5 1966


Uimhir 5 de 1966.


AN tACHT MONAÍOCHTA (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA MONAÍOCHTA, 1950 , D'FHONN A ÚDARÚ GO nEISEOFAÍ FAOIN ACHT SIN MONA COMÓRTHA AR ÓCÁID AN 50ú CUIMHNIÚ CINNBHLIANA AR ÉIRÍ AMACH SHEACHTAIN NA CÁSCA, 1916. [28 Feabhra, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1950, Uimh. 32 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Monaíochta, 1950 .

Leasú ar an bPríomh-Acht.

2. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú—

(a) trí “, agus mona airgid ghil i leith na bliana 1966,” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 5 indiaidh “Féadfaidh an tAire monaí copar-nicil agus umha”,

(b) trí na sonraí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis an Dara Sceideal, sna colúin iomchuí, agus

(c) trí “, i gcás tairiscint a dhéanfar i monaí airgid ghil a eisíodh i leith na bliana 1966, ná céad scilling agus, in aon chás eile, nach mó” a chur isteach i ndiaidh “ina dlí-thairiscint chun suim nach mó” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 12.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Monaíochta (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Monaíochta, 1950 agus 1966, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Ainmníocht an Mhona

Meáchan Caighdeánach

 

Comhshuíomh caighdeánach

Luach caighdeánach i leith an phuint Éireannaigh

Liúntas Tualainge (a bhaincas le trialacha ar 1,000 píosa le chéile)

Meáchan impriúil gráinní

Meáchan méadrach grama

An cion den mheáchan

Comhshuíomh

Mona airgid ghil i leith na bliana 1966.

Deich scilling

...

280

18.144

831/3 faoin gcéad d'airgead geal ar a ghlaine agus 161/3 faoin gcéad de chopar

leath

1 in 800

0.3 faoin gcéad