21 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2007


AN tACHT UM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

CUID 2

Leasú ar an Acht um Rialú Foirgníochta 1990

3 . Leasú ar alt 1 (léiriú) d’Acht 1990.

4 . Leasú ar alt 3 (rialacháin fhoirgníochta) d’Acht 1990.

5 . Leasú ar alt 6 (rialacháin rialaithe foirgníochta) d’Acht 1990.

6 . Leasú ar alt 7 (achomhairc) d’Acht 1990.

7 . Leasú ar Acht 1990 — ailt 7A agus 7B nua.

8 . Leasú ar alt 8 (fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990.

9 . Leasú ar alt 9 (iarratas chun na Cúirte Dúiche i ndáil le fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990.

10 . Leasú ar alt 12 (ordú ón Ard-Chúirt i ndáil le foirgnimh agus oibreacha) d’Acht 1990.

11 . Leasú ar alt 17 (pionóis) d’Acht 1990.

12 . Leasú ar Acht 1990 — ailt nua 17A agus 17B.

CUID 3

Ailtirí a Chlárú

13 . An comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 3).

14 . Ailtirí a chlárú.

15 . Náisiúnaigh as stáit áirithe eile a chlárú — na príomhearnálacha náisiúnach den sórt sin.

16 . Earnáil bhreise náisiúnach ó stáit áirithe eile atá inchláraithe.

17 . Táillí (Cuid 3).

18 . Toirmeasc ar dhuine an téarma “ailtire” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

19 . An Cláraitheoir (Cuid 3).

20 . Ainm a bhaint den chlár (Cuid 3).

21 . An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

22 . Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

23 . An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 3).

24 . An Bord Achomhairc (Cuid 3).

25 . An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 3).

26 . Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBoird Achomhairc (Cuid 3)

27 . Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 3).

CUID 4

Suirbhéirí Cainníochta a Chlárú

28 . An comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 4).

29 . Suirbhéirí cainníochta a chlárú.

30 . Náisiúnaigh as stáit eile atá cáilithe lena gclárú (Cuid 4).

31 . Táillí (Cuid 4).

32 . Toirmeasc ar dhuine an téarma “suirbhéir cainníochta” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

33 . An Cláraitheoir (Cuid 4).

34 . Ainm a bhaint den chlár (Cuid 4).

35 . An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 4).

36 . Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 4).

37 . An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 4).

38 . An Bord Achomhairc (Cuid 4).

39 . An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 4).

40 . Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhoird Achomhairc (Cuid 4).

41 . Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 4).

CUID 5

Suirbhéirí Foirgníochta a Chlárú.

42 . A comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 5).

43 . Suirbhéirí foirgníochta a chlárú.

44 . Náisiúnaigh as stáit eile atá cáilithe lena gclárú (Cuid 5).

45 . Táillí (Cuid 5).

46 . Toirmeasc ar dhuine an téarma “suirbhéir foirgníochta” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

47 . An Cláraitheoir (Cuid 5).

48 . Ainm a bhaint den chlár (Cuid 5).

49 . An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

50 . Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

51 . An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 5).

52 . An Bord Achomhairc (Cuid 5).

53 . An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 5).

54 . Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

55 . Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

CUID 6

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh

56 . Caighdeáin Iompair Ghairmiúil a bhunú.

57 . Gearáin leis an gCoiste Iompair Gairmiúil.

58 . Cinneadh an Choiste Iompair Ghairmiúil.

59 . Imeachtaí le bheith faoi phribhléid.

CUID 7

Forálacha Ilghnéitheacha

60 . Clárú sealadach faoi Theideal II den Treoir.

61 . Féadfaidh comhlacht clárúcháin cúnamh a lorg agus rialacha a dhéanamh.

62 . Féadfaidh comhlacht clárúcháin táillí a shonrú.

63 . Cáilíochtaí breise.

64 . Rialacháin.

65 . An clár a cheartú.

66 . Caiteachais de chuid comhlachtaí clárúcháin, bord agus coistí, etc.

67 . Cionta faoin Acht seo a ionchúiseamh.

68 . Luach fianaiseach sleachta as an gclár.

69 . Daoine a ainmniú chuig boird nó coistí agus toghcháin.

70 . Seilbh oifige ag comhaltaí de chuid bord, etc., arna gceapadh ag comhlacht clárúcháin.

71 . Imeachtaí ag cruinnithe de chuid bord nó coistí.

72 . Feidhmeanna i ndáil le rialacháin nó treoracha ó Chomhairle an AE nó ó Pharlaimint na hEorpa.

73 . Tuarascáil bhliantúil ó chomhlacht clárúcháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Rialú Foirgníochta 1990

1990, Uimh. 3

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

1851, Vict., c. 93

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2007


AN tACHT UM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA 1990; DO RIALÁIL ÚSÁID NA dTEIDEAL “AILTIRE”, “SUIRBHÉIR CAINNÍOCHTA” AGUS “SUIRBHÉIR FOIRGNÍOCHTA”; DO CHUR I nGNÍOMH FORÁLACHA ÁIRITHE DE THREOIR 2005/36/CE AN 7 MEÁN FÓMHAIR 2005 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE hAITHEANTAS A THABHAIRT DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Rialú Foirgníochta 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 agus 2007 a ghairm den Acht um Rialú Foirgníochta 1990 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht um Rialú Foirgníochta 1990;

ciallaíonn “tréimhse oiriúnaithe” tréimhse oiriúnaithe de cibé fad a chinnfidh an Bord Iontrála de réir na Treorach;

ciallaíonn “Bord Iontrála” Bord Iontrála arna bhunú faoi alt 13, 2842, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíochta Trádála Domhanda” an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda arna dhéanamh in Marrakesh an 15 Aibreán 1994, arna leasú nó arna fhorlíonadh le haon phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin agus atá i bhfeidhm sa Stát de thuras na huaire;

ciallaíonn “Bord Achomhairc” Bord Achomhairc arna bhunú faoi alt 24, 3852, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “ triail infheidhmeachta ” triail infheidhmeachta de cibé cineál a chinnfidh an Bord Iontrála de réir na Treorach;

ciallaíonn “Treoir” Treoir 2005/36/CE1 an 7 Meán Fómhair 2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla, arna leasú le Treoir 2006/100/CE an 20 Samhain 2006 lena n-oiriúnaítear Treoracha áirithe sa réimse saoirse gluaiseachta daoine de dheasca aontachas na Bulgáire agus na Rómáine;

ciallaíonn “Comhaontú LEE” an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna leasú de thuras na huaire;

ciallaíonn “ beart LEE” beart nó cinneadh arna dhéanamh ag an gComhchoiste faoi Chomhaontú LEE;

ciallaíonn “comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda” páirtí sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda;

ciallaíonn “Ballstát” Ballstát den Aontas Eorpach agus folaíonn sé an méid seo a leanas:

(a) ar é a bheith de cheangal ar an Stát beart LEE a chur i ngníomh ar beart é lena bhfuil éifeacht a fhreagraíonn d’éifeacht na Treorach nó aon Treorach eile arna glacadh ag institiúid den Aontas Eorpach d’fhonn aitheantas a thabhairt d’oideachas gairmiúil agus d’oiliúint ghairmiúil, Ballstát de chuid an LEE;

(b) Cónaidhm na hEilvéise;

ciallaíonn “ Ballstát de chuid an LEE ” stát (seachas Ballstát den Aontas Eorpach) is páirtí conarthach i gComhaontú LEE;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “lagfheidhmíocht ghairmiúil”, i ndáil le le gairmí cláraithe, aon mhainneachtain ar thaobh an ghairmí chláraithe na caighdeáin inniúlachta a bhféadfaí a bheith ag súil leo ó ghairmithe cláraithe a chleachtann an ghairm lena mbaineann a chomhlíonadh;

ciallaíonn “nósanna imeachta maidir le measúnú taithí phraiticiúil” nósanna imeachta faoi na hailt seo a leanas, de réir mar a éilíonn an comhthéacs—

(a) ailt 21(4) agus (5) agus 22,

(b) alt 36, nó

(c) alt 50;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “ Coiste Iompair Ghairmiúil ” Coiste Iompair Ghairmiúil arna bhunú faoi alt 23, 37, nó 51, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “mí-iompar gairmiúil”, i ndáil le gairmí cláraithe, aon ghníomh, neamhghníomh nó pátrún iompair ar thaobh an ghairmí chláraithe ar gníomh, neamhghníomh nó patrún iompair é—

(a) atá de shárú ar an gcód arna ullmhú ag an gcomhlacht clárúcháin iomchuí, nó

(b) i gcás ceadúnas, deimhniú nó clárúchán a bhaineann le cleachtadh na gairme lena mbaineann a bheith arna dhámhadh don ghairmí cláraithe ag comhlacht arna bhunú i stát seachas an Stát, atá ina shárú ar an gcaighdeán iompair nó ar an gcaighdeán a baineann le comhlíonadh ar caighdeán é a bhfuil feidhm aige maidir le duine a shealbhaíonn an ceadúnas, an deimhniú nó an clárúchán sin agus a fhreagraíonn do chaighdeán sa chód dá dtagraítear i mír (a);

ciallaíonn “gairmí cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár faoi Chuid 3, 45, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “ Cláraitheoir ” duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 19, 3347, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “ comhlacht clárúcháin ”—

(a) maidir le Cuid 3, Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann,

(b) maidir le Codanna 4 agus 5, an Cumann Suirbhéirí Cairte,

(c) maidir le Codanna 6 agus 7, gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), maidir leis an gcomhlacht sin do chomhlíonadh a fheidhmeanna chun críocha na gCodanna iomchuí;

ciallaíonn “ beart iomchuí ”—

(a) aon bheart LEE lena bhfuil éifeacht a fhreagraíonn d’éifeacht na Treorach nó aon Treorach eile arna glacadh ag institiúid den Aontas Eorpach d’fhonn aitheantas a thabhairt d’oideachas gairmiúil agus d’oiliúint ghairmiúil, agus

(b) beart atá i bhfeidhm de bhua Chomhaontú Chónaidhm na hEilvéise;

ciallaíonn “ sonraithe ”, i ndáil le táille nó le méid táille, sonraithe faoi alt 62;

ciallaíonn “ Comhaontú Chónaidhm na hEilvéise ” an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le saorghluaiseacht daoine, a síníodh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

ciallaíonn “ Bord Measúnachta Teicniúla ” Bord Measúnachta Teicniúla arna bhunú faoi alt 21, 3549, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “Eagraíocht Trádála Domhanda” an eagraíocht arna bunú faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda.

(2) Chun amhras a sheachaint, ní hé is éifeacht don mhíniú ar “gairmí cláraithe” i bhfo-alt (1) a cheangal ar aon aicme duine a thagann faoi réim an mhínithe sin a bheith ina hábhar d’aon ainmniúchán nó d’aon sonraíocht eile i rialacháin faoi Acht 1990, is ainmniúchán nó sonraíocht i leith duine nó aicme duine chun aon chríche de chuid na rialachán sin.

(3) Aon fhocal nó abairt a úsáidtear i gCuid 3, 4, 5 7 agus a úsáidtear freisin sa Treoir, tá an bhrí chéanna leis nó léi sa Chuid sin atá leis nó léi sa Treoir.

CUID 2

Leasú ar an Acht um Rialú Foirgníochta 1990

Leasú ar alt 1 (léiriú) d’Acht 1990.

3 .— Leasaítear alt 1(3) d’Acht 1990 trí “, do mhír nó d’fhomhír” a chur in ionad “nó do mhír” agus “, don mhír nó don fhomhír” a chur in ionad “nó don mhír”.

Leasú ar alt 3 (rialacháin fhoirgníochta) d’Acht 1990.

4 .— Leasaítear alt 3 d’Acht 1990 i bhfo-alt (2)—

(a) i mír (e), trí “a spreagadh;” a chur in ionad “a spreagadh; agus”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) foráil a dhéanamh maidir le cleachtais fhoirgníochta a bheadh ina gcabhair maidir le coireacht a chosc nó a bhrath; agus”

Leasú ar alt 6 (rialacháin rialaithe foirgníochta) d’Acht 1990.

5 .— Leasaítear alt 6 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (2)(a)(ii), trí “agus” a scriosadh i ndiaidh “ar géilleadh dó),”,

(b) i bhfo-alt (2)(a)(iii), trí “ar géilleadh dó),” a chur in ionad “ar géilleadh dó);”,

(c) i bhfo-alt (2)(a), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii):

“(iv) go ndéanfaidh duine (roimh an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán iomchuí a dheonú) a bheartaíonn obair a thosú ar fhoirgniú foirgnimh nó ar mhéadú nó athrú ábhartha ar fhoirgneamh fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta (dá ngairtear ‘fógra 7 lá’ san Acht seo) ar fógra é ina dtugtar fógra 7 lá ar a laghad i dtaobh é a bheith beartaithe ag an duine sin na hoibreacha sin a dhéanamh, agus á cheangal go mbeidh iarratas bailí ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán ag gabháil leis an bhfógra sin,

(v) go ndéanfaidh duine a chuireann fógra 7 lá faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, dearbhú reachtúil (dá ngairtear ‘dearbhú reachtúil i dtaobh fógra 7 lá’ san Acht seo) a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, is dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an duine sin agus á rá go bhfuil an t-iarratas ar an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán iomchuí comhlánaithe ar gach slí agus go gcomhlíonann sé na forálacha iomchuí de na rialacháin rialaithe foirgníochta, go gcomhlíonfaidh aon oibreacha arna dtosú roimh dheonú an deimhnithe sin na rialacháin foirgníochta agus go ndéanfaidh an duine, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an t-údarás rialaithe foirgníochta, aon mhodhnú a chur i gcrích ar na hoibreacha sin a cheanglaítear leis an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, nó a cheanglaítear faoi, lena n-áirítear aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis a chomhlíonadh, nuair a dheonaíonn an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann é,

(vi) i gcás ina mbeifear tar éis iarratas ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán i leith foirgneamh a fhoirgniú, nó méadú a chur le foirgneamh nó athrú ábhartha a dhéanamh air, a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta sula mbeidh cead pleanála deonaithe i leith foirgnithe, méadaithe nó athraithe den sórt sin, iarratas breise a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, má cheanglaítear sin a dhéanamh le deonú an cheada pleanála sin ina dhiaidh sin, ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán’ san Acht seo) d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh an dearadh athbhreithnithe a éireoidh as cead pleanála a dheonú (lena n-áirítear aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis) na forálacha de rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán,

(vii) i gcás ina mbeifear tar éis obair a thosú nó a chríochnú i leith foirgneamh a fhoirgniú, nó méadú a chur ar fhoirgneamh nó athrú ábhartha a dhéanamh air, agus nach mbeidh iarratas ar bith déanta ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán a éilítear faoi rialacháin rialaithe foirgníochta i leith foirgnithe den sórt sin, nó i leith méadaithe nó athraithe den sórt sin ar fhoirgneamh, iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú (‘deimhniú um thabhairt chun rialtachta’) ar iarratas é a gcuirfear na nithe seo a leanas in éineacht leis, is iad sin, líníochtaí de na hoibreacha iomchuí (mar a foirgníodh iad) agus dearbhú reachtúil ón iarratasóir ina luaitear go gcomhlíonann na hoibreacha sin na forálacha de na rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán, agus á chumasú don údarás a shonrú i ndeimhniú um thabhairt chun rialtachta nach mbeidh éifeacht leis an deimhniú um thabhairt chun rialtachta mura rud é, laistigh de 4 mhí tar éis a dheonaithe, go gcomhlíonfar aon choinníollacha a chuirfidh an t-údarás ag gabháil leis (lena n-áirítear coinníollacha maidir hoibreacha breise a dhéanamh),

(viii) go ndéanfaidh údarás rialaithe foirgníochta (sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh an ndeonóidh sé deimhniú den sórt sin) iniúchadh ar fhoirgneamh a mbeidh iarratas ar dheimhniú um thabhairt chun rialtachta curtha faoina bhráid ina leith, agus á chumasú don údarás deimhniú um thabhairt chun rialtachta a dheonú, más cuí leis, dá rogha féin, déanamh amhlaidh, ar deimhniú é ina sonrófar go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann na hoibreacha, arna bhfoirgniú de réir pleananna, doiciméad agus faisnéise a cuireadh faoi bhráid an údaráis i dteannta an iarratais ar an deimhniú, na forálacha de rialacháin fhoirgníochta a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán, ach sin faoi réir aon choinníollacha, den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (vii), a bheidh ag gabháil leis an deimhniú, a chomhlíonadh (laistigh den tréimhse 4 mhí a luaitear ansin),

(ix) iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú um chomhlíonadh i leith ceanglas faoi na rialacháin fhoirgníochta chun rochtain ar fhoirgneamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas (‘deimhniú rochtana míchumais’), agus á chumasú don údarás rialaithe foirgníochta deimhniú den sórt sin a dheonú más é a thuairim go gcomhlíonfadh dearadh an fhoirgnimh, nó an mhéadaithe nó an athraithe ábhartha air, a gcuirtear an t-iarratas faoina bhráid ina leith, na forálacha iomchuí de na rialacháin fhoirgníochta (faoi réir aon dispeansáid nó maolú iomchuí arna dheonú cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 a bheidh lamháilte),

(x) iarratas a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán’ freisin san Acht seo) nó ar dheimhniú rochtana míchumais (dá ngairtear ‘deimhniú athbhreithnithe rochtana mhíchumais’ freisin san Acht seo) más rud é go ndéantar athbhreithniú suntasach ar dhearadh nó ar oibreacha foirgnimh, nó méadaithe nó athraithe ábhartha ar fhoirgneamh, a mbeidh deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú rochtana mhíchumais deonaithe ag údarás rialaithe foirgníochta ina leith, agus

(xi) nach n-osclófar, nach n-oibreofar nó nach n-áiteofar foirgneamh nua, nó foirgneamh láithreach a mbeidh méadú nó athrú ábhartha déanta ina leith, nó nach gceadófar é a oscailt, a oibriú nó a áitiú—

(I) mura rud é go mbeidh deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú rochtana míchumais (nó, de réir mar is gá sa chás, deimhniú athbhreithnithe de cheachtar chineál) nó deimhniú um thabhairt chun rialtachta, mar a cheanglaítear le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, deonaithe ag an údarás rialaithe foirgníochta i ndáil leis an bhfoirgneamh, nó

(II) má dhéantar achomharc den sórt sin chuige, go dtí go gcinnfidh an Bord Pleanála achomharc faoi alt 7, i ndáil le diúltú aon cheann de na deimhnithe nó de na deimhnithe athbhreithnithe dá dtagraítear i gclásal (I) nó i ndáil le coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheann acu, a chinneadh;”,

(d) i bhfo-alt (2)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) foirm agus ábhar na nithe seo a leanas—

(I) deimhnithe um chomhlíonadh,

(II) iarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, ar dheimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, ar dheimhnithe rochtana míchumais agus ar dheimhnithe athbhreithnithe rochtana míchumais,

(III) gach ceann de na deimhnithe a luaitear i gclásal (II),

(IV) fógraí 7 lá agus dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá,

(V) iarratais ar dheimhnithe formheasa agus deimhnithe formheasa,”,

(e) i bhfo-alt (2)(b)(ii), trí “fógraí 7 lá, dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá, deimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhnithe um thabhairt chun rialtachta, deimhnithe rochtana míchumais, deimhnithe rátála fuinnimh foirgnimh, deimhnithe athbhreithnithe rochtana mhíchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán,”

(f) i bhfo-alt (2)(h)(ii), trí “, fógraí 7 lá, dearbhuithe reachtúla i dtaobh fógra 7 lá, deimhnithe athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhnithe um thabhairt chun rialtachta, deimhnithe rochtana mhíchumais, deimhnithe athbhreithnithe rochtana mhíchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán”,

(g) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(ha) díolmhú, in imthosca sonraithe, ó tháillí dá dtagraítear i mír (h);”,

(h) i bhfo-alt (2)(k), trí “rialacháin;” a chur in ionad “rialacháin.”,

(i) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Folaíonn tagairtí i bhf0-alt (2)(a)(iv) go (xi) d’athrú ábhartha ar fhoirgneamh tagairtí d’athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh agus, chun críocha na bhforálacha sin mar atá feidhm ach i ndáil le hathrú ábhartha den sórt sin ar úsáid, déanfar tagairtí sna forálacha sin do na nithe seo a leanas—

(a) obair,

(b) oibreacha iomchuí, nó

(c) dearadh oibreacha,

a mhéid atá siad infheidhme maidir le hathrú ábhartha ar úsáid, a fhorléiriú mar thagairtí do na nithe seo a leanas—

(i) déanamh na ngníomhartha arb é atá iontu an t-athrú ábhartha ar úsáid nó, de réir mar is cuí, na gníomhartha sin nuair a dhéantar iad, nó

(ii) i gcás tagairtí do dhearadh oibreacha, na gnéithe éagsúla den athrú ábhartha ar úsáid nó, de réir mar is cuí, aon ghné áirithe den athrú sin ar úsáid.

agus déanfar tagairtí d’fhoirgníocht oibreacha a fhorléiriú dá réir sin.”.

(j) i bhfo-alt (5), trí “, fógra 7 lá, deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú um thabhairt chun rialtachta, deimhniú rochtana míchumais, deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán” agus trí “, an fógra 7 lá, an deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú um thabhairt chun rialtachta, an deimhniú rochtana míchumais, an deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán”, agus

(k) i bhfo-alt (6), trí “, fógra 7 lá, deimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú um thabhairt chun rialtachta, deimhniú rochtana míchumais, deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais” a chur isteach i ndiaidh “i ndáil le deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán”.

Leasú ar alt 7 (achomhairc) d’Acht 1990.

6 .— Leasaítear alt 7 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (c), trí “ formheasa, nó” a chur in ionad “formheasa,”, agus

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) alt 6(2)(a)(vii), ar dheimhniú um thabhairt chun rialtachta, nó

(e) alt 6(2)(a)(ix), ar dheimhniú rochtana mhíchumais,”

agus

(b) i bhfo-alt (3), trí mhír (c) a scriosadh.

Leasú ar Acht 1990 — ailt 7A agus 7B nua.

7 .— Leasaítear Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Táillí i leith achomhairc.

7A.— (1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh An Bord Pleanála (dá ngairtear ‘an Bord’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a chinneadh go mbeidh táillí iníoctha i ndáil le hachomhairc faoi alt 7 agus, faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an duine a dhéanann an achomharc faoi alt 7 táille den sórt sin arna cinneadh amhlaidh a íoc leis an mBord ag cibé tráth a shonróidh an Bord.

(2) Folaíonn cumhacht an Bhoird i ndáil le táillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cumhacht a bheith ag an mBord—

(a) chun a chinneadh go mbeidh táillí éagsúla den sórt sin iníoctha i leith aicmí éagsúla achomhairc faoi alt 7,

(b) chun duine a dhíolmhú, i cibé imthosca a chinnfidh sé, ón gceanglas chun aon táille den sórt sin a íoc, agus

(c) i cibé imthosca a chinnfidh sé, chun aon táille den sórt sin a bheidh íoctha a mhaitheamh nó a aisíoc go hiomlán nó go páirteach,

agus ní bheidh gá le ceadú an Aire chun an chumhacht faoi mhír (b) nó (c) a fheidhmiú (ar leith ó na himthosca ina mbeidh an chumhacht infheidhmithe a chinneadh).

(3) Déanfaidh an Bord na táillí a chinnfear faoi fho-alt (1) a athbhreithniú ó am go ham, ach ar a laghad gach trí bliana, ag féachaint d’aon athrú ar an treoir-phraghas do thomhaltóirí ón tráth a cinneadh na táillí atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus féadfaidh sé na táillí a leasú chun torthaí an athbhreithnithe sin a léiriú, gan aon ghá le ceadú an Aire faoi fho-alt (1).

(4) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn ‘athrú ar an treoir-phraghas do thomhaltóirí’ an difríocht idir an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim is deireanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh dháta an chinnidh faoin alt seo agus an uimhir sin is deireanaí a foilsíodh roimh dháta an athbhreithnithe faoi fho-alt (3), arna shloinneadh mar chéatadán den uimhir is deireanaí a luadh.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an Bord táillí a chinneadh nó a leasú de réir an ailt seo, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 8 seachtain sula dtiocfaidh na táillí in éifeacht, fógra a thabhairt faoi na táillí i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát.

Foráil maidir leis an Acht seo a leasú le I.R. Uimh. 872 de 2005.

7B.— Measfar cumhacht a bheith ag an Aire riamh na rialacháin dar teideal ‘Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) 2005’ (I.R. Uimh. 872 de 2005) a dhéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972 agus, dá réir sin—

(a) measfar an leasú ar alt 3(2) a airbheartaítear a bheith déanta leis na Rialacháin sin a bheith déanta go bailí agus a bheith i ngníomh amhail ar an agus ón dáta a airbheartaíodh na Rialacháin sin a bheith déanta, agus

(b) measfar na Rialacháin um na Rialacháin Fhoirgníochta (Leasú) 2005 (I.R. Uimh. 873 de 2005) a rinneadh i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a thugtar le hailt 3 agus 18 a bheith déanta go bailí agus a bheith i ngníomh amhail ar an agus ón tráth a foráladh leis na Rialacháin sin go raibh na Rialacháin sin le teacht i ngníomh.”.

Leasú ar alt 8 (fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990.

8 .— Leasaítear alt 8(4) d’Acht 1990—

(a) i mír (b), trí “a cheanglófar san fhógra;” a chur in ionad “a cheanglófar san fhógra.”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) a cheangal ar dhuine ar a seirbheáiltear an fógra na costais agus na caiteachais arna dtabhú go réasúnach ag an údarás rialaithe foirgníochta i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe, arb iad is ábhar don fhógra, i ndáil le seirbheáil an fhógra agus i ndáil le hullmhú agus tabhairt aon rabhadh roimh sheirbheáil an fhógra, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, a íoc leis an údarás rialaithe foirgníochta,

agus, maidir leis na costais agus na caiteachais dá dtagraítear i mír (c), más rud é nach n-íoctar iad, féadfaidh an t-údarás, faoi réir alt 9 agus gan dochar d’fho-alt (8), na costais agus na caiteachais a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”.

Leasú ar alt 9 (iarratas chun na Cúirte Dúiche i ndáil le fógra forfheidhmiúcháin) d’Acht 1990.

9 .— Leasaítear alt 9 d’Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Má dhéanann an chúirt breith lena mbaineann fo-alt (3)(a) nó (b), déanfaidh sí, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don iarratasóir na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás rialaithe foirgníochta, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás—

(a) le linn láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird ag an éisteacht, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, agus

(b) sa mhéid nár aisíocadh iad de bhun na forála (más ann) den fhógra forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in alt 8(4)(c), i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe lena mbaineann an t-iarratas, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas mar a dúradh.”.

Leasú ar alt 12 (ordú ón Ard-Chúirt i ndáil le foirgnimh agus oibreacha) d’Acht 1990.

10 .— Leasaítear alt 12 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (1), trí “féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú” a chur in ionad “féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás foirgniú aon fhoirgnimh nó oibreacha lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta a bheith tosaithe nó críochnaithe agus más rud é—

(a) go gceanglaítear deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhniú rochtana míchumais nó deimhniú um thabhairt chun rialtachta a dheonú ina leith agus, maidir le foirgniú den sórt sin—

(i) go ndéantar, nó go ndearnadh, tús a chur leis gan an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta a bheith deonaithe, nó

(ii) go ndéantar, nó go ndearnadh, é a chríochnú gan an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta a bheith deonaithe,

(b) nach bhfuil fógra forfheidhmithe comhlíonta ina leith,

féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú lena gceanglófar aon déanmhas, seirbhís, feisteas nó trealamh a aistriú, a athrú nó a dhéanamh slán, nó go scoirfear d’aon oibreacha, nó lena srianfar nó lena dtoirmiscfear an foirgneamh a úsáid go dtí go mbeidh an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, an deimhniú rochtana míchumais nó an deimhniú um thabhairt chun rialtachta deonaithe agus comhlíonta, nó go dtí go mbeidh an fógra forfheidhmithe comhlíonta.”,

(c) i bhfo-alt (2), trí “agus i gcás ina ndéantar iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Cuarda” a chur in ionad “agus nuair a dhéanfar iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Má dhéanann an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda ordú faoin alt seo lena ndéantar foráil maidir le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (1A), déanfaidh sí, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine ar ina choinne nó ina coinne a dhéantar an t-ordú na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás foirgníochta lena mbaineann, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás—

(a) i ndáil leis an iarratas faoin alt seo, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, agus

(b) sa mhéid nár aisíocadh iad ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin Acht seo, i ndáil le himscrúdú agus braith na nithe lena mbaineann an t-iarratas agus i ndáil le hullmhú agus tabhairt aon rabhadh roimh dhéanamh an iarratais, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas mar a dúradh.”,

(e) i bhfo-alt (3), trí “Beidh éifeacht le haon ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo ” a chur in ionad “Beidh éifeacht le haon ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoin alt seo”, agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) (a) Mai9dir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda, déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an talamh is ábhar don iarratas suite.

(b) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda iarratas faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh i gcás nach bhfuil margadhluach na talún is ábhar don iarratas níos mó ná €3,000,000.

(c) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, chun críocha mhír (b),i ndáil le talamh nár tugadh aon mhargadhluach di nó is ábhar do mhargadhluach in éineacht le h eile, a chinneadh go mbeadh, nó nach mbeadh, an margadhluach níos mó ná €3,000,000.

(d) I gcás ina bhfuil margadhluach aon talún is ábhar d’iarratas faoin alt seo níos mó ná €3,000,000, déanfaidh an Chúirt Chuarda, má dhéanann aon duine ag a bhfuil leas sna himeachtaí iarratas chuici chuige sin, na himeachtaí a aistriú chun na hArd-Chúirte, ach beidh aon ordú nó gníomh arna dhéanamh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú bailí mura rud é go ndéanann an Ard-Chúirt é a urscaoileadh nó a athrú le hordú.

(e) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le talamh, an praghas a gheofaí i leith an fheo shimplí neamhualaithe dá mba rud é go ndíolfaí an talamh ar an margadh oscailte, sa bhliain díreach roimh thionscnamh na n-imeachtaí lena mbaineann, ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an talamh don díoltóir.”.

Leasú ar alt 17 (pionóis) d’Acht 1990.

11 .— Leasaítear alt 17 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2)(a)—

(i) trí “€5,000” a chur in ionad “£800”, agus

(ii) trí “€500” a chur in ionad “£150”,

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “€50,000” a chur in ionad “£10,000”, agus

(c) i bhfo-alt (5), trí “faoin Acht seo” a chur in ionad “lena mbaineann fo-alt (1)”.

Leasú ar Acht 1990 — ailt nua 17A agus 17B.

12 .— Leasaítear Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 17:

“Fíneálacha a íoc le húdarás rialaithe foirgníochta.

17A.— I gcás ina bhforchuireann cúirt fíneáil, nó ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh sí fíneáil a fhorchuireann cúirt eile, maidir le cion faoin Acht seo, in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás rialaithe foirgníochta, déanfaidh sí, ar iarratas ón údarás rialaithe foirgníochta (arna dhéanamh roimh an bhforchur, roimh an daingniú nó roimh an athrú sin), a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála leis an údarás rialaithe foirgníochta agus féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta an íocaíocht sin a fhorfheidhmiú amhail is dá mba rud é go mbeadh sí dlite dó ar scór foraithne nó ordaithe a dhéanann an chúirt in imeachtaí sibhialta.

Costais a ghabhann le hionchúiseamh, etc.

17B.— Tar éis duine a chiontú i gcion faoin Acht seo in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás rialaithe foirgníochta, déanfaidh an chúirt, mura rud é gur deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc leis an údarás, ar costais agus caiteachais iad arna dtabhú ag an údarás i ndáil le himscrúdú, braith agus ionchúiseamh an chiona, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

Luach fianaiseach faisnéise a stóráiltear go leictreonach.

17C.— In aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh luach fianaiseach ag deimhniú arna eisiúint ag údarás rialaithe foirgníochta ar deimhniú é a airbheartaíonn a bheith ina eischló sonraí atá stóráilte ag an údarás i bhformáid leictreonach nó sonraí atá stóráilte i bhformáid fhótagrafach nó dhigitithe nó i bhformáid nua-aimseartha eile, ar sonraí iad, i gceachtar cás, a bhaineann leis an údarás do chomhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo nó a bhaineann le haon phleananna, doiciméid nó faisnéis a chuirtear faoina bhráid faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo.”.

CUID 3

Ailtirí a Chlárú

An comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 3).

13 .— (1) Is é Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann an comhlacht clárúcháin chun críocha na Coda seo.

(2) Chun críocha na Treorach, is é an comhlacht clárúcháin an comhlacht inniúil sa Stát maidir le hailtirí.

(3) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Iontrála chun daoine a chlárú faoin gCuid seo.

(4) Is iad a bheidh ar an mBord Iontrála cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta, agus ceapfaidh an comhlacht clárúcháin na gnáthchomhaltaí mar a leanas:

(a) 3 ailtire arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach ailtirí iad.

(5) Is é nó í a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord Iontrála ná aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach, agus ceapfaidh an tAire an duine sin mar chathaoirleach.

Ailtirí a chlárú.

14 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin clár d’ailtirí (“an clár”).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) céimí de chuid na bhforas seo a leanas—

(i) Ollscoil na hÉireann,

(ii) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, nó

(iii) cibé comhlacht oideachais eile a fhorordófar,

ar céimí é nó í a bhfuil céim Baitsiléara Ailtireachta nó an Dioplóma san Ailtireacht atá ar aon chaighdeán le céim faighte aige nó aici ón bhforas sin roimh an mbliain 2005 nó a bhfuil céim Baitsiléara Ailtireachta (Onóracha), nó cibé céim, dioplóma nó cáilíocht eile a fhorordófar, faighte aige nó aici ón bhforas sin sa bhliain 2005 nó in aon bhliain dá héis agus ar céimí é nó í, i ngach cás—

(iv) a mbeidh pas faighte aige nó aici i scrúdú i gcleachtadh gairmiúil ar scrúdú é arna shonrú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii)(iii), de réir mar a bheidh, nó

(v) atá in ann a thaispeáint go bhfuil aige nó aici taithí iarchéime 7 mbliana ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais ailtire de shórt a thabharfadh teideal don duine a éileamh go ndeonóidh an comhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii) (iii), de réir mar is cuí, díolúine ón ngá le dul faoin scrúdú dá dtagraítear i gclásal (I);

(b) duine is ánra nó comhlach den chomhlacht clárúcháin ar dháta rithe an Achta seo;

(c) duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú amhlaidh de bhua alt 15 16 (a bhaineann le sealbhóirí cáilíochtaí ó stáit eile);

(d) duine ar ina leith a chuir an tAire Comhshaoil fógra i scríbhinn, dár dáta an 7 Eanáir 1997, an 13 Márta 1997 nó an 11 Meitheamh 1997 (cibé acu chuig an duine nó chuig eagraíocht a bhí ag feidhmiú thar ceann an duine san ábhar), ar fógra é inar luadh gur éirigh leis an duine ina iarratas nó ina hiarratas chun bheith ar áireamh sa liosta iomchuí;

(e) duine atá fostaithe sa Stát ar feadh 7 mbliana ar a laghad faoi mhaoirseacht ailtire (atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú faoin alt seo) agus, mar chuid de scéim feabhsúcháin shóisialaigh nó mar chuid de chúrsa tríú leibhéal páirtaimseartha, a fhaigheann deimhniú nó dioplóma de chaighdeán céime atá comhionann le haon chéim, dioplóma nó cáilíocht dá dtagraítear i mír (a) agus agus ar duine é a mbeidh pas faighte aige i scrúdú i gcleachtadh gairmiúil arna shonrú ag comhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii)(iii) den mhír sin;

(f) duine—

(i) a bhfuil 7 mbliana ar a laghad aige nó aici de thaithí phearsanta ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais ailtire,

(ii) atá 35 bliana d’aois ar a laghad, agus

(iii) a bhfuil pas faighte aige i scrúdú forordaithe maidir le hiontráil sa chlár;

(g) duine (nach duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun alt 1516)—

(i) dár dámhadh, i stát seachas

(I) Ballstát, nó

(II) tar éis comhaontú dá dtagraítear in alt 15(1)(f) a dhéanamh agus a theacht in éifeacht i ndáil le stát is comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda, an stát sin,

céim, dioplóma nó cáilíocht eile san ailtireacht, agus

(ii) atá in ann a thaispeáint go bhfuil dóthain taithí iarchéime aige nó aici ag comhlíonadh dualgas atá i gcomhréir le dualgais ailtire;

(h) duine a measúnaíodh mar dhuine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú ag an mBord Measúnachta Teicniúla de réir na nósanna imeachta maidir le measúnú taithí praiticiúla;

(i) saoránach Éireannach atá údaraithe ag an gcomhlacht clárúcháin, mar atá deimhnithe le deimhniú ón gcomhlacht clárúcháin, chun an teideal “ailtire” a úsáid de bhua ardchaighdeán a shaothair i réimse na hailtireachta (ar údarú é a chumhachtaítear don chomhlacht clárúcháin a dheonú de bhua na míre seo).

(3) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin glacadh le dearbhú reachtúil mar leorchomhlíonadh fho-alt (2)(a)(II) ag duine, ar dearbhú reachtúil é arna dhéanamh ag an duine á rá go sealbhaíonn sé nó sí an taithí dá dtagraítear san fhoráil sin.

(4) Ní réamhriachtanas comhaltas an chomhlachta clárúcháin le haghaidh clárúcháin sa chlár nó le haghaidh clárúchán a choimeád i bhfeidhm, ach beidh gach gairmí cláraithe i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht clárúcháin agus muirearófar an táille chéanna le haghaidh clárúcháin sa chlár cibé acu an comhalta den chomhlacht clárúcháin an duine áirithe nó nach ea.

(5) Maidir le haon fhorordú i leith comhlachta oideachais nó i leith aon chéime, aon dioplóma nó aon cháilíochta eile a dhámann nó a bhronnann sé, ní dhéanfar amhlaidh chun críocha fho-alt 2(a) mura rud é gur deimhin leis an Aire go soláthraítear an teagasc is gá i ngnéithe éagsúla dhisciplín na hailtireachta de réir Airteagal 46 den Treoir sa chúrsa a sholáthraíonn an comhlacht agus as a leanann dámhachtain nó bronnadh na céime, an dioplóma nó na cáilíochta eile.

(6) D’fhonn an tAire a dheimhniú dó féin nó dí féin i dtaobh an ábhair sin roimhe seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, de réir mar is cuí.

(7) I bhfo-alt (2)(d) ciallaíonn “ liosta iomchuí ” an liosta daoine a bhí molta ag an Aire lena ndeimhniú faoi théarmaí an leasaithe a bhí beartaithe ag an Stát a dhéanamh, de réir na nósanna imeachta faoin gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar Threoir 85/384/CEE2 an 10 Meitheamh 1985 ón gComhairle maidir le haitheantas cómhalartach a thabhairt do dhioplómaí, do dheimhnithe agus d’fhianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla san ailtireacht, lena n-áirítear bearta lena n-éascófar feidhmiú éifeachtach an chirt chun bunaíochta agus chun saoirse seirbhísí a sholáthar.

Náisiúnaigh as stáit áirithe eile a chlárú — na príomhearnálacha náisiúnach den sórt sin.

15 .— (1) I dteannta na ndaoine is atá cáilithe amhlaidh ar shlí eile faoin gCuid seo, tá gach náisiúnach díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) náisiúnach de chuid Ballstáit a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíocht fhoirmiúil mar ailtire, ar cáilíocht í atá liostaithe Iarscríbhinn V, pointe 5.7.1 den Treoir, a shásaíonn na coinníollacha oiliúna íosta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Treoir agus, más cuí, lena ngabhann deimhniú atá liostáilte in Iarscríbhinn V, pointe 5.7.1 den Treoir;

(b) náisiúnach de chuid Ballstáit a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíocht fhoirmiúil mar ailtire, ar cáilíocht í atá liostaithe in Iarscríbhinn VI, pointe 6 den Treoir (cibé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn sí na ceanglais oiliúna íosta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Treoir) agus lena ngabhann deimhniú ó údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an cháilíocht ar deimhniú é ina luaitear go bhfuil an duine údaraithe chun an teideal gairmiúil ailtire a úsáid, an dáta a údaraíodh dó nó di amhlaidh (ar dáta é nach déanaí ná an dáta ar leithligh de réir bhrí Airteagal 49(2) den Treoir), agus go bhfuil dualgais i gcomhréir le dualgais ailtire á gcomhlíonadh aige nó aici le 3 bliana ar a laghad as a chéile i rith na 5 bliana roimh an dáta a dámhadh an deimhniú;

(c) náisiúnach de chuid Ballstáit ar dámhadh cáilíocht i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil oibleagáid ar an Stát sin, de bhun birt iomchuí, aitheantas a thabhairt di mar cháilíocht a chomhfhreagraíonn do cháilíocht dá dtagraítear in alt 14(2).

(d) náisiúnach de chuid Ballstáit atá údaraithe, mar a fhianaítear le deimhniú ó údarás inniúil a Bhallstáit baile nó a Ballstáit baile, chun an teideal ailtire a úsáid de bhua dlí sa Bhallstát sin, lena dtugtar an chumhacht don údarás inniúil sin chun an teideal sin a dhámhadh ar náisiúnach de Bhallstát a bhfuil gradam faoi leith ag dul dó nó di as cáilíocht a chuid oibre nó a cuid oibre i réimse na hailtireachta;

(e) duine a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint ag stát, seachas Ballstát, agus lena ngabhann deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit a thug aitheantas do na cáilíochtaí, ar deimhniú é á rá gur chomhlíon an duine dualgais a bhí ar comhréir le dualgais ailtire ar feadh 3 bliana i gcríoch an Bhallstáit sin;

(f) náisiúnach nó cónaitheoir de chuid stáit ar duine é nó í ag a bhfuil teideal, de bhua an chomhaontaithe seo a leanas, aitheantas a fháil sa Stát dá cháilíochtaí nó a cáilíochtaí i réimse na hailtireachta, eadhon, comhaontú—

(i) arna dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) lena ndéantar foráil maidir leis na stáit lena mbaineann an comhaontú do thabhairt aitheantais do cháilíochtaí d’aicme a shonraítear sa chomhaontú;

(g) náisiúnach de chuid Ballstáit nach bhfuil cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár faoi aon cheann de na míreanna sin roimhe seo, ach atá cáilithe i gcomhair clárúcháin den sórt sin faoi cheann de na maoluithe ar Airteagal 46 den Treoir dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Treoir mar a leanas, eadhon—

(i) tríd an duine d’fháil oiliúna a bhí ann amhail ar an 5 Lúnasa 1985 agus arna soláthar ag ‘Fachochschulen’ i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine thar thréimhse 3 bliana, agus tréimhse 4 bliana ina diaidh sin ar tréimhse í ar lena linn a chomhlíon sé nó sí dualgais atá ar comhréir le dualgais ailtire, agus an méid sin fianaithe le deimhniú ón gcomhlachas gairmiúil a bhfuil an duine sin ar a rolla, nó

(ii) tríd an duine—

(I) a bheith fostaithe ar feadh 7 bliana ar a laghad faoi mhaoirseacht ailtire atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú faoin gCuid seo, nó atá cláraithe sa chlár,

(II) d’fháil deimhnithe nó dioplóma de chaighdeán ollscoile mar chuid de scéim feabhsúcháin shóisialaigh nó mar chuid de chúrsa páirtaimseartha tríú leibhéal, agus

(III) d’fháil pas i scrúdú i gcleachtadh ghairmiúil i mBallstát.

(2) Féadfaidh taifead ar ainm duine sa chlár de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin) a bheith faoi réir an Bord Iontrála a bheith deimhin de go bhfuil eolas ag an duine, a bhfuil iarratas á dhéanamh aige nó aici ar chlárú de bhun an fho-ailt sin, ar an bhfriotal atá riachtanach chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas ar chlárú de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin), fíorú a lorg i leith doiciméad a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(4) Aon duine atá cláraithe de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin) nó alt 16, déanfaidh sé nó sí an teideal gairmiúil “ailtire” a úsáid.

(5) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh an gcláróidh, nó nach gcláróidh, sé iarratasóir de bhun fho-alt (1) agus déanfar an cinneadh sin chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 mhí tar éis don iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe a chur faoi bhráid an Bhoird.

(6) Maidir le cibé méid d’fhorálacha an ailt seo nó alt 16 lena bhfuil éifeacht i gcásanna—

(a) inar náisiúnach de chuid Ballstáit an duine lena mbaineann,

(b) ina ndéantar aon ghníomh nó aon rud nó ina ndámtar nó ina n-eisítear aon ghníomh nó aon rud i mBallstát, nó ina ndéanann údarás inniúil de chuid Ballstáit na nithe sin, nó

(c) ina ndéantar foráil maidir le hábhar faoi dhlí Ballstáit,

déanfar, go feadh an méid a choiscfeadh téarmaí na bhforálacha sin cóir chomhionann nó aitheantas a luaitear i bhfo-alt (7) a thabhairt don duine a luaitear san fho-alt sin, iad a léamh faoi réir cibé modhnuithe a lamhálfaidh cóir chomhionann nó aitheantas a thabhairt don duine sin.

(7) (a) Is é atá sa chóir chomhionann a luaitear i bhfo-alt (6) ná an chóir chomhionann a thugtar do dhuine de theaghlach (de réir bhrí Threoir 2004/38 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) náisiúnaigh de chuid Ballstáit de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir sin.

(b) Is é atá san aitheantas a luaitear i bhfo-alt (6) ná an t-aitheantas a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2004/83/CE an 29 Aibreán 2004 ón gComhairle a thabhairt do cháilíochtaí duine is tairbhí stádais dídeanaí nó cosanta coimhdigh (de réir bhrí na Treorach).

Earnáil bhreise náisiúnach ó stáit áirithe eile atá inchláraithe.

16 .— (1) Aon duine ar mian leis nó léi a bheith cláraithe de bhua coinníollacha chun aitheantas a thabhairt dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí faoi Chaibidil I de Theideal III den Treoir a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an mBord Iontrála ar bhreith go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí iad seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Iontrálacha:

(a) fianú inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile i ndáil leis an duine sin;

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

(c) más cuí, fianaise go bhfuil dualgais atá ar comhréir le dualgais ailtire comhlíonta ag an duine, ar bhonn lánaimseartha, ar feadh 2 bhliain ar a laghad le linn na 10 mbliana roimhe sin.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála a iarraidh go gcuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina bhfuil gá le hagallamh, beidh 4 chomhalta den Bhord Iontrála ar a laghad i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Iontrála, agus féadfar a cheangal ar an iarratasóir, tar éis an agallaimh, faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na ndaoine a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht leis an iarratasóir ag an agallamh, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas arna thabhú ag an iarratasóir de bharr comhairleoir a bheith in éineacht leis nó léi amhlaidh.

(7) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas faoin alt seo, fíorú neamhspleách a lorg maidir le doiciméid a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(8) (a) Féadfaidh an Bord Iontrála a cheangal, de réir Airteagal 14 den Treoir, go ndéanfaidh duine a dhéanann iarratas faoin alt seo tréimhse oiriúnaithe suas go 3 bliana a chur i gcrích nó go ndéanfaidh sé nó sí triail infheidhmeachta.

(b) Chun na críche sin, déanfaidh an Bord Iontrála fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir á lua—

(i) go bhféadfaidh an t-iarratasóir a roghnú tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus gairtear “an 2 rogha mhalartacha” de na roghanna malartacha sin i bhfomhír (iii)),

(ii) má roghnaíonn an t-iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, go mairfidh an tréimhse cibé fad a shonraítear san fhógra,

(iii) más rud é nach roghnaíonn an t-iarratasóir ceann amháin den 2 rogha mhalartacha (agus nach gcuireann sé nó sí a chinneadh nó a cinneadh maidir leis sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord laistigh de thréimhse a shonraítear chuige sin san fhógra), go ndéanfaidh an Bord cinneadh i dtaobh an gceanglófar ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus, má chinneann an Bord a cheangal ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, beidh fad na tréimhse sin comhionann leis an bhfad a luaitear san fhógra chun críocha fhomhír (ii)), agus

(iv) más rud é, maidir leis an iarratasóir, tar éis é nó í a chlárú de bhun an ailt seo, nach ndéanfaidh sé nó sí tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích go rathúil agus triail infheidhmeachta a dhéanamh agus pas a fháil inti ar tréimhse nó triail í ar ina leith, de bhua na Treorach agus an ailt seo—

(I) a roghnaigh sé nó sí í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti, nó

(II) a cheanglaíonn an Bord Iontrála air nó uirthi í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti.

scriosfar ainm an iarratasóra as an gclár.

(9) Deimhneoidh an Bord Iontrála dó féin go bhfuil eolas ar theanga is gá chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát ag an duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo.

(10) I gcás ina gcinnfidh an Bord Iontrála—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cláraithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh sé na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú ar aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, nó

(ii) gan dochar d’fho-alt (8), gur ceart dó nó di eolas a fháil ar fhriotal is gá chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát,

déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an iarratasóir, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra arna thabhairt ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

(11) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil duine cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo agus déanfar an cinneadh chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás (ach faoi réir fho-alt (12)), laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfidh an t-iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe faoi bhráid an Bhoird.

(12) Más rud é, in imthosca áirithe an ábhair, go gcinneann an Bord Iontrála nach bhfuil sé indéanta aige an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (11) a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an iarratasóir leis an bpost cláraithe réamhíoctha, an tréimhse sin a fhadú uair amháin nó níos mó ná uair amháin (ach ní bheidh tréimhse an fhadaithe sin nó comhiomlán thréimhsí an fhadaithe sin níos faide ná mí amháin).

(13) (a) Más dealraitheach don Bhord Iontrála maidir le duine atá cláraithe sa chlár de bhun an ailt seo—

(i) nach ndearna sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8), tréimhse oiriúnaithe a chríochnú go rathúil nó nó nach ndearna sé triail infheidhmeachta agus nach bhfuair sé pas i dtriail infheidhmeachta, de réir mar a bheidh, mar atá luaite san fho-alt sin, nó

(ii) nach bhfuair sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (10)(b)(ii), eolas ar an bhfriotal a luaitear san fhoráil sin,

cinnfidh an Bord Iontrála go ndéanfar ainm an duine a scriosadh ón gclár.

(b) Má dhéanann an Bord Iontrála cinneadh den sórt sin, ordóidh sé don Chláraitheoir ainm an duine a scriosadh ón gclár; tar éis ainm an duine a scriosadh ón gclár, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

Táillí (Cuid 3).

17 .— (1) Duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a dhéanfar an t-iarratas, an táille shonraithe a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin agus, ina theannta sin, mar choinníoll a ghabhann le leanúint de bheith cláraithe, táille bhliantúil shonraithe a íoc ar dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh fógra curtha faoi dhó ag an gCláraitheoir leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh gairmí chláraithe de réir mar a thugtar sin sa chlár, á iarraidh go n-íocfar an táille bhliantúil féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é nach mbeidh an táille íoctha ag an duine laistigh de 2 mhí tar éis an dara fógra a sheoladh, ainm an duine a bhaint den chlár agus air sin cuirfidh sé nó sí fógra leis an bpost cláraithe á chur in iúl don duine nach bhfuil sé nó sí cláraithe a thuilleadh.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, i gcásanna cruatain fhíoraithe, an ceanglas maidir le táille a íoc faoin alt seo a tharscaoileadh, a ordú go bhféadfar táille de mhéid is lú ná an méid sonraithe a íoc chun críocha an ailt seo nó táille arna híoc faoin alt seo a mhaitheamh, go hiomlán nó go páirteach.

(4) I gcás ina ndéanfar ainm duine a bhaint den chlár mar gheall ar tháillí a bheith gan íoc agus go n-íocfaidh an duine na táillí gan íoc i dteannta aon táillí sonraithe eile, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a ataifeadadh sa chlár agus measfar go ndearnadh é a ataifeadadh an dáta ar baineadh den chlár é.

Toirmeasc ar dhuine an téarma “ailtire” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

18 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), aon duine—

(a) nach bhfuil cláraithe faoin gCuid seo agus a úsáideann an teideal “ailtire”, ina aonar nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, nó le haon ainm, teideal nó tuairisc, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe amhlaidh,

(b) a bhaineann úsáid, le hintinn mheabhlaireachta, as deimhniú arna eisiúint faoin gCuid seo chuig duine den sórt sin nó chuig aon duine eile,

(c) a dhéanann, nó a chuireann faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d’fhonn clárú a fháil faoin gCuid seo, nó a chabhraíonn nó a neartaíonn le gníomh den sórt sin, nó

(d) a chleachtann nó a sheolann gnó faoin aon aon ainm, stíl nó teideal ina bhfuil an focal “ailtire”, mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe faoin gCuid seo,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (1), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chomhlacht corpraithe, ar ghnólacht nó ar chomhpháirtíocht gnó a sheoladh faoi ainm, stíl nó teideal ina bhfuil an focal “ailtire” más rud é—

(a) go bhfuil an gnó, a mhéid a bhaineann sé le hailtireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú gairmí chláraithe, agus

(b) i ngach áitreabh ina seoltar an gnó dá chuid nó dá cuid a bhaineann le hailtireacht, gur gairmí cláraithe a sheolann é nó go seoltar faoi mhaoirsiú gairmí chláraithe é.

(4) Maidir le duine d’úsáid na dtéarmaí seo a leanas—

(a) “ailtire tírdhreacha”,

(b) “ailtire cabhlaigh”,

(c) “teicneoir ailtireachta”,

(d) “teicneolaí ailtireachta”

(e) “ailtire dearthóireachta istigh”, nó

(f) cibé focail eile a fhorordófar,

mar thuairisc air féin nó uirthi féin, ní hionann an úsáid sin, uaithi féin, agus sárú ar fho-alt (1).

(5) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(d) d’fho-alt (1) maidir le duine—

(a) a rinne iarratas ar chlárú faoin gCuid seo agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Iontrála nó ag an mBord Measúnachta Teicniúla, de réir mar a bheidh, maidir leis an iarratas sin (agus i gcás nach bhfuil an t-iarratas chuig an mbord lena mbaineann tarraingthe siar ag an duine),

(b) a rinne achomharc chuig an mBord Achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBord Iontrála nó ón mBord Measúnachta Teicniúla maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Achomhairc maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc tarraingthe siar ag an duine), nó

(c) a rinne achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír (b) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an Ard-Chúirt tarraingthe siar ag an duine).

(6) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le comhlacht corpraithe, gnólacht nó comhpháirtíocht, mura rud é go mbeidh cibé faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt sin, de réir mar a fhorálfar sna rialacháin sin, tugtha aige nó aici don chomhlacht clárúcháin.

(7) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar, de bhíthin amháin go bhfuil duine ar fostú ag duine eile, nach bhfuil an duine sin ag cleachtadh.

(8) San alt seo, folaíonn “gnó” aon ghnóthas a sheoltar ar tháille nó ar luaíocht nó ar lena linn a sholáthraítear seirbhísí ar shlí seachas saor in aisce.

An Cláraitheoir (Cuid 3).

19 .— (1) Ceapfaidh an comhlacht clárúcháin Cláraitheoir chun bheith freagrach as an gclár a choimeád faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin, i dteannta tuarastal nó táille a íoc leis an gCláraitheoir, pinsean a íoc leis an gCláraitheoir nó ranníocaí a dhéanamh i leith pinsean a íoc, agus féadfaidh sé liúntais agus caiteachais a íoc leis an gCláraitheoir.

(3) Beidh an clár i cibé foirm a chinnfidh an comhlacht clárúcháin, lena n-áirítear foirm leictreonach, foirm fhótagrafach nó foirm eile.

(4) I gcás iarratas a bheith déanta ag duine ar chlárú de réir na Coda seo, más deimhin leis an mBord Iontrála go bhfuil an duine i dteideal a bheith cláraithe, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina dtaifeadfar ainm duine sa chlár, cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú chuig an duine, á rá go bhfuil an duine cláraithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh duine deimhniú faoi fho-alt (5), cuirfidh an duine faoi deara láithreach an deimhniú a chur ar taispeáint san áit ina gcleachtann an duine ailtireacht gach tráth fad a leanfaidh a chlárú nó a clárú, ach ní aon tráth eile.

(7) Cinnteoidh an Cláraitheoir go gcoiméadfar an clár cothrom le dáta agus cuirfidh sé nó sí ar fáil é lena iniúchadh in oifig an Chláraitheora le linn gnáth uaireanta oibre.

(8) Déanfaidh gairmí cláraithe fógra a thabhairt don Chláraitheoir i dtaobh aon athraithe ar an ainm faoina seolann sé nó sí gnó nó ar an seoladh ag a seolann sé nó sí gnó.

Ainm a bhaint den chlár (Cuid 3).

20 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh gairmí cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, bainfidh an Cláraitheoir den chlár é.

(2) Féadfaidh duine a ndéantar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a chur ar ais sa chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, déanfaidh an Cláraitheoir an t-ainm a chur ar ais sa chlár, ach sin faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Bord Iontrála maidir leis an gcur ar ais sin.

(3) I gcás ina mbeidh gearán á imscrúdú ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6 i ndáil le duine, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aird ar aon iarratas ar ainm an duine a bhaint den chlár go dtí go mbeidh an t-imscrúdú tugtha chun críche agus go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoiste i dtaobh cén beart a bheidh le déanamh.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCoiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais sa chlár ar an bhforas go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil chun ailtireacht a chleachtadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach, fógra a chur chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh is déanaí a thugtar sa chlár ar fógra é ina gcuirfear an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine.

An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

21 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Measúnachta Teicniúla chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú sa chlár ó dhaoine nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (g) agus (i) d’alt 14(2).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Measúnachta Teicniúla cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 ailtire arna n-ainmniú ag an mbord clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach ailtirí iad.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Measúnachta Teicniúla agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

(4) Déanfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla painéal ailtirí a bhunú ar ailtirí iad a measann an Bord ina leith go bhfuil an oilteacht is gá acu chun na feidhmeanna a thugtar do chomhaltaí den phainéal faoi fho-alt (5) a chomhlíonadh.

(5) Déanfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla, i leith gach iarratais faoi alt 22, líon nach lú ná 3 de chomhaltaí an phainéil arna bhunú faoi fho-alt (4) a cheapadh—

(a) chun na doiciméid a thugtar don Bhord faoi fho-alt (2) den alt sin (agus aon fhaisnéis bhreise a thugtar dó faoi fho-alt (3) den alt sin) a scrúdú,

(b) chun an t-iarratasóir a chur faoi agallamh, agus

(c) chun a dtuairim a thabhairt don Bhord i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt sin.

Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

22 .— (1) Féadfaidh an duine seo a leanas iarratas a dhéanamh chun an Bhoird Measúnachta Teicniúla ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, eadhon, duine a bhfuil dualgais ar comhréir le dualgais ailtire á gcomhlíonadh aige nó aici ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse chomhlíonta dualgas den sórt sin a tharlaíonn ar an Acht seo a rith nó dá éis a ríomh chun críocha an fho-ailt seo).

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Measúnachta Teicniúla:

(a) curriculum vitae ina soláthrófar mionsonraí faoin obair atá déanta ag an iarratasóir i réimse na hailtireachta le linn na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

(b) faisnéis maidir le tionscadail i ndáil le gach bliain den tréimhse sin a raibh an t-iarratasóir freagrach astu, dearbhuithe i dtaobh cé hé nó hí údar na dtionscadal agus na doiciméid go léir is gá chun tacú leis an bhfaisnéis;

(c) comhad ina mbeidh 4 thionscadal ar a laghad, lena n-áirítear ábhar grafach, a raibh an t-iarratasóir freagrach astu, ar tionscadail iad a measann an t-iarratasóir ina leith gurb iad is oiriúnaí i dtaca le breithniú a dhéanamh ar a iarratas nó ar a hiarratas;

(d) cibé fíorú neamhspleách, a éileoidh an Bord Measúnachta Teicniúla le réasún, ar na doiciméid a chuirtear faoina bhráid faoin bhfo-alt seo.

(3) Féadfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin; beidh agallamh den sórt sin de bhreis ar an agallamh a sheolann comhaltaí an phainéil dá dtagraítear in alt 21(5) (agus, san alt seo, gairtear “an t-agallamh painéil” den agallamh sin is déanaí atá luaite).

(4) I gcás ina gceanglaítear agallamh a bheith ann, beidh 4 chomhalta ar a laghad den Bhord Measúnachta Teicniúla i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh painéil agus aon agallamh faoin alt seo a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh comhaltaí an agallaimh painéil nó an Bord Measúnachta Teicniúla, de réir mar is cuí, agus féadfar, i ndiaidh an agallaimh, a éileamh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na gcomhaltaí a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh painéil agus ag aon agallamh faoin alt seo, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas a thabhóidh an t-iarratasóir i gcás an comhairleoir gairmiúil sin a bheith in éineacht leis nó léi.

(7) Úsáidfidh an Bord Measúnachta Teicniúla na critéir seo a leanas le linn measúnacht a dhéanamh faoin alt seo:

(a) cibé acu a bhí nó nach raibh an t-iarratasóir ag comhlíonadh dualgas ar comhréir le dualgais ailtire ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

(b) cibé acu a bhí nó nach raibh an obair a cuireadh faoina bhráid comhionann le hobair ailtire, ag féachaint dá scála, dá castacht agus dá cáilíocht;

(c) cibé acu is féidir, nó nach féidir, leis an iarratasóir a thaispeáint go bhfuil na hinniúlachtaí a shonraítear in Airteagal 46 den Treoir aige nó aici;

(d) cibé acu a rinne nó nach ndearna an t-iarratasóir an obair a cuireadh faoi bhráid an Bhoird, agus, más rud é nárbh é nó í an t-iarratasóir a bhí freagrach aisti go hiomlán, cén leibhéal freagrachta as an obair, ar thaobh an iarratasóra, a d’fhéadfaí a shuíomh,

agus, ina theannta sin, tabharfaidh sé aird ar thuairim na n-ailtirí dá dtagraítear in alt 21(5) i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo (ach ní bheidh an tuairim sin ina ceangal ar an mBord).

(8) I gcás ina gcinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, cuirfidh an cathaoirleach an méid sin in iúl don Bhord Iontrála agus déanfaidh an Bord Iontrála na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir láithreach, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 3).

23 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”).

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste cathaoirleach agus 11 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 5 ailtire a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 6 dhuine nach ailtirí iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 5 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoiste agus ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, é nó í mar chathaoirleach.

An Bord Achomhairc (Cuid 3).

24 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Achomhairc.

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus 5 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 2 ailtire arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, agus ní comhalta d’aon Bhord nó Coiste eile arna bhunú faoin gCuid seo aon duine acu;

(b) 3 dhuine nach ailtirí iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 2 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

agus ní comhalta d’aon Bhord nó d’aon Choiste eile a bhunaítear faoin gCuid seo aon duine acu.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 3).

25 .— (1) Féadfaidh aon duine a ndéanfar difear dó nó dí mar gheall ar chinneadh arna thabhairt ag an mBord Iontrála, ag an mBord Measúnachta Teicniúla nó ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar achomharc agus taiscfear é leis an mBord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhéantar an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne.

(3) Sonrófar san achomharc cé n cinneadh lena mbaineann an t-achomharc agus na forais a bhfuil an t-achomharc bunaithe orthu.

(4) Féadfaidh achomharc a bheith bunaithe ar nithe a bhaineann le nós imeachta nó ar nithe substainteacha.

(5) Féadfaidh duine, aon tráth sula n-éistfear an t-achomharc, an t-achomharc a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach trína chur in iúl i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc á tharraingt siar.

(6) Maidir le finné ag éisteacht arna seoladh ag an mBord Achomhairc, tá na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(7) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) a ordú i scríbhinn d’achomharcóir freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán,

(b) a ordú i scríbhinn d’aon duine eile, a n-éileoidh an Bord Achomhairc a fhianaise nó a fianaise, freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán, agus féadfaidh sé nó sí a ordú don duine aon doiciméad a thabhairt atá i seilbh an duine agus a bhaineann leis an achomharc,

(c) a iarraidh ar an mBord iomchuí nó ar an gCoiste iomchuí a bhfuil achomharc á dhéanamh i gcoinne a chinnidh aon doiciméid atá ina sheilbh agus a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird, mar aon lena thuairimí i dtaobh an achomhairc,

(d) aon ordachán eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí, ar ordachán é is dealraitheach don chathaoirleach a bheith cóir agus réasúnach.

(8) Déanfar socrú le nósanna imeachta an Bhoird Achomhairc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt don achomharcóir agus do chathaoirleach an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí i ndáil leis an dáta, leis an tráth agus leis an áit le haghaidh shuí an Bhoird Achomhairc,

(b) ceart an achomharcóra maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di—

(i) a bheith i láthair ag suí an Bhoird Achomhairc, agus

(ii) a chás nó a cás a chur i láthair go pearsanta nó, ar a chostas nó ar a costas féin, trí ionadaí dlíthiúil,

(c) finnéithe a cheistiú,

(d) cinneadh ón mBord Achomhairc i dtaobh an ceart nó nach ceart fianaise a thabhairt faoi mhionn,

(e) imeachtaí a thaifeadadh.

(9) Tar éis achomharc a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an mBord Achomhairc,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt.

(10) Tabharfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc fógra—

(a) don achomharcóir i scríbhinn, arna chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig seoladh sonraithe an achomharcóra, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis, agus déanfaidh sé nó sí freisin an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl don achomharcóir,

(b) don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí a ndearnadh an t-achomharc i gcoinne a chinnidh maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis,

(c) i gcás inarbh é nó í an t-achomharcóir an duine a thaisc an gearán leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6, don ailtire cláraithe ar ina leith a rinneadh an gearán, agus déanfar an cinneadh a rinneadh ar an achomharc, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a lua san fhógra.

Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBoird Achomhairc (Cuid 3)

26 .— (1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh cinneadh ón mBord Achomhairc dochar dó nó di achomharc a dhéanamh, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an chinnidh sin, chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.

(2) Tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt—

(a) cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an gCúirt,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord Achomhairc cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí leis an gCúirt,

agus féadfaidh an Chúirt a ordú conas a iomprófar costais an achomhairc.

(3) Tar éis achomharc faoin alt seo i gcoinne chinneadh ón mBoird Achomhairc i ndáil le cinneadh ón gCoiste Iompair Ghairmiúil a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt fianaise a ghlacadh ó aon duine ag a bhfuil seasamh i ngairm na hailtireachta i dtaobh céard é mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 3).

27 .— (1) Más rud é go mainneoidh an Bord Iontrála—

(a) cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) d’alt 15 a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, nó

(b) cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (11) d’alt 16

(i) a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, mura rud é go bhfuil feidhm ag fomhír (ii), nó

(ii) más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin faoi fho-alt (12) d’alt 16, a dhéanamh laistigh de thréimhse an fhadaithe sin (nó a dhéanamh laistigh den tréimhse dheireanach den fhadú sin más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin níos mó ná aon uair amháin faoin bhfo-alt (12) sin),

féadfaidh an t-iarratasóir dá dtagraítear in alt 1516 gearán a dhéanamh leis an mBord Achomhairc gur tharla an mhainneachtain sin.

(2) Tar éis gearán den sórt sin a éisteacht agus tar éis deis a thabhairt don Bhord Iontrála éisteacht a fháil, féadfaidh an Bord Achomhairc, de réir mar is cuí leis—

(a) ordachán a thabhairt don Bhord Iontrála an cinneadh lena mbaineann a dhéanamh láithreach, nó

(b) cinneadh a dhéanamh é féin maidir leis an iarratas lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 1516 (agus i gcás ina ndéanfaidh an Bord Achomhairc amhlaidh beidh feidhm ag alt 26 maidir leis an gcinneadh sin mar atá feidhm aige maidir le haon chinneadh eile ón Bord Achomhairc).

CUID 4

Suirbhéirí Cainníochta a Chlárú

An comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 4).

28 .— (1) Is é an Cumann Suirbhéirí Cairte an comhlacht clárúcháin chun críocha na Coda seo.

(2) Chun críocha na Treorach, is é an comhlacht clárúcháin an t-údarás inniúil sa Stát maidir le suirbhéirí cainníochta.

(3) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Iontrála chun daoine a chlárú faoin gCuid seo.

(4) Is iad a bheidh ar an mBord Iontrála cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir cainníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), (e) agus (f) d’alt 29(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí cainníochta iad.

(5) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Iontrála agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Suirbhéirí cainníochta a chlárú.

29 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin clár do shuirbhéirí cainníochta (“an clár”).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) céimí de chuid na bhforas seo a leanas—

(i) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(ii) Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, nó

(iii) cibé comhlachta oideachais eile a fhorordófar,

ar céimí é nó í a fuair cáilíocht díobh seo a leanas ón institiúid nó ón bhforas sin—

(iv) in aon bhliain roimh an mbliain 2005, dioplóma dá ngairtear an Dioplóma Eacnamaíochta Foirgníochta nó céim Bhaitsiléara sa tSuirbhéireacht Chainníochta,

(v) sa bhliain 2005 nó in aon bhliain dá héis, céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta in Eacnamaíocht agus i mBainistíocht Foirgníochta nó céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta san Eacnamaíocht Foirgníochta (Suirbhéireacht Chainníochta), nó

(vi) cibé céim, dioplóma nó cáilíocht eile a fhorordófar.

agus ag a bhfuil, i ngach cás, taithí chuí 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(b) ánra nó comhlach den Chumann Suirbhéirí Cairte, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta;

(c) ánra nó comhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta ag a bhfuil taithí phraiticiúil 3 bliana ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(d) iaránra nó iarchomhalta den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta (atá cumaiscthe anois leis an Institiúid Cairte Foirgníochta), ag a bhfuil taithí phraiticiúil 5 bliana ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(e) ánra nó comhalta de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí phraiticiúil 5 bliana ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(f) ánra nó comhalta den Institiúid Suirbhéirí Innealtóireachta Sibhialta ag a bhfuil taithí phraiticiúil 5 bliana ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(g) duine a fuair céim Bhaitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Chainníochta an 1 Eanáir 2001 nó dá éis agus roimh an mbliain 2005 nó a fuair céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta in Eacnamaíochta Foirgníochta (Suirbhéireacht Chainníochta) sa bhliain 2005 nó aon bhliain dá héis agus atá rollaithe mar ánra nó mar chomhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta, den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta, de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta nó den Institiúid Suirbhéirí Innealtóireachta Sibhialta agus ag a bhfuil, i ngach cás, taithí phraiticiúil 3 bliana ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(h) duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú amhlaidh de bhua alt 30 (a bhaineann le sealbhóirí cáilíochtaí ó stáit eile);

(i) náisiúnach nó cónaitheach de chuid stáit ar duine é nó í atá i dteideal, de bhua an chomhaontaithe seo a leanas, aitheantas a fháil sa Stát dá cháilíocht nó dá cáilíocht sa réimse suirbhéireachta cainníochta, eadhon, comhaontú—

(i) arna dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) lena ndéantar foráil maidir leis na stáit lena mbaineann an comhaontú do thabhairt aitheantais do cháilíochtaí d’aicme a shonraítear sa chomhaontú;

(j) náisiúnach de chuid Ballstáit dár dámhadh cáilíocht i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil oibleagáid ar an Stát ina leith, de bhun birt iomchuí, aitheantas a thabhairt di mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht dá dtagraítear i mír (a);

(k) duine (nach duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun alt 30)—

(i) dár dámhadh céim, dioplóma nó cáilíocht eile sa tsuirbhéireacht chainníochta i stát seachas Ballstát nó stát is comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) atá in ann a thaispeáint go bhfuil dóthain taithí iarchéime aige ní aici ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta;

(l) duine a measúnaíodh a bheith cáilithe lena chlárú nó lena clárú ag an mBord Measúnachta Teicniúla de réir na nósanna imeachta maidir le measúnú taithí praiticiúla.

(3) Ní réamhriachtanas é comhaltas an chomhlachta clárúcháin le haghaidh clárúcháin sa chlár nó le haghaidh clárúcháin a choimeád i bhfeidhm agus muirearófar an táille chéanna le haghaidh clárúcháin sa chlár cibé acu an comhalta den chomhlacht clárúcháin an duine áirithe nó nach ea.

(4) Maidir le haon fhorordú i leith comhlachta oideachais nó i leith aon chéime, aon dioplóma nó aon cháilíochta eile a dhámhann sé nó a bhronnann sé, ní dhéanfar amhlaidh chun críocha críocha fho-alt (2)(a) mura rud é gur deimhin leis an Aire go soláthraítear an teagasc is gá i ngnéithe éagsúla dhisciplín na suirbhéireachta cainníochta sa chúrsa a sholáthraíonn an comhlacht agus as a leanann dámhachtain nó bronnadh na céime, an dioplóma nó na cáilíochta eile.

(5) D’fhonn an tAire a dheimhniú dó féin nó di féin i dtaobh an ábhair sin roimhe seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna de réir mar is cuí.

Náisiúnaigh as stáit eile atá cáilithe lena gclárú (Cuid 4).

30 .— (1) Aon duine ar mian leis nó léi a bheith cláraithe de bhua coinníollacha chun aitheantas a thabhairt dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí faoi Chaibidil I de Theideal III den Treoir a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an mBord Iontrála ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Iontrála:

(a) fianú inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile i ndáil leis an duine sin;

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

(c) más cuí, fianaise go bhfuil dualgais atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta comhlíonta ag an duine, ar bhonn lánaimseartha, ar feadh 2 bhliain ar a laghad le linn na 10 mbliana roimhe sin.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála a iarraidh go gcuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina bhfuil gá le hagallamh, beidh 4 chomhalta den Bhord Iontrála ar a laghad i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Iontrála, agus féadfar a cheangal ar an iarratasóir, tar éis an agallaimh, faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na ndaoine a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó is í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas arna thabhú ag an iarratasóir de bharr comhairleoir a bheith in éineacht leis nó lé amhlaidh.

(7) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas faoin alt seo, fíorú neamhspleách a lorg maidir le doiciméid a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(8) (a) Féadfaidh an Bord Iontrála a cheangal, de réir Airteagal 14 den Treoir, go ndéanfaidh duine a dhéanann iarratas faoin alt seo tréimhse oiriúnaithe suas go 3 bliana a chur i gcrích nó go ndéanfaidh sé nó sí triail infheidhmeachta.

(b) Chun na críche sin, déanfaidh an Bord Iontrála fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir á lua—

(i) go bhféadfaidh an t-iarratasóir a roghnú tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus gairtear “an 2 rogha mhalartacha” de na roghanna malartacha sin i bhfomhír (iii)),

(ii) má roghnaíonn an t-iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, go mairfidh an tréimhse cibé fad a shonraítear san fhógra,

(iii) más rud é nach roghnaíonn an t-iarratasóir ceann amháin den 2 rogha mhalartacha (agus nach gcuireann sé nó sí a chinneadh nó a cinneadh maidir leis sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord laistigh de thréimhse a shonraítear chuige sin san fhógra), go ndéanfaidh an Bord cinneadh i dtaobh an gceanglófar ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus, má chinneann an Bord a cheangal ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, beidh fad na tréimhse sin comhionann leis an bhfad a luaitear san fhógra chun críocha fhomhír (ii)), agus

(iv) más rud é, maidir leis an iarratasóir, tar éis é nó í a chlárú de bhun an ailt seo, nach ndéanfaidh sé nó sí tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích go rathúil agus triail infheidhmeachta a dhéanamh agus pas a fháil inti ar tréimhse nó triail í ar ina leith, de bhua na Treorach agus an ailt seo—

(I) a roghnaigh sé nó sí í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti, nó

(II) a cheanglaíonn an Bord Iontrála air nó uirthi í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti.

scriosfar ainm an iarratasóra as an gclár.

(9) Deimhneoidh an Bord Iontrála dó féin, maidir leis an duine a dhéanann iarratas faoin alt seo, go bhfuil eolas ar fhriotal aige nó aici is gá chun suirbhéireacht chainníochta a chleachtadh sa Stát.

(10) I gcás ina gcinnfidh an Bord Iontrála—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh sé na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chláraithe is infheidhme a íoc, nó

(b) maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, nó

(ii) gan dochar d’fho-alt (8), gur ceart dó nó di eolas ar fhriotal a fháil is gá chun suirbhéireacht chainníochta a chleachtadh sa Stát,

déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an iarratasóir, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

(11) Aon duine atá cláraithe de bhun an ailt seo—

(a) úsáidfidh sé nó sí an teideal gairmiúil — “suirbhéir cainníochta”, agus

(b) mura rud é gur comhalta é nó í de chomhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 den Treoir, ní thabharfaidh sé nó sí le fios go sainráite, nó ní thabharfaidh sé nó sí le tuiscint trí aon fhocail nó litreacha a úsáid, gur comhalta é nó í den chomhlacht sin.

(12) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil duine cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo agus déanfar an cinneadh chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás (ach faoi réir fho-alt (13)), laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfidh an t-iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe faoi bhráid an Bhoird.

(13) Más rud é, in imthosca áirithe an ábhair, go gcinneann an Bord Iontrála nach bhfuil sé indéanta aige an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an iarratasóir leis an bpost cláraithe réamhíoctha, an tréimhse sin a fhadú uair amháin nó níos mó ná uair amháin (ach ní bheidh tréimhse an fhadaithe sin nó comhiomlán thréimhsí an fhadaithe sin níos faide ná mí amháin).

(14) (a) Más dealraitheach don Bhord Iontrála maidir le duine atá cláraithe sa chlár de bhun an ailt seo—

(i) nach ndearna sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8), tréimhse oiriúnaithe a chríochnú go rathúil nó nó nach ndearna sé triail infheidhmeachta agus nach bhfuair sé pas i dtriail infheidhmeachta, de réir mar a bheidh, mar atá luaite san fho-alt sin, nó

(ii) nach bhfuair sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (10)(b)(ii), eolas ar an bhfriotal a luaitear san fhoráil sin,

cinnfidh an Bord Iontrála go ndéanfar ainm an duine a scriosadh ón gclár.

(b) Má dhéanann an Bord Iontrála cinneadh den sórt sin, ordóidh sé don Chláraitheoir ainm an duine a scriosadh ón gclár; tar éis ainm an duine a scriosadh ón gclár, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(15) Maidir le cibé méid d’fhorálacha an ailt seo lena bhfuil éifeacht i gcásanna—

(a) inar náisiúnach de chuid Ballstáit an duine lena mbaineann,

(b) ina ndéantar aon ghníomh nó aon rud nó ina ndámhtar nó ina n-eisítear aon ghníomh nó aon rud i mBallstát, nó ina ndéanann údarás inniúil de chuid Ballstáit na nithe sin, nó

(c) ina ndéantar foráil maidir le hábhar faoi dhlí Ballstáit,

déanfar, go feadh an méid a choiscfeadh téarmaí na bhforálacha sin cóir chomhionann nó aitheantas a luaitear i bhfo-alt (16) a thabhairt don duine a luaitear san fho-alt sin, iad a léamh faoi réir cibé modhnuithe a lamhálfaidh cóir chomhionann nó aitheantas a thabhairt don duine sin.

(16) (a) Is é atá sa chóir chomhionann a luaitear i bhfo-alt (15) ná an chóir chomhionann a thugtar do dhuine de theaghlach (de réir bhrí Threoir 2004/38 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) náisiúnaigh de chuid Ballstáit de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir sin.

(b) Is é atá san aitheantas a luaitear i bhfo-alt (15) ná an t-aitheantas a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2004/83/CE an 29 Aibreán 2004 ón gComhairle a thabhairt do cháilíochtaí duine is tairbhí stádais dídeanaí nó cosanta coimhdigh (de réir bhrí na Treorach).

Táillí (Cuid 4).

31 .— (1) Duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a dhéanfar an t-iarratas, an táille shonraithe a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin agus, ina theannta sin, mar choinníoll a ghabhann le leanúint de bheith cláraithe, táille bhliantúil shonraithe a íoc ar dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh fógra curtha faoi dhó ag an gCláraitheoir leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh gairmí chláraithe de réir mar a thugtar sin sa chlár, á iarraidh go n-íocfar an táille bhliantúil féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é nach mbeidh an táille íoctha ag an duine laistigh de 2 mhí tar éis an dara fógra a sheoladh, ainm an duine a bhaint den chlár agus air sin cuirfidh sé nó sí fógra leis an bpost cláraithe á chur in iúl don duine nach bhfuil sé nó sí cláraithe a thuilleadh.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, i gcásanna cruatain fhíoraithe, an ceanglas maidir le táille a íoc faoin alt seo a tharscaoileadh, a ordú go bhféadfar táille de mhéid is lú ná an méid sonraithe a íoc chun críocha an ailt seo nó táille arna híoc faoin alt seo a mhaitheamh, go hiomlán nó go páirteach.

(4) I gcás ina ndéanfar ainm duine a bhaint den chlár mar gheall ar tháillí a bheith gan íoc agus go n-íocfaidh an duine na táillí gan íoc i dteannta aon táillí sonraithe eile, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a ataifeadadh sa chlár agus measfar go ndearnadh é a ataifeadadh an dáta ar baineadh den chlár é.

Toirmeasc ar dhuine an téarma “suirbhéir cainníochta” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

32 .— (1) Aon duine—

(a) nach bhfuil cláraithe faoin gCuid seo agus a úsáideann an teideal “suirbhéir cainníochta”, ina aonar nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, nó aon ainm, teideal nó tuairisc, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe amhlaidh,

(b) a bhaineann úsáid, le hintinn mheabhlaireachta, as deimhniú arna eisiúint faoin gCuid seo chuig duine den sórt sin nó chuig aon duine eile,

(c) a dhéanann, nó a chuireann faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d’fhonn clárú a fháil faoin gCuid seo, nó a chabhraíonn nó a neartaíonn le gníomh den sórt sin, nó

(d) a chleachtann nó a sheolann gnó faoin aon aon ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir cainníochta”, mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe faoin gCuid seo,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (1), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chomhlacht corpraithe, ar ghnólacht nó ar chomhpháirtíocht gnó a sheoladh faoi ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir cainníochta” más rud é—

(a) go bhfuil an gnó, a mhéid a bhaineann sé le hailtireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú gairmí chláraithe, agus

(b) i ngach áitreabh ina seoltar an gnó dá chuid nó dá cuid a bhaineann le suirbhéireacht chainníochta, gur gairmí cláraithe a sheolann é nó go seoltar faoi mhaoirsiú gairmí chláraithe é.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(d) d’fho-alt (1) maidir le duine—

(a) a rinne iarratas ar chlárú faoin gCuid seo agus, ar ina leith, nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Iontrála nó ag an mBord Measúnachta Teicniúla, de réir mar a bheidh, maidir leis an iarratas sin (agus i gcás nach bhfuil an t-iarratas chuig an mbord lena mbaineann tarraingthe siar ag an duine),

(b) a rinne achomharc chuig an mBord Achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBord Iontrála nó ón mBord Measúnachta Teicniúla maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Achomhairc maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc tarraingthe siar ag an duine), nó

(c) a rinne achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír (b) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an Ard-Chúirt tarraingthe siar ag an duine).

(5) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le comhlacht corpraithe, gnólacht nó comhpháirtíocht, mura rud é go mbeidh cibé faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt sin, de réir mar a fhorálfar sna rialacháin sin, tugtha aige nó aici don chomhlacht clárúcháin.

(6) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar, de bhíthin amháin go bhfuil duine ar fostú ag duine eile, nach bhfuil an duine sin ag cleachtadh.

(7) San alt seo, folaíonn “gnó” aon ghnóthas a sheoltar ar tháille nó ar luaíocht nó ar lena linn a sholáthraítear seirbhísí ar shlí seachas saor in aisce.

An Cláraitheoir (Cuid 4).

33 .— (1) Ceapfaidh an comhlacht clárúcháin Cláraitheoir chun bheith freagrach as an gclár a choimeád faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin, i dteannta tuarastal nó táille a íoc leis an gCláraitheoir, pinsean a íoc leis an gCláraitheoir nó ranníocaí a dhéanamh i leith pinsean a íoc, agus féadfaidh sé liúntais agus caiteachais a íoc leis an gCláraitheoir.

(3) Beidh an clár i cibé foirm a chinnfidh an comhlacht clárúcháin, lena n-áirítear foirm leictreonach, foirm fhótagrafach nó foirm eile.

(4) I gcás iarratas a bheith déanta ag duine ar chlárú de réir na Coda seo, más deimhin leis an mBord Iontrála go bhfuil an duine i dteideal a bheith cláraithe, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina dtaifeadfar ainm duine sa chlár, cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú chuig an duine, á rá go bhfuil an duine cláraithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh duine deimhniú faoi fho-alt (5), cuirfidh an duine faoi deara láithreach an deimhniú a chur ar taispeáint san áit ina gcleachtann an duine suirbhéireacht chainníochta gach tráth fad a leanfaidh a chlárú nó a clárú, ach ní aon tráth eile.

(7) Cinnteoidh an Cláraitheoir go gcoiméadfar an clár cothrom le dáta agus cuirfidh sé nó sí ar fáil é lena iniúchadh in oifig an Chláraitheora le linn gnáthuaireanta oibre.

(8) Déanfaidh gairmí cláraithe fógra a thabhairt don Chláraitheoir i dtaobh aon athraithe ar an ainm faoina seolann sé nó sí gnó nó ar an seoladh ag a seolann sé nó sí gnó.

Ainm a bhaint den chlár (Cuid 4).

34 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh gairmí cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, bainfidh an Cláraitheoir den chlár é.

(2) Féadfaidh duine a ndéantar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a chur ar ais sa chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, déanfaidh an Cláraitheoir an t-ainm a chur ar ais sa chlár, ach sin faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Bord Iontrála maidir leis an gcur ar ais sin.

(3) I gcás ina mbeidh gearán á imscrúdú ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6 i ndáil le duine, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aird ar aon iarratas ar ainm an duine a bhaint den chlár go dtí go mbeidh an t-imscrúdú tugtha chun críche agus go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoiste i dtaobh cén beart a bheidh le déanamh.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCoiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais sa chlár ar an bhforas go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil chun suirbhéireacht chainníochta a chleachtadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach, fógra a chur chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh is déanaí a thugtar sa chlár ar fógra é ina gcuirfear an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine.

An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 4).

35 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Measúnachta Teicniúla chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú sa chlár ó dhaoine nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (k) d’alt 29(2).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Measúnachta Teicniúla cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir chainníochta arna n-ainmniú ag an mbord clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), (e) agus (f) d’alt 29(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí cainníochta iad.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Measúnachta Teicniúla agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 4).

36 .— (1) Féadfaidh gach duine acu seo a leanas iarratas a dhéanamh chuig an mBord Measúnachta Teicniúla ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhua an ailt seo:

(a) duine—

(i) a bhí, an 1 Eanáir 2001, ina chomhalta nó ina comhalta neamhchorpraithe den Fhoras Cairte Foirgníochta, den Fhoras Ailtireachta agus Suirbhéireachta (atá cumaiscthe anois leis an bhForas Cairte Foirgníochta), den Chomhlachas Innealtóirí Foirgníochta nó den Institiúid Suirbhéirí Innealtóireachta Sibhialta, agus

(ii) atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta ar feadh tréimhse 8 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na fomhíre seo);

(b) duine atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara cainníochta ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na míre seo).

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Measúnachta Teicniúla:

(a) curriculum vitae ina soláthrófar mionsonraí faoin obair atá déanta ag an iarratasóir i réimse na suirbhéireachta cainníochta le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(ii) nó, de réir mar a bheidh, i mír (b) d’fho-alt (1);

(b) cibé fíorú neamhspleách, a éileoidh an Bord Measúnachta Teicniúla, ar na doiciméid a chuirtear faoina bhráid amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina gceanglaítear agallamh a bheith ann, beidh 4 chomhalta ar a laghad den Bhord Measúnachta Teicniúla i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla agus féadfar, i ndiaidh an agallaimh, a éileamh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na gcomhaltaí a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas a thabhóidh an t-iarratasóir i gcás an comhairleoir gairmiúil sin a bheith in éineacht leis nó léi.

(7) I gcás ina gcinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, cuirfidh an cathaoirleach an méid sin in iúl don Bhord Iontrála agus déanfaidh an Bord Iontrála na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir láithreach, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 4).

37 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”).

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste cathaoirleach agus 11 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 5 shuirbhéir chainníochta a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), (e) agus (f) d’alt 29(2);

(b) 6 dhuine nach suirbhéirí cainníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 5 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoiste agus ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, é nó í mar chathaoirleach.

An Bord Achomhairc (Cuid 4).

38 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Achomhairc.

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus 5 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 2 shuirbhéir chainníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), (e) agus (f) d’alt 29(2), agus ní comhalta d’aon Bhord nó Coiste eile arna bhunú faoin gCuid seo aon duine acu;

(b) 3 dhuine nach suirbhéirí cainníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 2 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

agus ní comhalta d’aon Bhord nó d’aon Choiste eile a bhunaítear faoin gCuid seo aon duine acu.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 4).

39 .— (1) Féadfaidh aon duine a ndéanfar difear dó nó dí mar gheall ar chinneadh arna thabhairt ag an mBord Iontrála, ag an mBord Measúnachta Teicniúla nó ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar achomharc agus taiscfear é leis an mBord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhéantar an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne.

(3) Sonrófar san achomharc cé n cinneadh lena mbaineann an t-achomharc agus na forais a bhfuil an t-achomharc bunaithe orthu.

(4) Féadfaidh achomharc a bheith bunaithe ar nithe a bhaineann le nós imeachta nó ar nithe substainteacha.

(5) Féadfaidh duine, aon tráth sula n-éistfear an t-achomharc, an t-achomharc a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach trína chur in iúl i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc á tharraingt siar.

(6) Maidir le finné ag éisteacht arna seoladh ag an mBord Achomhairc, tá na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(7) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) a ordú i scríbhinn d’achomharcóir freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán,

(b) a ordú i scríbhinn d’aon duine eile, a n-éileoidh an Bord Achomhairc a fhianaise nó a fianaise, freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán, agus féadfaidh sé nó sí a ordú don duine aon doiciméad a thabhairt atá i seilbh an duine agus a bhaineann leis an achomharc,

(c) a iarraidh ar an mBord iomchuí nó ar an gCoiste iomchuí a bhfuil achomharc á dhéanamh i gcoinne a chinnidh aon doiciméid atá ina sheilbh agus a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird, mar aon lena thuairimí i dtaobh an achomhairc,

(d) aon ordachán eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí, ar ordachán é is dealraitheach don chathaoirleach a bheith cóir agus réasúnach.

(8) Déanfar socrú le nósanna imeachta an Bhoird Achomhairc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt don achomharcóir agus do chathaoirleach an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí i ndáil leis an dáta, leis an tráth agus leis an áit le haghaidh shuí an Bhoird Achomhairc,

(b) ceart an achomharcóra maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di—

(i) a bheith i láthair ag suí an Bhoird Achomhairc, agus

(ii) a chás nó a cás a chur i láthair go pearsanta nó, ar a chostas nó ar a costas féin, trí ionadaí dlíthiúil,

(c) finnéithe a cheistiú,

(d) cinneadh ón mBord Achomhairc i dtaobh an ceart nó nach ceart fianaise a thabhairt faoi mhionn,

(e) imeachtaí a thaifeadadh.

(9) Tar éis achomharc a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an mBord Achomhairc,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt.

(10) Tabharfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc fógra—

(a) don achomharcóir i scríbhinn, arna chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig seoladh sonraithe an achomharcóra, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis, agus déanfaidh sé nó sí freisin an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl don achomharcóir,

(b) don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí a ndearnadh an t-achomharc i gcoinne a chinnidh maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis,

(c) i gcás inarbh é nó í an t-achomharcóir an duine a thaisc an gearán leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6, don suirbhéir cainníochta cláraithe ar ina leith a rinneadh an gearán, agus déanfar an cinneadh a rinneadh ar an achomharc, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a lua san fhógra.

Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhoird Achomhairc (Cuid 4).

40 .— (1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh cinneadh ón mBord Achomhairc dochar dó nó di achomharc a dhéanamh, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an chinnidh sin, chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.

(2) Tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt—

(a) cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an gCúirt,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord Achomhairc cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí leis an gCúirt,

agus féadfaidh an Chúirt a ordú conas a iomprófar costais an achomhairc.

(3) Tar éis achomharc faoin alt seo i gcoinne chinneadh ón mBoird Achomhairc i ndáil le cinneadh ón gCoiste Iompair Ghairmiúil a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt fianaise a ghlacadh ó aon duine ag a bhfuil seasamh i ngairm na suirbhéireachta cainníochta i dtaobh céard é mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 4).

41 .— (1) Más rud é go mainneoidh an Bord Iontrála cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) d’alt 30—

(a) a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (12), mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (12), nó

(b) más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin faoi fho-alt (13) den alt sin, a dhéanamh laistigh de thréimhse an fhadaithe sin (nó a dhéanamh laistigh den tréimhse dheireanach den fhadú sin),

féadfaidh an t-iarratasóir dá dtagraítear in alt 30 gearán a dhéanamh leis an mBord Achomhairc gur tharla an mhainneachtain sin.

(2) Tar éis gearán den sórt sin a éisteacht agus tar éis deis a thabhairt don Bhord Iontrála éisteacht a fháil, féadfaidh an Bord Achomhairc, de réir mar is cuí leis—

(a) ordachán a thabhairt don Bhord Iontrála an cinneadh lena mbaineann a dhéanamh láithreach, nó

(b) cinneadh a dhéanamh é féin maidir leis an iarratas lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 30 (agus i gcás ina ndéanfaidh an Bord Achomhairc amhlaidh beidh feidhm ag alt 40 maidir leis an gcinneadh sin mar atá feidhm aige maidir le haon chinneadh eile ón mBord Achomhairc).

CUID 5

Suirbhéirí Foirgníochta a Chlárú.

A comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 5).

42 .— (1) Is é an Cumann Suirbhéirí Cairte an comhlacht clárúcháin chun críocha na Coda seo.

(2) Chun críocha na Treorach, is é an comhlacht clárúcháin an t-údarás inniúil sa Stát maidir le suirbhéirí cainníochta.

(3) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Iontrála chun daoine a chlárú faoin gCuid seo.

(4) Is iad a bheidh ar an mBord Iontrála cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí foirgníochta iad.

(5) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Iontrála agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Suirbhéirí foirgníochta a chlárú.

43 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin clár do shuirbhéirí foirgníochta (“an clár”).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) céimí de chuid na bhforas seo a leanas—

(i) Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan,

(ii) cibé comhlachta oideachais eile a fhorordófar,

ar céimí é nó í, in aon bhliain roimh an mbliain 2005, a fuair céim Bhaitsiléara sa tSuirbhéireacht Foirgníochta ón bhforas sin nó, sa bhliain 2005 nó in aon bhliain dá héis, a fuair céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta nó cibé céim, dioplóma nó cáilíocht eile a fhorordófar, ón bhforas sin agus ag a bhfuil, i ngach cás, taithí chuí 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(b) ánra nó comhlach den Chumann Suirbhéirí Cairte, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí chuí 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(c) ánra nó comhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(d) iaránra nó iarchomhalta den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta (atá cumaiscthe anois leis an Institiúid Cairte Foirgníochta), ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(e) ánra nó comhalta de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(f) duine a fuair céim Bhaitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta an 1 Eanáir 2001 nó dá éis agus roimh an mbliain 2005 nó a fuair céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta sa bhliain 2005 nó aon bhliain dá héis agus atá rollaithe mar ánra nó mar chomhlach den Chumann Suirbhéirí Cairte nó mar ánra nó mar chomhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta, den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta nó de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta;

(g) duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú amhlaidh de bhua alt 44 (a bhaineann le sealbhóirí cáilíochtaí ó stáit eile);

(h) náisiúnach de chuid Ballstáit dár dámhadh cáilíocht i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil oibleagáid ar an Stát ina leith, de bhun birt iomchuí, aitheantas a thabhairt di mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht dá dtagraítear i mír (a);

(i) náisiúnach nó cónaitheach de chuid stáit ar duine é nó í atá i dteideal, de bhua an chomhaontaithe seo a leanas, aitheantas a fháil sa Stát dá cháilíocht nó dá cáilíocht sa réimse suirbhéireachta foirgníochta, eadhon, comhaontú—

(i) arna dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) lena ndéantar foráil maidir leis na stáit lena mbaineann an comhaontú do thabhairt aitheantais do cháilíochtaí d’aicme a shonraítear sa chomhaontú;

(j) duine (nach duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun alt 44)—

(i) dár dámhadh céim, dioplóma nó cáilíocht eile sa tsuirbhéireacht foirgníochta i stát seachas Ballstát nó stát is comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) atá in ann a thaispeáint go bhfuil dóthain taithí iarchéime aige ní aici ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(k) duine a measúnaíodh a bheith cáilithe lena chlárú nó lena clárú ag an mBord Measúnachta Teicniúla de réir na nósanna imeachta maidir le measúnú taithí praiticiúla.

(3) Ní réamhriachtanas é comhaltas an chomhlachta clárúcháin le haghaidh clárúcháin sa chlár nó le haghaidh clárúcháin a choimeád i bhfeidhm agus muirearófar an táille chéanna le haghaidh clárúcháin sa chlár cibé acu an comhalta den chomhlacht clárúcháin an duine áirithe nó nach ea.

(4) Maidir le haon fhorordú i leith comhlachta oideachais nó i leith aon chéime, aon dioplóma nó aon cháilíochta eile a dhámhann sé nó a bhronnann sé, ní dhéanfar amhlaidh chun críocha críocha fho-alt (2)(a) mura rud é gur deimhin leis an Aire go soláthraítear an teagasc is gá i ngnéithe éagsúla dhisciplín na suirbhéireachta foirgníochta sa chúrsa a sholáthraíonn an comhlacht agus as a leanann dámhachtain nó bronnadh na céime, an dioplóma nó na cáilíochta eile.

(5) D’fhonn an tAire a dheimhniú dó féin nó di féin i dtaobh an ábhair sin roimhe seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna de réir mar is cuí.

Náisiúnaigh as stáit eile atá cáilithe lena gclárú (Cuid 5).

44 .— (1) Aon duine ar mian leis nó léi a bheith cláraithe de bhua coinníollacha chun aitheantas a thabhairt dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí faoi Chaibidil I de Theideal III den Treoir a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an mBord Iontrála ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Iontrála:

(a) fianú inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile i ndáil leis an duine sin;

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

(c) más cuí, fianaise go bhfuil dualgais atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta comhlíonta ag an duine, ar bhonn lánaimseartha, ar feadh 2 bhliain ar a laghad le linn na 10 mbliana roimhe sin.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála a iarraidh go gcuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina bhfuil gá le hagallamh, beidh 4 chomhalta den Bhord Iontrála ar a laghad i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Iontrála, agus féadfar a cheangal ar an iarratasóir, tar éis an agallaimh, faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na ndaoine a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó is í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas arna thabhú ag an iarratasóir de bharr comhairleoir a bheith in éineacht leis nó lé amhlaidh.

(7) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas faoin alt seo, fíorú neamhspleách a lorg maidir le doiciméid a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(8) (a) Féadfaidh an Bord Iontrála a cheangal, de réir Airteagal 14 den Treoir, go ndéanfaidh duine a dhéanann iarratas faoin alt seo tréimhse oiriúnaithe suas go 3 bliana a chur i gcrích nó go ndéanfaidh sé nó sí triail infheidhmeachta.

(b) Chun na críche sin, déanfaidh an Bord Iontrála fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir á lua—

(i) go bhféadfaidh an t-iarratasóir a roghnú tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus gairtear “an 2 rogha mhalartacha” de na roghanna malartacha sin i bhfomhír (iii)),

(ii) má roghnaíonn an t-iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, go mairfidh an tréimhse cibé fad a shonraítear san fhógra,

(iii) más rud é nach roghnaíonn an t-iarratasóir ceann amháin den 2 rogha mhalartacha (agus nach gcuireann sé nó sí a chinneadh nó a cinneadh maidir leis sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord laistigh de thréimhse a shonraítear chuige sin san fhógra), go ndéanfaidh an Bord cinneadh i dtaobh an gceanglófar ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus, má chinneann an Bord a cheangal ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, beidh fad na tréimhse sin comhionann leis an bhfad a luaitear san fhógra chun críocha fhomhír (ii)), agus

(iv) más rud é, maidir leis an iarratasóir, tar éis é nó í a chlárú de bhun an ailt seo, nach ndéanfaidh sé nó sí tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích go rathúil agus triail infheidhmeachta a dhéanamh agus pas a fháil inti ar tréimhse nó triail í ar ina leith, de bhua na Treorach agus an ailt seo—

(I) a roghnaigh sé nó sí í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti, nó

(II) a cheanglaíonn an Bord Iontrála air nó uirthi í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti.

scriosfar ainm an iarratasóra as an gclár.

(9) Deimhneoidh an Bord Iontrála dó féin, maidir leis an duine, go bhfuil eolas ar fhriotal aige nó aici is gá chun suirbhéireacht foirgníochta a chleachtadh sa Stát.

(10) I gcás ina gcinnfidh an Bord Iontrála—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh sé na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chláraithe is infheidhme a íoc, nó

(b) maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, nó

(ii) gan dochar d’fho-alt (8), gur ceart dó nó di eolas ar fhriotal a fháil is gá chun suirbhéireacht foirgníochta a chleachtadh sa Stát,

déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an iarratasóir, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

(11) Aon duine atá cláraithe de bhun an ailt seo—

(a) úsáidfidh sé nó sí an teideal gairmiúil — “suirbhéir foirgníochta”, agus

(b) mura rud é gur comhalta é nó í de chomhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 den Treoir, ní thabharfaidh sé nó sí le fios go sainráite, nó ní thabharfaidh sé nó sí le tuiscint trí aon fhocail nó litreacha a úsáid, gur comhalta é nó í den chomhlacht sin.

(12) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil duine cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo agus déanfar an cinneadh chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás (ach faoi réir fho-alt (13)), laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfidh an t-iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe faoi bhráid an Bhoird.

(13) Más rud é, in imthosca áirithe an ábhair, go gcinneann an Bord Iontrála nach bhfuil sé indéanta aige an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an iarratasóir leis an bpost cláraithe réamhíoctha, an tréimhse sin a fhadú uair amháin nó níos mó ná uair amháin (ach ní bheidh tréimhse an fhadaithe sin nó comhiomlán thréimhsí an fhadaithe sin níos faide ná mí amháin).

(14) (a) Más dealraitheach don Bhord Iontrála maidir le duine atá cláraithe sa chlár de bhun an ailt seo—

(i) nach ndearna sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8), tréimhse oiriúnaithe a chríochnú go rathúil nó nó nach ndearna sé triail infheidhmeachta agus nach bhfuair sé pas i dtriail infheidhmeachta, de réir mar a bheidh, mar atá luaite san fho-alt sin, nó

(ii) nach bhfuair sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (10)(b)(ii), eolas ar an bhfriotal a luaitear san fhoráil sin,

cinnfidh an Bord Iontrála go ndéanfar ainm an duine a scriosadh ón gclár.

(b) Má dhéanann an Bord Iontrála cinneadh den sórt sin, ordóidh sé don Chláraitheoir ainm an duine a scriosadh ón gclár; tar éis ainm an duine a scriosadh ón gclár, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(15) Maidir le cibé méid d’fhorálacha an ailt seo lena bhfuil éifeacht i gcásanna—

(a) inar náisiúnach de chuid Ballstáit an duine lena mbaineann,

(b) ina ndéantar aon ghníomh nó aon rud nó ina ndámhtar nó ina n-eisítear aon ghníomh nó aon rud i mBallstát, nó ina ndéanann údarás inniúil de chuid Ballstáit na nithe sin, nó

(c) ina ndéantar foráil maidir le hábhar faoi dhlí Ballstáit,

déanfar, go feadh an méid a choiscfeadh téarmaí na bhforálacha sin cóir chomhionann nó aitheantas a luaitear i bhfo-alt (16) a thabhairt don duine a luaitear san fho-alt sin, iad a léamh faoi réir cibé modhnuithe a lamhálfaidh cóir chomhionann nó aitheantas a thabhairt don duine sin.

(16) (a) Is é atá sa chóir chomhionann a luaitear i bhfo-alt (15) ná an chóir chomhionann a thugtar do dhuine de theaghlach (de réir bhrí Threoir 2004/38 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) náisiúnaigh de chuid Ballstáit de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir sin.

(b) Is é atá san aitheantas a luaitear i bhfo-alt (15) ná an t-aitheantas a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2004/83/CE an 29 Aibreán 2004 ón gComhairle a thabhairt do cháilíochtaí duine is tairbhí stádais dídeanaí nó cosanta coimhdigh (de réir bhrí na Treorach).

Táillí (Cuid 5).

45 .— (1) Duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a dhéanfar an t-iarratas, an táille shonraithe a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin agus, ina theannta sin, mar choinníoll a ghabhann le leanúint de bheith cláraithe, táille bhliantúil shonraithe a íoc ar dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh fógra curtha faoi dhó ag an gCláraitheoir leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh gairmí chláraithe de réir mar a thugtar sin sa chlár, á iarraidh go n-íocfar an táille bhliantúil féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é nach mbeidh an táille íoctha ag an duine laistigh de 2 mhí tar éis an dara fógra a sheoladh, ainm an duine a bhaint den chlár agus air sin cuirfidh sé nó sí fógra leis an bpost cláraithe á chur in iúl don duine nach bhfuil sé nó sí cláraithe a thuilleadh.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, i gcásanna cruatain fhíoraithe, an ceanglas maidir le táille a íoc faoin alt seo a tharscaoileadh, a ordú go bhféadfar táille de mhéid is lú ná an méid sonraithe a íoc chun críocha an ailt seo nó táille arna híoc faoin alt seo a mhaitheamh, go hiomlán nó go páirteach.

(4) I gcás ina ndéanfar ainm duine a bhaint den chlár mar gheall ar tháillí a bheith gan íoc agus go n-íocfaidh an duine na táillí gan íoc i dteannta aon táillí sonraithe eile, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a ataifeadadh sa chlár agus measfar go ndearnadh é a ataifeadadh an dáta ar baineadh den chlár é.

Toirmeasc ar dhuine an téarma “suirbhéir foirgníochta” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

46 .— (1) Aon duine—

(a) nach bhfuil cláraithe faoin gCuid seo agus a úsáideann an teideal “suirbhéir foirgníochta”, ina aonar nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, nó aon ainm, teideal nó tuairisc, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe amhlaidh,

(b) a bhaineann úsáid, le hintinn mheabhlaireachta, as deimhniú arna eisiúint faoin gCuid seo chuig duine den sórt sin nó chuig aon duine eile,

(c) a dhéanann, nó a chuireann faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d’fhonn clárú a fháil faoin gCuid seo, nó a chabhraíonn nó a neartaíonn le gníomh den sórt sin, nó

(d) a chleachtann nó a sheolann gnó faoin aon aon ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir foirgníochta”, mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe faoin gCuid seo,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (1), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chomhlacht corpraithe, ar ghnólacht nó ar chomhpháirtíocht gnó a sheoladh faoi ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir foirgníochta” más rud é—

(a) go bhfuil an gnó, a mhéid a bhaineann sé le hailtireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú gairmí chláraithe, agus

(b) i ngach áitreabh ina seoltar an gnó dá chuid nó dá cuid a bhaineann le suirbhéireacht foirgníochta, gur gairmí cláraithe a sheolann é nó go seoltar faoi mhaoirsiú gairmí chláraithe é.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(d) d’fho-alt (1) maidir le duine—

(a) a rinne iarratas ar chlárú faoin gCuid seo agus, ar ina leith, nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Iontrála nó ag an mBord Measúnachta Teicniúla, de réir mar a bheidh, maidir leis an iarratas sin (agus i gcás nach bhfuil an t-iarratas chuig an mbord lena mbaineann tarraingthe siar ag an duine),

(b) a rinne achomharc chuig an mBord Achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBord Iontrála nó ón mBord Measúnachta Teicniúla maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Achomhairc maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc tarraingthe siar ag an duine), nó

(c) a rinne achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír (b) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an Ard-Chúirt tarraingthe siar ag an duine).

(5) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le comhlacht corpraithe, gnólacht nó comhpháirtíocht, mura rud é go mbeidh cibé faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt sin, de réir mar a fhorálfar sna rialacháin sin, tugtha aige nó aici don chomhlacht clárúcháin.

(6) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar, de bhíthin amháin go bhfuil duine ar fostú ag duine eile, nach bhfuil an duine sin ag cleachtadh.

(7) San alt seo, folaíonn “gnó” aon ghnóthas a sheoltar ar tháille nó ar luaíocht nó ar lena linn a sholáthraítear seirbhísí ar shlí seachas saor in aisce.

An Cláraitheoir (Cuid 5).

47 .— (1) Ceapfaidh an comhlacht clárúcháin Cláraitheoir chun bheith freagrach as an gclár a choimeád faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin, i dteannta tuarastal nó táille a íoc leis an gCláraitheoir, pinsean a íoc leis an gCláraitheoir nó ranníocaí a dhéanamh i leith pinsean a íoc, agus féadfaidh sé liúntais agus caiteachais a íoc leis an gCláraitheoir.

(3) Beidh an clár i cibé foirm a chinnfidh an comhlacht clárúcháin, lena n-áirítear foirm leictreonach, foirm fhótagrafach nó foirm eile.

(4) I gcás iarratas a bheith déanta ag duine ar chlárú de réir na Coda seo, más deimhin leis an mBord Iontrála go bhfuil an duine i dteideal a bheith cláraithe, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina dtaifeadfar ainm duine sa chlár, cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú chuig an duine, á rá go bhfuil an duine cláraithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh duine deimhniú faoi fho-alt (5), cuirfidh an duine faoi deara láithreach an deimhniú a chur ar taispeáint san áit ina gcleachtann an duine suirbhéireacht foirgníochta gach tráth fad a leanfaidh a chlárú nó a clárú, ach ní aon tráth eile.

(7) Cinnteoidh an Cláraitheoir go gcoiméadfar an clár cothrom le dáta agus cuirfidh sé nó sí ar fáil é lena iniúchadh in oifig an Chláraitheora le linn gnáthuaireanta oibre.

(8) Déanfaidh gairmí cláraithe fógra a thabhairt don Chláraitheoir i dtaobh aon athraithe ar an ainm faoina seolann sé nó sí gnó nó ar an seoladh ag a seolann sé nó sí gnó.

Ainm a bhaint den chlár (Cuid 5).

48 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh gairmí cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, bainfidh an Cláraitheoir den chlár é.

(2) Féadfaidh duine a ndéantar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a chur ar ais sa chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, déanfaidh an Cláraitheoir an t-ainm a chur ar ais sa chlár, ach sin faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Bord Iontrála maidir leis an gcur ar ais sin.

(3) I gcás ina mbeidh gearán á imscrúdú ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6 i ndáil le duine, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aird ar aon iarratas ar ainm an duine a bhaint den chlár go dtí go mbeidh an t-imscrúdú tugtha chun críche agus go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoiste i dtaobh cén beart a bheidh le déanamh.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCoiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais sa chlár ar an bhforas go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil chun suirbhéireacht chainníochta a chleachtadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach, fógra a chur chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh is déanaí a thugtar sa chlár ar fógra é ina gcuirfear an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine.

An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

49 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Measúnachta Teicniúla chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú sa chlár ó dhaoine nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (j) d’alt 43(2).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Measúnachta Teicniúla cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an mbord clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), agus (e) d’alt 43(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí foirgníochta iad.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Measúnachta Teicniúla agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

50 .— (1) Féadfaidh gach duine acu seo a leanas iarratas a dhéanamh chuig an mBord Measúnachta Teicniúla ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhua an ailt seo:

(a) duine—

(i) a bhí, an 1 Bealtaine 1999, ina chomhalta nó ina comhalta neamhchorpraithe den Fhoras Cairte Foirgníochta, den Fhoras Ailtireachta agus Suirbhéireachta (atá cumaiscthe anois leis an bhForas Cairte Foirgníochta) nó den Chomhlachas Innealtóirí Foirgníochta, agus

(ii) atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta ar feadh tréimhse 8 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na fomhíre seo);

(b) duine atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na míre seo).

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Measúnachta Teicniúla:

(a) curriculum vitae ina soláthrófar mionsonraí faoin obair atá déanta ag an iarratasóir i réimse na suirbhéireachta foirgníochta le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(ii) nó, de réir mar a bheidh, i mír (b) d’fho-alt (1);

(b) cibé fíorú neamhspleách, a éileoidh an Bord Measúnachta Teicniúla, ar na doiciméid a chuirtear faoina bhráid amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina gceanglaítear agallamh a bheith ann, beidh 4 chomhalta ar a laghad den Bhord Measúnachta Teicniúla i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla agus féadfar, i ndiaidh an agallaimh, a éileamh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na gcomhaltaí a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas a thabhóidh an t-iarratasóir i gcás an comhairleoir gairmiúil sin a bheith in éineacht leis nó léi.

(7) I gcás ina gcinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, cuirfidh an cathaoirleach an méid sin in iúl don Bhord Iontrála agus déanfaidh an Bord Iontrála na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir láithreach, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 5).

51 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”).

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste cathaoirleach agus 11 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 5 shuirbhéir foirgníochta a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2);

(b) 6 dhuine nach suirbhéirí foirgníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 5 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoiste agus ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, é nó í mar chathaoirleach.

An Bord Achomhairc (Cuid 5).

52 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Achomhairc.

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus 5 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 2 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2), agus ní comhalta d’aon Bhord nó Coiste eile arna bhunú faoin gCuid seo aon duine acu;

(b) 3 dhuine nach suirbhéirí foirgníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 2 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

agus ní comhalta d’aon Bhord nó d’aon Choiste eile a bhunaítear faoin gCuid seo aon duine acu.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 5).

53 .— (1) Féadfaidh aon duine a ndéanfar difear dó nó dí mar gheall ar chinneadh arna thabhairt ag an mBord Iontrála, ag an mBord Measúnachta Teicniúla nó ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar achomharc agus taiscfear é leis an mBord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhéantar an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne.

(3) Sonrófar san achomharc cé n cinneadh lena mbaineann an t-achomharc agus na forais a bhfuil an t-achomharc bunaithe orthu.

(4) Féadfaidh achomharc a bheith bunaithe ar nithe a bhaineann le nós imeachta nó ar nithe substainteacha.

(5) Féadfaidh duine, aon tráth sula n-éistfear an t-achomharc, an t-achomharc a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach trína chur in iúl i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc á tharraingt siar.

(6) Maidir le finné ag éisteacht arna seoladh ag an mBord Achomhairc, tá na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(7) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) a ordú i scríbhinn d’achomharcóir freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán,

(b) a ordú i scríbhinn d’aon duine eile, a n-éileoidh an Bord Achomhairc a fhianaise nó a fianaise, freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán, agus féadfaidh sé nó sí a ordú don duine aon doiciméad a thabhairt atá i seilbh an duine agus a bhaineann leis an achomharc,

(c) a iarraidh ar an mBord iomchuí nó ar an gCoiste iomchuí a bhfuil achomharc á dhéanamh i gcoinne a chinnidh aon doiciméid atá ina sheilbh agus a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird, mar aon lena thuairimí i dtaobh an achomhairc,

(d) aon ordachán eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí, ar ordachán é is dealraitheach don chathaoirleach a bheith cóir agus réasúnach.

(8) Déanfar socrú le nósanna imeachta an Bhoird Achomhairc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt don achomharcóir agus do chathaoirleach an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí i ndáil leis an dáta, leis an tráth agus leis an áit le haghaidh shuí an Bhoird Achomhairc,

(b) ceart an achomharcóra maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di—

(i) a bheith i láthair ag suí an Bhoird Achomhairc, agus

(ii) a chás nó a cás a chur i láthair go pearsanta nó, ar a chostas nó ar a costas féin, trí ionadaí dlíthiúil,

(c) finnéithe a cheistiú,

(d) cinneadh ón mBord Achomhairc i dtaobh an ceart nó nach ceart fianaise a thabhairt faoi mhionn,

(e) imeachtaí a thaifeadadh.

(9) Tar éis achomharc a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an mBord Achomhairc,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt.

(10) Tabharfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc fógra—

(a) don achomharcóir i scríbhinn, arna chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig seoladh sonraithe an achomharcóra, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis, agus déanfaidh sé nó sí freisin an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl don achomharcóir,

(b) don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí a ndearnadh an t-achomharc i gcoinne a chinnidh maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis,

(c) i gcás inarbh é nó í an t-achomharcóir an duine a thaisc an gearán leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6, don suirbhéir foirgníochta cláraithe ar ina leith a rinneadh an gearán, agus déanfar an cinneadh a rinneadh ar an achomharc, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a lua san fhógra.

Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

54 .— (1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh cinneadh ón mBord Achomhairc dochar dó nó di achomharc a dhéanamh, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an chinnidh sin, chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.

(2) Tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt—

(a) cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an gCúirt,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord Achomhairc cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí leis an gCúirt,

agus féadfaidh an Chúirt a ordú conas a iomprófar costais an achomhairc.

(3) Tar éis achomharc faoin alt seo i gcoinne chinneadh ón mBoird Achomhairc i ndáil le cinneadh ón gCoiste Iompair Ghairmiúil a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt fianaise a ghlacadh ó aon duine ag a bhfuil seasamh i ngairm na suirbhéireachta foirgníochta i dtaobh céard é mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

55 .— (1) Más rud é go mainneoidh an Bord Iontrála cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) d’alt 44—

(a) a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (12), mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (12), nó

(b) más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin faoi fho-alt (13) den alt sin, a dhéanamh laistigh de thréimhse an fhadaithe sin (nó a dhéanamh laistigh den tréimhse dheireanach den fhadú sin),

féadfaidh an t-iarratasóir dá dtagraítear in alt 44 gearán a dhéanamh leis an mBord Achomhairc gur tharla an mhainneachtain sin.

(2) Tar éis gearán den sórt sin a éisteacht agus tar éis deis a thabhairt don Bhord Iontrála éisteacht a fháil, féadfaidh an Bord Achomhairc, de réir mar is cuí leis—

(a) ordachán a thabhairt don Bhord Iontrála an cinneadh lena mbaineann a dhéanamh láithreach, nó

(b) cinneadh a dhéanamh é féin maidir leis an iarratas lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 44 (agus i gcás ina ndéanfaidh an Bord Achomhairc amhlaidh beidh feidhm ag alt 54 maidir leis an gcinneadh sin mar atá feidhm aige maidir le haon chinneadh eile ón mBord Achomhairc).

CUID 6

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh

Caighdeáin Iompair Ghairmiúil a bhunú.

56 .— (1) Ullmhóidh an comhlacht clárúcháin cód (dá ngairtear “an cód” sa Chuid seo) ina sonrófar na caighdeáin iompair ghairmiúil agus cleachtais a gcloífidh gairmithe cláraithe leo.

(2) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin an cód a ullmhaíonn sé a athbhreithniú ó am go ham agus féadfaidh sé forálacha an chóid a leasú más cuí leis.

(3) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin dréacht den chód atá beartaithe nó d’aon leasú air—

(a) a fhoilsiú i cibé slí a chinnfidh sé mar aon le cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal agus d’aon eagraíocht nó d’aon chomhlacht eile, ar dealraitheach don chomhlacht clárúcháin ina leith go bhfuil leas aige san ábhar, trácht a dhéanamh a thabhairt ar an dréacht roimh dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin sa chuireadh,

(b) a chur faoi bhráid an Údaráis Iomaíochta mar aon le hiarraidh go ndéanfaidh an tÚdarás a thuairim a thabhairt i scríbhinn (roimh dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin san aighneacht) i dtaobh an dóigh gurbh é ba thoradh ar aon fhoráil de chuid an dréachta ná go ndéanfaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

(4) Roimh an gcód nó an leasú a ullmhú, cuirfidh an comhlacht clárúcháin i gcuntas aon trácht a fhaigheann sé de réir cuiridh faoi fho-alt (3)(a) agus tuairim i scríbhinn ón Údarás Iomaíochta a fhaigheann sé de réir iarrata faoi fho-alt (3)(b) i ndáil leis an dréacht-chód nó le haon dréacht-leasú.

(5) Déanfaidh an comhlacht clárúcháin cóip den chód a ullmhaíonn sé a sholáthar d’aon duine a iarrfaidh é, ar mhuirear réasúnach a íoc, nó gan mhuirear i gcás inar cuí leis é.

Gearáin leis an gCoiste Iompair Gairmiúil.

57 .— (1) Féadfaidh aon duine gearán a dhéanamh leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”) maidir le gníomh gairmí chláraithe a líomhnófar gurb ionann é agus mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

(2) I gcás inar dóigh leis an gCoiste nár suíodh cás prima facie le haghaidh fiosrúcháin faoi fho-alt (5) maidir leis an ngearán, cuirfidh sé an méid sin in iúl don ghearánach i scríbhinn agus ní rachaidh sé ar aghaidh níos faide.

(3) Féadfaidh an Coiste, i gcás inar cuí leis déanamh amhlaidh, a iarraidh ar an ngearánach agus ar an ngairmí cláraithe is ábhar don ghearán réiteach a lorg ar an ngearán trí idirghabháil os comhair duine nó daoine a cheapfar faoi rialacha arna ndéanamh ag an gcomhlacht clárúcháin iomchuí agus má thoilíonn an gearánach agus an gairmí cláraithe leis an idirghabháil sin a sheoladh, seolfar an idirghabháil sin dá réir sin.

(4) Más rud é nach leanann réiteach ar an ngearán as an idirghabháil, rachaidh an Coiste ar aghaidh chun an ngearán a bhreithniú.

(5) Féadfaidh an Coiste a chinneadh fiosrúchán a sheoladh maidir le gearán agus i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh tabharfaidh cathaoirleach an Choiste fógra do na comhaltaí eile den Choiste agus don ghearánach agus don ghairmí cláraithe faoin dáta, faoin am agus faoin áit le haghaidh na héisteachta, agus déanfar an fógra faoin bhfo-alt seo chuig an ngairmí cláraithe a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh a thugtar sa chlár, beidh mionsonraí ann faoi chineál an ghearáin líomhnaithe i gcoinne an ghairmí chláraithe agus cuirfear in iúl don ghairmí cláraithe ann go bhfuil ceart aige nó aici chun láithriú os comhair an Choiste agus chun duine a roghnóidh sé féin nó sí féin a bheith aige nó aici mar ionadaí ag an éisteacht.

(6) Maidir le fiosrúchán faoin alt seo, tá ag an gCoiste na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a dhílsítear don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingean a éisteacht ar cumhachtaí, cearta agus pribhléidí iad atá ann—

(a) chun a thabhairt ar fhinnéithe freastal agus chun iad a cheistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) chun iallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird,

agus, chun na gcríoch sin, tá toghairm arna síniú ag cathaoirleach an Choiste comhionann le haon nós imeachta foirmiúil atá intionscanta i gcaingean.

(7) Más rud é, maidir le duine a thoghaireann an cathaoirleach chun freastal os comhair éisteachta den Choiste nó chun doiciméad a thabhairt ar aird—

(a) go mainneoidh sé nó sí freastal,

(b) go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé nó sí doiciméad a thabhairt ar aird ar doiciméad é a bhfuil cumhacht ag an duine sin é a thabhairt ar aird, nó

(c) go ndiúltóidh sé nó sí mionn a ghlacadh nó go ndiúltóidh sé nó sí ceist a fhéadfaidh an Coiste a chur go dlíthiúil a fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(8) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (8), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leantar den sárú agus dlífear, in aghaidh gach ciona den sórt sin, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(9) Maidir le finné ag éisteacht faoin alt seo, tá na pribhléidí agus na díolúintí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(10) Déanfaidh an Coiste, tar éis fiosrúchán a chríochnú, tuarascáil a thabhairt ar aird ar tuarascáil í a mbeidh a chuid cinntí ann, lena n-áirítear cineál an ghearáin, an fhianaise a bhí os a chomhair, cibé nithe eile a bhaineann leis an ngairmí cláraithe agus a mheasann sé is cuí agus a thuairim i dtaobh ar suíodh nó nár suíodh go raibh cás mí-iompair ghairmiúil nó lagfheidhmíochta gairmiúla ann.

(11) Ní dhéanfar cinntí an Choiste maidir le haon ní a tharchuirtear chuige a phoibliú, gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán, mura rud é gur chinn an Coiste go raibh an duine ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil.

(12) I gcás nach bhfuair an Coiste an gairmí cláraithe ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don ghearánach agus cuirfidh sé in iúl don ghearánach go bhfuil ceart aige nó aici achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne a chinnidh.

Cinneadh an Choiste Iompair Ghairmiúil.

58 .— (1) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”) nach raibh aon mhí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil ann ar thaobh an ghairmí chláraithe, ní dhéanfaidh sé aon bheart eile maidir leis an ábhar agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don ghairmí cláraithe.

(2) I gcás ina gcinnfidh an Coiste go bhfuil gairmí cláraithe ciontach i mí-iompar gairmiúil nó i lagfheidhmíocht ghairmiúil, féadfaidh sé, faoi réir na bhforálacha eile den Acht seo, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) comhairle nó rabhadh a thabhairt don ghairmí cláraithe, nó é nó í a cháineadh, i ndáil leis an iompar nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht a bhfuil gearán déanta ina leith;

(b) fíneáil ina mbeidh méid sonraithe a ghearradh ar an ngairmí cláraithe agus i gcás ina mainneoidh sé nó sí an fhíneáil a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin laistigh de 2 mhí ón tráth a thugtar fógra dó nó di i dtaobh ghearradh na fíneála, féadfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a scriosadh as an gclár;

(c) a ordú nach mbeidh éifeacht le clárú ainm an duine sa chlár i gcaitheamh tréimhse sonraithe;

(d) ainm an duine a scriosadh as an gclár;

(e) a ordú go bhfágfar ainm an duine ar an gclár ach cibé coinníollacha a fhorchur maidir leis an ainm a fhágáil ar an gclár a mheasfaidh sé a bheith cuí, ar coinníollacha iad a bheidh le comhlíonadh ag an ngairmí cláraithe,

agus déanfaidh cathaoirleach an Choiste fógra a chur láithreach chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha, ag seoladh an duine mar a thugtar sa chlár, i dtaobh chinneadh an Choiste, dáta an chinnidh sin agus na cúiseanna leis an gcinneadh agus i dtaobh cheart an duine achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(3) Gan dochar d’oibriú na bhforálacha eile den Acht seo i ndáil le hachomhairc i gcoinne cinntí cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú, ní fhéadfaidh an Coiste aon cheann de na cumhachtaí faoi fho-alt (2) (b) go (e) a fheidhmiú mura ndéanfaidh an Ard-Chúirt an cinneadh maidir le feidhmiú na cumhachta a dhaingniú faoi fho-alt (6) nó, de réir mar a bheidh, ar achomharc chun na Cúirte sin faoi alt 26, 4054, de réir mar is cuí, agus sa chás sin ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin faoi réir théarmaí (más ann) an daingnithe sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh gairmí cláraithe achomharc i gcoinne cinnidh ón gCoiste chuig an mBord Achomhairc laistigh den tréimhse dá bhforáiltear faoin Acht seo, cuirfear bac ar chinneadh an Choiste go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chur de láimh, lena n-áirítear aon tréimhse dá bhforáiltear le haghaidh achomhairc eile chun na hArd-Chúirte.

(5) Tá feidhm feidhm ag fo-alt (6) más rud é—

(a) nach ndéantar aon achomharc faoin Acht seo i gcoinne chinneadh an Choiste a luaitear san fho-alt sin, nó

(b) (i) go mbeidh achomharc den sórt sin, arna dhéanamh i gcoinne an chinneadh, curtha de láimh agus ina mbeidh an cinneadh daingnithe (fara leasú nó gan leasú air), agus

(ii) nach daingniú de chuid na hArd-Chúirte faoi alt 26, 40 nó 54, de réir mar is cuí, an daingniú sin.

(6) Féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar cinneadh ón gCoiste na cumhachtaí faoi fho-alt (2)(b), (c), (d)(e) a fheidhmiú agus,má dhéanann an Cláraitheoir iarratas amhlaidh, déanfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an t-iarratas a éisteacht, mura rud é go bhfuil cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú a thabhairt dá réir sin agus, i gcás ina mbaineann an dearbhú le cinneadh na cumhachtaí faoi fho-alt (2)(d) a fheidhmiú, (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chláraitheoir ainm an duine sin a scriosadh as an gclár lena mbaineann nó a ordú nach mbeidh éifeacht le clárú ainm an duine sa chlár sin le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte).

(7) Tar éis ainm duine a scriosadh as aon chlár faoin alt seo, déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin, ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(8) I gcás ina dtabharfar ordú faoin alt seo á rá nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine in aon chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Cláraitheoir, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(9) Féadfar ainm aon duine a scriostar faoin alt seo a chur ar ais sa chlár lena mbaineann ar ordú ón gCoiste, ach ní ar shlí eile, agus féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le cur ar ais an ainm (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille dá bhforáiltear i gcás iarratais ar chlárú ar an gcéad ásc).

(10) I gcás ina mbeidh clárú duine i gclár tar éis scor d’éifeacht a bheith leis faoin alt seo ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Coiste, le hordachán, más cuí leis, ar iarratas chuige ón duine sin, an fhionraí a fhoirceannadh agus féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis an bhfoirceannadh (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille dá bhforáiltear i gcás iarratais ar chlárú ar an gcéad ásc).

Imeachtaí le bheith faoi phribhléid.

59 .— Maidir le himeachtaí de chuid Coiste Iompair Ghairmiúil nó teachtaireachtaí chuige nó uaidh i gcúrsa fiosrúcháin, agus maidir le tuarascálacha ón gCoiste a thabharfar le linn a chumhachtaí, a dhualgais nó a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, faoin gCuid seo, beidh siad faoi phribhléid iomlán in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh.

CUID 7

Forálacha Ilghnéitheacha

Clárú sealadach faoi Theideal II den Treoir.

60 .— (1) Más rud é go mbeartaíonn duine, ar iontaoibh Airteagal 5(2) den Treoir, seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta a sholáthar sa Stát ar bhonn sealadach agus ócáideach, tabharfaidh an duine fógra don Bhord Iontrála á rá go mbeartaíonn sé nó sí amhlaidh agus déanfaidh an Bord Iontrála, faoi réir fho-alt (5), tar éis an fógra sin a fhail, an duine a chlárú sa chlár faoi Chuid 3, 45, de réir mar a bheidh, chun na críche sin.

(2) Déanfaidh aon duine a thugann fógra don Bhord Iontrála de bhun fho-alt (1), más é an ócáid a thugtar an fógra an chéad ócáid a mbeartaíonn sé nó sí, ar scór an fhógra sin, seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta, de réir mar a bheidh, a sholáthar sa Stát, na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhoird Iontrála:

(a) dearbhú á rá go mbeartaíonn sé nó sí na seirbhísí a sholáthar de réir Airteagal 7 den Treoir, agus beidh mionsonraí sa dearbhú sin maidir le hárachas nó maidir le modh eile cosanta pearsanta nó cosanta comhchoitinne i dtaca le dliteanas gairmiúil;

(b) cruthúnas ar a náisiúntacht;

(c) fianú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe á rá go bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil sa stát sin chun na gníomhaíochtaí lena mbaineann a sholáthar agus nach bhfuil sé nó sí toirmiscthe ó ailtireacht, suirbhéireacht chainníochta nó suirbhéireacht foirgníochta, de réir mar a bheidh, a chleachtadh, cibé acu go sealadach nó ar shlí eile, tráth seachadta an fhianaithe;

(d) fianaise ar na cáilíochtaí iomchuí gairmiúla; agus

(e) má cheanglaítear amhlaidh leis an Treoir maidir le hiarratasóir a bhog ón mBallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe, fianaise á rá gur chomhlíon sé nó sí feidhmeanna atá ar comhréir le feidhmeanna ailtire, suirbhéara cainníochta nó suirbhéara foirgníochta, de réir mar is cuí, sa Bhallstát sin, ar feadh 2 bhliain ar a laghad as na 10 mbliana roimh an iarratas.

(3) Más rud é nach é ócáid an fhógra faoi fho-alt (1) an chéad ócáid a mbeartaíonn an duine lena mbaineann, ar scór fógra den sórt sin, na seirbhísí iomchuí a sholáthar sa Stát, féadfaidh an Bord Iontrála, má tharla athrú ábhartha ar an staid, agus aon cheann de na doiciméid dá dtagraítear i míreanna (b) go (d) d’fho-alt (2) a bheith ann mar thaca leis sin, a cheangal ar an duine doiciméid úra a chur faoina bhráid ar doiciméid iad den chineál dá dtagraítear sa mhír nó sna míreanna lena mbaineann.

(4) Más rud é go bhfuil tréimhse níos faide ná 12 mhí caite ón tráth a rinneadh duine a chlárú, de bhun an ailt seo, sa chlár faoi Chuid 3, 45 (gan an tréimhse ar ina leith atá an duine cláraithe amhlaidh a bheith caite), féadfaidh an Bord Iontrála, mura rud é nach mbeartaíonn an duine na seirbhísí iomchuí a sholáthar sa Stát sa tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin, a cheangal ar an duine dearbhú úr a dhéanamh á rá go mbeartaíonn sé nó sí na seirbhísí iomchuí a sholáthar de réir Airteagal 7 den Treoir; más rud é nach ndéanfaidh an duine dearbhú den sórt sin, féadfaidh an Bord Iontrála ainm an duine a scriosadh as an gclár iomchuí.

(5) (a) Más rud é, maidir le duine a thugann fógra don Bhord Iontrála de bhun fho-alt (1), go mainneoidh sé nó sí fo-alt (2) a chomhlíonadh nó, de réir mar a bheidh, ceanglas faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh ansin, faoi réir mhír (b), cinnfidh an Bord Iontrála gan an duine a chlárú sa chlár.

(b) Féadfaidh an Bord Iontrála, dá rogha féin, an deis a thabhairt don duine an mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) a leigheas, agus má dhéanann an duine amhlaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis an deis a thabhairt dó nó di, cláróidh an Bord Iontrála an duine sa chlár.

(6) I gcás an t-iarratasóir a bheith cláraithe sa chlár de bhun Chuid 3 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo, úsáidfidh sé nó sí an teideal ailtire le linn seirbhísí ailtireachta a sholáthar sa Stát go dtí go scoireann a chlárú nó a clárú.

(7) I gcás an t-iarratasóir a bheith cláraithe sa chlár de bhun Chuid 4 nó 5 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo agus go bhfuil seirbhísí suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta á soláthar aige nó aici sa Stát, déanfaidh sé nó sí—

(a) más rud é go bhfuil teideal gairmiúil ann le haghaidh na gníomhaíochta nó an tsuirbhéara cainníochta nó an tsuirbhéara foirgníochta, de réir mar a bheidh, sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil, an teideal sin a úsáid, agus taispeánfar an teideal sin i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, an Bhallstáit sin, nó

(b) más rud é nach bhfuil aon teideal gairmiúil den sórt sin ann sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil, a cháilíocht nó a cáilíocht fhoirmiúil a thaispeáint i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, an Bhallstáit sin,

ar shlí ina seachnaítear mearbhall i dtaca leis an teideal suirbhéir cainníochta nó suirbhéir foirgníochta.

(8) Féadfaidh an Bord Iontrála, de bhun Airteagal 9 den Treoir, a cheangal ar dhuine atá cláraithe sa chlár faoi Chuid 3, 45 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo an fhaisnéis go léir nó aon chuid den fhaisnéis a shonraítear san Airteagal sin a thabhairt do dhuine dá soláthraíonn sé nó sí seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta, de réir mar a bheidh.

Féadfaidh comhlacht clárúcháin cúnamh a lorg agus rialacha a dhéanamh.

61 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh comhlacht clárúcháin socrú a dhéanamh le haon duine cabhrú leis, nó le haon bhord nó coiste eile a bhunófar faoin Acht seo, le linn a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna a urscaoileadh go cuí.

(2) Ní dhéanfaidh comhlacht clárúcháin socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) maidir le hurscaoileadh na bhfeidhmeanna faoi alt 20, 3467 nó faoi Chuid 6.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh comhlacht clárúcháin rialacha a dhéanamh chun a fheidhmeanna agus feidhmeanna de chuid na mbord agus na gcoistí eile, lena n-áirítear an Bord Achomhairc, dá bhforáiltear faoin Acht seo, a éascú agus a chomhall.

(4) Sula ndéanfaidh sé rialacha, déanfaidh an comhlacht clárúcháin dréacht de na rialacha a fhoilsiú agus a scaipeadh ar an mbord nó ar an gcoiste dá ndéantar difear lena thráchtanna a fháil.

Féadfaidh comhlacht clárúcháin táillí a shonrú.

62 .— (1) Féadfaidh comhlacht clárúcháin a shonrú go mbeidh táille de mhéid sonraithe iníoctha leis i leith aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon:

(a) iarratais ar chlárúchán a phróiseáil;

(b) ainm duine a choimeád sa chlár ar bhonn bliantúil;

(c) ainm duine a chur ar ais sa chlár tar éis é a scriosadh de bhun fhorála den Acht seo;

(d) ainm duine a bhaint den chlár ar iarratas ón duine sin;

(e) cáilíochtaí breise de chuid duine, nach cáilíochtaí is gá chun críche clárúcháin, a thaifeadadh sa chlár;

(f) deimhniú clárúcháin a eisiúint;

(g) aon seirbhís eile a sholáthar a fhéadfaidh an comhlacht clárúcháin a sholáthar.

(2) Féadfaidh comhlacht clárúcháin a chinneadh go mbeidh táille de mhéid éagsúil iníoctha i leith aon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) go (g) a dhéanamh, faoi threoir na n-imthosca éagsúla ina ndéantar é.

(3) Ní dhéanfar táille a shonrú de réir fho-alt (1) gan toiliú a fháil ón Aire.

(4) Maidir le méid aon táille a shonrófar de réir fho-alt (1), ní bheidh sé, in aon chás, níos mó ná iomlán na méideanna seo a leanas—

(a) na costais a ghabhann leis na seirbhísí ar ina leith a íoctar an táille a sholáthar, agus

(b) na costais réasúnacha arna dtabhú ag an gcomhlacht clárúcháin le linn an táille a bhailiú, le linn cuntas a thabhairt ina leith agus le linn í a riaradh.

Cáilíochtaí breise.

63 .— (1) Faoi réir fho-alt (2) agus faoi réir an táille shonraithe a íoc, féadfaidh duine atá cláraithe faoi Chuid 3, 45 iarratas a dhéanamh chuig an gcomhlacht clárúcháin, san fhoirm agus ar an modh a chinnfidh an comhlacht, go mbreacfar cáilíocht bhreise isteach sa chlár.

(2) Is é an comhlacht clárúcháin a chinnfidh céard iad na cáilíochtaí breise, seachas na cáilíochtaí is gá le haghaidh clárúcháin, a fhéadfar a bhreacadh isteach sa chlár.

Rialacháin.

64 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní dá dtagraítear san Acht seo a fhorordú mar ní atá forordaithe nó le forordú, nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní is ábhar do rialacháin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith i rialacháin faoin Acht seo.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An clár a cheartú.

65 .— (1) Chun clár dá bhforáiltear faoin Acht seo a choinneáil, déanfaidh Cláraitheoir an chláir gach earráid fhoclaíochta nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar iúl an Chláraitheora ar sheoltaí gairmithe cláraithe, agus ainmneacha na ndaoine go léir ar cuireadh i bhfios don Bhord Iontrála nó ar tháinig sé ar iúl an Bhoird Iontrála go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint den chlár.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Cláraitheoir aon bheart faoi fho-alt (1), déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra a a thabhairt don duine lena mbaineann nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh, más féidir an duine sin a shainaithint, i dtaobh an bhirt a rinneadh agus na gcúiseanna a bhí leis sin.

Caiteachais de chuid comhlachtaí clárúcháin, bord agus coistí, etc.

66 .— (1) Maidir le caiteachas arna thabhú ag comhlacht clárúcháin le linn dó a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, íocfaidh an comhlacht clárúcháin é as cistí a bheidh faoina réir aige.

(2) Déanfaidh comhlacht clárúcháin cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an comhlacht clárúcháin a íoc le cathaoirligh agus le comhaltaí eile aon bhoird nó aon choiste arna bhunú faoin Acht seo agus déanfar an luach saothair sin agus na liúntais sin a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht clárúcháin.

Cionta faoin Acht seo a ionchúiseamh.

67 .— (1) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin imeachtaí achoimre i leith ciona faoi Chuid 3, 4, 5,6 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thosú—

(a) laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) laistigh de 6 mhí ón dáta a thagann fianaise ar iúl an duine a thionscnaíonn na himeachtaí ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine, leis na himeachtaí a fhírinniú,

cibé acu is déanaí, ar choinníoll nach dtosófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(3) Chun críocha an ailt seo, aon deimhniú arna shíniú ag an duine, nó thar ceann an duine, a thionscnaíonn na himeachtaí, ar deimhniú é i dtaobh an dáta a tháinig fianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) ar a iúl nó ar a hiúl, beidh sé ina fhianaise ar an dáta sin agus, in aon imeachtaí dlíthiúla, déanfar doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoin alt seo agus a bheith sínithe amhlaidh a ghlacadh mar fhianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é nó gurb í a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

(4) Toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur tionscnaíodh imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo laistigh den tréimhse chuí.

Luach fianaiseach sleachta as an gclár.

68 .— (1) In aon imeachtaí, beidh deimhniú arna shíniú ag an gCláraitheoir ar deimhniú é nach mbeidh ann ach faisnéis a ndearbhaítear ina leith gur tógadh í as na taifid chlárúcháin atá faoi rialú an Chláraitheora ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais atá luaite ann, go dtí go suífear a mhalairt.

(2) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi fho-alt (1), measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an Cláraitheoir lena mbaineann é, go dtí go suífear a mhalairt.

(3) Aon deimhniú faoin alt seo a airbheartaíonn go bhfuil macasamhail de shíniú an Chláraitheora lena mbaineann nó cóip den síniú sin air ar macasamhail nó cóip í a chuirtear ar an deimhniú le stampa nó a tháirgtear le ríomhaire, measfar, chun críocha an ailt seo, gur shínigh an Cláraitheoir é, go dtí go suífear a mhalairt.

Daoine a ainmniú chuig boird nó coistí agus toghcháin.

69 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar aon duine a ainmneoidh comhlacht clárúcháin lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhlacht clárúcháin chuig coiste nó bord arna bhunú faoi Chuid 3, 45 a roghnú chun críocha an ainmniúcháin sin trí thoghchán de réir fodhlíthe arna ndéanamh ag an gcomhlacht faoin alt seo.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an méid seo a leanas—

(a) ainmniúcháin maidir leis na chéad daoine a cheapann comhlacht clárúcháin chuig coiste nó bord dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) comhlacht clárúcháin d’ainmniú duine d’fhonn an comhlacht do cheapadh an duine chun corrfholúntas a líonadh a éiríonn i measc na gcéad daoine a cheaptar amhlaidh.

(3) Chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (1), déanfaidh comhlacht clárúcháin fodhlíthe, le toiliú an Aire, ar fodhlíthe iad lena ndéanfar foráil maidir le daoine de chuid na haicme seo a leanas daoine as measc na haicme sin a thoghadh, eadhon, daoine atá cláraithe nó cáilithe lena gclárú faoi Chuid 3, 45, de réir mar a bheidh, (agus nach bhfuil eisiata ón aicme sin de bhua fodhlíthe faoi fho-alt (4)).

(4) Féadfar, le fodhlíthe arna ndéanamh ag an gcomhlacht clárúcháin, aon duine nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát agus nach gcomhlíonann aon choinníoll nó ceanglas sonraithe a measann an comhlacht clárúcháin ina leith gur cuí é a shonrú sna fodhlíthe chun a chinntiú go n-oibríonn na fodhlíthe ar shlí phraiticiúil a eisiamh ón aicme sin roimhe seo.

(5) Forálfar le fodhlíthe faoin alt seo go ndéanfar an toghchán dá dtagraítear i bhfo-alt (3) trí mheán ballóide agus ar shlí a shonrófar sna fodhlíthe.

(6) Féadfar, le fodhlíthe faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le cibé nithe forlíontacha, teagmhasacha agus iarmhartacha a mheasann an comhlacht clárúcháin a dhéanann na fodhlíthe a bheith riachtanach nó fóirsteanach, lena n-áirítear iarrthóirí a mheas a bheith arna dtoghadh gan toghchán a bheith le déanamh, i gcás ina bhfuil an líon daoine a roghnaítear go bailí mar iarrthóirí sa toghchán atá beartaithe níos lú ná an líon folúntas, nó comhionann leis an líon folúntas, sa bhord nó sa choiste lena mbaineann an toghchán atá beartaithe.

Seilbh oifige ag comhaltaí de chuid bord, etc., arna gceapadh ag comhlacht clárúcháin.

70 .— (1) Aon duine a cheapfaidh comhlacht clárúcháin ina chomhalta nó ina comhalta de bhord nó de choiste arna bhunú ag an gcomhlacht sin faoin Acht seo, beidh sé nó sí i seilbh oifige go ceann tréimhse 3 bliana, mura rud é go n-éagfaidh sé nó sí nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig roimhe sin.

(2) Ní bheidh aon duine a cheapfar de bhun ailt de chuid an Achta seo i seilbh oifige faoin alt sin ar feadh níos mó ná 2 théarma oifige as a chéile.

(3) Féadfaidh comhalta de bhord nó de choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1) éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn arna shíniú aige nó aici a thabhairt don chomhlacht clárúcháin agus beidh éifeacht leis an éirí as ag an gcéad chruinniú eile den bhord clárúcháin.

(4) (a) Aon cheanglas (cibé acu i dtaobh comhairle a ghlacadh, i dtaobh ceadú duine eile a fháil nó ar shlí eile) a bhfuil feidhm aige maidir le hainmniú duine lena cheapadh nó lena ceapadh chuig bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo, beidh feidhm aige maidir le duine a ainmniú lena cheapadh nó lena ceapadh chun corrfholúntas i measc chomhaltas an bhoird nó an choiste a líonadh.

(b) Más rud é maidir le téarma oifige comhalta de bhord nó de choiste arna bhunú faoin Acht seo, go dtagann deireadh leis ar shlí seachas le himeacht aimsire, sonrófar, maidir le tréimhse oifige an duine a cheapfar chun an folúntas a tharlaíonn de thoradh an duine eile sin do scor de bheith i seilbh oifige a líonadh, gurb é a bheidh ann ná an chuid de thréimhse oifige an duine eile sin nach bhfuil tar éis dul in éag.

(5) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin rialacha a dhéanamh ina sonrófar forais (amhail a bheith as láthair ó chruinnithe go minic nó iompar gairmiúil neamh-inghlactha) ar a bhféadfar comhalta de bhord nó de choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur as oifig agus an nós imeachta maidir leis an gcur as oifig sin agus, fad a bheidh rialacha faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, féadfar comhalta den sórt sin a chur as oifig faoi réir agus de réir na rialacha.

Imeachtaí ag cruinnithe de chuid bord nó coistí.

71 .— (1) Déanfaidh bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhlacht clárúcháin cibé cruinnithe a thionól a mheasann sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Beidh vóta amháin ag cathaoirleach boird nó coiste den sórt sin agus ag gach comhalta eile den bhord nó den choiste sin.

(3) Ag cruinniú de bhord nó de choiste den sórt sin, rachaidh an cathaoirleach nó, i gcás ina mbeidh an cathaoirleach as láthair, comhalta a roghnóidh na comhaltaí atá i láthair, i gceannas ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach i gcás comhionannas vótaí a bheith ann.

(5) Is mar a leanas an córam do chruinniú den sórt sin—

(a) 6 chomhalta i gcás Coiste Iompair Ghairmiúil, nó

(b) 4 chomhalta in aon chás eile,

agus, faoi réir fho-alt (6), beidh tromlach na gcomhaltaí sin ina gcomhaltaí ar ainmnigh an tAire iad lena gceapadh mar chomhaltaí den bhord nó den choiste, de réir mar a bheidh.

(6) Féadfar cathaoirleach an bhoird nó an choiste, de réir mar a bheidh, má tá sé nó sí i láthair ag an gcruinniú, a áireamh chun críocha an tromlaigh sin.

(7) Féadfaidh Bord Iontrála, Bord Measúnachta Teicniúla, Bord Achomhairc nó Coiste Iompair Ghairmiúil a fheidhmeanna a chomhlíonadh cibé acu atá nó nach bhfuil folúntas ina chomhaltas agus ní chuirfear aon cheann dá imeachtaí ó bhail mar gheall ar aon locht ar cheapachán comhalta chuige.

Feidhmeanna i ndáil le rialacháin nó treoracha ó Chomhairle an AE nó ó Pharlaimint na hEorpa.

72 .— Déanfaidh comhlacht clárúcháin, nó bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhlacht clárúcháin, cibé feidhmeanna breise a shannfar dó, le rialachán arna dhéanamh ag an Aire, a chomhall i ndáil le cur i ngníomh ionstraime arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha maidir leis an ngairm iomchuí.

Tuarascáil bhliantúil ó chomhlacht clárúcháin.

73 .— (1) Déanfaidh comhlacht clárúcháin, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a ullmhú ar a imeachtaí faoin Acht seo i rith na bliana sin.

(2) Sa tuarascáil sin, beidh cóip de chuntais an chomhlachta don bhliain lena mbaineann a mhéid a bhaineann siad lena ioncam agus lena chaiteachas i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo le linn na bliana sin agus is é a bheidh sna cuntais sin ná cuntais a bheidh deimhnithe ag iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh orthu don bhliain lena mbaineann.

(3) A luaithe is féidir tar éis tuarascáil den sórt sin a ullmhú, cuirfidh an comhlacht clárúcháin faoi deara—

(a) an tuarascáil, agus cóip de na cuntais sin roimhe seo san áireamh inti, a fhoilsiú, agus

(b) cóipeanna den tuarascáil, agus an deimhniúchán sin roimhe seo i leith na gcuntas sin san áireamh i ngach cóip díobh sin, a chur ar fáil lena gceannach ag daoine den phobal.

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"