|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 25 de 1966. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHISTÍ AGRÓIRÍ, 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUID DE CHISTÍ AGRÓIRÍ ATÁ DÍLSITHE DO CHUNTASÓIR NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS A DHIÚSCAIRT. [19 Iúil, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an cuntas” cuntas airgid ginearálta na gcistí agróirí atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais; | |
| [EN] | ciallaíonn “na cistí agróirí” na cistí agróirí atá dílsithe do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
| [EN] |
Cuid de chistí agróirí a dhiúscairt. |
2. —(1) Déanfaidh Banc na hÉireann, ar ordú ón bPríomh-Bhreitheamh, cibé suim nach mó ná £450,000, a theastóidh ón Aire, a íoc as an gcuntas leis an gCiste Caipitil. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) d'alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956, féadfar an Ciste Caipitil, a mhéid gurb é na suimeanna é a íocfar leis de bhun an ailt seo, a chaitheamh chun Amharclann na Mainistreach (lena n-áirítear Amharclann na Péacóige), Baile Átha Cliath, agus an Opera House, Corcaigh, a atógáil. | |
| [EN] | (3) Ní chaithfear níos mó ná £415,000 faoin alt seo chun Amharclann na Mainistreach (lena n-áirítear Amharclann na Péacóige), Baile Átha Cliath, a atógáil, ná chun tairbhe don Státchiste le haon deontas nó deontais a tugadh cheana as an gcéanna chun na críche sin a aisíoc, agus ní chaithfear níos mó ná £35,000 faoin alt seo chun an Opera House, Corcaigh, a atógáil, ná chun tairbhe don Státchiste le haon deontas nó deontais a tugadh cheana as an gcéanna chun na críche sin a aisíoc. | |
| [EN] | (4) Aon suimeanna a íocfar leis an Státchiste (nach suimeanna a íocfar faoi fho-alt (3) den alt seo) i leith Amharclann na Péacóige a atógáil, is leis an gCiste Caipitil a íocfar iad. | |
| [EN] | (5) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) den alt sin 4, aisíocfaidh an tAire leis na cistí agróirí aon suimeanna a íocfar leis an gCiste Caipitil faoin alt seo agus nach mbeidh ag teastáil chun críocha fho-alt (2) nó (3) den alt seo. | |
| [EN] |
Easnamh i gcistí agróirí. |
3. —Má tharlaíonn aon tráth go mbeidh cistí agróirí laghdaithe go dtí suim nach leor chun freastal d'éilithe orthu, déanfaidh an tAire, chun lán-slánaíocht a sholáthar d'agróirí in aon chaillteanas a bhainfeadh dóibh mar gheall ar an Acht seo a rith, cibé suim, nach mó ná £450,000, is dóigh leis is gá a airleacan ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht um Chistí Agróirí, 1966 , a ghairm den Acht seo. |