|
Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla
|
Teideal
|
Abhar Ginearálta
|
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
|
I.R. Uimh. 55 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 169) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1968.
|
Leasú na rátaí dleachta ar adhmad conaeféir 1½” agus os a chionn de ghlantiús críochnaithe, plánáilte, ach gan a thuilleadh monaraithe déanta air, agus ar ghluaisteáin lán-chóimeáilte dar bunadh Ceanada agus dar luach £1,300 nó os a chionn.
|
|
I.R. Uimh. 81 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 171) (Coipe Pholaiúratánach agus Sorndóiteoirí Breosla Sholadaigh), 1968.
|
Leasuithe áirithe ar na dleachtanna custam ar shorndóiteoirí breosla sholadaigh agus ar phíosaí d'ábhar polaiúratánach múnlaithe.
|
|
I.R. Uimh. 85 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 172) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1968.
|
Cumhacht a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála chun athrú a dhéanamh ar na rátaí dleachta ar a bhféadfaidh gnólachtaí sa tionscal cóimeála gluaisteán mótar-fheithicl lán-chóimeáilte a allmhairiú.
|
|
I.R. Uimh. 96 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 173) (Stocaí), 1968.
|
Laghdú ar an saindleacht íosta ar stocaí de shíoda nó de shnáithíní, de dhéantús an duine, dar bunadh an Ríocht Aontaithe, agus nach mó ná 50 scilling an dosaen péire a luach.
|
|
I.R. Uimh. 135 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 174) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1968.
|
An tríú laghdú ar dhleachtanna caomhnaitheacha, agus ar an airí chaomhnaitheach i ndleachtanna ioncaim, ar earraí áirithe dar bunadh an Ríocht Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála; cothabháil na tosaíochta maidir le cáin ar allmhairí i bhfabhar earraí áirithe dar bunadh Tuaisceart Éireann thar earraí den saghas céanna a allmhairítear as an Ríocht Aontaithe; lámháltas cánach áirithe a dheonú i leith téip cheallalóis agus comhlaí boinn dar bunadh Tuaisceart Éireann; laghdú a dhéanamh ar na dleachtanna allmhaire ar thoir róis, ar bhleibíní, ar thiúbair áirithe; etc., agus ar fhaibricí teicstíleacha cúitsiúicithe áirithe de réir cheanglais a ghlac an Rialtas air in iomairlí trádála Bhabhta an Chinnéidigh faoin gComhaontú Ginearálta ar Thairifí agus Trádáil; méadú ó 2,000 go dtí 3,000 cóip ar an meánteorainn díolacháin laethúil i leith díolúine ón dleacht allmhaire ar nuachtáin laethúla; athruithe eagarthóireachta ar fhoirm an cháinliosta chustam.
|
|
I.R. Uimh. 249 de 1968
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 175) (Abhar Stothach), 1968.
|
Dleacht custam a fhorchur ar ábhar stothach caitíneach áirithe.
|
|
I.R. Uimh. 250 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 176) (Sceo-Scannán Cóipeála), 1968.
|
Dleacht custam a chur ar ais ar sceoscannán cóipeála.
|
|
I.R. Uimh. 248 de 1968.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 177) (Coirc Chorónacha agus Peileanna Plaisteacha Saorga), 1968.
|
Dleacht custam a fhorchur ar choirc chorónacha áirithe ó fhoinsí seachas an Ríocht Aontaithe agus méadú ar an dleacht custam ar pheileanna plaisteacha áirithe ó fhoinsí seachas an Ríocht Aontaithe.
|