomh, nó aon leas ann, ach gan aon mhuirear i leith aon chíosa nó aon suime tréimhsiúla eile a eisíonn as talamh a chur san áireamh;

(e) muirear ar fhiacha leabhair na cuideachta;

(f) muirear foluaineach ar ghnóthas nó maoin na cuideachta;

(g) muirear ar ghlaochanna a rinneadh ach nár íocadh;

(h) muirear ar long nó ar aon scair i long;

(i) muirear ar cháilmheas, ar phaitinn nó ar cheadúnas faoi phaitinn, ar chóipcheart nó ar cheadúnas faoi chóipcheart.

(3) I gcás muirear a bhunófar lasmuigh den Stát agus a bhainfidh le maoin atá lasmuigh den Stát, is 21 lá tar éis an dáta ar a bhféadfaí na sonraí forordaithe a fháil sa Stát, i gcúrsa cuí an phoist, dá gcuirfí chun bealaigh iad le dlús cuí, a bheidh sa tréimhse chun na sonraí a sheachadadh don chláraitheoir in ionad 21 lá tar éis an dáta a bunaíodh an muirear.

(4) I gcás ina mbunófar muirear sa Stát ach gur le maoin atá lasmuigh den Stát a bhaineann sé, féadfar na sonraí forordaithe a chur ar aghaidh lena gclárú faoin alt seo, d'ainneoin go bhféadfadh tuilleadh imeachtaí a bheith riachtanach chun an muirear a dhéanamh bailí nó éifeachtach de réir dlí na tíre ina bhfuil an mhaoin.

(5) I gcás gur le maoin atá lasmuigh den Stát a bhaineann an muirear agus gur gá an muirear a chlárú sa tír ina bhfuil an mhaoin chun é a dhéanamh bailí nó éifeachtach de réir dlí na tíre sin, seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, deimhniú san fhoirm fhorordaithe á rá gur cuireadh an muirear chun a chláraithe sa tír ina bhfuil an mhaoin ar an dáta a cuireadh chun a chláraithe amhlaidh é.

(6) I gcás inar tugadh ionstraim soshannta chun íoc aon fhiacha leabhair de chuid cuideachta a urrú, ní dhéanfar, chun críocha an ailt seo, taisceadh na hionstraime chun airleacan don chuideachta a urrú a áireamh mar mhuirear ar na fiacha leabhair sin.

(7) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, gur leas i dtalamh sealbhú bintiúr a thugann teideal dá sealbhóir chun muirir ar thalamh.

(8) I gcás ina mbunóidh cuideachta sraith bintiúr ina mbeidh, nó ina dtabharfar trí thagairt d'aon ionstraim eile, aon mhuirear a mbeidh bintiúraigh na sraithe sin i dteideal a thairbhe pari passu, is leor, chun críocha an ailt seo, má sheachadtar don chláraitheoir, nó má fhaigheann sé, laistigh de 21 lá tar éis an gníomhas ina mbeidh an muirear a fhorghníomhú nó, mura bhfuil aon ghníomhas den sórt sin ann, tar éis aon bhintiúir den tsraith a fhorghníomhú, na sonraí seo a leanas;

(a) an méid iomlán a urraítear leis an tsraith ar fad; agus

(b) dátaí na rún a d'údaraigh an tsraith a eisiúint, agus dáta an ghníomhais chumhdaigh, más ann, lean mbunaítear nó lena mínítear an t-urrús; agus

(c) tuairisc ghinearálta ar an maoin a chuirtear faoi mhuirear; agus

(d) ainmneacha na n-iontaobhaithe, más ann, do na bintiúraigh;

sa dóigh, áfach, má dhéantar níos mó ná eisiúint amháin ar bhintiúir sa tsraith, go gcuirfear chuig an gcláraitheoir, lena dtaifeadadh sa chlár, sonraí faoi mhéid agus dáta gach eisiúna ar leith, ach mura ndéanfar amhlaidh ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht na mbintiúr a eiseofar.

(9) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis aon choimisiún, liúntas nó lascaine a íoc le haon duine, nó a thabhairt dó, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontu ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon bhintiúr de chuid na cuideachta, nó i gcomaoin é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon bhintiúr den sórt sin, áireofar ar na sonraí is gá a chur ar aghaidh lena gclárú faoin alt seo sonraí maidir le méid, agus ráta faoin gcéad, an choimisiúin, na lascaine nó an liúntais a íocadh nó a tugadh amhlaidh, ach mura ndéanfar amhlaidh ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht na mbintiúr a eisíodh, sa dóigh, áfach, nach ndéanfar, chun críocha an fho-ailt seo, taisceadh aon bhintiúr mar urrús ar aon fhiach de chuid na cuideachta a áireamh mar eisiúint na mbintiúr faoi lascaine.

(10) Sa Chuid seo—

(a) folaíonn “muirear” morgáiste;

(b) ciallaíonn “an dáta socraithe”, maidir leis na muirir a shonraítear i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (2), an lú Iúil, 1908, agus maidir leis na muirir a shonraítear i míreanna (g) go (i), an dáta feidhme.

Dualgas ar chuideachta muirir a bhunóidh an chuideachta a chlárú

100. —(1) Beidh sé de dhualgas ar chuideachta sonraí i dtaobh gach muirir a bhunóidh an chuideachta agus i dtaobh eisiúintí bintiúr de shraith is gá a chlárú faoi alt 99, maraon le haon doiciméid is gá de réir an ailt sin, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú laistigh den am a fhoráiltear le halt 99, ach féadfar aon mhuirear den sórt sin a chlárú ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige ann.

(2) I gcás clárú a dhéanamh ar iarratas ó dhuine éigin seachas an chuideachta, beidh an duine sin i dteideal méid aon táillí a d'íoc sé go cuí leis an gcláraitheoir ar é a chlárú a ghnóthú ón gcuideachta.

(3) Má mhainníonn aon chuideachta na sonraí a bhaineann le haon mhuirear a bhunaigh an chuideachta nó leis na heisiúintí bintiúr de shraith is gá a chlárú faoi alt 99, nó aon doiciméid is gá de réir an ailt sin, a chur chuig an gcláraitheoir lena gclárú, ansin, mura rud é go ndearnadh clárú ar iarratas ó dhuine éigin eile, dlífear fíneáil nach mó má £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Dualgas ar chuideachta muirir atá ar marthain ar mhaoin a fuarthas a chlárú.

101. —(1) I gcás ina bhfaighidh cuideachta aon mhaoin atá faoi réir muirir d'aon saghas ar ghá, dá mba tar éis an mhaoin a fháil a bunaíodh é, an muirear sin a chlárú faoin gCuid seo, cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar sonraí forordaithe an mhuirir, agus iad fíoraithe ar an modh forordaithe, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo laistigh de 21 lá tar éis an dáta a comhlánaíodh fáil na maoine, sa dóigh, áfach, más lasmuigh den Stát atá an mhaoin, gur 21 lá tar éis an dáta ar a bhféadfaí na sonraí forordaithe a fháil sa Stát, i gcúrsa cuí an phoist, dá gcuirfí chun bealaigh iad le dlús cuí, a bheidh sa tréimhse chun na sonraí a sheachadadh don chláraitheoir in ionad 21 lá tar éis fáil na maoine sin a chomhlánú.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíncáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Clárú morgáistí breithiúnais.

102. —(1) Nuair a ghnóthófar breithiúnas in aghaidh cuideachta agus go ndéanfar ina dhiaidh sin den bhreithiúnas sin morgáiste breithiúnais a bhainfidh le haon mhaoin de chuid na cuideachta, cuirfidh an creidiúnaí breithiúnais faoi deara go ndéanfar 2 chóip (agus iad deimhnithe mar chóipeanna cearta ag Clárlann na Talmhan nó ag Clárlann na nGníomhas, cibé acu é) den mhionnscríbhinn is gá chun go gclárófar an breithiúnas mar mhorgáiste a sheachadadh don chuideachta laistigh de 21 lá tar éis dáta an chláraithe sin, agus déanfaidh an chuideachta, laistigh de 3 lá tar éis na cóipeanna sin a fháil, ceann de na cóipeanna sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo. Mar fhaichill bhreise, déanfaidh Clárlann na Talún, nó Clárlann na nGníomhas, cóip den mhionnscríbhinn sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí a luaithe is féidir.

(2) Má mhainníonn aon chreidiúnaí breithiúnais fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air, agus má mhainníonn cuideachta an fo-alt sin a chomhlíonadh, dlífear fíneáil dá samhail a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon mhorgáiste breithiúnais a bunaíodh roimh an dáta feidhme.

Clár muirear a bheith le coimeád ag cláraitheoir na gcuideachtaí.

103. —(1) Coimeádfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, maidir le gach cuideachta, clár san fhoirm fhorordaithe de na muirir go léir is gá a chlárú faoin gCuid seo, agus, ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis, taifeadfaidh sé sa chlár na sonraí seo a leanas maidir leis na muirir sin:

(a) i gcás muirir a mbeidh sealbhóirí sraithe bintiúr i dteideal a thairbhe, na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (8) d'alt 99;

(b) i gcás aon mhuirir eile—

(i) más muirear é a bhunaigh an chuideachta, dáta a bhunaithe;

(ii) má ba mhuirear é a bhí ar marthain ar mhaoin a fuair an chuideachta, an dáta a fuarthas an mhaoin;

(iii) má ba mhorgáiste breithiúnais an muirear, an dáta a bunaíodh an morgáiste breithiúnais sin;

(iv) an méid a urraíodh leis an muirear;

(v) gearrshonraí na maoine a cuireadh faoi mhuirear;

(vi) na daoine atá i dteideal an mhuirir.

(2) Beidh an clár a choimeádfar de bhun an ailt seo ar oscailt chun a scrúdaithe ag aon duine ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc.

Deimhniú clárúcháin.

104. — Tabharfaidh an cláraitheoir deimhniú faoina láimh ar chlárú aon mhuirir a chlárófar de bhun na Coda seo, agus luafar ann an méid a urraíodh leis an muirear, agus beidh an deimhniú ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais na Coda seo maidir le clárú.

Taifid maidir le sásamh agus le maoin a scaoileadh ó mhuirear.

105. — Ar fhianaise chun a shástachta a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, maidir le haon mhuirear cláraithe,

(a) gur íocadh nó gur sásaíodh go hiomlán nó go páirteach an fiach ar bunaíodh an muirear ina leith; nó

(b) gur scaoileadh an chuid den mhaoin nó den ghnóthas a cuireadh faoi mhuirear ón muirear nó gur scoir sí de bheith ina cuid de mhaoin nó de ghnóthas na cuideachta;

agus tar éis fógra a thabhairt don duine dar tugadh an muirear sin i gcéaduair nó don chreidiúnaí breithiúnais, cibé acu é, féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí meabhrán sásaimh, iomlán nó páirteach, a thaifeadadh sa chlár, nó meabhrán gur scaoileadh cuid den mhaoin nó den ghnóthas ón muirear nó gur scoir sí de bheith ina cuid de mhaoin nó de ghnóthas na cuideachta, cibé acu é, agus i gcás ina dtaifeadfaidh sé meabhrán sásaimh iomláin tabharfaidh sé cóip de don chuideachta, má iarrtar sin air.

Fadú na tréimhse chun táillí a chlárú.

106. —(1) Má shásaítear an chúirt, i gcás nár cláraíodh muirear laistigh den tréimhse a fhoráiltear leis an Acht seo nó go raibh aon sonra in easnamh, nó míráiteas tugtha ar aon sonra, i leith aon mhuirir den sórt sin, nó i meabhrán sásaimh, gur de thionóisc nó de neamhaire nó ar chúis leormhaith eile a tharla sin, nó nach cás é de shaghas a dhéanfadh dochar do sheasamh creidiúnaithe nó scairshealbhóirí de chuid na cuideachta, nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a thabhairt ar chúiseanna eile, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine leasmhar, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fheicfear don chúirt a bheith cóir agus fóirsteanach, a ordú an tréimhse le haghaidh clárú a fhadú nó, de réir mar a bheidh, an t-easnamh nó an míráiteas a cheartú.

(2) Nuair a thabharfaidh an chúirt faoiseamh faoin alt seo, ní shaorfaidh sin an chuideachta ná a hoifigigh ó aon dliteanas faoina ndeachthas cheana faoi alt 100, má ordaíonn an chúirt amhlaidh.

Fógra don chláraitheoir i dtaobh glacadóir a cheapadh agus i dtaobh glacadóir a scor de ghníomhú.

107. —(1) Má fhaigheann aon duine ordú chun glacadóir ar mhaoin na cuideachta a cheapadh nó má cheapann sé glacadóir den sórt sin faoi aon chumhachtaí in aon ionstraim, déanfaidh sé, laistigh de 7 lá tar éis dáta an ordaithe nó an cheapacháin, fógra san fhoirm fhorordaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Nuair a scoirfidh aon duine a ceapadh ina ghlacadóir ar mhaoin chuideachta de ghníomhú mar ghlacadóir den sórt sin, déanfaidh sé, ar é a scor amhlaidh, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí.

(3) Má mhainníonn aon duine ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Éifeacht forálacha sean-Achtanna na gCuideachtaí maidir le clárú muirear ar thalamh.

1907, c. 50.

1908, c. 69.

108. —Measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 10 den Companies Act, 1907, ná ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 93 den Companies (Consolidation) Act, 1908 (ar ghá dá mbua muirir a bhunaigh cuideachta ar thalamh a chlárú faoi na hAchtanna sin faoi seach) maidir le muirear i leith aon chíosa nó suime tréimhsiúla eile a eisíonn as an talamh,

Forálacha maidir le cóipeanna d'Ionstraimí lena mbunaitear Muirir.

Cóipeanna d'ionstraimí lena mbunaítear muirir a choimeád san oifig chláraithe.

109. —Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go ndéanfar cóip de gach ionstraim a bhunóidh aon mhuirear is gá a chlárú faoin gCuid seo, lena n-áirítear gach mionnscríbhinn ar seachadadh cóip di don chuideachta faoi alt 102, a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, sa dóigh, áfach, i gcás sraith de bhintiúir chomhionanna, gur leor cóip de bhintiúr amháin den sraith.

Ceart chun cóipeanna d'ionstraimí lena mbunaítear muirir a scrúdú.

110. —(1) Féadfaidh aon chreidiúnaí nó comhalta den chuideachta na cóipeanna d'ionstraimí dá dtagraítear in alt 109 a scrúdú, gan táille a íoc, le linn uaire gnó (ach sin faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lámhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá lena scrúdú).

(2) Má dhiúltaítear cead scrúdaithe, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éiginú go gcuirfear faoi scrúdú láithreach iad.

Feidhm na Coda seo maidir le Cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát.

Feidhm na Coda seo maidir le cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát.

111. —Beidh réim ag forálacha na Coda seo maidir le muirir ar mhaoin sa Stát a ndéanfaidh cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát iad a bhunú ar an dáta feidhme nó dá éis, agus maidir le muirir ar mhaoin sa Stát a gheobhaidh cuideachta den sórt sin ar an dáta feidhme nó dá éis, agus maidir le morgáistí breithiúnais a bhunófar ar an dáta feidhme nó dá éis agus a bhainfidh le maoin chuideachta den sórt sin sa Stát agus le glacadóirí, a cheapfar ar an dáta feidhme nó dá éis, ar mhaoin sa Stát le cuideachta den sórt sin, agus chun críocha na bhforálacha sin measfar gurb é príomháit ghnó chuideachta den sórt sin sa Stát a hoifig chláraithe.

Clárú Muirear a bhi ar marthain roimh fheidhm a bheith ag an Acht seo.

Clárú muirear a bhí ar marthain roimh fheidhm a bheith ag an Acht seo.

112. —(1) Beidh sé de dhualgas ar chuideachta na sonraí forordaithe a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta feidhme, i dtaobh na muirear seo a leanas:

(a) aon mhuirear a bhunaigh an chuideachta roimh an dáta feidhme agus a bheidh gan sásamh ar an dáta sin agus is muirear ba ghá a chlárú faoi mhíreanna (g), (h) agus (i) d'fho-alt (2) d'alt 99 nó faoi alt 111, dá mba tar éis an dáta feidhme a bunaíodh an muirear;

(b) aon mhuirear a bhfuil aon mhaoin a fuair an chuideachta roimh an dáta feidhme faoina réir agus ar ghá é a chlárú faoi alt 101 nó faoi alt 111 dá mba tar éis an dáta feidhme a fuarthas an mhaoin;

(c) aon mhuirir a bunaíodh roimh an dáta feidhme agus a bhfuil aon mhaoin de chuid na cuideachta faoina réir agus ba ghá a chlárú faoi alt 102 nó faoi alt 111 dá mba tar éis an dáta feidhme a bunaíodh é.

(2) Déanfaidh an cláraitheoir, ar an táille fhorordaithe a íoc leis, na sonraí sin a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád aige de bhun na Coda seo.

(3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta nó ar aon duine eile a bhí go feasach ina pháirtí sa mhainneachtain.

(4) Má mhainníonn an chuideachta sonraí forordaithe aon mhuirir dá luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) a chur chuig an gcláraitheoir, ní dhéanfaidh sin dochar d'aon chearta faoin gcéanna a bheadh ag aon duine a ndearnadh an muirear ina fhabhar.

(5) Chun críocha an ailt seo folaíonn “cuideachta” cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát.

(6) Maidir le cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhunóidh áit ghnó sa Stát, ar an dáta feidhme nó dá éis, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá gcuirfí—

(a) tagairtí do dháta bunaithe na háite gnó sin in ionad na dtagairtí don dáta feidhme, agus

(b) tagairtí do mhuirir a bunaíodh nó do mhaoin a fuarthas roimh bhunú na háite gnó sin, cibé acu roimh an dáta feidhme dó nó nach ea, in ionad na dtagairtí do mhuirir a bunaíodh nó do mhaoin a fuarthas roimh an dáta feidhme.

CUID V.

Bainistíocht agus Riarachán

Oifig Chláraithe agus Ainm.

Oifig chláraithe chuideachta.

113. —(1) Amhail ón lá a thosóidh cuideachta ar ghnó a sheoladh nó amhail ón gceathrú lá dhéag tar éis dáta a corpraithe, cibé acu is túisce, beidh oifig chláraithe aici sa Stát a bhféadfar gach uile chumarsáid agus fógra a dhíriú chuici.

(2) Déanfar fógra faoi shuíomh na hoifige cláraithe, agus faoi aon athrú air, a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí laistigh de 14 lá tar éis dáta na cuideachta a chorprú nó dáta an athraithe, cibé acu é, agus cuirfidh seisean ar taifead é.

Ní ghlacfar leis gur sásamh ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo ráiteas maidir le seoladh a hoifige cláraithe a chur i dtuairisceán bliantúil cuideachta.

(3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Foilsiú a hainm ag cuideachta.

114. —(1) Déanfaidh gach cuideachta—

(a) a hainm a phéinteáil nó a ghreamú, agus é a choinneáil péinteáilte nó greamaithe, ar an taobh amuigh de gach oifig nó áit ina seoltar a gnó, in ionad feiceálach agus i litreacha soléite;

(b) a hainm a ghreanadh i litreacha inléite ar a séala;

(c) a hainm a lua i litreacha inléite i ngach litir ghnó ón gcuideachta agus i ngach fógra agus gach foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, agus i ngach bille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic agus ordú ar airgead nó earraí a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcuideachta nó thar a ceann agus i ngach sonrasc, admháil agus litir chreidmheasa ón gcuideachta.

(2) Mura ndéanfaidh cuideachta a hainm a pheinteáil nó a ghreamú mar a ordaítear leis an Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus mura gcoimeádfaidh cuideachta a hainm péinteáilte nó greamaithe mar a ordaítear amhlaidh dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Má mhainníonn cuideachta mír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta.

(4) Aon oifigeach do chuideachta nó aon duine thar a cheann—

(a) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon séala a úsáid a airbheartóidh a bheith ina shéala leis an gcuideachta agus nach mbeidh a hainm greanta air mar a dúradh, nó

(b) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon litir ghnó ón gcuideachta, nó aon fhógra nó foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, a eisiúint, nó a dhéanfaidh nó a údaróidh aon bhille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic nó ordú ar airgead nó earraí a shíniú thar ceann na cuideachta gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh, nó

(c) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon sonrasc, admháil nó litir chreidmheasa ón gcuideachta a eisiúint gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh;

dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air, agus fairis sin beidh sé faoi dhliteanas go pearsanta ag sealbhóir an bhille malairte, an nóta gealltanais, an tseic nó an ordaithe ar airgead nó earraí i leith méid an chéanna mura n-íocfaidh an chuideachta é go cuí.

(5) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an giorrú“Ltd.” a úsáid in ionad “Limited” nó“Teo.” a úsáid in ionad “Teoranta”.

Srianta le Gnó a Thosú.

Srianta le gnó a thosú

115. —(1) I gcás inar eisigh cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh e haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh s aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é—

(a) go ndearnadh scaireanna a bhí á sealbhú faoi réir an choinníll go n-íocfaí a méid iomlán in airgead a leithroinnt go feadh méid nach lú san iomlán ná an suibscríobh íosta; agus

(b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna a tairgeadh don phobal lena suibscríobh; agus

(c) nach bhfuil aon airgead le haisíoc ná nach dtiocfaidh dó bheith inaisíoctha le hiarratasóirí ar aon scaireanna nó bintiúir a tairgeadh don phobal lena suibscríobh toisc nár iarradh nó nach bhfuarthas cead déileála sna scaireanna nó sna bintiúir ar aon stocmhargadh; agus

(d) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh na coinníollacha réamhráite.

(2) Mura bhfuil cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal tar éis réamheolaire a eisiúint ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh sí aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é—

(a) go ndearnadh ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú; agus

(b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna is iníoctha in airgead; agus

(c) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh mír (b) den fho-alt seo.

(3) Ar an dearbhú reachtúil sin a sheachadadh dó, agus, i gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an alt seo ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh, ar ráiteas den sórt sin a sheachadadh dó, deimhneoidh cláraitheoir na gcuideachtaí go bhfuil an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an chuideachta i dteideal amhlaidh.

(4) Aon chonradh a dhéanfaidh nó a dhaingneoidh cuideachta roimh an dáta a bheidh sí i dteideal tosú ar ghnó, ní bheidh ann ach conradh sealadach, agus ní bheidh sé ina cheangal ar an gcuideachta go dtí an dáta sin, agus ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith ina cheangal uirthi.

(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc le haon scaireanna agus bintiúir a thairiscint i gcomhthráth lena suibscríobh nó lena leithroinnt ná le haon airgead a ghlacadh is iníoctha tráth an iarratais ar bhintiúir.

(6) Má thosaíonn aon chuideachta ar ghnó, nó má fheidhmíonn sí cumhachtaí chun iasacht a fháil, contrártha don alt seo, dlífear, gan dochar d'aon dliteanas eile, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach duine a bheidh freagrach sa sárú sin ar an alt seo.

(7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le cuideachta phríobháideach, ná

(b) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Eanáir, 1901, ná

(c) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Iúil, 1908, agus nár eisigh réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna.

Clár na gComhaltai.

Clár nagcomhaltaí.

116. —(1) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfaidh gach cuideachta clár dá comhaltaí agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas:—

(a) ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na gcomhaltaí, agus, i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ráiteas ar na scaireanna atá ag gach comhalta, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad a bheidh uimhir ar an scair, agus an méid a íocadh nó ar comhaontaíodh go measfaí é a bheith íoctha ar scaireanna gach comhalta;

(b) an dáta a taifeadadh gach duine sa chlár mar chomhalta;

(c) an dáta a scoir aon duine de bheith ina chomhalta.

(2) Déanfar na taifid is gá faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an comhaontú a chur i gcrích leis an gcuideachta go dtiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta nó, i gcás duine a shínigh an meabhrán, laistigh de 28 lá tar éis an chuideachta a chlárú.

(3) Déanfar an taifead is gá faoi mhír (c) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an dáta a scoir an duine a bheidh i gceist de bheith ina chomhalta, nó, má scoir sé de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas trí ghníomh na cuideachta, laistigh de 28 lá tar éis fianaise chun sástacht na cuideachta a thabhairt ar aird don chuideachta gur tharla an teagmhas trínar scoir sé de bheith ina chomhalta.

(4) I gcás ina mbeidh an chuideachta tar éis aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc agus fógra faoina gcomhshó a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, taispeánfaidh an clár an méid stoic atá ag gach comhalta in ionad an méid scaireanna agus na sonraí maidir le scaireanna a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1).

(5) Faoi réir fho-alt (6), coimeádfar clár na gcomhaltaí, ach amháin nuair a bheidh sé dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, in oifig chláraithe na cuideachta, sa dóigh, áfach,—

(a) más in oifig eile leis an gcuideachta a chuirtear le chéile é, go bhféadfar é a choimeád san oifig eile sin; agus

(b) má dhéanann an chuideachta comhshocrú le duine éigin eile chun go ngabhfaidh an duine eile sin air féin thar ceann na cuideachta an clár a chur le chéile, go bhféadfar é a choimeád san oifig leis an duine eile sin a gcuirtear le chéile ann é.

(6) Ní choimeádfar clár na gcomhaltaí in áit lasmuigh den Stát.

(7) Faoi réir fho-alt (8), cuirfidh gach cuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra faoin áit a gcoimeádtar clár a comhaltaí ann, agus faoi aon athrú ar an áit sin.

(8) Ní bheidh sé de cheangal ar chuideachta fógra a chur chuig an gcláraitheoir faoi fho-alt (7) má tá an clár á choimeád in oifig chláraithe na cuideachta i gcónaí riamh ó tháinig sé chun bheith ann nó, i gcás cláir a bhí ann ar an dáta feidhme, i gcónaí riamh ó shin i leith.

(9) Má mhainníonn cuideachta aon cheann de cheanglais fho-ailt (1) go (6) a chomhlíonadh, nó má mhainníonn sí ar feadh 14 lá fo-alt (7) a chomhlíonadh, dlifear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Treoirleabhar comhaltaí.

117. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ina mbeidh níos mó ná caoga comhalta, mura bhfuil clár na gcomhaltaí i bhfoirm de shaghas gur treoirleabhar ann féin é, treoirleabhar a choimeád d'ainmneacha comhaltaí na cuideachta agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a dhéanfar aon athrú i gclár na gcomhaltaí, déanfaidh sí aon athrú is gá sa treoirleabhar.

(2) Cuirfear sa treoirleabhar i gcás gach comhalta comhartha is leor chun go bhféadfar an cuntas ar an gcomhalta sin sa chlár a aimsiú go héasca.

(3) Coimeádfar an treoirleabhar i gcónaí san áit chéanna ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí.

(4) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Forálacha maidir le taifid i gclár i dtaobh barántas scaire.

118. —(1) Ar bharántas scaire a eisiúint déanfaidh an chuideachta ainm an chomhalta a bheidh taifeadta an uair sin i gclár a comhaltaí mar shealbhóir na scaireanna a shonraítear sa bharántas a scriosadh as an gclár sin amhail is dá mbeadh sé tar éis scor de bheith ina chomhalta, agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas:

(a) gur eisíodh an barántas; agus

(b) ráiteas ar na scaireanna atá ar áireamh sa bharántas, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad atá uimhir ar an scair; agus

(c) an dáta a eisíodh an barántas.

(2) Faoi réir airteagail na cuideachta, beidh iompróir barántais scaire i dteideal, ar é dá thabhairt suas lena chealú, a ainm a thaifeadadh mar chomhalta i gclár na gcomhaltaí.

(3) Beidh an chuideachta freagrach in aon chaillteanas a bhainfidh d'aon duine de bhrí go ndearna an chuideachta ainm impróra barántais scaire a thaifeadadh sa chlár i leith na scaireanna a sonraíodh sa bharántas sin gan an barántas a bheith tugtha suas agus cealaithe.

(4) Go dtí go dtabharfar suas an barántas, measfar gurb iad na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (1) na sonraí is gá de réir an Achta seo a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí, agus, ar an mbarántas a thabhairt suas, ní foláir an dáta a tugadh suas é a thaifeadadh.

(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfar, má fhorálann airteagail na cuideachta amhlaidh, a mheas go bhfuil iompróir barántais scaire ina chomhalta den chuideachta de réir bhrí an Achta seo, go feadh iomlán na réime nó chun aon cheann de na críocha a mhínítear sna hairteagail.

Scrúdú an chláir agus an treoirle abhair.

119. —(1) Ach amháin nuair a bheidh clár na gcomhaltaí dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, beidh clár, agus treoirleabhar ainmneacha, na gcomhaltaí de chuideachta ar oscailt le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe) chun a scrúdaithe ag aon chomhalta, gan táille a íoc, agus ag aon duine eile ar scilling, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc as gach scrúdú.

(2) Féadfaidh aon chomhalta nó aon duine eile cóip den chlár nó d'aon chuid de a éileamh ar shé phingin, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc in aghaidh gach 100 focal nó codán de 100 focal a bheidh le cóipeáil.

Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh a chur ar aghaidh chuig an duine sin laistigh de thréimhse 10 lá dar tosach an chéad lá tar éis an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh.

(3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár agus an treoirleabhar faoi scrúdú láithreach nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad.

Iarmairtí a bheidh ar neamhchomhlíonadh ceanglas maidir leis an gclár mar gheall ar mhainneachtan ag gníomhaire.

120. —Más rud é, de bhua mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 116, go mbeidh clár na gcomhaltaí á choimeád in oifig dhuine éigin seachas an chuideachta, agus mar gheall ar aon mhainneachtain ag an duine sin nach gcomhlíonfaidh an chuideachta fo-alt (7) den alt sin nó fo-alt (3) d'alt 117 nó alt 119, nó aon cheanglais de chuid an Achta seo maidir leis an gclár a thabhairt ar aird, dlífear pionóis a chur ar an duine eile sin ionann is dá mba oifigeach é don chuideachta a rinne mainneachtain, agus beidh réim ag cumhacht na cúirte faoi fho-alt (4) d'alt 119 maidir le horduithe a dhéanamh in aghaidh an duine eile sin agus a chuid oifigeach nó seirbhíseach.

Cumhacht chun clár a dhúnadh.

121. —Féadfaidh cuideachta, ar fhógra a thabhairt trí fhógrán i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, clár na gcomhaltaí a dhúnadh ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 30 lá gach bliain.

Ceartú an chláir.

122. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar, gan chúis leormhaith, ainm aon duine a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí nó a fhágáil ar lár as, contrártha d'fho-ailt (1) agus (2) d'alt 116; nó

(b) nach dtaifeadfar sa chlár, laistigh den tréimhse a shocraítear le fo-alt (3) d'alt 116, go bhfuil duine tar éis scor de bheith ina chomhalta;

féadfaidh an duine éagóirithe, nó aon chomhalta den chuideachta, nó an chuideachta, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an clár a cheartú.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an chúirt diúltú don iarratas, nó féadfaidh sí a ordú go gceartófar an clár agus go n-íocfaidh an chuideachta cúiteamh in aon chaillteanas a bhain d'aon pháirtí éagóirithe.

(3) I gcás iarratais faoin alt seo féadfaidh an chúirt aon cheist a chinneadh a bhaineann le teideal aon duine is páirtí san iarratas chun a ainm a thaifeadadh sa chlár nó a fhágáil as, cibé acu idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe, nó idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe ar thaobh amháin agus an chuideachta ar an taobh eile, a éireoidh an cheist, agus go ginearálta féadfaidh sí aon cheist a chinneadh ar gá nó ar fóirsteanach í a chinneadh le haghaidh ceartú an chláir.

(4) I gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an Acht seo liosta dá comhaltaí a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, nuair a bheidh ordú á dhéanamh ag an gcúirt chun an clár a cheartú ordóidh sí, lena hordú, go dtabharfar fógra díreach faoin gceartú don chláraitheoir.

(5) Féadfaidh cuideachta, gan iarratas chun na cúirte, aon earráid nó easnamh sa chlár (cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis a tharla sé) a cheartú tráth ar bith, ach ní dhéanfaidh ceartú den sórt sin dochar d'aon duine mura gcomhaontóidh sé leis an gceartú a rinneadh. Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá, fógra faoin gceartú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí más rud é freisin go bhfuil an earráid nó an t-easnamh in aon doiciméad a chuir an chuideachta ar aghaidh chuige.

Gan iontaobhais a thaifeadadh sa chlár.

123. —Ní dhéanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, sainráite, intuigthe ná inchiallaithe, a thaifeadadh sa chlár, ná ní bheidh sé le tabhairt don chláraitheoir.

An clár a bheith ina fhianaise.

124. —Beidh clár na gcomhaltaí ina fhianaise prima facie ar aon nithe a ordaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a chur sa chlár.

Tuairisceán Bliantúil.

Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal.

125. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, uair amháin ar a laghad gach bliain, tuairisceán a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí a mbeidh ann, maidir le hoifig chláraithe an cuideachta, cláir na gcomhaltaí agus na mbintiúrach, scaireanna agus bintiúir, a féichiúnas, a iarchomhaltaí agus a comhaltaí láithreacha, agus na stiúrthóirí agus a rúnaí, na nithe a shonraítear i gCuid I den Chúigiú Sceideal, agus is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin a bheidh an tuairisceán sin, sa dóigh, áfach—

(a) nach gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoin bhfo-alt seo i mbliain a corpraithe ná, mura gá de réir alt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin;

(b) i gcás ina ndearna cuideachta aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc, ansin, nuair is iomchuí é, go n-áireofar tagairtí do scaireanna i míreanna 3 agus 5 de Chuid I den Sceideal sin mar thagairtí do stoc agus go n-áireofar tagairtí don líon scaireanna mar thagairtí don mhéid stoic;

(c) go bhféadfar in aon bhliain áirithe, má thug an tuairisceán d'aon cheann de na 5 bliana díreach roimhe sin, amhail mar a bhí ar dháta an tuairisceáin sin, na sonraí iomlána is gá de réir na míre sin 5, gan a thabhairt sa tuairisceán ach cibé cinn de na sonraí is gá de réir na míre sin a bhaineann le daoine a scoir de bheith, nó a tháinig chun bheith, ina gcomhaltaí ó dháta an tuairisceáin deiridh agus le scaireanna a aistríodh ón dáta sin i leith;

(d) nach gá do chuideachta, mura cuideachta phríobháideach í, sa tuairisceán in aon bhliain áirithe, na sonraí a thabhairt is gá de réir na míre sin 5 agus a bhaineann le scaireanna a d'aistrigh daoine atá fós ina gcomhaltaí nó atá scortha de bheith ina gcomhaltaí ná na dátaí a cláraíodh a n-aistriú.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Chun críocha an ailt seo agus Chuid I den Chúigiú Sceideal, folóidh “stiúrthóir” agus “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta gan scairchaipiteal.

126. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tabharfaidh gach cuideachta gan scairchaipiteal uair amháin ar a laghad gach bliain do chláraitheoir na gcuideachtaí tuairisceán ina luafar—

(a) seoladh oifig chláraithe na cuideachta;

(b) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo clár na gcomhaltaí a choimeád in áit seachas an oifig sin, seoladh na háite ina gcoimeádtar é;

(c) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo, aon chlár bintiúrach de chuid na cuideachta a choimeád in áit seachas oifig chláraithe na cuideachta, seoladh na háite ina gcoimeádtar é;

(d) na sonraí go léir maidir leis na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar dháta an tuairisceáin, agus maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin, is gá de réir an Achta seo a thabhairt maidir le stiúrthóirí agus leis an rúnaí, faoi seach, i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta.

(2) Ní gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (1) i mbliain a corpraithe ná, mura gceanglaítear uirthi le halt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin.

(3) Cuirfear i gceangal leis an tuairisceán ráiteas ina mbeidh sonraí ar mhéid iomlán fheichiúnas na cuideachta maidir le gach morgáiste agus muirear is gá a chlárú le cláraitheoir na gcuideachtaí faoin Acht seo, nó ba ghá a chlárú amhlaidh dá mba tar éis an lú lá d'Iúil, 1908, a bunaíodh iad.

(4) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Chun críocha an ailt seo, folóidh “oifigeach” agus “stiúrthóir” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

An t-am chun tuairisceán bliantúil a chomhlánú.

127. —(1) Ní foláir an tuairisceán bliantúil a chomhlánú laistigh de 60 lá tar éis an chruinnithe ghinearálta bhliantúil don bhliain, cibé acu is é nó nach é an cruinniú sin an chéad nó an t-aon ghnáthchruinniú ginearálta, nó an chéad nó an t-aon chruinniú ginearálta, ag an gcuideachta sa bhliain, agus ní foláir don chuideachta cóip, arna síniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí, a chur ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(3) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Doiciméid a bheidh le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil.

1909, c. 49.

128. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, cuirfear i gceangal leis an tuairisceán bliantúil—

(a) cóip scríofa, arna deimhniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí a bheith ina cóip dhílis de gach clár comhardaithe a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis an gclár comhardaithe); agus

(b) cóip, arna deimhniú mar a dúradh, de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bheidh in éineacht leis an gclár sin; agus

(c) más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh aon chlár comhardaithe den sórt sin nó aon doiciméad den sórt sin is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, cuirfear i gceangal leis an gclár comhardaithe sin tiontú Béarla nó Gaei'ge ar an gclár comhardaithe, nó ar an doiciméad, a mbeidh sé deimhnithe ar an modh forordaithe gur tiontú ceart é.

(2) Más rud é, i gcás aon chláir chomhardaithe den sórt a dúradh nó aon doiciméid ba ghá de réir dlí a bheith i gceangal leis, nach raibh sé de réir cheanglais an dlí mar a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta maidir le foirm na gclár comhardaithe nó na ndoiciméad a dúradh, cibé acu é, déanfar cibé breisiú agus ceartú ar an gcóip ba ghá a dhéanamh ar an gclár comhardaithe nó ar an doiciméad chun go mbeadh sé de réir na gceanglas sin, agus luafar ar an gcóip go ndearnadh leasú uirthi amhlaidh.

(3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le cuideachta phríobháideach; ná

(b) le cuideachta árachais a chomhlíon fo-alt (4) d'alt 7 den Assurance Companies Act, 1909; ná

(c) le cuideachta gan scairchaipiteal a foirmíodh le haghaidh cuspóra atá carthanúil agus atá faoi urlámhas ag aicme creidimh atá admhaithe ag an Stát faoi Airteagal 44 den Bhunreacht, agus a fheidhmíonn a feidhmeanna de réir dhlíthe, canóna agus deasghnátha an chreidimh sin.

(5) (a) Féadfaidh Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn, más cuí leo é, cuideachta shonraithe gan scairchaipiteal, a foirmíodh chun críocha carthanúla, a dhíolmhú, le hordú, ar fad nó go ceann tréimhse teoranta, ó fheidhm an ailt seo.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí, le hordú, ordú faoi mhír (a) a chúlghairm.

(c) Déanfaidh an chuideachta cóip shéalaithe de gach ordú ó na Coimisinéirí faoin bhfo-alt seo a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe a dhéanamh.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a thabhairt go mbeidh clár comhardaithe cuideachta príobháidí, nó aon doiciméad nó tuarascáil maidir leis, le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil.

(7) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Deimhnithe a bheidh le cur ar aghaidh ag cuideachta phríobháideach i dteannta an tuairisceáin bhliantúil.

129. —Cuirfidh cuideachta phríobháideach ar aghaidh, i dteannta an tuairisceáin bhliantúil is gá de réir alt 125, deimhniú arna shíniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí á dheimhniú nach ndearna an chuideachta, ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás céad-tuairisceáin, ón dáta a corpraíodh an chuideachta, aon chuireadh a eisiúint don phobal chun suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, agus fairis sin, má thaispeánann an tuairisceán bliantúil go bhfuil breis is caoga ar líon comhaltaí na cuideachta, deimhniú arna shíniú amhlaidh gurb iad amháin atá sa bhreis sin daoine nach bhfuil, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 33, le háireamh chun an líon sin caoga a ríomh.

Cruinnithe agus Imeachtaí.

Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil.

130. —(1) Déanfaidh gach cuideachta faoi theorainn scaireanna agus gach cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, laistigh de thréimhse nach giorra ná mí agus nach faide ná 3 mhí ón dáta a bheidh an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, cruinniú ginearálta de chomhaltaí na cuideachta a thionól a ngairfear “an cruinniú reachtúil” de.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh na stiúrthóirí, 14 lá ar a laghad roimh an lá a thionólfar an cruinniú, tuarascáil (dá ngairtear “an tuarascáil reachtúil” san Acht seo) a chur ar aghaidh chuig gach comhalta den chuideachta.

(3) Má chuirtear an tuarascáil reachtúil ar aghaidh tráth is déanaí ná mar a fhoráiltear le fo-alt (2), measfar, dá ainneoin sin, go ndearnadh í a chur ar aghaidh go cuí má chomhaontaítear amhlaidh ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú.

(4) Ní foláir an tuarascáil reachtúil a bheith deimhnithe ag beirt ar a laghad de stiúrthóirí na cuideachta agus na nithe seo a leanas a bheith luaite inti—

(a) an méid iomlán scaireanna a leithroinneadh, ag idirdhealú na scaireanna a leithroinneadh mar scaireanna a láníocadh nó a páirtíocadh ar dhóigh seachas in airgead, agus á insint i gcás scaireanna páirtíoctha cé mhéad atá siad íoctha amhlaidh agus, i gceachtar cás, cad é an chomaoin ar ar leithroinneadh iad; agus

(b) an méid iomlán airgid a fuair an chuideachta i leith na scaireanna go léir a leithroinneadh, á n-idirdhealú mar a dúradh; agus

(c) achomaireacht ar fháltais na cuideachta agus ar na híocaíochtaí astu, anuas go dtí dáta laistigh de 7 lá ó dháta na tuarascála, a dtaispeánfar inti faoi cheannteidil ar leithligh fáltais na cuideachta ó scaireanna agus ó bhintiúir agus ó fhoinsí eile, na híocaíochtaí astu, agus sonraí na hiarmhéide a bhí fágtha ar láimh, agus cuntas nó meastachán ar réamhchaiteachais na cuideachta; agus

(d) ainmneacha agus seoltaí stiúrthóirí, iniúchóirí (más ann), agus rúnaí na cuideachta; agus

(e) sonraí aon chonartha, a mbeidh modhnú air le cur faoi bhráid an chruinnithe lena cheadú, maraon le sonraí an mhodhnaithe nó an mhodhnaithe atá beartaithe.

(5) Sa mhéid go mbaineann an tuarascáil reachtúil leis na scaireanna a leithroinn an chuideachta, agus le hairgead a fuarthas i leith na scaireanna sin, agus le fáltais agus íocaíochtaí na cuideachta ar chuntas caipitil, beidh deimhniú uirthi ó na hiniúchóirí, más ann, don chuideachta gur tuarascáil cheart í.

(6) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar cóip den tuarascáil reachtúil, arna deimhniú mar a cheanglaítear leis an alt seo, a sheachadadh do chláraitheóir na gcuideachtaí lena clárú láithreach tar éis a curtha chuig comhaltaí na cuideachta.

(7) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go dtabharfar ar aird i dtosach an chruinnithe liosta ina dtaispeánfar ainmneacha, seoltaí agus slite beatha comhaltaí na cuideachta, agus an líon scaireanna atá acu faoi seach, agus go gcoiméadfar an liosta ar oscailt agus ar fáil do chomhaltaí na cuideachta fad a bheidh an cruinniú ar siúl.

(8) Féadfaidh na comhaltaí den chuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú aon ní a phlé a bhaineann le foirmiú na cuideachta, nó a éireoidh as an tuarascáil reachtúil, cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré, ach ní fhéadfar aon rún a rith nach mbeidh fógra tugtha ina thaobh de réir na n-airteagal.

(9) Féadfaidh an cruinniú dul ar atráth ó am go ham, agus ag aon chruinniú atrátha féadfar aon rún a rith ar tugadh fógra ina thaobh de réir na n-airteagal, cibé acu roimh an gcruinniú a bhí ann cheana nó dá éis sin é, agus beidh na cumhachtaí céanna ag an gcruinniú atrátha a bheadh ag cruinniú bunaidh.

(10) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach stiúrthóir de chuid na cuideachta a bhí go feasach agus go toiliúil ciontach sa mhainneachtain nó, i gcás mainneachtain ag an gcuideachta, ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach.

Cruinniú ginearálta bliantúil.

131. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tionólfaidh gach cuideachta, i ngach bliain, cruinniú ginearálta mar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, i dteannta aon chruinnithe eile sa bhliain sin, agus sonróidh sí an cruinniú amhlaidh sna fógraí á ghairm, agus ní bheidh thar 15 mhí idir dáta aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil áirithe ag cuideachta agus dáta an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh.

(2) Ar chuntar go ndéanfaidh cuideachta a céad chruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí tar éis a corpraithe, ní gá di é a thionól i mbliain a corpraithe ná sa bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon chomhalta den chuideachta, cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm nó a ordú go ngairfear é, agus cibé orduithe foghabhálacha nó iarmartacha a thabhairt is fóirsteanach leis an Aire, lena n-áirítear orduithe a dhéanfaidh, maidir le gairm, tionól agus stiúradh an chruinnithe, modhnú nó forlíonadh ar oibriú airteagail na cuideachta, agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a thabharfar faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

(4) Measfar, faoi réir aon orduithe ón Aire, cruinniú ginearálta a thionólfar de bhun fho-alt (3) a bheith ina chruinniú ginearálta bliantúil den chuideachta ach, más rud é i gcás cruinniú a thionólfar amhlaidh nach sa bhliain inar mainníodh cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta a thionól a thionólfar é, ní ghlacfar leis an gcruinniú a thionólfar amhlaidh mar chruinniú ginearálta bliantúil na bliana ina dtionólfar é mura rud é go ndéanfaidh an chuideachta ag an gcruinniú sin rún a rith go nglacfar leis amhlaidh.

(5) I gcás ina rithfidh cuideachta rún go nglacfar amhlaidh le cruinniú, déanfar, laistigh de 15 lá tar éis é a rith, cóip den rún a chur ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í.

(6) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), nó aon ordú ón Aire faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainnítear fo-alt (5) a chomhlíonadh, dhífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh ar é a fhoréileamh.

132. —(1) D'ainneoin aon ní in airteagail chuideachta, má fhaightear foréileamh ó chomhaltaí den chuideachta ag a mbeidh ar dháta an fhoréilimh a thaisceadh an deichiú cuid ar a laghad den chaipiteal íoctha sin de chuid na cuideachta lena ngabhann ar dháta an taiscthe ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta, nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ó chomhaltaí den chuideachta a ionannóidh an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí uile ag a mbeidh ar an dáta sin ceart vótála ag cruinnithe ginearálta den chuideachta, rachaidh stiúrthóirí na cuideachta láithreach bonn i gceann cruinniú urghnách ginearálta den chuideachta a chomóradh go cuí.

(2) Ní foláir cuspóirí an chruinnithe a bheith luaite san fhoréileamh agus é a bheith sínithe ag an foréilitheoirí agus é a thaisceadh in oifig chláraithe na cuideachta, agus féadfaidh doiciméíd éagsúla san fhoirm chéanna a bheith ann agus gach ceann acu sínithe ag foréilitheoir amháin nó níos mó.

(3) Mura rachaidh na stiúrthóirí, laistigh de 21 lá ó dháta an fhoréilimh a thaisceadh, i gceann cruinniú a chomóradh go cuí a bheidh le tionól laistigh de 2 mhí ón dáta sin, féadfaidh na foréilitheoirí, nó aon chuid acu a ionannóidh níos mó ná leath na gceart vótála uile atá acu go léir, cruinniú a chomóradh iad féin, ach ní dhéanfar aon chruinniú a chomórfar amhlaidh a thionól tar éis 3 mhí a bheith caite ón dáta sin.

(4) Déanfar cruinniú a chomórfaidh na foréilitheoirí faoin alt seo a chomóradh ar an modh céanna, chomh fada agus is féidir, leis an modh ina bhféadfaidh stiúrthóirí cruinnithe a chomóradh.

(5) Aisíocfaidh an chuideachta leis na foréilitheoirí aon chaiteachais réasúnacha a bhí ar na foréilitheoirí toisc gur mhainnigh na stiúrthóirí cruinniú a chomóradh go cuí, agus déanfaidh an chuideachta aon suim a aisíocfar amhlaidh a choinneáil as aon suimeanna a bheidh dlite nó le teacht chun bheith dlite ón gcuideachta i bhfoirm táillí nó luach saothair eile i leith a seirbhísí do na stiúrthóirí sin a rinne mainneachtain.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar, i gcás cruinniú ag a mbeidh rún le tairiscint mar rún speisialta, nach ndearna na stiúrthóirí an cruinniú a chomóradh go cuí mura mbeidh an fógra ina thaobh a cheanglaítear le halt 141 tugtha acu.

Tréimhse an fhógra chun cruinnithe a ghairm.

133. —(1) Beidh aon fhoráil d'airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go ndéanann sé foráil chun cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm le fógra is giorra—

(a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, ná fógra 21 lá i scríbhinn; agus

(b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), ná fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í.

(2) Ach amháin sa mhéid go ndéanann airteagail chuideachta foráil eile chuige sin (nach foráil a chuirtear ar neamhní le fo-alt (1)), féadfar cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm—

(a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, le fógra 21 lá i scríbhinn; agus

(b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), le fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus le fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í.

(3) Measfar go ndearnadh cruinniú de chuideachta a ghairm go cuí, d'ainneoin é a ghairm le fógra is giorra ná mar a shonraítear i bhfo-alt (2) nó in airteagail na cuideachta, cibé acu é, má chomhaontaítear amhlaidh ag iniúchóirí na cuideachta agus ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil aige.

Forálacha ginearálta maidir le cruinnithe agus vótaí.

134. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas sa mhéid nach ndéanann airteagail na cuideachta foráil eile chuige sin—

(a) déanfar fógra faoi chruinniú cuideachta a sheirbheáil ar gach comhalta den chuideachta ar an modh ina gceanglaítear fógraí a sheirbheáil le Table A agus chun críche na míre seo ciallaíonn “Table A” an Tábla sin amhail mar a bheidh sé i bhfeidhm de thuras na huaire;

(b) féadfaidh dhá chomhalta nó níos mó ag a mbeidh an deichiú cuid ar a laghad den scairchaipiteal eisithe nó, mura bhfuil scairchaipiteal ag an gcuideachta, 5 faoin gcéad ar a laghad de líon comhaltaí uile na cuideachta, cruinniú a ghairm;

(c) i gcás cuideachta phríobháideach, is córam dhá chomhalta, agus i gcás aon chuideachta eile trí chomhalta, a bheidh i láthair go pearsanta;

(d) féadfaidh aon chomhalta a thoghfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(e) i gcás cuideachta ag a raibh scairchaipiteal i gcéaduair, beidh vóta amháin ag gach comhalta i leith gach scaire nó gach £10 stoic a bheidh aige, agus in aon chás eile, beidh vóta amháin ag gach comhalta.

Cumhacht na cúirte chun cruinniú a ordú.

135. —(1) Más rud é go bhfuil sé neamhphraiticiúil ar chúis ar bith cruinniú de chuideachta a ghairm ar aon mhodh ina bhféadfar cruinnithe den chuideachta sin a ghairm, nó cruinniú den chuid eachta a stiúradh ar an modh a fhorordaítear leis na hairteagail nó leis an Acht seo, féadfaidh an chúirt, as a treoir féin nó ar iarratas ó aon stiúrthóir ar an gcuideachta nó ó aon chomhalta den chuideachta a bheadh i dteideal vótáil ag an gcruinniú, a ordú go ndéanfar cruinniú den chuideachta a ghairm, a thionól agus a stiúradh ar cibé modh is cuí leis an gcúirt, agus i gcás ina ndéanfar aon ordú den sórt sin féadfaidh sí cibé orduithe fo-ghabhálacha nó iarmartacha is fóirsteanach léi a thabhairt; agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a fhéadfar a thabhairt faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú den chuideachta a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

(2) Aon chruinniú a ghairfear, a thionólfar agus a stiúrfar de réir ordú faoi fho-alt (1), measfar chun gach críche gur cruinniú den chuideachta é a gaireadh, a tionóladh agus a stiúradh go cuí.

Seachvótálaithe.

136. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon chomhalta de chuideachta a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chuideachta beidh sé i dteideal duine eile (cibé acu comhalta é nó nach ea) a cheapadh ina sheachvótálaí dó chun bheith i láthair agus vótáil ina ionad, agus beidh ag seachvótálaí a cheapfar amhlaidh an ceart céanna a bheadh ag an gcomhalta chun labhairt ag an gcruinniú agus vótáil a dhéanamh ar thaispeáint lámh agus ar vótaíocht.

(2) Mura bhforálann na hairteagail a mhalairt—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal; agus

(b) ní bheidh comhalta de chuideachta i dteideal níos mó ná seachvótálaí amháin a cheapadh chun bheith i láthair ar an ócáid chéanna.

(3) I ngach fógra ag gairm cruinniú de chuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, beidh ráiteas réasúnta feiceálach go bhfuil comhalta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil i dteideal seachvótálaí, nó, i gcás ina gceadaítear sin, seachvótálaí amháin nó níos mó, a cheapadh chun bheith i láthair agus labhairt agus vótáil ina ionad, agus nach gá do sheachvótálaí bheith ina chomhalta; agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh maidir le haon chruinniú, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi a cheangal nárbh fholáir an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí, nó aon doiciméad eile is gá chun bailíocht cheapacháin seachvótálaí a chruthú nó a bhaineann ar dhóigh eile le ceapadh seachvótálaí, a bheith faighte ag an gcuideachta nó ag aon duine eile níos luaithe ná 48 n-uaire a chloig roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha ionas go mbeadh éifeacht leis an gceapadh ag an gcruinniú sin.

(5) Faoi réir fho-alt (6), más rud é, chun críche aon chruinnithe de chuideachta, nach n-eiseofar ar chostas na cuideachta cuirí chun duine, nó duine de líon daoine a shonrófar sna cuirí, a cheapadh ina sheachvótálaí ach chun cuid de na comhaltaí ag a bhfuil teideal go gcuirfí fógra faoin gcruinniú chucu agus teideal chun vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a údaróidh nó a cheadóidh go feasach agus go toiliúil a n-eisiúint mar a dúradh.

(6) Ní bheidh oifigeach faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) de bhíthin amháin gur eisíodh chun comhalta, ar iarratas i scríbhinn a fháil uaidh, foirm cheapacháin ag ainmniú an tseachvótálaí nó liosta de dhaoine atá toilteanach gníomhú mar sheachvótálaí, má bhíonn an fhoirm nó an liosta ar fáil, ar sin a iarraidh i scribhinn, ag gach comhalta atá i dteideal vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí.

(7) Bainfidh an t-alt seo le cruinnithe d'aon aicme comhaltaí de chuideachta faoi mar a bhaineann sé le cruinnithe ginearálta den chuideachta.

Ceart chun vótaíocht a éileamh.

137. —(1) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht leis—

(a) eisiamh a dhéanamh ar an gceart chun vótaíocht a éileamh ag cruinniú ginearálta ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó atráthú an cruinnithe, nó

(b) éileamh ar vótaíocht ar aon cheist den sórt sin a chur ó éifeacht i gcás inarb éileamh é—

(i) ó chúig chomhalta ar a laghad ag a bhfuil ceart vótála ag an gcruinniú, nó

(ii) ó chomhalta nó comhaltaí a ionannaíonn an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir a bhfuil ceart vótála acu ag an gcruinniú, nó

(iii) ó chomhalta nó comhaltaí ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta a thugann ceart vótála ag an gcruinniú, is é sin, scaireanna ar íocadh suim chomhiomlán orthu is ionann agus an deichiú cuid ar a laghad den tsuim iomlán a íocadh ar na scaireanna uile a thugann an ceart sin.

(2) Measfar an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí chun vótáil ag cruinniú de chuideachta do thabhairt údarás freisin chun vótaíocht a éileamh nó chun bheith páirteach i vótaíocht a éileamh, agus chun críocha fho-alt (1) is ionann éileamh ó dhuine atá ina sheachvótálaí do chomhalta agus éileamh ón gcomhalta féin.

Vóta a thabhairt ar vótaíocht.

138. —Nuair a ghlacfar vótaíocht ag cruinniú de chuideachta nó ag cruinniú d'aon aicme comhaltaí de chuideachta, ní gá do chomhalta, cibé acu go pearsanta nó trí sheachvótálaí a bheidh sé i láthair, a mbeidh teideal aige chun níos mó ná vóta amháin, má vótálann sé, a vótaí go léir a úsáid nó na vótaí go léir a úsáidfidh sé a chaitheamh ar an dóigh chéanna.

Ionadaíocht chomhlachtaí corpraithe ag cruinnithe de chuideachtaí agus de chreidiúnaithe.

139. —(1) Féadfaidh comhlacht corpraithe—

(a) más comhalta de chuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú den chuideachta nó ag aon chruinniú d'aon aicme comhaltaí den chuideachta; agus

(b) más creidiúnaí (lena n-áirítear bintiúrach de chuid cuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú d'aon chreidiúnaithe de chuid na cuideachta a thionólfar de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialacha faoin Acht seo nó de bhun na bhforálacha a bheidh in aon bhintiúr nó gníomhas iontaobhais, cibé acu é.

(2) Aon duine a bheidh údaraithe mar a dúradh beidh sé i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú, thar ceann an chomhlachta chorpraithe arb ionadaí dó é, a d'fhéadfadh an comhlacht corpraithe sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair, creidiúnaí aonair nó bintiúrach aonair de chuid na cuideachta é.

An cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa Stát.

140. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is sa Stát a thionólfar cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, agus aon ghnó a dhéanfar ag cruinniú a thionólfar contrártha don cheanglas seo, beidh sé ar neamhní mura rud é—

(a) go mbeidh na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú sin tar éis toiliú i scríbhinn lena thionól in áit eile nó gur ritheadh rún ag an gcruinniú ginearálta bliantúil roimhe sin á fhoráil gur in áit eile a thionólfaí é, agus

(b) nach bhforálann na hairteagail gur sa Stát a thionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) leis an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta a thionólfar ar an dáta feidhme nó dá éis.

Rúin.

141. —(1) Beidh rún ina rún speisialta nuair a rithfear é le trí cheathrú ar a laghad de na vótaí a chaithfidh na comhaltaí sin a dhéanfaidh, agus teideal acu chun a dhéanta, vótáil, go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú ginearálta ar tugadh go cuí fógra 21 lá ar a laghad ina thaobh á shonrú go rabhthas chun an rún a thairiscint mar rún speisialta.

(2) Féadfar rún a thairiscint agus a rith mar rún speisialta ag cruinniú ar tugadh fógra is giorra ná 21 lá ina thaobh má chomhaontaítear amhlaidh ag tromlach de líon na gcomhaltaí a bhfuil ceart acu bheith i láthair agus vótáil ag aon chruinniú den sórt sin, agus ar tromlach é a shealbhaíonn eatarthu nócha faoin gcéad ar a laghad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna a thugann an ceart sin nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, a ionannaíonn i dteannta a chéile nócha faoin gcéad ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir ag an gcruinniú sin.

(3) Ag aon chruinniú a gcuirfear rún speisialta faoina bhráid lena rith, beidh dearbhú ón gcathaoirleach gur glacadh leis an rún ina fhianaise dhochloíte, mura n-éilítear vótaíocht, go ndearnadh amhlaidh, gan cruthúnas ar líon ná cionúireacht na vótaí a tugadh i bhfabhar nó i gcoinne an rúin.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar fógra faoi chruinniú a bheith tugtha go cuí agus an cruinniú a bheith tionólta go cuí má tugadh an fógra agus gur tionóladh an cruinniú mar a fhoráiltear leis an Acht seo nó leis na hairteagail.

(5) Féadfar téarmaí aon rúin (cibé acu rún speisialta nó rún eile é) a bheidh faoi bhráid cruinniú ginearálta a leasú trí ghnáthrún a thairiscint ag an gcruinniú, ar choinníoll go bhfágfaidh téarmaí an rúin arna leasú go bhféadfar a mheas gur tugadh leorfhógra go rabhthas ar intinn an céanna a rith.

(6) Aon tagairt do rún urghnách atá in aon reacht a ritheadh nó in aon doiciméad a bhí ann roimh an dáta feidhme, measfar, maidir le rún a rithfear nó a bheidh le rith ar an dáta feidhme nó dá éis, gur tagairt do rún speisialta í.

(7) Más rud é, roimh an dáta feidhme, gur comóradh cruinniú chun rún urghnách, mar a mhínítear in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a rith, agus ag an gcruinniú sin go ndearnadh tar éis an dáta feidhme an rún sin a rith mar a cheanglaítear leis na hAchtanna sin rún urghnách a rith agus go mbeadh an rún sin, faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, éifeachtach chun a chríche, beidh an rún sin chomh héifeachtach agus dá mba rún speisialta é.

(8) (a) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo, in aon chás ina n-údaraítear sin do chuideachta lena hairteagail, beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na comhaltaí uile a bheidh de thuras na huaire i dteideal bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin ag cruinniú ginearálta (nó, i gcás comhlachtaí corpraithe, ag a n-ionadaithe cuí-cheaptha) ina rún chomh bailí éifeachtach chun gach críche agus dá mbeadh an rún arna rith ag cruinniú ginearálta den chuideachta a comóradh agus a tionóladh go cuí, agus má thugtar rún speisialta de thuairisc air measfar gur rún speisialta de réir bhrí an Achta seo é.

(b) Measfar aon rún den sórt sin a bheith arna rith ag cruinniú a tionóladh ar an dáta a síníodh é ag an gcomhalta deireanach a shínigh é, agus má luann an rún dáta mar dháta a shínithe ag aon chomhalta, beidh lua sin an dáta sin ina fhianaise prima facie gur shínigh sé é ar an dáta sin.

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo le rún chun aon chríche de chríocha alt 160 nó 182.

Fógra fadtréimhse.

142. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina gceanglaítear le haon fhoráil ina dhiaidh seo san Acht seo fógra fadtréimhse a thabhairt i dtaobh rúin, ní bheidh éifeacht leis an rún mura rud é (ach amháin sa chás ina mbeidh stiúrthóirí na cuideachta tar éis a chinneadh go gcuirfear faoi bhráid cruinnithe é) go ndearnadh fógra go bhfuiltear chun é a thairiscint a thabhairt don chuideachta 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgtear é, agus tabharfaidh an chuideachta dá comhaltaí fógra i dtaobh aon rúin den sórt sin san am céanna agus sa dóigh chéanna ina dtugann sí fógra faoin gcruinniú nó, mura bhfuil sin praiticiúil, tabharfaidh sí fógra dóibh ina thaobh, trí fhógrán i nuachtán laethúil a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta nó ar aon mhodh eile a cheadaítear leis na hairteagail, 21 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(2) Más rud é, tar éis fógra a thabhairt don chuideachta go bhfuiltear chun rún den sórt sin a thairiscint, go ngairfear cruinniú do dháta 28 lá nó níos lú tar éis an fógra a bheith tugtha, measfar, bíodh nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear le fo-alt (1), an fógra a bheith tugtha go cuí chun críocha an fho-ailt sin.

Rúin agus comhaontuithe áirithe a chlárú, agus é a bheith d'oibleagáid ar an gcuideachta cóipeanna díobh a sholáthar.

143. —(1) Déanfar cóip chlóite de gach rún nó comhaontú lena mbaineann an t-alt seo a chur ar aghaidh, laistigh de 15 lá tar éis a rite nó a dhéanta, chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í.

(2) Nuair a bheifear tar éis airteagail a chlárú, déanfar cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chorprú i ngach cóip, nó a chur i gceangal le gach cóip, de na hairteagail a eiseofar tar éis an rún a rith nó an comhaontú a dhéanamh.

(3) Cuirfear cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin ar aghaidh chuig aon chomhalta a iarrfaidh í, ar é d'íoc scilling nó cibé suim faoina bhun sin a ordóidh an chuideachta.

(4) Bainfidh an t-alt seo—

(a) le rúin speisialta;

(b) le rúin lenar chomhaontaigh comhaltaí uile cuideachta, ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amhlaidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur mar rúin speisialta a ritheadh iad;

(c) le rúin nó comhaontuithe lenar chomhaontaigh na comhaltaí uile d'aicme éigin scairshealbhóirí ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amh laidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur ritheadh iad ag tromlach áirithe éigin nó thairis sin ar mhodh áirithe éigin, agus le gach rún nó comhaontú a chuireann ceangal éifeachtúil ar na comhaltaí uile d'aon aicme scairshealbhóirí, cé nár chomhaontaigh na comhaltaí sin go léir leo;

(d) le rúin chun scairchaipiteal cuideachta a mhéadú;

(e) le rúin, a ritheadh faoi mhír (a) nó faoi mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 251, go ndéanfaí cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach.

(5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (2) nó fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1 in aghaidh gach cóip a ndearnadh mainneachtain ina leith a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(7) Chun críocha fho-ailt (5) agus (6), measfar leachtaitheoir cuideachta a bheith ina oifigeach don chuideachta.

Rúin a rithfear ag cruinnithe atrátha.

144. —Nuair a rithfear rún ag cruinniú atrátha—

(a) de chuideachta;

(b) de shealbhóirí aon chineál scaireanna i gcuideachta;

(c) de stiúrthóirí cuideachta;

áireofar an rún chun gach críche mar rún a ritheadh ar dháta a rite iarbhír, agus ní mheasfar é a rith ar aon dáta is luaithe ná sin.

Miontuairiscí ar na himeachtaí ag cruinnithe de chuideachtaí agus de stiúrthóirí.

145. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go ndéanfar, a luaithe is féidir, miontuairiscí ar imeachtaí uile cruinnithe ginearálta, agus ar na himeachtaí uile ag cruinnithe dá stiúrthóirí nó de choistí stiúrthoirí, a thaifeadadh i leabhair a choimeádfar chuige sin.

(2) Aon mhiontuairisc den sórt sin a airbheartóidh a bheith sínithe ag cathaoirleach an chruinnithe ar tharla na himeachtaí ann, nó ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin, beidh sí ina fianaise ar na himeachtaí.

(3) Nuair a dhéanfar miontuairiscí de réir an ailt seo ar na himeachtaí ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta nó ag aon chruinniú de stiúrthóirí nó de choiste stiúrthóirí, ansin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, measfar go ndearnadh an cruinniú a thionól agus a chomóradh go cuí, agus na himeachtaí go léir a bhí ann a bheith ann go cuí, agus measfar gach stiúrthóir nó leachtaitheoir a ceapadh a bheith ceaptha go bailí.

(4) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Scrúdú leabhar miontuairiscí.

146. —(1) Déanfar na leabhair ina mbeidh na miontuairiscí ar imeachtaí aon chruinnithe ghinearálta de chuideachta a thionólfar tar éis an dáta feidhme a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, agus beidh siad ar fáil chun a scrúdaithe ag aon chomhalta gan táille a íoc le linn uaire gnó (ach sin faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá lena scrúdú).

(2) Beidh teideal ag aon chomhalta chun go bhfaighidh sé, laistigh de 7 lá tar éis dó sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip d'aon mhiontuairiscí mar a dúradh ar tháille nach mó ná scilling in aghaidh gach 100 focal.

(3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh, laistigh den tréimhse chuí, aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear na leabhair i dtaobh imeachtaí uile cruinnithe ginearálta faoi scrúdú nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad.

Cuntais agus Iniúchadh.

Leabhair chuntais a choimeád.

147. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais mar is cuí a bhainfidh—

(a) leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus leis na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh iad ina leith;

(b) leis na hearraí uile a dhíolfaidh agus a cheannóidh an chuideachta;

(c) le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta.

(2) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais a bheith á gcoimeád mar is cuí maidir leis na hábhair réamhráite mura gcoimeádtar na leabhair is gá chun léargas fíorcheart a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus chun a hidirbhearta a mhíniú.

(3) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfar na leabhair chuntais in oifig chláraithe na cuideachta nó i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí, agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí.

(4) Má choimeádtar leabhair chuntais in áit lasmuigh den Stát, cuirfear go dtí áit sa Stát, agus coimeádfar ann, agus beidh ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí, cibé cuntais agus tuairisceáin ar an ngnó lena ndéileáiltear sna leabhair chuntais a choimeádtar amhlaidh a chuirfidh i bhfios go réasúnta cruinn cad é an staid airgeadais atá ar an ngnó sin i gceann tréimhsí nach faide ó chéile ná 6 mhí agus a bhéarfaidh go bhféadfar a ullmhú de réir an Achta seo clár comhardaithe na cuideachta, a cuntas sochair agus dochair nó a cuntas ioncaim agus caiteachais, agus aon doiciméad a bheidh i gceangal le haon cheann de na doiciméid sin ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh.

(5) Déanfaidh an chuideachta gach taifead is gá a choimeád faoin alt seo a chaomhnú go ceann sé bliana tar éis an dáta lena mbaineann an taifead.

(6) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an ailt seo, nó má bhíonn sé trína ghníomh toiliúil féin ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcuideachta faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo arb é a bheidh ann mainneachtain i mbearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an chuideachta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na ceanglais sin agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

Cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe.

148. —(1) Ar dháta éigin nach déanaí ná 18 mí tar éis an chuideachta a chorprú, agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, leagfaidh stiúrthóirí gach cuideachta faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta cuntas sochair agus dochair nó, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, cuntasioncaim agus caiteachais, don tréimhse, i gcás an chéad chuntais, ó corpraíodh an chuideachta, agus in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, agus é déanta amach anuas go dtí dáta nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an chruinnithe.

(2) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar amach i ngach bliain féilire, agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, clár comhardaithe amhail ar an dáta a mbeidh an cuntas sochair agus dochair nó an cuntas ioncaim agus caiteachais, cibé acu é, déanta amach anuas go dtí é.

(3) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun forálacha an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

Ábhair agus foirm na gcuntas; ríomh na mbrabús agus na gcaillteanas, agus mar a dhéileálfar leo.

149. —(1) Tabharfaidh gach clár comhardaithe ó chuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh a bliana airgeadais, agus tabharfaidh gach cuntas sochair agus dochair ó chuideachta léargas fíorcheart ar bhrabús nó caillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais.

(2) Ní foláir clár comhardaithe cuideachta agus a cuntas sochair agus dochair a bheith de réir cheanglais an Séú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad leo.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo nó i gCuid III den Séú Sceideal, ní dhéanfaidh ceanglais fho-alt (2) agus an Séú Sceideal dochar do cheanglais ghinearálta fho-alt (1) ná d'aon cheanglais eile san Acht seo.

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) le cuntas sochair agus dochair cuideachta más rud é—

(a) go bhfuil fochuideachtaí ag an gcuideachta; agus

(b) go mbeidh an cuntas sochair agus dochair cumtha ina chuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálann le gach ceann nó aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta maraon leis an gcuideachta féin; agus—

(i) go gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Achta seo maidir le cuntais chomhdhlúite sochair agus dochair, agus

(ii) go dtaispeánfaidh sé cé mhéad den sochar nó den dochar comhdhlúite don bhliain airgeadais a ndéileáiltear leis i gcuntais na cuideachta.

(5) Ní dhéanfar, chun críche ar bith, na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta atá á sealbhú de thuras na huaire ag cuideachta shealbhaíochta nó ag aon cheann eile dá fochuideachtaí, a áireamh i gcuntais na cuideachta sealbhaíochta mar bhrabúis nó caillteanais ioncaim sa mhéid gur brabúis nó caillteanais iad don tréimhse roimh an dáta a fuair, nó ar amhail uaidh a fuair, an chuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí na scaireanna, agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon bhrabúis nó caillteanais le háireamh mar bhrabúis nó caillteanais don tréimhse sin, féadfar an brabús nó an caillteanas d'aon bhliain airgeadais ag an bhfochuideachta, mura bhfuil sé praiticiúil é a chionroinnt go reasúnta cruinn faoi threoir na bhfíoras, a áireamh mar bhrabús nó caillteanas a bhí ag faibhriú ó lá go lá i gcaitheamh na bliana sin agus é a chionroinnt dá réir sin. Ar choinníoll, áfach, más deimhin leis na stiúrthóirí agus na hiniúchóirí, agus go ndeimhneoidh siad amhlaidh, go mbeadh sé cóir agus réasúnach agus nach ndéanfadh sé dochar do chearta agus do leasanna aon duine, go bhféadfar na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta a áireamh ar dhóigh seachas de réir an fho-ailt seo.

(6) (a) Ní dhéanfar barrachas caipitil as athluacháil ar shócmhainní dochta neamhréadaithe a áireamh mar bharrachas atá ar fáil, go díreach ná go neamhdhíreach, lena dháileadh i ndíbhinní ná chun íoc as bintiúir nó as stoc iasachta eile ná chun glaochanna a íoc ar scaireanna páirtíoctha.

(b) Féadfar glanbharrachas caipitil neamhréadaithe (a bunaíodh trí athluacháil bona fide ar shocmhainní dochta uile na cuideachta) de bhreis ar leabhar-luach na sócmhainní roimhe sin a úsáid chun íoc as scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta, seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte, atá le heisiúint chun comhaltaí mar scaireanna bónais láníoctha.

(7) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, i ndáil le haon chuntas a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, comhlíonadh ar an alt seo agus ar cheanglais eile an Achta seo, maidir leis na hábhair atá le lua i gcuntais, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na forálacha sin nó na ceanglais eile sin, cibé acu é, agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith aon chiona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

(8) Chun críocha an ailt seo agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, mura léir a mhalairt d'inntin—

(a) folóidh aon tagairt do chlár comhardaithe, nó do chuntas sochair agus dochair, aon nótaí ar an gcéanna nó aon doiciméad a bheidh i gceangal leis ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh; agus

(b) áireofar aon tagairt do chuntas sochair agus dochair, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, mar thagairt dá cuntas ioncaim agus caiteachais, agus déanfar tagairtí do bhrabús nó do chaillteanas agus, i gcás fochuideachtaí a bheith ag an gcuideachta, tagairtí do chuntas comhdhlúite sochair agus dochair, a fhorléiriú dá réir sin.

Oibleagáid chun grúpchuntais a leagan faoi bhráid cuideachta sealbhaíochta.

150. —(1) I gcás fochuideachtaí a bheith ag cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais, déanfar, faoi réir fho-alt (2), agus, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi réir alt 154, cuntais nó ráitis (dá ngairtear “grúpchuntais” san Acht seo) a dhéileálann mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo le staid chúrsaí, agus le brabús nó caillteanas, na cuideachta agus na bhfochuideachtaí (lena n-áirítear na cinn atá faoi leachtú), a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta nuair a bheidh clár comhardaithe na cuideachta féin agus a cuntas sochair agus dochair á leagan faoina bhráid amhlaidh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1)—

(a) ní gá grúpchuntais más rud é go bhfuil an cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais ina fochuideachta ar lánúinéaracht ag comhlacht corpraithe eile a corpraíodh sa Stát; agus

(b) ní gá go ndéileálfadh grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta más é tuairim stiúrthóirí na cuideachta—

(i) go bhfuil sé neamhphraiticiúil, nó nach mbeadh aon fhíorthairbhe ann do chomhaltaí na cuideachta, ag féachaint do na suimeanna beagthábhachta atá i gceist, nó go dtiocfadh costas nó moill de nach mbeadh i gcothrom leis an tairbhe a bheadh ann do chomhaltaí na cuideachta, nó

(ii) go mbeadh an toradh míthreorach; agus má bhíonn na stiúrthóirí ar an tuairim sin i dtaobh gach ceann d'fhochuideachtaí na cuideachta, ní gá grúpchuntais.

(3) Mura ndéileálann na grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta, beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé in aisce, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip den chlár comhardaithe is déanaí ón bhfochuideachta sin a cuireadh chuig comhaltaí na fochuideachta sin, maraon le cóip de gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí.

Mura ndéanfar aon chóip a iarrfar faoin bhfo-alt seo a chur ar aghaidh laistigh den am cuí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 i leith gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain mura gcruthófar go ndearna an comhalta éileamh ar chóip agus gur tugadh dó í cheana féin, agus i gcás aon mhainneachtain faoin bhfo-alt seo féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar na cóipeanna a iarradh a chur chuig an gcomhalta a d'iarr iad.

(4) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, maidir leis an gcuideachta, fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí forálacha an ailt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona faoin alt seo murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.