|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 28 de 1968 | ||
| [EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1968 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1965. [23 Iúil, 1968.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Forbartha Móna, 1946 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “An Bord” Bord na Móna; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta. | |
| [EN] |
Us ar airleacain chun an Bhoird a tharscaoileadh. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire maidir le gach bliain den tréimhse ceithre bliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1967, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, le hordú, an t-ús go léir a bheidh dlite aon bhliain acu sin den Bhord ar shuimeanna airleacadh chun an Bhoird faoi alt 53 d'Acht 1946, nó cibé cuid den ús sin a shonrófar san ordú, a tharscaoileadh. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm | |
| [EN] |
Aisíoc airleacan chun an Bhoird a chur siar. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire maidir le gach bliain den tréimhse ceithre bliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1967, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, le hordú, a cheadú don Bhord íoc an airgid go léir a bheidh dlite den Bhord in aisíoc ar shuimeanna a airleacadh chun an Bhoird faoi alt 53 d'Acht 1946, nó íoc cibé coda den airgead sin a shonrófar san ordú, a chur siar go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú (nach tréimhse a chríochnóidh tar éis an 31ú lá d'Aibreán, 1971). |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
| [EN] |
Orduithe a leagan faoi bhráid an Oireachtas. |
4. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1968 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1965, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1968, a ghairm díobh le chéile. |