22 1969


Uimhir 22 de 1969


AN tACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH) (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ GO TRÍ CHÉAD IS CAOGA MÍLE PUNT AR SCAIRCHAIPITEAL MHIN FHÉIR (1959) TEORANTA AGUS DÁ CHUMASÚ DO MHIN FHÉIR (1959) TEORANTA SIN IASACHT A FHÁIL GO SEALADACH CHUN CRÍCHE CAITEACHAIS REATHA. [29 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 6 den Acht Mine Féir (Táirgeadh) (Leasú), 1953.

1953, Uimh. 11 .

1959, Uimh. 25 .

1. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Mine Féir (Táirgeadh), 1953 (arna leasú le halt 4 (1) den Acht Mine Féir (Táirgeadh) (Leasú), 1959 ), trí “trí chéad is caoga míle punt” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “dhá chéad míle punt”.

Cumhacht Mhin Fhéir (1959) Teoranta iasacht sealadach a fháil.

2. —Féadfaidh Min Fhéir (1969) Tearanta, le toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh le soláthar a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Mine Féir (Táirgeadh) (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Mine Féir (Táirgeadh), 1953 go 1969, a ghairm de na hAchtanna Mine Féir (Táirgeadh), 1953 agus 1959, agus den Acht seo le chéile.