4 1969


Uimhir 4 de 1969


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1969 [26 Márta, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha don Bhord.

1963, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 20 .

2. —Ní mó ná naoi milliún punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh leis an mBord faoi alt 4 de Acht um Onmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963, a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

An Bord do chabhrú le seirbhísí áirithe deartha agus pleanála.

3. —(1)  (a) Féadfaidh an Bord cabhrú le hailtirí a chleachtann sa Stát, agus le hinnealtóirí a chleachtann sa Stát, maidir le seirbhísí a thabhairt lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo le seirbhísí deartha agus pleanála, ar sa Stát i ndáil le hoibreacha innealtói eachta nó foirgníochta a dhéantar lasmuigh den Stát dhéantar an obair á dtabhairt.

(2) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir is gá chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1969, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1967, agus den Acht seo le chéile.