26 1969


Uimhir 26 de 1969


ACHT OLLSCOIL NA hÉIREANN, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON RIALTAS FADÚ A DHÉANAMH LE hORDÚ, AR THÉARMA OIFIGE COMHALTAÍ DE SHEANAD OLLSCOIL NA hÉIREANN. [2 Lúnasa, 1969]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Fadú ar théarma oifige.

1. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go mbeidh téarma oifige comhaltaí de Sheanad Ollscoil na hÉireann (dá ngairtear an Seanad san alt seo) a bheidh in oifig ar dháta an ordaithe arna fhadú go dtí dáta a shonrófar san ordú, is dáta nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a n-éagfadh an téarma oifige sin mura mbeadh an t-ordú, agus air sin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán (lena n-áirítear aon chairt nó reacht de chuid na hOllscoile sin), beidh téarma oifige na gcomhaltaí sin arna fhadú go dtí an dá a shonrófar amhlaidh.

(2) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo ach amháin ar iarratas ón Seanad agus maidir leis an gcomhaltas ar dháta an Achta seo a rith.

(3) Má tharlaíonn, roimh dháta ordaithe arna dhéanamh faoin alt seo, go mbeidh aon bheart gan déanamh a fhorordaítear le reachtanna Ollscoil na hÉireann maidir le hainmniú, ceapadh agus toghadh comhaltaí den Seanad ba ghá a dhéanamh mura mbeadh an t-ordú sin, measfar gur chuí gan an beart sin a dhéanamh.

Ordú a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

2. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar Acht Ollscoil na hÉireann, 1969 , a ghairm den Ac seo.