|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 30 de 1968. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1968 | |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 AGUS 1965. [23 Iúil, 1968.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
1. —Déantar leis seo alt 4 (4) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 , a leasú— | |
| [EN] | (a) trí “agus sna hionaid ina bhfuil na tionscail tuaithe atá in ionaid lasmuigh den Ghaeltacht” a chur isteach i mír (bi) (a cuireadh isteach san alt sin leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965 ) i ndiaidh “sa Ghaeltacht”, agus | |
| [EN] | (b) trí “chúig mhíle punt nó cibé suim is airde ná sin, gan í a dhul thar dheich míle punt, a údaróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais” a chur i mír (bii) (a cuireadh isteach san alt sin leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965 , a dúradh) in ionad “dhá mhíle punt”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 agus 1965, agus den Acht seo le chéile. |