| | |
Ainm
|
Limistéar
|
An Líon Comhaltaí
|
|
Ceatharlach-Cill Chainnigh
|
Contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh; agus, i gcontae riaracháin Loch Garman, na toghranna ceantair seo a leanas:
Cill Rois, Cill tSíle, Magh Dhá Chon, Bun Clóidí, Ros Ard, Naomh Muire, Tuaim Breac, i sean-Tuathcheantar Inis Coirthe;
An Baile Beag, i sean-Tuathcheantar Ghuaire.
|
Cúigear
|
|
An Cabhán
|
..
|
Contae riaracháin an Chabháin; agus, i gcontae riaracháin na Mí, na toghranna ceantair seo a leanas:
Má Bolg, Má nEalta, An Caisleán Nua, Cluainín, Triúch Eanga, i sean-Tuathcheantar Cheanannas;
Crosa Caoil, Carraig an Tobair, Coill Fhallamhain, Cill Eiche, Cnoc Locha, Má Locha, An Sean-chaisleán, Baile na Cloiche, i sean-Tuathcheantar an tSean-chaisleáin.
|
Triúr
|
|
An Clár
|
..
|
Contae riaracháin an Chláir, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar An Clár-Gaillimh Theas.
|
Triúr
|
|
An Clár-Gaillimh Theas
|
I gcontae-riaracháin an Chláir, na toghranna ceantair seo a leanas:
Mainistir Chorcomruadh, Carn, Baile An Chaisleáin, Doirín, Drom Críche, Gleann Eidhneach, Lios Dúin Bhearna, Sliabh Eilbhe, Nuachongbháil, Ucht Mama, Ráth Boirne, i sean-Tuathcheantar Bhaile Uí Bhéachain;
Baile Íochtair, Móinín na gCloigin, Cora Finne, Gleann Ruadh, Cill Iníne Baoith, Cill Tochomhrach, Mucanach, An Ráth, An Ruán, i sean-Tuathcheantar Chora Finne;
An Croisín, Cill Reachtais, i sean-Tuathcheantar na hInse.
Clochán, i sean-Tuathcheantar Inis Díomáin;
An Aill, Bóthar Glas, Cathair Urthaille, Cathair Murchadha, An Ceapach Bán, An Cheathrú Bhán, Cluain Oscair, Cúil Riabhach, Corr Liath, Doire na gCiotach, Drom Meadhoin, An Fhiadhchoill, Inis Cealltrach Thuaidh, Inis Cealltrach Theas, Cill Dalua, Baile Uí Bheoláin, Tuath Ó gConaíle, An Scairbh, i sean-Tuathcheantar na Scairbhe;
Baile na hInse, An Chathair, Gleann Drith, Cill an Aonaigh, Cill tSeanan, Loch Éa, Baile Uí Shlatra, Ráth Cluana, Tobar Bríde, Tulach, i sean-Tuathcheantar na Tulaí;
agus, i gcontae riaracháin na Gaillimhe, na toghranna ceantair seo a leanas:
Mainistir Uí Ghormacháin, Eachdhroim, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruadháin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Odhrán, Cill Mhac Seáin, Cill Tormar, An Choill Mhór, Baile Shíl Anmach, Lios Maine, Cúil an Choirce, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh. 1;
Baile na Cúirte, Droichead an Chláirín, Sráidbhaile, i sean-Tuathcheantar na Gaillimhe;
Ard Maoldubháin, Ard Rathain, Baile Uí Chathaláin, Beitheach, Cathair Mhór, Ceapa Ard, Caisleán Táilliúir, Dubhros, Drom Mochua, An Gort, Cill Beagnatan, Cill Fhaile, Cillín Bharra, Cill Einne, Cill Tartan, Cill Tomás, Cinn Mhara, Ráth Osán, Sceicheanach, i sean-Tuathcheantar an Ghoirt;
An Aill, Baile na gCearr, Breaclach, Bollán, Caisleán Buí, Creamhchoill, Doire Láir, Drom Caora, An Ghráinseach, Cill Chríost, Cill Conmhaicne, Cill Cainiarn, Cill Ó gCillín, Cill Mian, Cill Rícill, Cill tSeiscill, Cill Tulach, Leaca Liath, Liatroim, Loch an Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach (Uirbeach), Creigín, Sliabh, Magh Óda, Ráth Fulrach, An Ghráig, i sean-Tuathcheantar Bhaile Locha Riach;
Rann na Mainistreach, An Baile Glas, An Cuas, Na Daireadha, Droman, Dún an Ochta, Cill Íomair, Cill Molingóg, Cill Cúán, Míleac, An Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tine, i sean-Tuathcheantar Phort Omna;
agus ceantar uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe; agus, i gcontae riaracháin Ros Comáin, na toghranna ceantair seo a leanas: An Baile Daingean, Cluain Bheirn, Críoch, Cúl Liath, Múr, i sean Tuathcheantar Áth Luain Uimh. 2.
|
Triúr
|
|
Cathair Chorcaí (Thiar Thuaidh)
|
An chuid sin de chontae-bhuirg Chorcaí atá taobh thiar thuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal teorann thiar bhaile fearainn Fhearann an Dathadóra Mór le teorainn na contae-bhuirge, ansin ó thuaidh feadh teorann an bhaile fearainn sin go dtí a hacomhal lé Bóthar Wilton, as sin soir ó dheas feadh Bóthar Wilton agus Bóthar Chrois Victoria go dtí a hacomhal le Bóthar an Iarthair, as sin soir feadh Bóthar an Iarthair, Cé Lancaster, Sráid Washington Thiar agus Sráid Washington go dtí a hacomhal leis an gCasán Mór, as sin siar ó thuaidh feadh an Chasáin Mhóir go dtí a hacomhal le Sráid Phádraig, as sin soir feadh Shráid Phádraig agus Droichead Phádraig go dtí go dtrasghearrann Abhainn an Laoi (An Sruth Thuaidh) í, as sin soir ó dheas feadh Abhainn an Laoi (An Sruth Thuaidh) agus Abhainn an Laoi go dtí go dtrasghearrann teorainn na contae-bhuirge í.
|
Triúr
|
|
Cathair Chorcaí (Thoir Theas)
|
Contae-bhuirg Chorcaí, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Chathair Chorcaí (Thiar Thuaidh).
|
Triúr
|
|
Corcaigh Láir
|
Contae riaracháin Chorcaí, ach amháin na codanna sin de atá i ndáilcheantar Chorcaí Thoir Thuaidh, Chorcaí Thiar Theas agus Chiarraí Theas.
|
Ceathrar
|
|
Corcaigh Thoir Thuaidh
|
Na bailte fearainn seo a leanas: Baile an Chalaidh, Baile an Chrócaigh, Baile Uí Bheoláin, Cill Bharra (ach amháin na codanna sin díobh atá i gcontae-bhuirg Chorcaí), i dtoghroinn cheantair Naomh Muire; na toghranna ceantair seo a leanas: Baile na gCloch, Cathair Laga, Carraig na bhFear, Cóbh (Tuath), Gleann an Phréacháin, Cill Liath, Cnoc Rátha, Ráth Cuanna (ach amháin an chuid sin de atá i gContaebhuirg Chorcaí), Baile Roisín, Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;
Na toghranna ceantair seo a leanas: Áth an Chairn, Baile Átha hÚlla, an Baile Nua, An Charraig, Dún Galláin, Carragán Éide, Caisleán Uí Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúl Chollainge, Cora Ghlas, Mainistir Fhear Maighe (Tuath), Gleannamhair Thoir, Gleannamhair Thiar, Gort na Sceiche, Gort Rua, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Daighnín, Cill Aithche, Cill Uird, Cnoc Múirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maighe;
Baile Cloch, Baile na Móna, Cill na mBallach, Cathair Dubhgáin, An Charraig, Baile an Teampaill, Claonabhar, Dún ar Aill, Drom Mór, Cill Mac Léinin, Lios Cearúill, Mala (Tuath),
Móin an Ime, Rathain, An Sean-Bhaile Mór, Sceachanach, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;
Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Tuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain Uamha, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Iochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Magh Éile, Ros Stialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;
Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile an Mhistéalaigh, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Mhistéalaigh Uimh. 1;
Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Eiche, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 1;
agus ceantair uirbeacha Chóbh, Mhainistir Fhear Maighe, Mhala, Mhainistir na Corann agus Eochaille.
|
Ceathrar
|
|
Corcaigh Thiar Theas
|
Na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile na Daibhche, Baile Muadán, Baile Uí Mhurchú, Droichead na Bandan, Barr Liath, Binn Odhar, An Buailtín, Boirne, Caiseal, Inis Eoghanáin, Cill Briotáin, Cill Brogán, Cnoc an Bhile, Cnoc Rua, Muighe Ratha, Ráth Cláirín, Na Téadaí, Teampall Mártan, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;
Beanntraí (Tuath), Beanntraí (Uirbeach), Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, An Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide, i sean-Tuathcheantar Bheanntraí;
Eadarghóbhail, Béarra, Cora Ghlas, Cill Achadh nAoineach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin;
Mainistir Ó mBádhamhna, Ard Ó bhFicheallaigh, An Airgidín, Baile an Bhuitléirigh, An Chathair Mhór, Caisleán Na Gaoithe, Cloch na Coillte (Tuath), Cúil Curraichín, Cúirt Mhic Shéafraidh, Doire, Cill Ciarán Mór, Cill Moloda Thoir, Cill Moloda Thiar, Cill Maidhlearán, Cill na gCros, Na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Cairbre, An Ros Mór, Teampall Ó Malghus, Tigh Molaige, i sean-Tuathcheantar Chloch na Coillte;
Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Baile an Chaisleáin, Droighneach, Dún Mánmhaí Thuaidh, Dún Mánmhaí Theas, Cinn Eich, Máinse, Meilleán, i sean-Tuathcheantar Dhún Mánmhaí;
Béal Átha an Spidéil, Baile Mhac Chéin, Cúl Méin, Cionn tSáile (Tuath), Leathfhearann, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile;
Achadh Dún Thuaidh, Achadh Dún Theas, An Bhréadach, Cathrach, Oileán Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dhomhnaill, Cluain Chaoin, Droighneach, Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, Na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, An Sciobairín (Tuath), Tulach, Na Doiríní, i sean-Tuathcheantar an Sciobairín;
Baile Bán, Béal an dá Chab, Cuailleach, Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mághnais, Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, An Scoil, Tuar Mór, i sean-Tuathcheantar na Scoile;
agus na ceantair uirbeacha seo a leanas: Cloch na Coillte, Cionn tSáile agus An Sciobairín.
|
Triúr
|
|
Dún na nGall Thoir Thuaidh
|
Contae riaracháin Dhún na nGall, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Dhún na nGall-Liatroim.
|
Triúr
|
|
Dún na nGall-Liatroim
|
I gcontae riaracháin Dhún na nGall, na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile an tSratha, Béal Átha Seanaigh (Tuath), Béal Átha Seanaigh (Uirbeach), Bun Dobhráin (Tuath), Carraig Bhuí, Cabhán na gCuirridín, An Aill, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha Seanaigh;
Baile an tSratha, Binn Boghaine, Bun an Ghleanna, An Clochar, An Charcair Mhór, Dún na nGall, Dún Ceannfhaolaidh, Eidhneach Mór, Grousehall, Ua hEachach, Inbhear Náile, An Lathaigh, Loch Iascaigh, Paite Gobha, Tamhnach an tSalainn, Tamhnach an Mhullaigh, Teampall Carna, Tulach Nocht, i sean-Tuathcheantar Dhún na nGall;
Machaire an Chlochair (ach amháin baile fearainn Ghleann Tornán), Mín an Chladaigh, i sean-Tuathcheantar Dhún Fhionnchaidh;
Anagaire, Arainn, Ard na Rátha, Cróbheithe, Cró Caorach, Cró na Ráid, Damhros, An Dubhcharaidh, An Clochán Liath, Baile na Finne, Gleann Cholmcille, Gleann Gheis, Gleann Léithín, Na Gleannta, An Grafaidh, Inis Caoil, Cill Charthaigh, Cill Ghabhlaigh, Na Cealla Beaga, An Learga Mhór, Leitir Mac an Bhaird, An Más, Na Machairí, Málainn Bheag, Alt na gCapall, Inis Mhic an Doirn, Taobh Scaoilte, i sean-Tuathcheantar na nGleanntach;
Alt na Péiste, Caisleán na Finne, Clochán, An Chloch Ard, Conmhaigh (gan na bailte fearainn seo a leanas, is é sin, Achadh Gallda, Achadh Gallda Mór, An Bhruíon, Droim Caoin, Mullach Fionn, Srath an Longfoirt, na Trianta Buí, a áireamh), Damhais, Gleann Daoile, An Ghualainn, Coill na gCoirridín, An Cnoc, Srath an Urláir, An Urnaí Thiar, agus na bailte fearainn seo a leanas:
Achadh Bhuí, Ard na Glaise, Baile Uí Bhogáin, An Camas, Baile an Teampaill, An Goirtín Theas, Gort na bhFilí, Lag na Bráide, Tír Chiaráin, Uinseannach Íochtair, Uinseannach Uachtair, i dtoghroinn cheantair Chluain Lao Theas; Gléib Ard na bhFearnóg, Páirc na bhFia, Baile na bPléimeannach, Cill Tuathail, Tulach Uí Dhónaill Íochtair, Tulach Uí Dhónaill Uachtair, i dtoghroinn cheantair An Fhiaghoirt; i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;
agus ceantar uirbeach Bhun Dobhráin; agus, i gcontae riaracháin Liatroma, na toghranna ceantair seo a leanas:
Achadh an Leathtaoibh, Achadh an Luis, Achadh Bhuachaill, Gob an Chríonaigh, Cionn Locha, Loch Meilghe, Tulchan, i sean-Tuathcheantar Chionn Locha;
Bealach Uí Mhithidhéin, Claonloch, Cluain Chláir, Cluain Luachair, Drom Dhá Eithiar, Gleann Éada, Gleann na nDamh, Gleann Buí, Gleann an Chairthe, Gleann Bearna, Cill Fhearga, Coillte Clochair, Lurgan Buí, Cluainín Uí Ruairc, Muine Choill, An tSrath Mhór, i sean-Tuathcheantar Chluainín Uí Ruairc.
|
Triúr
|
|
Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh
|
Contae riaracháin Bhaile Átha Cliath, ach amháin na codanna sin de atá i ndáilcheantar Chontae Bhaile Átha Cliath Theas agus i ndáilcheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin;
agus barda Bhaile Dhúghaill i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath.
|
Ceathrar
|
|
Contae Bhaile Átha Cliath Theas
|
Na toghranna ceantair seo a leanas (ach amháin aon chodanna díobh atá i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath):
An Caisleán Nua, Ráth Cúil, Teach Sagard, i sean-Tuathcheantar Chill Droichid Uimh. 2;
An Baile Breac (ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin), Dún Droma (ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin), Gleann Cuileann, Baile an Mhuilinn, Ráth Michíl, (ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin), i sean-Tuathcheantar Ráth an Dúin Uimh. 1;
Ráth Fearnáin, Tamhlacht, Teampall Geal, agus baile fearainn Chammuighe (ach amháin an chuid sin de atá i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath) i dtoghroinn cheantair Thír an Iúir, i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Cliath Theas.
|
Triúr
|
|
Dún Laoghaire agus Ráth an Dúin
|
Toghroinn cheantair Steach Lorgan agus na bailte fearainn seo a leanas:
Draighneach Baile Uí Bhraonáin, Blabhac, Baile Cormáin, Baile Cormáin agus Baile na Lobhar, Carraig Mhaighin Bheag, Cill Tí Céire, Cill Bheagóige, Baile Locháin, Baile an Róistigh, Diméin Bhaile an Róistigh, Baile Thomáis, i dtoghroinn cheantair Bhaile Breac;
Cnoc Mhuirfean Theas, i dtoghroinn cheantair Dhún Droma, Seanchonach, i dtoghroinn cheantair Ráth Michíl; i sean-Tuathcheantar Ráth an Dúin Uimh. I;
agus buirg Dhún Laoghaire.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath Láir
|
Na bardaí seo a leanas: Cé na gCúirteanna, An Rotunda, Cé Uiséar, agus Cé na Coille;
an chuid sin de bharda Ché Árann nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh;
an chuid sin de bharda Ché na gCeannaithe nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas;
agus an chuid sin de bharda an Mhalartáin Ríoga atá taobh thiar de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Shráid Suffolc agus teorainn an bharda, as sin siar ó thuaidh feadh Sráid Suffolc go dtí a hacomhal le Sráid San Ain drias, as sin siar ó dheas feadh Shráid San Aindrias go dtí a hacomhal le Sráid an Chiste, as sin siar feadh Sráid an Chiste go dtí a hacomhal le Sráid San Seoirse Theas, as sin ó dheas feadh Sráid San Seoirse Theas, Sráid Ainséir, Cnoc Réamoinn agus Sráid Loch Garman go dtí a hacomhal le teorainn an bharda.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
|
Na bardaí seo a leanas: Baile Bocht, Droim Conrach Theas, Glas Naíon, Moinseo, An Chathair Thuaidh agus an Duga Thuaidh;
an chuid sin de bharda na Cabraí Thoir atá taobh thuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosu ag acomhal teorann thoir an bharda leis an gCanáil Ríoga, as sin siar ó thuaidh feadh an Chanáil Ríoga go dtí a hacomhal le teorainn an bharda;
An chuid sin de bharda Chluain Tarbh Thoir nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh;
an chuid sin de bharda Chluain Tarbh Thiar nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh;
agus an chuid sin de bharda Fhionnghlaise Thoir atá taobh thoir theas de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Bhóthar Bhaile Gall Thoir agus sean-Bhóthar Fionnghlaise, as sin ó thuaidh feadh bhóthar Bhaile Gall Thoir go dtí a acomhal le samhailfhadú thoir na teorann thuaidh de shíneadh Ascal Uí Ghríofa, ansin soir feadh an tsamhailfhadú réamhráite go dtí go dtrasghearrann ascaill Theaghlach Naomh Clár é, ansin soir ó dheas feadh na hascaille is déanaí a luaitear go dtí a hacomhal le teorainn an bharda.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh
|
Na bardaí seo a leanas: Ard Aidhin, Binn Éadair, Cúlóc, Droim Conrach Thuaidh, Ráth Eanaigh agus Seantrabh;
an chuid sin de bharda Chluain Tarbh Thoir atá taobh thuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Bhóthar Bheann Éadair le Ascal Uí Choileáin Thoir, ansin soir feadh Bhóthar Bheann Éadair go dtí a acomhal le Ascal an Chaisleáin, ansin ó dheas feadh Ascal an Chaisleáin go dtí a hacomhal le Ascal Bhearnon, ansin soir feadh Ascal Bhearnon go dtí a hacomhal le Bóthar Chnoc Sibil, ansin soir feadh an t-samhailfhadú soir ar Ascal Bhearnon go dtí a hacomhal le teorainn theas Pháirc Naomh Anna, ansin ag tosú soir agus ag gabháil feadh na teorann sin a dúradh agus feadh a samhailfhadú soir, go dtí go dtrasghearrann Ascal Ard na Teamhrach i, ansin ó thuaidh feadh Ascal Ard na Teamhrach go dtí a hacomhal leis an samhailfhadú thiar de theorainn thuaidh Theach Manresa, ansin soir feadh an tsamhailfhadú sin feadh teorainn thuaidh Theach Manresa agus feadh a samhailfhadú soir ó dheas go dtí go dtrasghearrann teorainn an bharda í den chéad uair;
agus an chuid sin de bharda Chluain Tarbh Thiar atá taobh thuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Bhóthar Mhullach Íde leis an samhailfhadú siar ó thuaidh ar theorainn thuaidh Ghalf-Chúrsa Chluain Tarbh, ansin soir ó dheas feadh an tsamhailfhadú agus na teorann a dúradh agus feadh a samhailfhadú soir ó thuaidh go dtí go dtrasghearrann Ascal Uí Choileáin Thoir í, ansin soir ó dheas feadh Ascal Uí Choileáin Thoir go dtí a hacomhal le teorainn an bharda.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath
|
Na bardaí seo a leanas:
|
|
|
Thiar Thuaidh
|
An Chabrach Thiar, Fionnghlas Thiar, agus Páirc an Fhionn-Uisce;
an chuid sin de bharda Fhionnghlaise Thoir nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár;
an chuid sin de bharda na Cabraí Thoir nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár;
agus an chuid sin de bharda Ché Árann atá siar ó líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Bhóthar na Lochlannach le teorainn an bharda, ansin soir ó dheas feadh Bhóthar na Lochlannach go dtí a acomhal le Bóthar Magh Ráth, ansin siar ó dheas feadh Bhóthar Mhagh Ráth go dtí a acomhal le teorainn thuaidh Ospidéal Naomh Bricín, ansin soir feadh na teorann sin is déanaí a luaitear, feadh teorann thoir Bheairic Chnoc an Arbhair, agus feadh a samhailfhadú ó dheas go dtí go dtrasghearrann Cnoc an Arbhair í, ansin siar feadh Chnoc an Arbhair go dtí a acomhal le Sráid an Teampaill Thiar, ansin ó dheas feadh Sráid an Teampaill Thiar agus a samhailfhadú ó dheas go dtí go dtrasghearrann teorainn an bharda í.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath Theas-Lár
|
Na bardaí seo a leanas:
Cammuighe, Ráth Fearnáin, Ráth Fearnáin Theas, Ráth Maonais Thiar agus Tír an Iúir;
an chuid sin de bharda Chroimlinn Thiar nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas;
agus an chuid sin de bharda Ráth Maonais Thoir atá taobh thiar de líne arna tarraingt mar a leanas: ag tosú ag an bpointe a dhéanann an teorainn thoír de shean-bhóthar iarainn Shráid Fhearchair-Brí Cualann trasghearradh ar theorainn theas an bharda, ansin ó thuaidh feadh na teorann thoir a dúradh go dtí a hacomhal leis an teorainn theas de stáisiún transfhoirmitheora an Bh. S. L. ag an gceann theas de Chéide Cúipéar, ansin soir feadh na teorann is déanaí a luaitear go dtí a hacomhal le cúl-teorainn na dtithe atá ar an taobh thoir de Chéide na Páirce, ansin soir ó thuaidh feadh na teorann is déanaí a luaitear agus feadh chúlteorann na dtithe atá ar an taobh theas de Bhóthar Albaine agus atá ar an taobh theas agus ar an taobh thoir de Chéide Meirtean agus feadh na teorann thoir de Chéide Meirtean go dtí a hacomhal le Bóthar Sandford, ansin siar ó thuaidh feadh Bhóthar Sandford, Raghnallach agus Bóthar Raghnallaigh go dtí a acomhal le teorainn an bharda.
|
Ceathrar
|
|
Baile Átha Cliath Thoir Theas
|
Na bardaí seo a leanas:
Teach an Ard-Mhéara, Pembróc Thoir, Pembróc Thiar, Naomh Caoimhín agus na Duganna Theas;
an chuid sin de bharda Ráth Maonais Thoir nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas-Lár;
agus an chuid sin de bharda An Mhalartáin Ríoga nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir.
|
Triúr
|
|
Baile Átha Cliath Thiar Theas
|
Na bardaí seo a leanas:
Baile Thormaid, Croimlinn agus Cill Mhaighneann, an chuid sin de bharda Chroimlinn Thiar atá laistigh de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag acomhal Bhóthar an Mhuilinn Gaoithe le Bóthar Muire, ansin soir ó thuaidh feadh teorann an bharda go dtí an pointe tosaithe;
agus an chuid sin de bharda Ché na gCeannaithe atá taobh theas de líne arna tarraingt mar a leanas:
ag tosú ag an bpointe mar a dtrasghearrann teorainn an bharda an Cuarbhóthar Theas, ansin soir ó dheas feadh an Chuarbhóthair Theas go dtí a acomhal le Ascal Doilfín, ansin ó dheas feadh Ascal Doilfín agus a samhailfhadú ó dheas go dtí go dtrasghearrann teorainn an bharda í.
|
Ceathrar
|
|
Gaillimh Thoir Thuaidh
|
Contae riaracháin na Gaillimhe, ach amháin na codanna sin de atá i ndáilcheantair an Chlár-Gaillimh Theas agus na Gaillimhe Thiar;
agus, i gcontae riaracháin Ros Comáin, na toghranna ceantair seo a leanas: Ceathrú Riabhach, Díseart, Teach Baoith, An Turrac, i sean-Tuathcheantar Áth Luain Uimh. 2;
Baile an Locha, Cluain Fobhair, Cúil Luachra, Cill Tulach, i sean-Tuathcheantar an Chaisleáin Riabhaigh;
Áth Liag Thoir, Áth Liag Thiar, Dún Iomdháin, Fiodharta, Leacain, Lios Macha, Ros Maolán, i sean-Tuathcheantar Ros Comáin.
|
Triúr
|
|
Gaillimh Thiar
|
Na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile na Cille, Binn Chorr, Bun Abhann, An Cloigeann, An Clochán, Cois Caolsháile, Doire Chonla, Doire Liath, Dún Locháin, Iorras Fhlannáin, Na hUillineacha, Inis Bó Finne, An Cnoc Buí, Maigh-Iorras, Abhainn Ghabhla, Rinn Mhaoile, Cloch na Rón, Sailearna, Scainimh, i sean-Tuathcheantar an Chlocháin;
Anach Cuain, Baile an Teampaill, Bearna, An Carn Mór, Ceathrú an Bhrúnaigh, Baile an Chláir, Na Forbacha, Gaillimh (Tuath), Inis Mór, Cill Chuimín, Cill Aininn, Magh Cuilinn, Orán Mór, Sailearna, Sliabh an Aonaigh, An Spidéal, Tulaigh Mhic Aodháin, i sean-Tuathcheantar na Gaillimhe;
Camas, An Fhairche, Conga, An Crompán, Corr, Garmna, Cill Chuimín, Leitir Breacáin, Leitir Feoir, Leitir Mór, Uachtar Ard, An Ros, An Turlach, Poll na bPéist, i sean-Tuathcheantar Uachtar Ard;
agus buirg na Gaillimhe.
|
Triúr
|
|
Ciarraí Thuaidh
|
Na toghranna ceantair seo a leanas:
An Baile Dubh, Cnoc Bréanainn, Caisleán Ghriaire, An Clochán, Duibhlios, Sráidbhaile, i sean-Tuathcheantar an Daingin;
Na Corráin, Cill Fheidhlinn, i sean-Tuathcheantar Chill Airne;
Ardachadh, Caisleán Easa Duibhe, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, An Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, An Tóchar, Cluain Tiobraid, Drom Mártain, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonnchadha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltin, Lios Tuathail (Tuath), Leic Snámha, Mágh Inse, Maigh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trian Iarthach, Urlaidhe, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;
Mainistir Ó dTórna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Barr Trí gCom, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, Oileán Chiarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Dún, Na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Lí;
agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.
|
Triúr
|
|
Ciarraí Theas
|
Contae riaracháin Chiarraí, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Chiarraí Thuaidh; agus, i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna ceantair seo a leanas:
Cúilleach, Cill Ceatigheirn, Cill na Manach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin.
|
Triúr
|
|
Cill Dara
|
Contae riaracháin Chill Dara, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar na Mí.
|
Triúr
|
|
Laois-Uíbh Fhailí
|
Contaetha riaracháin Laoise agus Uíbh Fhailí.
|
Cúigear
|
|
Luimneach Thoir
|
Na toghranna ceantair seo a leanas: Fia Damair, An Ghráinseach, Cill Péacán, An Ráth Mhór, i sean-Tuathcheantar Chromadh;
Brú na nDéise, Cathair Coirne, An tOspidéal, Cill Tíle, Cnoc Áine, Cnoc Loinge, Iúr Gearr, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;
Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Béal Átha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Ailí, An Ceapach Mhór, Caisleán Uí Chonaill, Cluain Chaoin, An Dún Thiar, Gleann Stathail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;
Bile Bua, An Dún Theas, Cnoc Gréine, Ubhla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 2;
agus contae-bhuirg Luimnigh.
|
Ceathrar
|
|
Luimneach Thiar
|
Contae riaracháin Luimnigh, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.
|
Triúr
|
|
An Longfort-An Iarmhí
|
Contae riaracháin an Longfoirt; agus contae riaracháin na hIarmhí, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Roscomáin-Liatroim.
|
Ceathrar
|
|
Lú
|
Contae riaracháin Lú ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Mhuineacháin.
|
Triúr
|
|
Maigh Eo Thoir
|
Contae riaracháin Mhaigh Eo ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thiar.
|
Triúr
|
|
Maigh Eo Thiar
|
Na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile an Chalaidh, Baile an Róba, Baile Odhbha, Buirgheas Ceara, Ceapadh Dubh, Conga, Dealgan, Coill Ó Madra, Cill Mheáin, An Éill, Béal Áth na Lúb, Abhainn Brain, Partraí, Ros Laogh, Sruthail, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Róba;
An Geata Mór Thuaidh, An Geata Mór Theas, Beannchar, Barr Rúscaí, Béal an Mhuirthead, Gleann na Muaidhe, Gleann Caisil, Gleann Cumha, An Ghuala Mhór, Cnoc an Daimh, Cnoc na Lobhar, Muing na Bó, Na Muingí, Cnoc na Rátha, Na Seiscinn, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Mhuirthead;
Eadarghóbhail, Béal an Átha Fada, Béal Átha hÉin, Baile na gCrochabhrach, Béal Átha Bhearaí, Bréachmhaigh, Boireann, Caisleán an Bharraigh (Tuath), An Clochar, Cluain Chaoin, Cruach Mhaol, Coill an Bhaile, Magh Nulla, Pontún, An tSráid, Tamhnaigh na Graí, Turlach, i sean-Tuathcheantar Chaisleán an Bharraigh;
Acaill, Achadh Fhobhair Thuaidh, Achadh Fhobhair Theas, An Aill Mhór, Baile Chruaich Thuaidh, Baile Chruaich Theas, Bun Dorcha, Cliara, An Clochar, Corrán Acla, Cruach Phádraig, Doire Locháin, Dú Éige, An Dromainn, Imleach, Gleann na hOirimhe, Gleann Oistigh, Oileán Éadaí, Cill an Ghaobhair, Cill Molasair, Cill Mhíonna, Coill Salach, An Chnapach, Cluain Chearbáin, Baile Uí Fhiacháin Thoir, Baile Uí Fhiacháin Thiar, Abhainn na nDornán, Sliabh Magh Éanna, Sliabh Mór, An Srath Mór, Cathair na Mart (Tuath), i sean-Tuathcheantar Chathair na Mart;
agus ceantair uirbeacha Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart.
|
Triúr
|
|
An Mhí
|
Contae riaracháin na Mí, ach amháin na codanna sin de atá i ndáilcheantair An Chabháin agus Mhuineacháin;
agus, i gcontae riaracháin Chill Dara, na toghranna ceantair seo a leanas:
Cluain Conaire (ach amháin na bailte fearainn seo a leanas: Baile Uí Cheanáin, Baile Mhic Eacháin, Coill Mhic an Mhuimhnigh, Cill Magaróg, Baile Niocláis agus Baile Phitsear), Domhnach Dheá (ach amháin na bailte fearainn seo a leanas: Coill na Murchadh Thuaidh, Coill na Murchadh Theas, Cill Muire, Domhnach Dheá, Diméin Dhomhnach Dheá agus Droim Urchoille), i sean-Tuathcheantar Chill Droichid Uimh. 1:
Baile na Droiminne, Baile Mhic Adaim, Cairbre, An Charraig, Droichead, Dún Fírchirt, Cill Pádraig, Cill Raithne, Crosra an Mhuilinn Ghaoithe, i sean-Tuathcheantar Éadan Doire Uimh. 2.
|
Triúr
|
|
Muineachán
|
Contae riaracháin Mhuineacháin; agus, i gcontae Lú na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile an Bharúin, Caisleán an Fhrangaigh, Creagán Uachtarach, Cill Eanaigh, i sean-Tuathcheantar Dhún Dealgan;
Baile Átha Fhirdhia Uirbeach, Cluain Chaoin, Baile an Tallúnaigh, agus na bailte fearainn seo a leanas:
Ard na Leibhre, Baile an Bháiligh, Baile na nGabhann, Baile an Churraigh, Bóthar na mBó, An Cheapóg, Baile an tSiarlaigh, Baile Chócaigh, An Cúl, Baile Uí Dhúda, Gléib, An Lána Glas, Baile Gudaire, Baile Enrí (cuid de, taobh thuaidh d'abhbainn Bhaile Átha Fhirdhia), Baile na nGael, Cnoc Curlann, Cnoc Lobhair, Baile Uí Luain, Lios Raithní, Baile an Mhánaigh, Baile Mhápais, Mullach Cló, Baile Mhaoilinn, Baile an Phíobaraigh, Baile Philbín, Ráth Anna, Baile na hAbhann, An Charraig, Baile Uí Scogáin, Baile an tSrutháin, agus Páirceanna an Bhaile i dtoghroinn cheantair Bhaile Átha Fhirdhia (Tuath), i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Fhirdhia Uimh. 1;
agus, i gcontae riaracháin na Mí, na toghranna ceantair seo a leanas:
Droim Conrach, Gráinseach na Gaoithe, Cill Áthraigh, i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Fhirdhia, Uimh. 2;
Ardachadh, Carraig Leice, Baile Chrúis, Cill Mhaighneann, An Obair, Baile Phosac, i sean-Tuathcheantar Cheanannais.
|
Triúr
|
|
Ros Comáin-Liatroim
|
Contae riaracháin Ros Comáin, ach amháin na codanna sin de atá sna dáilcheantair seo a leanas:
An Clár-Gaillimh Theas, agus Gaillimh Thoir Thuaidh;
agus, i gcontae riaracháin Liatroma, na toghranna ceantair seo a leanas:
Eannach Dubh, Cora Droma Rúisc, Droim ar Snámh, Gabhail, i sean-Tuathcheantar Chora Droma Rúisc Uimh. 1;
Achadh an Mheasaigh, Beithe, Bréandroim, Muine Bheag, Carraig Álainn Thoir, Carraig Álainn Thiar, An Caiseal, Catán, An Chluain, Carraigeadh, Droim Ard, Drom Dubh, Dromad, Gartán Mór, Caol Doire, Lios Giollóg, Maothail, Réin, Gort na Luachra, Rúscach, i sean-Tuathcheantar Maothaile;
agus, i gcontae riaracháin na hIarmhí, toghroinn cheantair Áth Luain Thiar (Uirbeach).
|
Triúr
|
|
Sligeach-Liatroim
|
Contae riaracháin Shligigh; agus contae riaracháin Liatroma ach amháin na codanna sin de atá sna dáilcheantair seo a leanas: Dún na nGall-Liatroim, agus Ros Comáin-Liatroim.
|
Triúr
|
|
Tiobraid Árann Thuaidh
|
Contae riaracháin Thiobraid Árann, An Trian Thuaidh; agus, i gcontae riaracháin Thiobraid Árann, An Trian Theas, na toghranna ceantair seo a leanas:
Cluain an Olltaigh Thoir, Gaola, Baile Nodach, i sean-Tuathcheantar Chaiseal;
Bual-lic, Fionnúir, Cill Chúile, Gleann an Ghuail, Baile Phaghain, i sean-Tuathcheantar Shliabh Ardachadh.
|
Triúr
|
|
Tiobraid Árann Theas
|
Contae riaracháin Thiobraid Árann, An Trian Theas, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh;
agus, i gcontae riaracháin Phort Láirge, na toghranna ceantair seo a leanas:
Baile Mhic Cairbre, Gráig na nGabhar, An Goirtín, Cill Mochoma, Cill Rónáin, Naomh Mhuire, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala Uimh. 2;
Drom Ana, Drom Mór, i sean-Tuathcheantar Dhún Garbhán;
Baile Dubh, Baile Uí Sheáin, Baile Fhinn, Baile na Molt, Baile na Sagart Mór, Ceapach Choinn, Baile an Gharráin, Drom Rua, Gort na Péice, Cill Chocáin, Cill Uachtair Maighe Thoir, Cill Uachtair Maighe Thiar, Lios Mór (Tuath), Lios Mór (Uirbeach), Má Cholpa, Má Deilge, Tulach an Iarainn, i sean-Tuathcheantar Lios Mór;
Teampall Mhichíl i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 2.
|
Ceathrar
|
|
Port Láirge
|
Contae riaracháin Phort Láirge, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas;
agus contae-bhuirg Phort Láirge.
|
Triúr
|
|
Loch Garman
|
Contae riaracháin Loch Garman, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh.
|
Ceathrar
|
|
Cill Mhantáin
|
Contae riaracháin Chill Mhantáin
|
Triúr
|
|
|
|
|
|
|