38 1968


Uimhir 38 de 1968


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 , AGUS FAOIN ACHT AIRGEADAIS, 1962 . [24 Nollaig, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1962, Uimh. 15 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , agus faoin Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun gur fusaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difear d'fhorléiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1968 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 1.

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

I.R. Uimh. 135 de 1967.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 161) (Boinn Aeir), 1967.

Méadú ar an dleacht custaim íosta shonraithe ar bhoinn aeir le haghaidh feithiclí inneallghluaiste áirithe a allmhairítear ó thíortha seachas an Ríocht Aontaithe nó Tuaisceart Éireann.

I.R. Uimh. 147 de 1967.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 162) (Lomairí Faiche), 1967.

Gnáthfhoráil cheadúnúcháin a chur in ionad na forála ceadúnúcháin a ghabhann leis an dleacht ar lomairí faiche lámhoibrithe.

I.R. Uimh. 156 de 1967.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 164) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1967.

An dara laghdú ar dhleachtanna caomhnaitheacha, agus ar an airí chaomhnaitheach i ndleachtanna ioncaim, ar earraí áirithe dar bunadh an Riocht Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála; cothabháil na tosaíochta maidir le cáin ar allmhairí i bhfabhar earraí áirithe dar bunadh Thuaisceart Éireann thar earraí den saghas céanna a allmhairítear as an Riocht Aontaithe; ceamaraí atá ceaptha d'aonghnó le haghaidh liachta nó máinliachta a dhíolmhadh ó dhleacht allmhairí; mionathruithe eagarthóireachta ar fhoirm an cháinliosta custam.

I.R. Uimh. 255 de 1967.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 165) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1967.

Dleachtanna ar mhótar-fheithiclí atá bainte ó chéile go hiomlán a laghdú ó 20% go 17½% agus leasú a dhéanamh ar fhoráil cheadúnúcháin áirithe maidir le mótar-fheithiclí.

I.R. Uimh. 279 de 1967.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 166) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1967.

Feidhm a thabhairt do loghanna áirithe maidir le taraifí de dhroim an Rialtas do tabahairt aontachais leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil; deireadh a chur leis na dleachtanna ar lignít agus cóc; dleachtanna caomhnaitheacha a dhéanamh de mhion-dhleachtanna ioncaim áirithe; leasú ar an bhforáil ceadúnúcháin a ghabhann le roinnt dleachtanna caomhnaitheacha.