36 1968


Uimhir 36 de 1968


AN tACHT LEITHREASA, 1968

(An tiontú oifigiúil.)


ACHT CHUN NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , A LEITHREASÚ CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [18 Nollaig, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £340,975,385, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim trí chéad is daichead milliún, naoi gcéad seachtó is cúig mhíle trí chéad ochtó is cúig phunt agus atá comhdhéanta den tsuim ocht milliún déag, fiche is dhá mhíle, seacht gcéad is seachtó punt do Sheirbhís na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus den tsuim trí chéad agus dhá mhilliún is fiche, naoi gcéad caoga is dhá mhíle, sè chéad is cúig phunt déag do Sheirbhís na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, déantar iad a leithreasú chun na Seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonáitear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is dhá mhilliún, céad caoga is seacht míle, trí chéad seachtó is punt amháin a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1968 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1968.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

17

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol     ..

110,000

33,000

26

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Scéimeanna Ilghnéitheacha agus Deontais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

375,010

--

27

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..

65,510

--

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

406,000

--

29

Le haghaidh Meánoideachais     ..     ..

2,104,000

--

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..

10

--

36

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair

10

--

37

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc

9,646,000

472,000

38

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair     ..     ..     ..

10

--

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc     ..

30,000

--

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

10

22,000

41

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

10

--

44

Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi Reachtanna Éagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Éagsúla i ndáil leo sin, agus le haghaidh Liúntais Eisreachtúla áirithe Leanaí     ..     ..

10,000

--

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..

42,200

5,800

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna     ..     ..

18,000

--

47

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

2,681,000

87,000

48

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

1,240,000

--

51

Le haghaidh Luach Saothair áirithe a íoc     ..

1,295,000

--

£

18,022,770

619,800

Cuid II

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair     ..     ..     ..

17,200

--

2

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

703,500

--

3

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh     ..     ..     ..     ..     ..

56,200

--

4

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ..     ..     ..

290,000

1,800

5

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ..

66,500

16,650

6

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc     ..

1,340,000

7,400

7

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..     ..

4,410,000

120,000

8

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..

10,222,000

971,617

9

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..

49,000

1,600

10

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ..     ..     ..

51,800

82,000

11

Le haghaidh Deontais (Deontas-i-gCabhair) don Chomhairle Ealaíon     ..     ..     ..

60,000

--

12

Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla, arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc.     ..     ..     ..     ..

2,300,000

181,500

13

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ..     ..

11,500

--

14

Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta     ..     ..     ..     ..

17,330,000

--

15

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlímhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla     ..     ..

335,000

7,200

16

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe

102,400

--

17

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha     ..     ..     ..     ..     ..

1,080,000

234,400

18

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe     ..

343,000

47,750

19

Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha

878,000

131,000

20

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach     ..     ..     ..

292,000

525

21

Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla     ..     ..     ..

9,998,000

617,900

22

Le haghaidh Costais Phríosún, Foras Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair     ..     ..

449,000

41,000

23

Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ..     ..

609,000

65,500

24

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas     ..     ..     ..     ..     ..

299,000

--

25

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ..     ..     ..     ..     ..

13,000

43

26

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Scéimeanna Ilghnéitheacha agus Deontais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

10,493,000

258,600

27

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..

1,673,000

24,000

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

20,857,000

128,100

29

Le haghaidh Meánoideachais     ..     ..

14,487,000

57,800

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..

5,790,000

58,000

31

Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála     ..     ..     ..

234,000

2,800

32

Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ..     ..     ..     ..     ..

6,013,000

--

33

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair     ..     ..     ..

42,900

595

34

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ..     ..     ..     ..

3,937,000

277,630

35

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a Fháil     ..     ..

4,066,000

762,500

36

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair

1,404,000

3,000

37

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

56,823,500

3,023,260

38

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair     ..     ..

1,113,000

30,750

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc     ..

1,163,000

454,200

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

10,862,000

344,514

41

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

11,113,000

1,987,950

42

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..     ..     ..

22,747,000

9,298,000

43

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ..     ..     ..     ..     ..     ..

12,552,000

521,000

44

Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi Reachtanna Éagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Éagsúla i ndáil leo sin, agus le haghaidh Liúntais Eisreachtúla áirithe Leanaí agus le haghaidh Ildeontas     ..

2,893,000

2,507

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..

988,000

11,030

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifi agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna

261,000

50

47

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas     ..     ..     ..

45,286,000

1,737,500

48

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

24,462,000

22,700

49

Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar     ..     ..     ..     ..     ..

90,000

3,200

50

Le haghaidh Méaduithe ar Phinsin, Liúntais agus Pá Scortha áirithe, i leith seirbhíse poiblí, a íoc     ..     ..     ..     ..     ..

223,000

--

51

Le haghaidh aisíoc a dhéanamh leis an gCuideachta Cháirde Thionscail Teoranta i leith airleacain a tugadh don Industrial Engineering Company Limited, Dún Dealgan     ..     ..     ..     ..     ..

3,273,115

--

52

Le haghaidh Luach Saothair áirithe a íoc     ..

8,800,000

--

£

322,952,615

21,537,571

Iomlán an Sceidil     ..     ..     ..£

340,975,385

22,157,371